|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III Airm Ionsaitheacha) |
ACHT NA nARM TINE AGUS NA nARM IONSAITHEACH, 1990
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Leasuithe ar Achtanna na nArm Tine | |
[EN] |
Comhlua agus forléiriú. |
3. —(1) Féadfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, a ghairm d'Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971, agus den Chuid seo, le chéile. |
[EN] | (2) Déanfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971 (ar leith ó Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968 ) agus an Chuid seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Crosbhoghanna agus néalghunnaí a thabhairt faoi réim Achtanna na nArm Tine. |
4. —(1) In Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, ciallaíonn “arm tine”— |
[EN] | (a) arm tine marfach nó arm marfach eile de thuairisc ar bith as ar féidir aon urchar, piléar nó diúracán eile a chaitheamh; | |
[EN] | (b) aerghunna (abairt a fholaíonn aer-raidhfil agus aerphiostal) nó aon arm eile ar a bhfuil bairille as ar féidir slugaí miotail nó slugaí eile a chaitheamh; | |
[EN] | (c) crosbhogha; | |
[EN] | (d) aon sórt néalghunna nó airm eile chun aon turraing a thabhairt do dhuine, nó chun duine a chur ar aon mhíthreoir eile, le leictreachas nó le hastú fuinnimh de chineál ar bith eile; | |
[EN] | (e) arm toirmiscthe mar a mhínítear sin in alt 1 (1) d'Acht na nArm Teine, 1925 ; | |
[EN] | (f) aon airteagal a bheadh ina arm tine faoi aon cheann de na míreanna roimhe seo murach go dtarlaíonn, de bhíthin comhpháirt riachtanach nó comhpháirteanna riachtanacha a bheith in easnamh, nó de bhíthin aon locht nó bail eile a bheith air, nach féidir urchar, piléar nó diúracán eile a chaitheamh leis nó turraing a thabhairt do dhuine nó duine a chur ar mhíthreoir eile leis (de réir mar a bheidh); | |
[EN] | (g) ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon chomhpháirt d'aon airteagal dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna roimhe seo agus, chun críocha an mhínithe seo, measfar gur comhpháirteanna den chineál sin a dúradh na hairteagail seo a leanas: | |
[EN] | (i) treoracha teileascóip le léas solais, nó treoracha teileascóip le feiste aimpliúcháin solais leictreonach nó le feiste infridhearg, atá deartha lena bhfeistiú ar arm tine a shonraítear i mír (a), (b), (c) nó (e), agus | |
[EN] | (ii) tostóir atá deartha lena fheistiú ar arm tine a shonraítear i mír (a), (b) nó (e). | |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) an míniú ar “arm teine” in alt 1 (1) d'Acht na nArm Teine, 1925 , agus an míniú ar “arm tine” in alt 1 d'Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968 , agus | |
[EN] | (b) alt 2 d'Acht na nArm Tine, 1964 , agus, alt 2 d'Acht na nArm Tine, 1971 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 10 d'Acht na nArm Teine, 1925 . |
5. —Leasaítear leis seo Acht na nArm Teine, 1925 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 10 i ndiaidh fho-alt (3): |
[EN] | “(3A) (a) Ní dhéanfaidh duine arm tine nó armlón le haghaidh airm tine a dhíol le duine, nó a aistriú, nó a dhiúscairt ar shlí eile, chuig duine, a chónaíonn de ghnáth i dtír, nó le comhlacht nó chuig comhlacht ag seoladh i dtír, atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo mura ndéanfaidh ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina gcoimeádtar an t-arm tine nó an t-armlón, ar é bheith deimhin de go bhfuil an t-idirbheart údaraithe ag údaráis inniúla na tíre sin, an t-idirbheart a údarú freisin. | |
[EN] | (b) Ní dochar an fo-alt seo d'fhorálacha eile an ailt seo ná d'alt 16 den Acht seo ach níl feidhm ag fo-alt (4) den alt sin maidir le harm tine, nó le harmlón le haghaidh airm tine, a iompraíonn duine amach as an Stát d'fhonn é a aistriú go buan chuig tír den sórt sin a dúradh. | |
[EN] | (c) San fho-alt seo ní fholaíonn ‘arm tine’ arm tine a shonraítear i mír (c) nó (d) (nó i mír (f) nó (g) a mhéid a bhaineann ceachtar de na míreanna sin leis an mír sin (c) nó (d)) d'alt 4 (1) d'Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 .”. | |
[EN] |
Údarú arm tine lochtach a shealbhú gan deimhniú airm tine. |
6. —(1) Féadfaidh ceannfort an Gharda Síochána do cheantar údarú i scríbhinn a dheonú do dhuine a chónaíonn sa cheantar, nach duine é nach bhfuil i dteideal deimhniú airm tine a shealbhú faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, á údarú dó arm tine a bheith ina sheilbh aige, gan deimhniú airm tine a bheith aige, más deimhin leis an gceannfort nach mbeadh an t-arm tine ina arm tine murach alt 4 (1) (f) agus go bhfuil cúis mhaith ag an duine le bheith ag iarraidh é a choimeád agus gur féidir a cheadú dó é sin a dhéanamh gan sábháilteacht an phobail ná an tsíocháin a chur i mbaol. |
[EN] | (2) Féadfaidh an ceannfort don cheantar ina gcónaíonn an sealbhóir ar údarú faoin alt seo aon choinníollacha is dóigh leis is gá, cibé acu i ndáil le slánchoimeád nó eile, a chur leis an údarú tráth ar bith agus féadfaidh sé tráth ar bith an t-údarú a chúlghairm. | |
[EN] |
Tostóirí a shealbhú, a dhíol, etc. |
7. —(1) Beidh duine ciontach i gcion má bhíonn tostóir ina sheilbh aige nó má dhíolann sé le duine eile é nó má aistríonn sé chuig duine eile é mura mbeidh an sealbhú, an díol nó an t-aistriú sin údaraithe i scríbhinn ag an gceannfort don cheantar ina gcónaíonn an duine céadluaite. |
[EN] | (2) Ní dheonóidh ceannfort údarú faoin alt seo mura deimhin leis, maidir leis an duine a mbeidh an tostóir le bheith ina sheilbh aige nó a mbeidh sé le díol leis nó le haistriú chuige, gur sealbhóir é ar dheimhniú airm tine d'arm tine ar féidir an tostóir a fheistiú air agus mura deimhin leis— | |
[EN] | (a) ag féachaint do na himthosca go léir, nach gcuirfidh an sealbhú, an díol nó an t-aistriú sin lena mbaineann sábháilteacht an phobail ná an tsíocháin i mbaol, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil riachtanas speisialta i gceist i gcás an duine is leor, i dtuairim an cheannfoirt, le go ndéanfaí an t-údarú le haghaidh an tostóra a dheonú dó. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an ceannfort don cheantar ina gcónaíonn an sealbhóir ar údarú faoin alt seo cibé coinníollacha a chur leis an údarú, tráth ar bith, ar coinníollacha iad is dóigh leis an gceannfort is gá chun baol don phobal nó don tsíocháin a chosc nó chun a chinntiú nach n-úsáidfear an tostóir ach amháin chun freastal ar an riachtanas speisialta ar lena aghaidh a deonaíodh an t-údarú. | |
[EN] | (4) Féadfar údarú faoin alt seo a dheonú ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná bliain, a bheidh sonraithe san údarú agus féadfaidh an ceannfort don cheantar ina gcónaíonn an duine is sealbhóir air, é a chúlghairm. | |
[EN] | (5) Aon duine a sháróidh coinníoll a bheidh ag gabháil le húdarú faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] | (7) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le duine a shonraítear i mír (b), (c) nó (d) d'fho-alt (3) d'alt 2 d'Acht na nArm Teine, 1925 , nó i mír (a) nó (b) d'fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht na nArm Tine, 1964 ) den alt sin. | |
[EN] | (8) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “tostóir” tostóir a shonraítear in alt 4 (1) (g); | |
[EN] | ciallaíonn “ceannfort” ceannfort den Gharda Síochána. | |
[EN] |
Arm tine a scaoileadh go meargánta. |
8. —Aon duine a scaoilfidh arm tine go meargánta ar mhodh a d'fhéadfadh aon duine a ghortú, beidh sé ciontach i gcion, cibé acu a thrúigfear an gortú sin nó nach dtrúigfear, agus dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air. |