|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cónascadh Banc Taisce Iontaobhais) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII Ilghnéitheach | |
[EN] |
An tAire d'údarú bainc thaisce iontaobhais a atheagrú ina gcuideachtaí. |
57. —(1) San alt seo— |
[EN] | déanfar “cuideachta” agus “atheagrú” a fhorléiriú de réir fho-alt (3); | |
[EN] | ciallaíonn “ordú” ordú faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé ordú a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm aon ordaithe a rinneadh faoin alt seo. | |
[EN] | (3) (a) Féadfar a údarú, le hordú, go ndéanfar banc taisce iontaobhais amháin nó níos mó a atheagrú ina chuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (c) agus féadfar a shocrú, le hordú á dhéanamh sin, go n-aistreofar chuig an gcuideachta maoin agus cearta uile an bhainc nó na mbanc lena mbaineann, nó cuid den mhaoin agus de na cearta sin, agus na dliteanais nó na hoibleagáidí uile dá chuid nó dá gcuid, lena n-áirítear taiscí sa bhanc nó sna bainc agus na dliteanais is inchurtha ina leith sin. | |
[EN] | (b) Féadfar a údarú le hordú go ndéanfar cuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin (i) a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin (ii). | |
[EN] | (c) San fho-alt seo ciallaíonn “cuideachta”— | |
[EN] | (i) cuideachta a bhfuil comhdhéanamh a boird stiúrthóirí faoi rialú an Aire nó a sealbhaíonn an tAire breis agus a leath, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais agus breis agus a leath, de réir ainm luacha, de na scaireanna dá cuid lena ngabhann cearta vótála, nó | |
[EN] | (ii) cuideachta a bhfuil comhdhéanamh a boird stiúrthóirí faoi rialú duine nó daoine seachas an tAire agus a sealbhaíonn duine nó daoine seachas an tAire breis agus a leath, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais nó breis agus a leath, de réir ainmluacha, de na scaireanna lena ngabhann cearta vótála, | |
[EN] | agus, chun críocha fhomhír (i), measfar comhdhéanamh boird stiúrthóirí cuideachta a bheith faoi rialú duine nó daoine lena n-áirítear an tAire i gcás ina measfaí, dá mba chuideachta an duine nó na daoine, go raibh comhdhéanamh an bhoird sin, de bhua alt 155 (2) d'Acht 1963, faoi rialú na cuideachta is déanaí a luaitear. | |
[EN] | (4) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú á údarú banc taisce iontaobhais a atheagrú ina chuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i), le haghaidh cibé nithe is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an atheagraithe agus, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, déanfar socrú ann— | |
[EN] | (a) go mbeidh meabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta i cibé foirm, a bheidh ar comhréir le haon orduithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a cheadóidh an tAire agus an Banc Ceannais, | |
[EN] | (b) nach mbeidh, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na cuideachta bailí ná éifeachtúil mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire agus ón mBanc Ceannais, | |
[EN] | (c) go ndéanfar scaireanna sa chuideachta a leithroinnt ar an Aire agus a eisiúint chuig an Aire agus go sealbhóidh an tAire iad agus go sealbhófar ar iontaobhas don Aire aon scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú ag duine seachas an tAire, | |
[EN] | (d) chun a údarú don Aire scaireanna sa chuideachta a thógáil ó am go ham trí shuibscríobh, | |
[EN] | (e) go bhfeidhmeoidh an tAire, maidir le scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú aige, na cearta agus na cumhachtaí go léir, nó aon cheann de na cearta nó de na cumhachtaí, is infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir na scaireanna sin lena n-áirítear, i gcás na cearta agus na cumhachtaí sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, go ndéanfaidh an tAire, más cuí leis amhlaidh, na cearta agus na cumhachtaí sin a fheidhmiú trína aturnae, | |
[EN] | (f) chun a údarú don Aire daoine a cheapadh chun bheith ina stiúrthóirí ar an gcuideachta agus chun luach saothair na stiúrthóirí sin, agus téarmaí agus coinníollacha a ré oifige mar stiúrthóirí den sórt sin, a chinneadh, | |
[EN] | (g) chun a thoirmeasc ar an Aire scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú aige a aistriú nó a choimhthiú ar shlí seachas chun an cháilíocht is gá a thabhairt do dhuine a cheaptar nó a bheartaítear a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, agus chun a thoirmeasc, i gcás ar bith, aistriú a dhéanamh chun na críche sin a dúradh ar aon líon scaireanna sa chuideachta a laghdódh an líon scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú aige go dtí líon ba lú ná 51 faoin gcéad de scaireanna na cuideachta, | |
[EN] | (h) chun a údarú don Aire a cheangal ar stiúrthóir de chuid na cuideachta scair nó scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú ag an stiúrthóir a aistriú chuig duine sonraithe chun na críche a luaitear i mír (g), agus | |
[EN] | (i) chun go muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis aon airgead is iníoctha ag an Aire i leith scaireanna sa chuideachta a leithroinnt agus a eisiúint chuige agus chuig daoine a shealbhaíonn ar iontaobhas dó iad. | |
[EN] | (5) In ordú a shocraíonn go ndéanfar aon sócmhainní de chuid bainc taisce iontaobhais a aistriú chuig cuideachta, féadfar a shocrú go ndéanfar sócmhainní sonraithe de chuid an bhainc a aistriú chuig an Aire. | |
[EN] | (6) (a) Déanfar socrú, in ordú a údaraíonn cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (3) (c) a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin, maidir leis an Aire do dhiúscairt na bhfáltas ó aon díol, láithriú nó diúscairt eile a dhéanfar ar scaireanna sa chuideachta chéadluaite a bheidh á sealbhú aige nó ó aon díol nó diúscairt a dhéanfar ar shócmhainní na cuideachta sin. | |
[EN] | (b) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú a údaraíonn banc taisce iontaobhais a atheagrú ina chuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii), go n-íocfar leis an Aire na fáltais, nó cuid de na fáltais, ó aon díol, láithriú nó diúscairt eile a dhéanfar ar scaireanna sa chuideachta nó ó aon díol nó diúscairt eile a dhéanfar ar shócmhainní na cuideachta agus go ndéanfaidh an tAire aon fháltais den sórt sin a íocfar leis a íoc isteach sa Phríomh-Chiste. | |
[EN] | (7) (a) Más cuideachta lena mbaineann fo-alt (3) (c) (i) cuideachta, agus fad is cuideachta den sórt sin í, beidh feidhm ag an Acht seo i ndáil leis an gcuideachta ach sin faoi réir aon mhodhnuithe nó oiriúnuithe (lena n-áirítear oiriúnú ar thagairtí d'iontaobhaithe agus do rialacha banc taisce iontaobhais) is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach agus mar a shonróidh sé in ordú, agus faoi réir aon mhodhnuithe agus oiriúnuithe eile is gá. | |
[EN] | (b) Más cuideachta lena mbaineann fo-alt (3) (c) (ii) cuideachta, ní bheidh feidhm ag an Acht seo (seachas ag an alt seo) i ndáil leis an gcuideachta, agus na cearta, na dliteanais agus na hoibleagáidí is inchurtha i leith taisce sa bhanc (arb iad, maidir le taisce, dliteanais an taisce a thabhairt ar ais don taisceoir agus ús a íoc uirthi (dá mba iníoctha é) de réir an ráta a bhí i bhfeidhm díreach roimh an atheagrú) tiocfaidh siad chun bheith, ina ionad sin, ina gcearta, ina ndliteanais agus ina n-oibleagáidí a ghabhann leis an ngaol idir custaiméir agus baincéir agus beidh siad inathraithe, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 7 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , i ndáil leis an gcuideachta. | |
[EN] | (8) Chun críocha atheagrú, féadfar cibé socrú (más aon socrú é) is cuí leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a dhéanamh in ordú chun foireann an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann a aistriú ó fhostaíocht leis an mbanc go dtí fostaíocht leis an gcuideachta lena mbaineann, agus ó fhostaíocht le cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (3) (c) go dtí fostaíocht le cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin agus i ndáil le téarmaí agus coinníollacha na fostaíochta sin leis an gcuideachta lena mbaineann. | |
[EN] | (9) Chun críocha atheagrú, féadfar a shocrú in ordú go ndéanfar banc taisce iontaobhais a dhíscaoileadh agus a fhoirceannadh agus féadfar leis an ordú sin, chun críocha an fhoirceanta, forálacha Achtanna na gCuideachtaí, fara aon mhodhnuithe is gá, a chur i bhfeidhm maidir leis. | |
[EN] | (10) Gan dochar dá bhfuil anseo roimhe seo, féadfar socrú a dhéanamh in ordú le haghaidh cibé nithe eile, lena n-áirítear oiriúnú agus modhnú, maidir leis an gcuideachta lena mbaineann, ar reachtanna agus ar ionstraimí arna ndéanamh faoi reacht, is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an atheagraithe lena mbaineann agus chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon atheagrú den sórt sin. | |
[EN] | (11) Déanfar dréacht d'aon ordú a bheartaítear a dhéanamh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] |
Srian le ráitis áirithe. |
58. —(1) Ní déarfar ná ní thabharfar le tuiscint i dteideal bainc taisce iontaobhais ná in aon ní a fhoilseoidh banc taisce iontaobhais go ndlíonn an Stát, an Rialtas, Aire den Rialtas nó an Banc Ceannais aon mhéid a íoc le taisceoir leis an mbanc i leith a thaisce. |
[EN] | (2) Más rud é, i ndáil le banc taisce iontaobhais, go mbeidh sárú ar fho-alt (1), beidh an banc ciontach i gcion. | |
[EN] |
Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879. |
59. —Leasaítear leis seo alt 9 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1959) den Bankers' Books Evidence Act, 1879— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d): | |
[EN] | “(d) a trustee savings bank within the meaning of the Trustee Savings Banks Act, 1989;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais, 1971 ): | |
[EN] | “(5) A certificate that— | |
[EN] | (a) purports to be signed by an officer of the Central Bank, and | |
[EN] | (b) certifies that a licence was granted under section 10 of the Trustee Savings Banks Act, 1989, in respect of a specified trustee savings bank (within the meaning of that Act), | |
[EN] | shall be prima facie evidence of the licence for the purposes of this Act, and it shall not be necessary to prove the signature of the officer or that he was in fact an officer of the Central Bank.”. | |
[EN] |
Banc taisce iontaobhais d'íoc taiscí beaga tráth báis. |
60. —(1) I gcás taisceoir le banc taisce iontaobhais d'fháil bháis, féadfaidh an banc an tsuim a bheidh ar taisce nó cuid den tsuim sin, nach mó ná cibé méid a shocróidh an Banc Ceannais ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, a íoc, gan ionadaíocht de réir bhrí an Achta Comharbais, 1965 , a bheith deonaithe i leith eastát an taisceora, leis an duine a ndealraíonn sé don bhanc go bhfuil sé i dteideal í a fháil, cibé acu mar ionadaí pearsanta an taisceora nó ar shlí eile, ar an mbanc a bheith sásta, ó fhianaise atá i ndearbhú reachtúil, gur tharla an bás agus go bhfuil an duine, a bhfuil an tsuim á héileamh aige nó thar a cheann, i dteideal í a fháil. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar íocaíocht faoin alt seo le duine nach é seiceadóir an taisceora lena mbaineann é, déanfaidh an banc lena mbaineann, a luaithe is féidir, sonraí i dtaobh na híocaíochta a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh banc íocaíocht go cuí faoin alt seo, is íocaíocht bhailí éifeachtúil an íocaíocht maidir le haon éilimh i gcoinne chistí an bhainc ag aon duine a bheidh ag déanamh éilimh i leith eastát an taisceora lena mbaineann ach is i gcoinne an duine lena ndearnadh an íocaíocht a bheidh a leigheas le haghaidh mhéid na híocaíochta ag an duine a bheidh ag déanamh an éilimh. | |
[EN] |
Aitheantas a thabhairt do chuntais bhainc taisce iontaobhais. |
61. —Déanfar aon tagairt in aon achtachán d'airgead a thaisceadh nó do chuntas a choinneáil i mbanc a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'airgead a thaisceadh le banc taisce iontaobhais nó do chuntas a choinneáil i mbanc taisce iontaobhais, agus na forálacha d'aon achtachán den sórt sin a bhaineann le cearta agus oibleagáidí bainc i leith cuntas i mbanc beidh feidhm acu maidir le banc taisce iontaobhais mar atá feidhm acu maidir le banc. |
[EN] |
Pionóis. |
62. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 4, 11, 13, 20, 24, 26, 28, 29 nó 30 dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] | (2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 12, 15, 16, 21, 25, 27, 31, 32, 40, 42 nó 58 den Acht seo dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, | |
[EN] | a chur air. | |
[EN] | (3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 14 nó 36 dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000, | |
[EN] | a chur air. | |
[EN] | (4) Má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú, den mhainneachtain nó den diúltú a gciontaítear duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) ina leith, beidh an duine ciontach i gcion breise in aghaidh gach lae a leanfar den sárú, den mhainneachtain nó den diúltú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear— | |
[EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100, nó | |
(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, | ||
a chur ar an duine in ionad an phionóis a shonraítear don sárú, don mhainneachtain nó don diúltú bunaidh. | ||
[EN] |
Cionta ag bainc thaisce iontaobhais agus ag comhlachtaí corpraithe. |
63. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe (cibé acu is banc taisce iontaobhais é nó nach ea) nó ag banc taisce iontaobhais tráth nach comhlacht corpraithe é, agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is iontaobhaí de chuid an bhainc nó is stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó is bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó an bhainc, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe nó leis an mbanc, de réir mar a bheidh, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite. |
[EN] | (2) I gcás inarb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a dhéanann bainistí ar a ghnóthaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtana comhalta i ndáil lena fheidhmeanna bainistíochta ionann is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é. | |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht stampa. |
64. —Ní bheidh dleacht stampa, seachas dleacht stampa dá bhforáiltear in ailt 67 go 75 den Acht Airgeadais, 1973 , inmhuirearaithe ar aon aistriú, tíolacas nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun cónascadh banc taisce iontaobhais faoi Chuid VI, nó atheagrú bainc taisce iontaobhais ina chuideachta faoi alt 57, a chur i gcrích. |
[EN] |
Bannaí agus urraí. |
65. —(1) I gcás ina rachaidh banc taisce iontaobhais i mbun aon ghníomhaíochta i gcúrsa a ghnó, ní mheasfar aon fhoráil de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, ná rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a bheith sáraithe aige de bhíthin amháin go dtugann, go ndéanann nó go nglacann sé banna nó conradh urraíochta nó ráthaíochta lena mbaineann an t-alt seo. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta a thugann nó a dhéanann banc taisce iontaobhais, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó nó a thugann nó a dhéanann duine a chónaíonn lasmuigh den Stát, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta (de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ) mar shásamh ar cheanglas, agus chun críocha ceanglais agus chuige sin amháin, is ceanglas— | |
[EN] | (a) de chuid bainc taisce iontaobhais, agus | |
[EN] | (b) a dhéanfar d'aontoisc chun saoráidí airgeadais atá le cur ar fáil ag an mbanc sin a urrú. | |
[EN] |
Forálacha i ndáil le cionta. |
66. —(1) Féadfaidh an tAire nó an Banc Ceannais imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. |
[EN] | (2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 2 bhliain ó dháta an chiona. |