|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 29 de 1990 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1990 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 29 de 1990 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1990 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIR-NÁISIÚNTA. [4 Nollaig, 1990] | ||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (k) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1988 ) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ): | ||||||||||
[EN] | “(k) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £12,740,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh acmhainní breise airgeadais, | |||||||||||
[EN] | (l) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”. | |||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1990, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1988, agus den Acht seo le chéile. |