2 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1990


AN tACHT UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

“An Príomh-Acht”.

2.

An tAire do sholáthar agus d'eisiúint monaí in ainmluach aonad airgeadaíochta Eorpach.

3.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

4.

Gearrtheideal agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cóipchirt, 1963

1963, Uimh. 10

An tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969

1969, Uimh. 23

Na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1990


AN tACHT UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE GO nEISEOIDH AN tAIRE AIRGEADAIS MONAÍ D'AINMLUACH PUINT AMHÁIN AGUS MONAÍ IN AINMLUACH AONAD AIR-GEADAÍOCHTA EORPACH, DO LEASÚ NA nACHT-ANNA UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1969 GO 1989, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [20 Márta, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“An Príomh-Acht”.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969 .

An tAire do sholáthar agus d'eisiúint monaí in ainmluach aonad airgeadaíochta Eorpach.

2. —(1) Féadfaidh an tAire monaí a sholáthar de cibé ainmluachanna in ionaid airgeadaíochta Eorpacha, de cibé dearaí, toisí, meáchain agus miotal, nó de cibé miotail agus comhshuíomh, a chinnfidh sé.

(2) Féadfaidh an tAire tríd an mBanc Ceannais monaí a sholáthrófar faoin alt seo a eisiúint agus a chur ar díol don phobal.

(3) Is é an tAire a chinnfidh praghsanna na monaí a chuirfear ar díol faoi fho-alt (2).

(4) Ní bheidh tairiscint mona a eiseofar faoin alt seo ina dhlíthairiscint chun aon suim a íoc agus ní bheidh sealbhóir mona den sórt sin i dteideal aon luach a thaispeántar air nó cóimhéid an luacha sin in airgead reatha aon stáit a éileamh.

(5) Beidh feidhm ag ailt 6 agus 13 den Phríomh-Acht maidir le monaí a sholáthrófar faoin alt seo.

(6) Beidh feidhm ag ailt 7, 11 agus 20 den Phríomh-Acht maidir le monaí a eiseofar faoin alt seo.

(7) Beidh feidhm ag alt 57 den Acht Cóipchirt, 1963 , maidir le monaí a eiseofar faoin alt seo.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“Monaí copair ina bhfuil miotail eile a sholáthar.

4A.—(1) Féadfaidh an tAire, i dteannta nó in ionad monaí cré-umha a sholáthar de na hainmluachanna faoi seach a údaraítear le halt 3 den Acht seo, monaí de na hainmluachanna sin a sholáthar arb é a bheidh iontu, i ngach cás, croí miotail nó miotal (seachas copar) a bheith clúdaithe i gcopar.

(2) Gach mona a sholáthrófar faoin alt seo beidh an meáchan caighdeánach agus an comhshuíomh caighdeánach ann a fhorordóidh an tAire le rialacháin.

(3) Lamhálfar i leith monaí a sholáthrófar faoin alt seo an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a fhorordóidh an tAire le rialacháin.

(4) Mona d'aon ainmluach a sholáthrófar faoin alt seo beidh na toisí agus an dearadh céanna ann a bheidh sna toisí agus sa dearadh a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi alt 3(6) den Acht seo maidir le mona den ainmluach sin.

(5) Bainfidh ailt 5 agus 6 den Acht seo le monaí a sholáthrófar faoin alt seo agus bainfidh alt 7 den Acht seo le gach eisiúint monaí a sholáthrófar amhlaidh.”,

(b) in alt 14, trí “nó faoin Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1990 ,” a chur isteach i ndiaidh “faoin Acht seo,” i bhfo-alt (1), agus

(c) sa Chéad Sceideal, tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa chuid faoi “Monaí Cupra-nicile”:

Punt amháin

10,00000

75 faoin gcéad de chopar, 25 faoin gcéad de nicil

0.0450

2 faoin gcéad.

”.

Gearrtheideal agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990, a ghairm de na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1989, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.