|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Bainistí agus Riaradh Banc Taisce Iontaobhais) | Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Cónascadh Banc Taisce Iontaobhais | |
[EN] |
Léiriú. |
46. —Sa Chuid seo— |
[EN] | folaíonn “urrús” morgáiste (cibé acu is morgáiste dlí nó morgáiste cothromais), muirear, bintiúr, bille malairte, nóta gealltanais, ráthaíocht, lian, gealltán nó modh eile chun íoc féich, cibé acu láithreach nó todhchaí, nó urscaoileadh oibleagáide nó dliteanais cibé acu iarbhír nó teagmhasach, a urrú; | |
[EN] | tá le “an lá cónasctha” a bhrí a shanntar dó le halt 47; tá le “na bainc” agus “an banc cónasctha” na bríonna a shanntar dóibh le halt 48. | |
[EN] |
Cumhacht bhanc taisce iontaobhais cónascadh a dhéanamh. |
47. —(1) Féadfaidh dhá bhanc taisce iontaobhais nó níos mó cónascadh más rud é— |
[EN] | (a) go rithfidh gach banc acu rún speisialta ag údarú an cónascadh a dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh an tAire agus an Banc Ceannais scéim don chónascadh, a bheidh curtha faoina mbráid faoi alt 48, a cheadú faoin alt sin. | |
[EN] | (2) Glacfaidh cónascadh faoin alt seo éifeacht ar cibé lá (dá ngairtear “an lá cónasctha” sa Chuid seo) a bheidh sonraithe chuige sin sa scéim a dúradh, is lá nach luaithe ná 4 mhí tar éis an lae, nó tar éis an lá is déanaí de na laethanta, ar lorgaíodh ceadú an Aire agus an Bhainc Ceannais. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “rún speisialta” rún— | |
[EN] | (a) arna rith ag trí chúigiú ar a laghad díobh siúd a bheidh i láthair ag cruinniú d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais a mbeidh fógra i scríbhinn ina thaobh, inar sonraíodh go raibh sé ar intinn an rún a mholadh, tugtha do na hiontaobhaithe de réir rialacha an bhainc, agus | |
[EN] | (b) arna dhaingniú ag tromlach díobh siúd a bheidh i láthair ag cruinniú de na hiontaobhaithe a thionólfar 14 lá ar a laghad, agus 28 lá ar a mhéid, tar éis an chruinnithe dá dtagraítear i mír (a) ar cruinniú é a mbeidh fógra i scríbhinn ina thaobh, inar sonraíodh go raibh sé ar intinn a mholadh go ndaingneofaí an rún, tugtha do na hiontaobhaithe de réir rialacha an bhainc. | |
[EN] |
Ceadú an Aire agus an Bhainc Ceannais le cónascadh banc taisce iontaobhais. |
48. —(1) Aon uair a bheartóidh dhá bhanc taisce iontaobhais nó níos mó (dá ngairtear “na bainc” sa Chuid seo) cónascadh— |
[EN] | (a) féadfaidh siad, 4 mhí ar a laghad roimh an lá cónasctha, scéim don chónascadh a chur faoi bhráid an Aire agus an Bhainc Ceannais lena gceadú a fháil, | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais le hordú, 2 mhí ar a laghad roimh an lá cónasctha, an scéim a cheadú nó diúltú í a cheadú, agus | |
[EN] | (c) má cheadaíonn an tAire agus an Banc Ceannais an scéim faoin alt seo— | |
[EN] | (i) déanfaidh na bainc, mí amháin ar a laghad roimh an lá cónasctha, fógra faoin gcónascadh a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, | |
[EN] | (ii) beidh éifeacht, má fhorálann an scéim amhlaidh agus sa mhéid amháin go bhforálfaidh sí amhlaidh, le forálacha ailt 49 go 54 agus 64 i ndáil leis an gcónascadh, agus | |
[EN] | (iii) féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais, ar iarratas ó na bainc, cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha a chur isteach san ordú lena gceadaítear an scéim is dóigh leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais is cuí chun an cónascadh a urasú agus a chur i ngníomh agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán agus go héifeachtúil é, lena n-áirítear forálacha chun ainm an bhainc a fhoirmítear trí chónascadh na mbanc (dá ngairtear “an banc cónasctha” sa Chuid seo) a chur in ionad ainmneacha na mbanc, nó chun oiriúnú thairis sin a dhéanamh ar thagairtí do na bainc in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi reacht. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) nó faoin bhfo-alt seo a leasú, le toiliú na mbanc nó an bhainc chónasctha, de réir mar is cuí. | |
[EN] |
Cuntais a aistriú. |
49. —Aon chuntas idir ceann de na bainc agus aon duine in aon oifig nó brainse den bhanc sin sa Stát, aistreofar é, nó measfar é a bheith aistrithe, chuig an mbanc cónasctha ar an lá cónasctha agus is é a bheidh ann, amhail ar an agus ón lá sin, cuntas idir an banc cónasctha agus an duine sin a mbeidh na cearta céanna aige, agus a bheidh faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna (lena n-áirítear cearta fritháirimh) ab infheidhme maidir leis dá leanfadh an cuntas sin idir an banc céadluaite agus an duine, agus aon ordú, ordachán, treoir, mandáid, nó údarás arna thabhairt, cibé acu roimh an lá sin nó dá éis, ag an duine sin i ndáil leis an gcuntas sin nó aon oibleagáid faoina ndeachaigh an banc céadluaite i ndáil le haon duine agus a bheidh ar marthain an lá sin, beidh feidhm agus éifeacht leis tar éis an cuntas a aistriú mar a dúradh chuig an mbanc cónasctha, agus tiocfaidh aon airgead a bheidh dlite den duine sin don bhanc céadluaite ar an gcuntas sin an lá sin chun bheith dlite agus iníoctha ag an duine sin leis an mbanc cónasctha in ionad é a bheith dlite agus iníoctha leis an mbanc céadluaite agus tiocfaidh aon airgead a bheidh dlite den bhanc céadluaite don duine sin ar an gcuntas sin ar an dáta sin chun bheith dlite agus iníoctha ag an mbanc cónasctha leis an duine sin in ionad é a bheith dlite agus iníoctha ag an mbanc céadluaite. |
[EN] |
Urrúis a aistriú. |
50. —Aon urrús a bheidh á shealbhú ag aon cheann de na bainc i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a chónascadh, mar urrús d'íoc na bhfiach nó na ndliteanas (cibé acu láithreach nó todhchaí, iarbhír nó teagmhasach) de chuid aon duine in aon oifig nó brainse de chuid an bhainc sin, aistreofar é, nó measfar é a bheith aistrithe, ar an lá cónasctha, chuig an mbanc cónasctha, agus sealbhóidh an banc sin é agus beidh sé ar fáil dó, mar urrús d'íoc na bhfiach agus na ndliteanas sin leis an mbanc cónasctha; agus i gcás airleacain chuig aon duine, nó a dhliteanais, sa todhchaí a bheith ar áireamh san airgead a urraítear le hurrús den sórt sin, beidh an t-urrús sin, amhail ón dáta sin, á shealbhú ag an mbanc cónasctha, agus ar fáil dó, mar urrús maidir le hairleacain sa todhchaí chuig an duine sin ón mbanc cónasctha, agus le dliteanais an duine sin i leith an bhainc sin sa todhchaí, a mhéid céanna a bhí airleacain ón mbanc céadluaite sa todhchaí, nó dliteanais ina leith sa todhchaí, urraithe leis an urrús sin díreach roimh an lá sin. |
[EN] |
Cearta agus oibleagáidí i ndáil le hurrúis aistrithe. |
51. —Beidh an banc cónasctha, i ndáil le haon urrús a aistrítear nó a mheastar a bheith aistrithe chuig an mbanc cónasctha de réir nó de bhua fhorálacha alt 50 agus leis an airgead a urraítear leis sin de réir na bhforálacha sin, i dteideal na gceart agus na dtosaíochtaí céanna, agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna, a mbeadh an banc lena mbaineann ina dteideal agus faoina réir dá leanfadh an t-urrús de bheith á shealbhú ag an mbanc lena mbaineann, agus beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis an gcéanna: |
[EN] | (a) ní gá aistriú aon urrúis den sórt sin, a dhéantar nó a mheastar a bheith déanta le halt 50, a chlárú faoi réim nó de bhun an Registration of Deeds Act, 1707, an reachta Éireannaigh réamh-Aontachta 33 Geo. 2, c. 14 (Ir.), an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , nó alt 99 d'Acht 1963, ach oibreoidh an t-aistriú sin, chun críocha na nAchtanna sin, ionann is dá mbeadh sé déanta trí ghníomhas arna chlárú go cuí ar an lá cónasctha faoi réim nó de bhun cibé Achtanna acu sin is infheidhme ina leith; | |
[EN] | (b) i gcás ina ndéanann alt 50 leathnú ar aon urrús, nó i ndáil le haon urrús, den sórt sin ionas go n-áireofar ann airleacain ón mbanc cónasctha, nó dliteanais dó, sá todhchaí, ní gá an leathnú sin a chlárú faoi réim nó de bhun an Registration of Deeds Act, 1707, na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , nó alt 99 d'Acht 1963, ach oibreoidh an leathnú sin, chun críocha na nAchtanna sin, ionann is dá mbeadh sé déanta trí ghníomhas arna chlárú go cuí ar an lá cónasctha faoi réim nó de bhun cibé Achtanna acu sin is infheidhme ina leith. | |
[EN] |
Aistriú i gcás maoine a shealbhaítear ar earbadh. |
52. —Déanfar coimeád aon doiciméid, earraí nó maoine eile a bheidh á shealbhú ag aon cheann de na bainc, i ndáil lena ghnó mar earbaí d'aon duine eile, in aon oifig nó brainse den bhanc sin sa Stát a aistriú, nó measfar é a bheith aistrithe, chuig an mbanc cónasctha ar an lá cónasctha agus déanfar cearta agus oibleagáidí an bhainc chéadluaite faoi aon chonradh earbaidh a bhaineann leis an doiciméad, leis na hearraí nó leis an maoin a aistriú, nó measfar iad a bheith aistrithe, chuig an mbanc cónasctha ar an dáta sin. |
[EN] |
Oifigigh agus fostaithe eile a aistriú. |
53. —(1) Déanfar gach oifigeach, nó comhalta eile den fhoireann, atá ar seirbhís nó ar fostú ag aon cheann de na bainc agus a mbeidh sé comhaontaithe ag na bainc agus, más cuí, ag an mbanc cónasctha é a aistriú faoin alt seo, a aistriú, ar an lá cónasctha, ó sheirbhís nó ó fhostaíocht an bhainc chéadluaite chuig an mbanc cónasctha, agus beidh sé ina oifigeach nó ina chomhalta eile d'fhoireann (de réir mar a bheidh) an bhainc chónasctha agus beidh na cearta céanna aige, agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna, maidir leis an tseirbhís nó leis an bhfostaíocht sin, a raibh sé faoina réir mar oifigeach nó mar chomhalta eile d'fhoireann an bhainc chéadluaite. |
[EN] | (2) Gach oifigeach nó comhalta foirne eile den chineál a dúradh ar comhalta é de scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid aon cheann de na bainc, nó atá i dteideal sochar a fháil faoin gcéanna, agus gach oifigeach nó comhalta foirne eile a bhí ar fostú roimhe sin ag aon cheann de na bainc i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a chónascadh agus a bhí, díreach roimh an lá cónasctha, ina chomhalta d'aon scéim den sórt sin nó i dteideal sochar a fháil fúithi, beidh sé, le héifeacht ón lá cónasctha, ina chomhalta de scéim chomhréire pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha agus i dteideal an sochar comhréire a fháil fúithi, agus sin ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite agus aon duine atá, de bharr aon oifigeach nó comhalta eile den fhoireann atá ar fostú nó a bhí ar fostú in aon cheann de na bainc a bheith ina chomhalta den scéim chéadluaite nó i dteideal sochar a fháil fúithi, i dteideal sochar a fháil faoin scéim sin, beidh sé i dteideal, le héifeacht ón lá cónasctha, an sochar comhréire a fháil faoin scéim chomhréire sin a dúradh agus sin ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite. | |
[EN] | (3) Aon sochar is iníoctha, faoi scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid aon cheann de na bainc, le hionadaí pearsanta (ina cháil mar ionadaí pearsanta) aon oifigigh éagtha nó comhalta éagtha eile de chuid na foirne a bhí ar fostú ag an mbanc roimhe sin, agus a bheidh fós gan íoc ar an lá cónasctha, tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, iníoctha ar an dáta sin ag an mbanc cónasctha nó faoi scéim chomhréire pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha. | |
[EN] | (4) Déanfar seirbhís nó fostaíocht le haon cheann de na bainc a chur i gcuntas, d'fhonn an ceart chun sochar a fháil faoi aon scéim chomhréire den sórt sin a fhionnadh agus a ríomh, ionann is dá mba sheirbhís nó fostaíocht leis an mbanc cónasctha í ach ní bheidh an t-aistriú seirbhíse nó fostaíochta ón mbanc céadluaite go dtí an banc cónasctha ina ábhar, ann féin, d'aon éileamh chun sochar a fháil faoi aon scéim den sórt sin. | |
[EN] | (5) I ndáil le foireann a aistrítear le fo-alt (1) chuig foireann an bhainc chónasctha, is seirbhís ináirithe seirbhís roimhe sin le haon cheann de na bainc chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiataí eile sna hAchtanna sin. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais, ar iarratas ó aon cheann de na bainc agus ón mbanc cónasctha, cibé forálacha a chur san áireamh san ordú faoi alt 48 is dóigh leo is oiriúnach chun maoin agus sócmhainní uile aon scéime pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chéadluaite, nó aon chuid den mhaoin nó de na sócmhainní sin, a aistriú chuig scéim chomhréire pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha agus chun é a dhílsiú, chun críocha na scéime comhréire, do na hiontaobhaithe nó do na daoine eile a bhfuil sé de chúram orthu an scéim chomhréire sin a riaradh agus chun aon scéim den sórt sin de chuid an bhainc chéadluaite a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh nó a mhodhnú nó chun deireadh a chur léi agus beidh éifeacht leis an scéim chomhréire de réir aon fhorálacha den sórt sin, ar aon scéim den sórt sin de chuid an bhainc chéadluaite a bheith foirceanta, díscaoilte nó modhnaithe nó ar deireadh a bheith curtha léi, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (7) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “sochar” aon phinsean, aisce nó sochar eile is iníoctha i leith iarseirbhíse leis an mbanc lena mbaineann, nó i leith iarseirbhíse sonraithe eile, tráth éirí as, scoir nó báis; | |
[EN] | ciallaíonn “scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid aon cheann de na bainc” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú; i ndáil le gnó an bhainc sin, chun sochar a chur ar fáil d'oifigigh nó do chomhaltaí eile d'fhoireann an bhainc sin nó dá gcleithiúnaithe, agus forléireofar aon abairt ghaolmhar dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú, i ndáil le gnó an bhainc chónasctha, chun sochar a chur ar fáil d'oifigigh nó do chomhaltaí eile d'fhoireann an bhainc chónasctha nó dá gcleithiúnaithe agus forléireofar aon abairt ghaolmhar dá réir sin. | |
[EN] |
Feidhm ionstraimí áirithe. |
54. —I gcás— |
[EN] | (a) go mbeidh ar áireamh i ngnó aon cheann de na bainc a chomhaontaítear a chónascadh gnó arb éard é gníomhú mar iontaobhaí, mar sheiceadóir nó mar chaomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile, agus | |
[EN] | (b) gur ceapadh nó go gceapfar an banc sin chun gníomhú mar ionadaí pearsanta, mar iontaobhaí nó mar chaomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile trí ionstraim arb é atá inti— | |
[EN] | (i) ordú cúirte, | |
[EN] | (ii) gníomhas, socraíocht, cúnant nó comhaontú iontaobhais, nó | |
[EN] | (iii) uacht, codaisíl nó ionstraim thiomnach eile nó deonú riaracháin, | |
[EN] | nó trí aon ghníomh tiomnach seachas iad sin a dúradh, cibé acu an roimh an lá cónasctha nó dá éis a rinneadh nó a forghníomhaíodh an ionstraim, an deonú nó an gníomh, | |
[EN] | déanfar, amhail ón lá cónasctha, an ionstraim, an deonú nó an gníomh a léamh agus a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi nó leis, ionann is dá gcuirfí tagairt don bhanc cónasctha in ionad aon tagartha inti nó ann don bhanc sin. | |
[EN] |
Feidhm na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959. |
55. —(1) Leanfaidh na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, d'fheidhm a bheith acu maidir le haon leabhair de chuid na mbanc a aistrítear chuig an mbanc cónasctha i ndáil le gnó na mbanc, agus maidir le hiontrálacha a rinneadh sna leabhair sin roimh an lá cónasctha. |
[EN] | (2) San alt seo folaíonn “leabhair” mórleabhair, leabhair lae, leabhair airgid, leabhair chuntas agus na leabhair agus na taifid eile go léir a úsáideadh i ngnáthghnó an bhainc roimh an lá cónasctha. | |
[EN] |
Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh do leanúint ar marthain. |
56. —I gcás go mbeidh, díreach roimh an lá cónasctha, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu aon cheann de na bainc agus go mbeidh tagairt sna himeachtaí do ghnó an bhainc, déanfar, ar an lá cónasctha, ainm an bhainc chónasctha a chur in ionad ainm an bhainc sin agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin. |