6 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1990


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Comhlachais ionadaíocha.

3.

Comhlachais a fhionraí in imthosca áirithe.

4.

Comhaltaí ar fiannas.

5.

Comhaltaí ag fónamh lasmuigh den Stát.

6.

Daoine atá faoi réir an dlí mhíleata.

7.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

8.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960

1960, Uimh. 44

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1990


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE COMHL-ACHAIS A BHUNÚ LE hIONADAÍOCHT A DHÉANAMH DO CHOMHALTAÍ d'ÓGLAIGH NA hÉIREANN CHUN CRÍOCHA ÁIRITHE AGUS MAIDIR LE NITHE COMH-GHAOLMHARA. [11 Aibreán, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “comhlachas” comhlachas arna bhunú faoi alt 2 (1) den Acht seo;

ciallaíonn “comhalta” oifigeach, oifigeach neamhchoimisiúnta, saighdiúir singil nó mairnéalach de chuid Óglaigh na hÉireann;

ciallaíonn “oibríocht” tasc a dhéanann Óglaigh na hÉireann nó a bhfuil sé ceaptha dóibh é a dhéanamh i gcomhlíonadh a ndualgas;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 ;

ciallaíonn “luach saothair” pá, liúntais, aiscí nó deontais is iníoctha ag an Aire le comhalta nó aon phinsean, pá scoir nó aisce a bhféadfadh comhalta a bheith ina theideal i leith nó de bharr a sheirbhíse mar chomhalta den sórt sin.

Comhlachais ionadaíocha.

2. —(1) Faoi réir alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go mbunófar comhlachas nó comhlachais (dá ngairtear “comhlachas” san Acht seo) chun ionadaíocht a dhéanamh do chomhaltaí de cibé céim nó céimeanna in Óglaigh na hÉireann a bheidh sonraithe sna rialacháin i ndáil le nithe a fhearann ar a luach saothair agus cibé nithe eile a shonróidh an tAire sna rialacháin, ach gan nithe a áireamh a bhaineann le haon oibríocht ná le bunú, cothabháil, ceannas, comhdhéanamh, eagrú agus araíonacht Óglaigh na hÉireann faoin bPríomh-Acht ná cionta i ndáil le hÓglaigh na hÉireann agus le maoin mhíleata faoin Acht sin.

(2) Ní dhéanfaidh comhlachas ionadaíocht faoi fho-alt (1) den alt seo ach amháin do chomhaltaí an chomhlachais.

(3) Beidh comhlachas neamhspleách ar aon cheardchumann nó ar aon chomhlacht eile agus ní bheidh sé, gan toiliú an Aire, comhlachaithe ná cleamhnaithe leis an gcéanna.

(4) Ní thiocfaidh comhalta chun bheith, ná ní bheidh sé, ina chomhalta de cheardchumann ná d'aon chomhlacht eile (seachas comhlachas) a fhéachann le tionchar a imirt ar luach saothair nó ar choinníollacha eile seirbhíse comhaltaí, nó a fhéachann le baint a bheith aige thairis sin leis an gcéanna.

(5) Cinnfidh an tAire aon cheist a éireoidh i dtaobh aon cheardchumann nó aon chomhlacht eile a bheith ina cheardchumann nó ina chomhlacht lena mbaineann fo-alt (4) den alt seo.

(6) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go mbunófar córas idir-réitigh agus eadrána i leith cibé nithe, a ndéanann comhlachas ionadaíocht do chomhaltaí i ndáil leo, a shonróidh an tAire sna rialacháin.

(7) Féadfar foráil a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo le haghaidh cibé nithe coimhdeacha, foghabhálacha agus comhghaolmhara is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.

Comhlachais a fhionraí in imthosca áirithe.

3. —(1) Aon uair a thiocfaidh ordú faoi alt 4 (1) den Phríomh-Acht i ngníomh, tiocfaidh aon chomhlachas chun bheith, agus beidh sé, ar fionraí air sin agus ní bhunófar comhlachas faoi alt 2 (1) den Acht seo fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.

(2) Más rud é, tar éis d'ordú den chineál a dúradh teacht i ngníomh, go gcuirfear comhlachas ar fionraí, ansin, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú sin a chúlghairm, cúlghairfidh an tAire an fhionraí.

Comhaltaí ar fiannas.

4. —Faoi réir alt 5 den Acht seo, ní cead do chomhlachas ionadaíocht a dhéanamh do chomhalta atá ar fiannas ná comhalta den sórt sin a bheith mar chomhalta d'aon chomhlacht rialaithe nó d'aon chomhlacht nó coiste eile de chuid an chomhlachais.

Comhaltaí ag fónamh lasmuigh den Stát.

5. —Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go bhféadfaidh comhlachas le haghaidh comhaltaí de chéim nó de chéimeanna áirithe in Óglaigh na hÉireann ionadaíocht a dhéanamh do cibé comhaltaí a bheidh ag fónamh lasmuigh den Stát, cibé acu le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe (de réir bhrí an Achta Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960 ) nó ar shlí eile, i ndáil le cibé nithe agus go cibé méid a bheidh sonraithe sna rialacháin.

Daoine atá faoi réir an dlí mhíleata.

6. —Aon duine atá faoi réir an dlí mhíleata ní dhéanfaidh sé iarracht chun a thabhairt ar chomhalta, ná ní dhéanfaidh sé comhcheilg le haon duine eile le hiarracht a dhéanamh chun a thabhairt ar chomhalta, bheith ina chomhalta de cheardchumann nó de chomhlacht eile (seachas comhlachas) dá dtagraítear in alt 2 (4) den Acht seo.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

7. —Gach rialachán a dhéanfar faoi alt 2 nó 5 den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Geairtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1987, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.