An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nARM TINE AGUS NA nARM IONSAITHEACH, 1990) Ar Aghaidh (CUID II Leasuithe ar Achtanna na nArm Tine)

12 1990

ACHT NA nARM TINE AGUS NA nARM IONSAITHEACH, 1990

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (ar leith ó Chuid II) i ngníomh ar dháta a rite.

(3) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla den Chuid sin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe agus aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, dá éis sin.