An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Maoirsiú Banc Taisce Iontaobhais) Ar Aghaidh (CUID VI Cónascadh Banc Taisce Iontaobhais)

21 1989

AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

CUID V

Bainistí agus Riaradh Banc Taisce Iontaobhais

Cuntais bhliantúla bainc taisce iontaobhais.

35. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais suas cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe maidir le gach bliain airgeadais de chuid an bhainc.

(2) Tabharfaidh cuntas ioncaim agus caiteachais bainc taisce iontaobhais, faoi réir neamhnochtadh aon nithe (is nithe a bheidh luaite sa chuntas) nach gceanglaítear a nochtadh, léargas fíorcheart ar ioncam agus caiteachas an bhainc don bhliain airgeadais lena mbaineann agus tabharfaidh a chlár comhardaithe léargas fíorcheart ar staid ghnóthaí an bhainc amhail i ndeireadh na bliana airgeadais lena mbaineann.

(3) Maidir le cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe bainc taisce iontaobhais—

(a) beidh siad, faoi réir neamhnochtadh aon nithe (is nithe a bheidh, fad a bhaineann siad leis an gclár comhardaithe, luaite ann) nach gceanglaítear a nochtadh, i cibé foirm, agus beidh cibé sonraí iontu, a shonróidh an Banc Ceannais i dtreoir, i gcoitinne nó maidir le banc taisce iontaobhais sonraithe nó bainc thaisce iontaobhais shonraithe nó le banc taisce iontaobhais d'aicme shonraithe, agus

(b) beidh ar áireamh iontu chun críche comparáide, mura sonróidh an Banc Ceannais a mhalairt i dtreoir, sonraí don bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain lena mbaineann siad, ar sonraí iad a fhreagraíonn do na sonraí atá sa chuntas ioncaim agus caiteachais agus sa chlár comhardaithe.

(4) Beidh clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais bainc taisce iontaobhais sínithe ag 2 iontaobhaí ar a laghad de chuid an bhainc agus ag rúnaí an bhainc nó ag bainisteoir de chuid an bhainc.

(5) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais cóip de chlár comhardaithe agus de chuntas ioncaim agus caiteachais an bhainc do bhliain airgeadais de chuid an bhainc, mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra orthu, a thabhairt don Aire agus don Bhanc Ceannais a luaithe is féidir tar éis don iniúchadh ar chuntais an bhainc don bhliain sin a bheith críochnaithe.

Ceapadh agus cáilíocht iniúchóra bainc taisce iontaobhais agus é a chur as oifig.

36. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais, i ngach bliain airgeadais de chuid an bhainc, iniúchóir a cheapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais an bhainc don bhliain sin, agus aon iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig beidh sé inathcheaptha faoin bhfo-alt seo.

(2) D'ainneoin aon chomhaontú idir iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais agus iniúchóir, agus gan dochar d'aon chearta de chuid an iniúchóra i ndáil lena chur as oifig faoin Acht seo, féadfaidh na hiontaobhaithe iniúchóir a chur as oifig sula mbeidh deireadh lena théarma oifige agus féadfaidh siad aon duine eile atá cáilithe faoin Acht seo chun bheith ina iniúchóir ar chumann, agus a mbeidh fógra cuí faoina ainmniú tugtha don Bhanc Ceannais, a cheapadh ina ionad.

(3) Mura gceapfar iniúchóir faoi fho-alt (1) do bhanc taisce iontaobhais laistigh de 3 mhí ó thosach bliana airgeadais de chuid an bhainc, féadfaidh an Banc Ceannais iniúchóir a cheapadh don bhanc don bhliain airgeadais sin agus féadfaidh an Banc Ceannais luach saothair agus caiteachais an iniúchóra sin a shocrú.

(4) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir bainc taisce iontaobhais mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí a bheidh aitheanta de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála chun críocha alt 162 d'Acht 1963 nó mura mbeidh sé údaraithe de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt sin.

(5) Má chiontaítear iniúchóir i gcion de bharr comhlíonadh a chuid dualgas, nó de bharr a chuid iompair, mar iniúchóir nó i ndáil leis an gcéanna, beidh sé dícháilithe chun bheith ina iniúchóir ar bhanc taisce iontaobhais.

(6) Déanfaidh banc taisce iontaobhais—

(a) laistigh de sheachtain ón tráth a dtiocfaidh cumhacht an Bhainc Ceannais faoi fho-alt (3) chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, agus

(b) i gcás ina gcuirfear a iniúchóir as oifig faoi fho-alt (2), fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, i cibé foirm a cheanglóidh an Banc Ceannais, laistigh de 14 lá tar éis é a chur as oifig amhlaidh.

(7) Féadfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí, marthanach nó leanunach, más ann, gníomhú.

(8) I gcás ina gceapfar gnólacht, faoi ainm an ghnólachta, chun bheith ina iniúchóir ar bhanc taisce iontaobhais, measfar gurb éard é an ceapadh sin ceapadh na ndaoine sin arb iad, ó am go ham le linn tréimhse an cheaptha, na comhpháirtithe iad sa ghnólacht sin mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an mbanc.

(9) I gcás gurb é tuairim an Bhainc Ceannais nárbh é leas bainc taisce iontaobhais nó leas a thaisceoirí é duine ainmnithe a cheapadh nó a athcheapadh chun oifig an iniúchóra, nó corrfholúntas san oifig sin a líonadh le duine ainmnithe, féadfaidh sé treoir sa chéill sin a thabhairt do na hiontaobhaithe agus déanfar de réir na treorach.

(10) Ní bheidh aon duine díobh seo a leanas cáilithe chun bheith ina iniúchóir ar bhanc taisce iontaobhais:

(a) oifigeach nó fostaí de chuid an bhainc,

(b) duine is comhpháirtí, fostóir nó fostaí de chuid oifigigh nó fostaí don bhanc.

(c) comhlacht corpraithe,

(d) duine a bhí ina oifigeach nó ina fhostaí de chuid an bhainc laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais ina leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é ina iniúchóir ar an mbanc,

(e) céile (nó duine a chónaíonn in aontíos le hoifigeach don bhanc mar chéile), tuismitheoir, leastuismitheoir, leanbh, leasleanbh, deartháir, deirfiúr, leasdeartháir nó leasdeirfiúr de chuid oifigigh don bhanc,

(f) duine atá dícháilithe, faoi Achtanna na gCuideachtaí, chun a cheaptha mar iniúchóir ar fhochuideachta nó ar chuideachta shealbhaíochta de chuid an bhainc nó ar fhochuideachta de chuid chuideachta shealbhaíochta an bhainc.

(11) Ní ghníomhóidh duine mar iniúchóir bainc taisce iontaobhais tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin Acht seo chun a cheaptha chun na hoifige sin agus má thagann iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun bheith dícháilithe amhlaidh le linn a théarma oifige mar iniúchóir den sórt sin, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don bhanc agus don Bhanc Ceannais á rá go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar an dícháilíocht sin.

(12) Beidh duine a sháróidh fo-alt (11) ciontach i gcion.

Tuarascáil ó iniúchóir bainc taisce iontaobhais agus ceart rochtana ar leabhair an bhainc.

37. —(1) Gach bliain tabharfaidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais tuarascáil d'iontaobhaithe an bhainc ar na cuntais de chuid an bhainc a ndearna sé scrúdú orthu agus ar gach clár comhardaithe agus gach cuntas ioncaim agus caiteachais de chuid an bhainc a bheidh déanta suas ag na hiontaobhaithe, de bhun alt 35, le linn a théarma oifige.

(2) Déarfar i dtuarascáil an iniúchóra i ndáil le banc taisce iontaobhais—

(a) cibé acu an bhfuair sé an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, fad ab eol dó agus mar a chreid sé, chun críocha a iniúchta,

(b) cibé acu an é a thuairim gur choimeád an banc leabhair chuntas chuí, chomh fada agus is léir dó ón scrúdú a rinne sé ar na leabhair sin, agus go bhfuarthas tuairisceáin chuí, a bhí leordhóthanach chun críocha a iniúchta, ó bhrainsí den bhanc nár thug sé cuairt orthu,

(c) cibé acu atá clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais an bhainc ag teacht le leabhair chuntas agus taifid an bhainc, agus

(d) cibé acu an é a thuairim, fad is eol dó agus de réir na mínithe a tugadh dó, go dtugann clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais an bhainc an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Acht seo ar an dóigh a cheanglaítear amhlaidh agus go dtugann siad léargas fíorcheart—

(i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid ghnóthaí an bhainc amhail mar a bhí i ndeireadh a bhliana airgeadais, agus

(ii) i gcás an chuntais ioncaim agus caiteachais, ar ioncam agus caiteachas an bhainc in aghaidh a bhliana airgeadais.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir, le linn a thuarascáil faoin alt seo i ndáil le banc taisce iontaobhais a bheith á hullmhú aige, cibé imscrúduithe a dhéanamh a chuirfidh ar a chumas teacht ar thuairim i dtaobh—

(a) cé acu ar choimeád an banc leabhair chuntas agus taifid chuí, agus

(b) cé acu ar chothaigh an banc córas sásúil chun rialú agus maoirsiú a dhéanamh ar a chuid idirbhearta agus ar a leabhair chuntas agus a thaifid eile,

agus más é tuairim an iniúchóra go bhfuil mainnithe ag an mbanc leabhair chuntas nó taifid chuí a choimeád nó córas sásúil a chothabháil i ndáil leis na nithe a shonraítear i mír (b), déarfaidh sé an méid sin ina thuarascáil.

(4) Beidh rochtain gach uile thráth réasúnach ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais ar leabhair, cuntais, taifid agus dearbháin an bhainc agus ar gach doiciméad eile a bhaineann lena ghnóthaí agus féadfaidh sé a cheangal ar oifigigh an bhainc cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt, agus de bhun ceanglais den sórt sin tabharfaidh siad cibé faisnéis agus mínithe, is dóigh leis is gá chun a dhualgais mar iniúchóir a chomhlíonadh.

(5) I gcás fochuideachta a bheith ag banc taisce iontaobhais nó go sealbhaíonn sé scaireanna i gcomhlacht corpraithe nó gur comhalta é de chomhlacht corpraithe—

(a) más comhlacht atá corpraithe sa Stát an fhochuideachta nó an comhlacht, is é dualgas na fochuideachta nó an chomhlachta, agus dualgas iniúchóirí an chéanna, cibé faisnéis agus mínithe, agus cibé rochtain ar dhoiciméid, a thabhairt d'iniúchóirí an bhainc a cheanglóidh na hiniúchóirí sin le réasún chun críocha a ndualgas mar iniúchóirí an chumainn, agus

(b) in aon chás eile, is é dualgas an bhainc, má cheanglaíonn a iniúchóirí air déanamh amhlaidh, gach beart a dhéanamh a bheidh ar fáil le réasún dó chun cibé faisnéis agus cibé rochtain a luaitear i mír (a) a fháil ón bhfochuideachta nó ón gcomhlacht.

Dualgais iniúchóra bainc taisce iontaobhais.

38. —(1) Más rud é, tráth ar bith—

(a) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an bhainc a oibleagáidí i leith a thaisceoirí nó a chreidiúnaithe, nó aon oibleagáid airgeadais eile dá chuid, a chomhlíonadh,

(b) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar thaifid chuntasaíochta, ar chórais rialaithe gnó agus taifead nó ar na córais iniúchta agus tuairiscithe ar an gcéanna,

(c) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil míchruinnis ábhartha in aon tuairisceáin a thug an banc don Bhanc Ceannais nó go bhfuil nithe ábhartha fágtha ar lár astu,

(d) go mbeartóidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais agús a chur le haon tuarascáil atá le tabhairt aige faoin Acht seo, nó

(e) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar an gcóras atá ann chun a áirithiú go gcoimeádtar slán doiciméid teidil de chuid an bhainc agus na gníomhais a bhaineann le maoin atá morgáistithe chun an bhainc,

tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn láithreach don Bhanc Ceannais.

(2) Déanfaidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais, má iarrann an Banc Ceannais air é, tuarascáil a thabhairt don Bhanc Ceannais á rá cé acu a rinne nó nach ndearna an banc, ina thuairim féin agus de réir mar is fearr is eol dó, de réir cibé ceanglas faoin Acht seo a bheidh sonraithe san iarraidh.

(3) Déanfaidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Bhanc Ceannais faoi fho-alt (1) nó (2) a chur chuig an mbanc.

(4) (a) Aon uair is dóigh leis an mBanc Ceannais gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo nó chun leasanna taisceoirí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóir bainc taisce iontaobhais cibé faisnéis a shonróidh an Banc Ceannais i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an bhainc a chur ar fáil don Bhanc Ceannais.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais a cheangal ar an iniúchóir gníomhú go neamhspleách ar an mbanc agus é ag cur faisnéise ar fáil chun críche an fho-ailt seo.

(5) Ní mheasfar aon dualgas a mbeidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais faoina réir a bheith sáraithe, ná ní bheidh aon dliteanas ar an iniúchóir i leith an bhainc, a chreidiúnaithe ná páirtithe leasmhara eile, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhochuirtear air leis an alt seo nó faoi.

Fochuideachtaí agus cuideachtaí eile do chomhlíonadh feidhmeanna, agus do sholáthar seirbhísí, de chuid bainc taisce iontaobhais.

39. —(1) Féadfaidh fochuideachta de chuid bainc taisce iontaobhais nó cuideachta (dá ngairtear “comhchuideachta” anseo feasta san alt seo) a mbeadh an banc agus banc taisce iontaobhais amháin eile, nó níos mó, ina gcuideachta shealbhaíochta di, dá gcónascfaí iad, cibé feidhmeanna de chuid an bhainc, nó cibé seirbhísí atá le déanamh nó le soláthar ag an mbanc, a chinnfidh sé, le toiliú an Aire agus an Bhainc Ceannais, a dhéanamh nó a sholáthar agus, dá réir sin, féadfaidh banc taisce iontaobhais, nó 2 bhanc taisce iontaobhais nó níos mó ag gníomhú dóibh i gcomhar, le toiliú an Aire agus an Bhainc Ceannais agus chun críocha na nithe sin a dhéanamh nó a sholáthar, fochuideachta nó, de réir mar is cuí, comhchuideachta, amháin nó níos mó a fháil nó a fhoirmiú agus a chlárú agus beidh feidhm ag na forálacha eile den Acht seo i ndáil le fochuideachta agus comhchuideachta de chuid bainc taisce iontaobhais amhail mar atá feidhm acu i ndáil leis an mbanc, ach sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(2) Féadfaidh banc taisce iontaobhais, le toiliú an Aire agus an Bhainc Ceannais, scaireanna i ngnó nó i gcuid de ghnó, nó leas i ngnó nó i gcuid de ghnó, fochuideachta nó comhchuideachta de chuid an bhainc a dhiúscairt nó scaireanna i gcuideachta, nó gnó nó cuid de ghnó cuideachta, a fháil.

Banc taisce iontaobhais do choinneáil taifead, admhálacha agus doiciméad dá samhail.

40. —(1) Coinneoidh banc taisce iontaobhais—

(a) a chuid leabhar agus taifead, agus a chuid admhálacha agus doiciméad dá samhail, nó

(b) cóipeanna den chéanna i bhfoirm inléite nó i bhfoirm neamhinléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm bhuan inléite,

go ceann tréimhse 6 bliana ar a laghad.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais do dhéanamh íocaíochtaí le daoine nach bhfuil aois iomlán acu.

41. —Aon taisce i mbanc taisce iontaobhais is de chuid duine, nó atá chun sochair duine, nach bhfuil aois iomlán aige, féadfaidh an banc í a íoc, agus an t-ús uirthi a íoc, leis an duine agus is leor admháil an duine mar urscaoileadh don bhanc i leith na híocaíochta.

Dúnadh agus díscaoileadh bainc taisce iontaobhais.

42. —(1) Ní dhéanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais an banc a dhúnadh ná a dhíscaoileadh, ná gnó an bhainc a sheoladh chun a ghnóthaí a fhoirceannadh agus chuige sin amháin, mura rud é—

(a) go dtoileoidh an Banc Ceannais leis an dúnadh nó leis an díscaoileadh, nó

(b) go n-ordófár an banc a fhoirceannadh faoi Acht 1963.

(2) Má thoilíonn an Banc Ceannais le togra de chuid na n-iontaobhaithe banc taisce iontaobhais a dhúnadh nó a dhíscaoileadh—

(a) tabharfaidh na hiontaobhaithe cibé fógra faoin togra do thaisceoirí leis an mbanc a cheanglóidh an Banc Ceannais, agus

(b) cuirfidh na hiontaobhaithe cibé saoráidí ar fáil is cuí leis an mBanc Ceannais chun taiscí a aistarraingt as an mbanc.

(3) Ar bhanc taisce iontaobhais a dhúnadh nó a dhíscaoileadh, déanfaidh na hiontaobhaithe, a luaithe is féidir—

(a) aon mhaoin nó sócmhainní eile de chuid an bhainc a chomhshó in airgead, agus

(b) más cuí, na nithe seo a leanas a tharchur chuig an Aire—

(i) liosta (a mbeidh sé deimhnithe ag 2 ar a laghad de na hiontaobhaithe gur liosta cruinn é) d'ainmneacha agus de sheoltaí aon taisceoirí leis an mbanc nach bhfuil iarratas déanta acu chuig an mbanc ar aisíoc a gcuid taiscí agus de na méideanna a bheidh dlite dóibh i leith na dtaiscí agus i leith úis ar na taiscí, agus

(ii) méid is leor chun na méideanna sin a dúradh a urscaoileadh,

agus

(c) aon airgead barrachais a bheidh fágtha, tar éis a dhliteanais a urscaoileadh agus tar éis aon chaiteachais a íoc a thabhaigh sé agus a bheidh údaraithe faoina rialacha nó faoin dlí, a íoc leis an Aire, agus cuirfidh seisean chun feidhme é chun tairbhe don Státchiste.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), íocfaidh an tAire le taisceoir dá dtagraít ear i bhfo-alt (3), ar an taisceoir sin do chruthú cé hé, chun sástachta an Aire, méid ar comhionann—

(i) le méid na taisce agus aon ús a bheidh faibhrithe uirthi anuas go dtí an dáta ar tarchuireadh an méid iomchuí ina leith chuig an Aire, agus

(ii) le méid an úis ab iníoctha leis an taisceoir i leith úis air sin dá mbeadh an méid dá dtagraítear i bhfomhír (i) taiscthe aige i mBanc Taisce an Phoist don tréimhse ón dáta sin a dúradh go dtí an dáta a ndéanann an tAire an íocaíocht.

(b) I gcás inar lú an méid a íocfar leis an Aire faoi fho-alt (3) (b) ná iomlán na méideanna a bheidh le híoc aige faoi mhír (a), déanfaidh an tAire cibé íocaíochtaí (nach mó san iomlán ná an méid a bheidh íoctha amhlaidh leis) faoin mír sin leis na taisceoirí lena mbaineann is dóigh leis is réasúnach sna himthosca go léir.

(5) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo ciontach i gcion.

Srian le díolúintí áirithe ó dhliteanas i gcás oifigeach de chuid bainc taisce iontaobhais.

43. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha bainc taisce iontaobhais nó i gconradh arna dhéanamh idir banc taisce iontaobhais agus oifigeach nó iniúchóir de chuid an bhainc, is foráil a dhíolmhaíonn an t-oifigeach nó an t-iniúchóir sin ó aon dliteanas, nó a shlánaíonn é in aghaidh aon dliteanais, a bheadh air thairis sin, de bhua aon reachta nó riail dlí, i leith aon fhaiilí, mainneachtana, sárú dualgais nó sárú iontaobhais aige a tharla, tar éis thosach feidhme an ailt seo, i ndáil leis an mbanc nó lena fhostaíocht leis an mbanc.

(2) Féadfaidh banc taisce iontaobhais oifigeach nó iniúchóir de chuid an bhainc a shlánú in aghaidh aon dliteanais a thabhóidh sé mar chosantóir in imeachtaí sibhialta nó coiriúla in aon chúirt ina dtugtar breithiúnas ina fhabhar nó ina n-éigiontaítear é, ar imeachtaí iad i ndáil leis an mbanc nó lena fhostaíocht leis an mbanc nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 44 ina dtugtar faoiseamh dó.

Cumhacht cúirte faoiseamh ó dhliteanas a thabhairt d'oifigigh de chuid bainc taisce iontaobhais i gcásanna áirithe.

44. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais i gcoinne oifigeach nó iniúchóir bainc taisce iontaobhais i ndáil lena fhostaíocht leis an mbanc nó ag éirí as an bhfostaíocht sin, gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht na n-imeachtaí go bhfuil an t-oifigeach nó an t-iniúchóir, nó go bhféadfadh sé a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, ach gur ghníomhaigh sé go hionraic agus go réasúnach agus gur chóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear imthosca a cheaptha), an fhaillí, an mhainneachtain, an sárú dualgais nó an sárú iontaobhais a mhaitheamh dó, féadfaidh an chúirt faoiseamh, iomlán nó páirteach, a thabhairt dó óna dhliteanas, ar cibé téarmaí is cuí léi.

(2) I gcás go mbeidh cúis ag aon oifigeach nó iniúchóir den chineál a dúradh chun a bheith imníoch go ndéanfar, nó go bhféadfadh go ndéanfaí, aon éileamh ina aghaidh maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais den chineál a dúradh, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt agus beidh ag an gCúirt, ar aon iarratas den sórt sin, an chumhacht chéanna chun faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici faoin alt seo dá mba chúirt í a mbeadh imeachtaí tionscanta os a comhair in aghaidh an duine sin mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais.

(3) I gcás aon chás lena mbaineann fo-alt (1) a bheith á thriail ag breitheamh mar aon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis an fhianaise a éisteacht, más deimhin leis gur chóir, de bhun an fho-ailt sin faoiseamh a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, don chosantóir ón dliteanas a bheifear ag iarraidh a fheidhmiú ina choinne, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiúiré agus a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an chosantóra ar cibé téarmaí, i leith costas nó eile, is cuí leis an mbreitheamh.

Aoisliúntas d'fhoireann bhainc taisce iontaobhais.

45. —(1) Feadfaidh banc taisce iontaobhais scéim aoisliúntais amháin nó níos mó a ullmhú.

(2) Féadfaidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir a shocrú do na daoine go léir arb iníoctha sochair leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh banc taisce iontaobhais scéim ag leasú nó ag cúlghairm scéime aoisliúntais, nó scéime faoin bhfo-alt seo, a ullmhú.

(4) (a) Déanfar scéim a ullmhófar faoin alt seo a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais scéim a bheidh curtha faoina bhráid faoin alt seo a cheadú agus, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh iontaobhaithe an bhainc taisce iontaobhais áirithe an scéim i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine chun aon sochair, nó i dtaobh méid aon sochair, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Bhainc Ceannais agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhainc Ceannais uirthi.

(6) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ag ullmhú scéime, agus á cur i bhfeidhm, faoin alt seo a íoc mar chuid de chaiteachais reatha an bhainc.

(7) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme scéime aoisliúntais, ar fostú i gcáil bhuan lánaimseartha ag banc taisce iontaobhais, féadfaidh sé a roghnú bheith ina chomhalta den scéim agus, i ndáil le duine a roghnóidh faoin mír seo bheith ina chomhalta den scéim, ní lú fabhar dó téarmaí agus coinníollacha na scéime ná na téarmaí agus na coinníollacha faoi aon scéim nó comhshocraíocht eile a chuir sochair aoisliúntais ar fáil dó, nó i ndáil leis, díreach roimh an tosach feidhme sin agus, má dhéanann an duine roghnú faoin mír seo, scoirfidh an scéim nó an chomhshocraíocht dheiridh sin d'fheidhm a bheith aici i ndáil leis.

(8) San alt seo ciallaíonn “scéim aoisliúntais”, i ndáil le banc taisce iontaobhais, scéim chun pinsin, aiscí agus sochair eile is iníoctha maidir le seirbhís roimhe sin leis an mbanc, nó le cibé seirbhís eile roimhe sin a bheidh sonraithe sa scéim, a dheonú, tráth éirí as, scoir nó báis, d'oifigigh agus do chomhaltaí eile d'fhoireann an bhainc atá fostaithe aige i gcáil bhuan lánaimseartha agus is comhaltaí den scéim, nó i leith na ndaoine sin.