|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 17 de 1990 | ||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM RIALÚ TRIALACHA AGUS DRUGAÍ CLINICIÚLA, 1990 | |||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 17 de 1990 | ||||||||||||||||
AN tACHT UM RIALÚ TRIALACHA AGUS DRUGAÍ CLINICIÚLA, 1990 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RIALÚ TRIALACHA CLINICIÚLA, 1987 , DO SHOL-ÁTHAR DÍOLÚINTÍ DLÍTHIÚLA ÁIRITHE DON BHORD COMHAIRLEACH NÁISIÚNTA DRUGANNA I bhFEIDHMIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉAN-AMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [11 Iúil, 1990] | ||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht um Rialú Trialacha Cliniciúla, 1987 . | ||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 6 d'Acht 1987. |
2. —I bhfo-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1987, déantar leis seo an míniú ar “triail chliniciúil a sheoladh” a leasú tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (a): | ||||||||||||||
[EN] | “(ii) gurb é an príomhchuspóir atá leis an tabhairt sin galar ar an othar a sheachaint nó an t-othar a shábháil ón mbás, a shláinte a thabhairt ar ais dó, a bhreoiteacht a mhaolú nó faoiseamh óna phian a thabhairt dó,”, | |||||||||||||||
[EN] | agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||
| ||||||||||||||||
[EN] |
Oibleagáidí urrús a sholáthar. |
3. —Leasaítear leis seo Acht 1987 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 10: | ||||||||||||||
[EN] | “10.—(1) Ní dhéanfaidh duine socrú chun triail chliniciúil a sheoladh mura suífidh an duine sin chun sástacht an Aire go bhfuil urrús ar fáil ag an duine sin faoi choinne íocaíochtaí a dtiocfaidh sé chun bheith faoi dhliteanas iad a íoc le haon rannpháirtí sa triail chliniciúil, ar mhodh damáistí nó costas, de dheasca díobhála, caillteanais nó damáiste a thrúigtear don rannpháirtí sin de bhíthin faillí sa socrú chun an triail chliniciúil a sheoladh. | |||||||||||||||
[EN] | (2) Ní sheolfaidh duine triail chliniciúil mura suífidh an duine sin chun sástacht an Aire go bhfuil urrús ar fáil ag an duine sin faoi choinne íocaíochtaí a dtiocfaidh sé chun bheith faoi dhliteanas iad a íoc le haon rannpháirtí sa triail chliniciúil, ar mhodh damáistí nó costas, de dheasca díobhála, caillteanais nó damáiste a thrúigtear don rannpháirtí sin de bhíthin faillí i seoladh na trialach cliniciúla. | |||||||||||||||
[EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar choiste eitice, de bhua alt 8, aird a thabhairt ar aon urrús chun críocha fho-alt (1) nó (2). | |||||||||||||||
[EN] | (4) Is cosaint mhaith do dhuine a ionchúiseofar mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) nó (2) a shuíomh gur chreid sé le réasún go raibh forálacha an fho-ailt comhlíonta. | |||||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo folaíonn ‘urrús’ conradh árachais, conradh slánaíochta, ráthaíocht, urra, barántas agus banna.”. | |||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 13 d'Acht 1987. |
4. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1987 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | ||||||||||||||
[EN] | “(a) faoi réir mhír (b), i gcás cion faoi fho-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó thar ceann comhlachta neamhchorpraithe daoine, beidh gach duine eile a bhí, an tráth a ndearnadh an cion, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí ar an gcomhlacht sin nó ina oifigeach eile don chomhlacht sin (lena n-áirítear comhalta d'aon choiste bainisteoireachta nó d'aon údarás rialaithe eile), chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe nó leis an duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú amhlaidh, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.”. | |||||||||||||||
[EN] |
Díolúintí. |
5. —(1) Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann, ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana de chineál toiliúil)— | ||||||||||||||
[EN] | (a) in aghaidh an Aire, | |||||||||||||||
[EN] | (b) in aghaidh an Bhord Comhairleach Náisiúnta Druganna nó aon duine a bheidh ag gníomhú mar chomhalta, mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Bhord sin, | |||||||||||||||
[EN] | (c) in aghaidh coiste eitice nó aon chomhalta de, | |||||||||||||||
[EN] | chun damáistí a ghnóthú i leith aon díobhála do dhaoine nó do mhaoin a líomhnaítear gurb é ba chúis nó ba chionchúis leis an díobháil gur de bhíthin nó de dhroim urscaoileadh aon fheidhme dá gcuid feidhmeanna a fhorchuirtear leis na hAchtanna um Rialú Trialacha Cliniciúla, 1987 agus 1990, nó faoi na hAchtanna sin, a tharla sí. | |||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann, ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana de chineál toiliúil)— | |||||||||||||||
[EN] | (a) in aghaidh an Bhord Comhairleach Náisiúnta Druganna nó aon duine a bheidh ag gníomhú mar chomhalta, mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Bhord sin, ná | |||||||||||||||
[EN] | (b) in aghaidh coiste a bheidh bunaithe faoi Airteagal 18 den Ordú um an mBord Comhairleach Náisiúnta Druganna (Bunú), 1966 (I.R. Uimh. 163 de 1966), ná in aghaidh aon chomhalta den choiste sin, | |||||||||||||||
[EN] | chun damáistí a ghnóthú i leith aon díobhála do dhaoine nó do mhaoin a líomhnaítear gurb é ba chúis nó ba chionchúis leis an díobháil gur de bhíthin nó de dhroim urscaoileadh aon fheidhme d'fheidhmeanna an Bhoird faoi Airteagal 4 den Ordú um an mBord Comhairleach Náisiúnta Druganna (Bunú), 1966, a tharla sí. | |||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Trialacha agus Drugaí Cliniciúla, 1990 , a ghairm den Acht seo, agus, seachas alt 5 (2), forléireofar le chéile é mar aon ní amháin le hAcht 1987. | ||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Trialacha Cliniciúla, 1987 agus 1990, a ghairm den Acht seo, seachas alt 5 (2), agus d'Acht 1987, le chéile. |