7 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1990


AN tACHT UM CHUAN DHÚN LAOGHAIRE, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cuan Dhún Laoghaire a aistriú chuig an Aire.

3.

Feidhmeanna a aistriú chuig an Aire.

4.

Riaradh agus gnó na gCoimisinéirí a aistriú.

5.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

6.

Nithe áirithe a thosaigh na Coimisinéirí a chur i gcrích.

7.

Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú.

8.

Dolaí, rátaí, dleachtanna agus muirir eile.

9.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown

1836, c. 117

Finance Act, 1895

1895, c. 16

Acht na gCuanta Stáit, 1924

1924, Uimh. 49

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1990


AN tACHT UM CHUAN DHÚN LAOGHAIRE, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RIALÚ CHUAN DHÚN LAOGHAIRE A AISTRIÚ Ó CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN CHUIG AIRE NA MARA AGUS LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA. [11 Aibreán, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na gCuanta Stáit, 1924;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ritear an tAcht seo;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “Cuan Dhún Laoghaire” an cuan a bunaíodh le reacht Briotanach a ritheadh an 20ú lá de Lúnasa, 1836, agus dar teideal “An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown”, ar tugadh an t-ainm Cuan Dhún Laoghaire dó le halt 10 d'Acht 1924;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus aon tagairt d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chomhall;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara.

Cuan Dhún Laoghaire a aistriú chuig an Aire.

2. —(1) An mhaoin, na cearta agus na dliteanais go léir a bhaineann le Cuan Dhún Laoghaire agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, á sealbhú nó ar teachtadh ag na Coimisinéirí nó tabhaithe acu de bhua Acht 1924, beidh siad, ar an lá ceaptha, arna n-aistriú chuig an Aire agus dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise—

(a) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, don Aire ar an lá ceaptha,

(b) beidh na cearta sin, ar an agus ón lá ceaptha, ar teachtadh ag an Aire,

(c) beidh na dliteanais sin, ar an agus ón lá ceaptha, ina ndliteanais de chuid an Aire.

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Aire leis an alt seo agus atá, díreach roimh an lá ceaptha, in ainm na gCoimisinéirí, déanfar, ar an Aire á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina ainm.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Aire.

Feidhmeanna a aistriú chuig an Aire.

3. —(1) Na feidhmeanna a bhí dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, do na Coimisinéirí agus a bhí infheidhmithe maidir le Cuan Dhún Laoghaire (cibé acu a bhí siad infheidhmithe faoi Acht 1924 nó ar shlí eile) déanfar, de bhua an ailt seo, iad a aistriú ar an lá ceaptha chuig an Aire.

(2) Déanfar, ar an lá ceaptha agus dá éis, aon tagairtí do na Coimisinéirí in Acht 1924, nó in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil a bhaineann le haon fheidhm a aistrítear leis an alt seo, a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad le feidhm den sórt sin, mar thagairtí don Aire.

Riaradh agus gnó na gCoimisinéirí a aistriú.

4. —Déanfar an riaradh agus an gnó i dtaca le comhlíonadh aon fheidhmeanna a aistrítear le halt 3 den Acht seo a aistriú, ar an lá ceaptha, chuig Roinn na Mara.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

5. —Más rud é, díreach roimh an lá ceaptha, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh i ndáil le Cuan Dhún Laoghaire ar páirtí iontu na Coimisinéirí, déanfar ainm an Aire a chur in ionad ainm na gCoimisinéirí sna himeachtaí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

Nithe áirithe a thosaigh na Coimisinéirí a chur i gcrích.

6. —Aon ní a bhí tosaithe roimh an lá ceaptha ag na Coimisinéirí nó faoi údarás uathu féadfaidh an tAire, a mhéid a bhaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear le halt 3 den Acht seo chuig an Aire, é a sheoladh nó a chur i gcrích ar an lá ceaptha agus dá éis.

Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú.

7. —Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de ghné leanúnach a rinne nó a thug na Coimisinéirí, nó a rinneadh nó a tugadh thar a gceann, d'aon duine i gcomhlíonadh feidhme a aistrítear le halt 3 den Acht seo, nó a rinne nó a thug aon duine do na Coimisinéirí agus ar ghlac na Coimisinéirí leis, nó ar glacadh leis thar a gceann, i gcomhlíonadh feidhme den sórt sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir na Coimisinéirí, i gcomhlíonadh feidhme den sórt sin, agus duine eile, agus a bhí i bhfeidhm ach nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh an lá ceaptha, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis, agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Aire ann in ionad ainm na gCoimisinéirí agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm ag an Aire nó ina choinne.

Dolaí, rátaí, dleachtanna agus muirir eile.

8. —(1) Na cumhachtaí go léir i leith dolaí, rátaí, dleachtanna agus muirear eile i ndáil le Cuan Dhún Laoghaire a thugtar le halt 7 d'Acht 1924 nó le haon achtachán eile beidh siad, ar an lá ceaptha agus dá éis, infheidhmithe ag an Aire agus ní bheidh siad infheidhmithe thairis sin.

(2) Aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith faoi shéala an Aire á rá go bhfuil suim a shonraítear sa deimhniú dlite agus le híoc ag an duine a ainmnítear sa deimhniú leis an Aire i leith aon dolaí, rátaí, dleachtanna nó muirear eile is inmhuirearaithe ag an Aire i ndáil le Cuan Dhún Laoghaire, beidh sé, mura gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise go bhfuil an tsuim a luaitear sa deimhniú sin dlite amhlaidh.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um Chuan Dhún Laoghaire, 1990 , a ghairm den Acht seo.