|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Imscrúduithe) | Ar Aghaidh (CUID IV Leasanna i Scaireanna a Nochtadh) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Idirbhearta a Bhaineann le Stiúrthóirí | |
Réamhráiteach | ||
[EN] |
Léiriú ar Chuid III. |
25. —(1) Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | tá le “idirbhearta creidmheasa” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3); | |
[EN] | folaíonn “ráthaíocht” slánaíocht; | |
[EN] | tá le “quasi-iasacht” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2); | |
[EN] | ciallaíonn “banc ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 . | |
[EN] | (2) Chun críocha na Coda seo— | |
[EN] | (a) is éard is quasi-iasacht ann idirbheart faoina gcomhaontaíonn páirtí amháin (“an creidiúnaí”) suim a íoc do pháirtí eile (“an t-iasachtaí”) nó faoina n-íocann sé suim amhlaidh ar shlí seachas de bhun comhaontú, nó faoina gcomhaontaíonn sé caiteachas a thabhaigh páirtí amháin a aisíoc do pháirtí eile (“an t-iasachtaí”) nó faoina ndéanann sé aisíoc amhlaidh seachas de bhun comhaontú— | |
[EN] | (i) ar théarmaí go ndéanfaidh an t-iasachtaí (nó duine thar a cheann) aisíoc leis an gcreidiúnaí: nó | |
[EN] | (ii) in imthosca faoina mbeidh an t-iasachtaí faoi dhliteanas aisíoc a dhéanamh leis an gcreidiúnaí; | |
[EN] | (b) is tagairt don iasachtaí aon tagairt don duine a dtabharfar quasi-iasacht dó; agus | |
[EN] | (c) folaíonn dliteanais iasachtaí faoi quasi-iasacht dliteanais aon duine a chomhaontaigh aisíoc a dhéanamh leis an gcreidiúnaí thar ceann an iasachtaí. | |
[EN] | (3) Chun críocha na Coda seo is é is idirbheart creidmheasa ann idirbheart faoina ndéanann páirtí amháin (“an creidiúnaí”)— | |
[EN] | (a) aon earraí a sholáthar nó aon talamh a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú coinníollach díola; | |
[EN] | (b) úsáid talún a léasú nó a cheadúnú nó carraí a fhruiliú, i gcomaoin íocaíochtaí tréimhsiúla; | |
[EN] | (c) talamh a dhiúscairt ar shlí eile nó earraí nó seirbhísí a sholáthar ar shlí eile ar an mbonn tuisceana go ndéanfar íocaíocht (cibé acu ina cnapshuim nó i dtráthchodanna nó ar mhodh íocaíochtaí tréimhsiúla nó ar shlí eile) a chur siar. | |
[EN] | (4) Chun críocha na Coda seo is é is luach d'idirbheart nó do chomhshocraíocht— | |
[EN] | (a) i gcás iasachta, príomhshuim na hiasachta; | |
[EN] | (b) i gcás quasi-iasachta, an méid nó an t-uasmhéid a mbeidh an duine a dtabharfar an quasi-iasacht dó faoi dhliteanas a aisíoc leis an gcreidiúnaí; | |
[EN] | (c) i gcás idirbhirt nó comhshocraíochta, seachas iasacht nó quasi-iasacht nó idirbheart nó comhshocraíocht faoi mhír (d) nó (e), an praghas a d'fhéadfaí a bheith ag súil le réasún a fháil ar na hearraí, ar an talamh nó ar na seirbhísí lena mbaineann an t-idirbheart nó an chomh shocraíocht dá soláthrófaí iad an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht i ngnáthchúrsa gnó agus ar na téarmaí céanna (ar leith ón bpraghas) ar soláthraíodh nó a soláthrófar iad faoin idirbheart nó faoin gcomhshocraíocht áirithe; | |
[EN] | (d) i gcás ráthaíochta nó urrúis, an méid a ráthaíodh nó a urraíodh; | |
[EN] | (e) i gcás comhshocraíochta lena mbaineann alt 31 (2) nó 31 (3) luach an idirbhirt lena mbaineann an chomhshocraíocht lúide aon mhéid trínar laghdaíodh dliteanais an duine, dá ndearnadh an t-idirbheart, faoin gcomhshocraíocht nó faoin idirbheart. | |
[EN] | (5) Chun críocha fho-alt (4), measfar, maidir le luach idirbhirt nó comhshocraíochta nach féidir a shainiú mar shuim shonrach airgid (mar nach féidir méid aon dliteanais faoin idirbheart a fhionnadh, nó mar gheall ar aon chúis eile), gur mó é ná £50,000 cibé acu a laghdaíodh nó nár laghdaíodh aon dliteanas faoin idirbheart. | |
[EN] | (6) Chun críocha na Coda seo, déanfar idirbheart nó comhshocraíocht do dhuine más rud é— | |
[EN] | (a) i gcás iasachta nó quasi-iasachta, go dtugtar dó í; | |
[EN] | (b) i gcás idirbhirt creidmheasa, gurb eisean an duine a ndéanfar earraí nó seirbhísí a sholáthar dó, nó talamh a dhíol leis nó a dhiúscairt ar shlí eile, faoin idirbheart; | |
[EN] | (c) i gcás ráthaíochta nó urrúis, go ndéanfar é nó go gcuirfear ar fáil é i dtaca le hiasacht nó quasi-iasacht a tugadh dó nó i dtaca le hidirbheart creidmheasa a rinneadh dó; | |
[EN] | (d) i gcás comhshocraíochta lena mbaineann alt 31 (2) nó 31 (3), gur dó a rinneadh an t-idirbheart lena mbaineann an chomhshocraíocht; agus | |
[EN] | (e) i gcás aon idirbhirt nó chomhshocraíochta eile chun earraí, talamh nó seirbhísí (nó aon leas iontu) a sholáthar nó a aistriú, gurb eisean an duine a soláthrófar na hearraí, an talamh nó na seirbhísí (nó an leas) dó nó a n-aistreofar chuige iad. | |
[EN] | (7) Ní bhaineann an Chuid seo, ach amháin ailt 41, 43 agus 44, le comhshocraíochtaí nó idirbhearta a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo ach, chun a chinneadh cibé acu is comhshocraíocht lena mbaineann alt 31 (2) nó 31 (3) comhshocraíocht, measfar, maidir leis an idirbheart lena mbaineann an chomhshocraíocht, i gcás go ndearnadh é roimh an tosach feidhme sin, gur ina dhiaidh sin a rinneadh é. | |
[EN] | (8) Beidh éifeacht leis an gCuid seo i ndáil le comhshocraíocht nó le hidirbheart bíodh sé faoi réir dhlí an Stáit nó dlí tíre eile. | |
[EN] |
Daoine bainteacha. |
26. —(1) Chun críocha na Coda seo tá duine bainteach le stiúrthóir cuideachta más rud é, ach más rud é amháin— |
[EN] | (a) gurb é céile, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr nó leanbh an stiúrthóra sin é; | |
[EN] | (b) gur duine é a ghníomhaíonn ina cháil mar iontaobhaí aon iontaobhais arb iad na príomhthairbhithe maidir leis an iontaobhas an stiúrthóir, a chéile nó aon leanbh dá chuid nó aon chomhlacht corpraithe a rialaíonn sé: nó | |
[EN] | (c) gur comhpháirtí den stiúrthóir sin é; | |
[EN] | mura stiúrthóir de chuid na cuideachta an duine sin freisin. | |
[EN] | (2) Measfar comhlacht corpraithe a bheith bainteach freisin le stiúrthóir cuideachta más é an stiúrthóir sin a rialaíonn é. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar comhlacht corpraithe a bheith faoi rialú stiúrthóra cuideachta más rud é, ach más rud é amháin go bhfuil, mar dhuine aonair nó i dteannta aon duine de na daoine dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), leas aige i mbreis is leath de scairchaipiteal cothromais an chomhlachta sin nó go bhfuil sé i dteideal breis is leath den chumhacht vótála a fheidhmiú nó feidhmiú na coda sin a rialú ag aon chruinniú ginearálta de chuid an chomhlachta sin. | |
[EN] | (4) I bhfo-alt (3)— | |
[EN] | (a) tá le “scairchaipiteal cothromais” an bhrí chéanna atá leis in alt 155 den Phríomh-Acht; agus | |
[EN] | (b) folóidh tagairtí do chumhacht vótála a fheidhmíonn stiúrthóir tagairtí do chumhacht vótála a fheidhmíonn comhlacht corpraithe eile a rialaíonn an stiúrthóir sin. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht le forálacha alt 54 chun críocha fho-alt (3) ach na focail “níos mó ná leath” a chur in ionad na bhfocal “an tríú cuid nó níos mó” i bhfo-ailt (5) agus (6) den alt sin. | |
[EN] |
Cúlstiúrthóirí. |
27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le duine ar gnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a ordachán nó a threoracha (dá ngairtear “cúlstiúrthóir” san Acht seo) déileálfar leis, chun críocha na Coda seo, mar stiúrthóir ar an gcuideachta mura gnách leis na stiúrthóirí gníomhú amhlaidh ar an aonchúis go ndéanann siad amhlaidh ar chomhairle a thugann sé i gcáil ghairmiúil. |
[EN] | (2) Ní bheidh cúlstiúrthóir ciontach i gcion faoi alt 44 (8) de bhua fho-alt (1) amháin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag alt 194 den Phríomh-Acht i ndáil le cúlstiúrthóir cuideachta mar atá feidhm aige i ndáil le stiúrthóir cuideachta, ach amháin go ndearbhóidh an culstiúrthóir a leas, ní ag cruinniú stiúrthóirí, ach trí fhógra i scríbhinn chuig na stiúrthóirí— | |
[EN] | (a) ar fógra sonrach é a thabharfar roimh dháta an chruinnithe ag a gceanglófaí, le fo-alt (2) den alt sin, an dearbhú a dhéanamh dá mba gur stiúrthóir é; nó | |
[EN] | (b) ar fógra é atá, faoi fho-alt (3) den alt sin, le háireamh mar leordhearbhú ar an leas sin nó a bheadh le háireamh amhlaidh ar leith ón gcoinníoll; | |
[EN] | agus beidh éifeacht le halt 145 den Acht sin amhail is dá ndéanfaí an dearbhú ag an gcruinniú áirithe agus dá réir sin dá mba chuid de na himeachtaí é ag an gcruinniú sin. | |
Idirbhearta áirithe lena mbaineann easaontacht leasa | ||
[EN] |
Conarthaí fostaíochta stiúrthóirí. |
28. —(1) Faoi réir fho-alt (6), ní chorpróidh cuideachta téarma lena mbaineann an t-alt seo in aon chomhaontú mura gceadófar an téarma ar dtús le rún ón gcuideachta i gcruinniú ginearálta agus, i gcás stiúrthóra cuideachta sealbhaíochta, le rún ón gcuideachta sin i gcruinniú ginearálta. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon téarma lena leanfar nó lena bhféadfar leanúint d'fhostaíocht stiúrthóra leis an gcuideachta arb é an stiúrthóir uirthi é nó, i gcás gur stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta é, dá chuid fostaíochta laistigh den ghrúpa, ar shlí seachas ar thionscnamh na cuideachta (cibé acu faoin gcomhaontú bunaidh nó faoi chomhaontú nua arna dhéanamh de bhun an chomhaontaithe bunaidh), ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana— | |
[EN] | (a) nach féidir leis an gcuideachta an fhostaíocht a fhoirceannadh le fógra lena linn; nó | |
[EN] | (b) nach féidir an fhostaíocht a fhoirceannadh amhlaidh lena linn ach amháin in imthosca sonraithe. | |
[EN] | (3) In aon chás— | |
[EN] | (a) ina bhfuil duine fostaithe, nó le fostú, le cuideachta faoi chomhaontú nach féidir leis an gcuideachta a fhoirceannadh le fógra nó nach féidir a fhoirceannadh amhlaidh ach amháin in imthosca sonraithe; agus | |
[EN] | (b) ina ndéanann an chuideachta comhaontú breise (ar dhóigh seachas de bhun cirt a thugtar leis an gcomhaontú bunaidh, nó de bhua an chomhaontaithe bunaidh, don pháirtí eile sa chomhaontú) sé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse a bhfuil sé fostaithe nó le fostú amhlaidh, faoina mbeidh sé le fostú leis an gcuideachta nó, i gcás gur stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta é, le fostú laistigh den ghrúpa, | |
[EN] | beidh feidhm ag fo-alt (2) amhail is dá gcuirfí tréimhse bhreise, ar comhfhad leis an tréimhse neamhchaite den chomhaontú bunaidh, leis an tréimhse a mbeidh sé le fostú lena haghaidh faoin gcomhaontú breise sin. | |
[EN] | (4) Ní rithfear, ag cruinniú ginearálta cuideachta, rún ón gcuideachta ag ceadú téarma lena mbaineann an t-alt seo mura mbeidh meabhrán scríofa ina leagfar amach an comhaontú atá beartaithe, agus ina gcorprófar an téarma, ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí na cuideachta— | |
[EN] | (a) ag oifig chláraithe na cuideachta ar feadh tréimhse 15 lá ar a laghad dar críoch dáta an chruinnithe; agus | |
[EN] | (b) ag an gcruinniú féin. | |
[EN] | (5) Aon téarma a bheidh i gcomhaontú de shárú ar an alt seo beidh sé ar neamhní a mhéid a sháraíonn sé an t-alt seo; agus measfar téarma a bheith sa chomhaontú sin agus, i gcás lena mbaineann fo-alt (3), sa chomhaontú bunaidh a thabharfaidh teideal don chuideachta é a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra réasúnach a thabhairt. | |
[EN] | (6) Ní cheanglaítear ar aon chomhlacht corpraithe aon cheadú a thabhairt faoin alt seo mura cuideachta é de réir bhrí an Phríomh-Achta nó cuideachta atá cláraithe faoi Chuid IX den Acht sin nó, chun críocha alt 150 den Acht sin, más fochuideachta ar lánúinéireacht ag aon chomhlacht corpraithe é, cibé áit inar corpraíodh é. | |
[EN] | (7) San alt seo— | |
[EN] | (a) folaíonn “fostaíocht” fostaíocht faoi chonradh i gcomhair seirbhísí; agus | |
[EN] | (b) ciallaíonn “grúpa” i ndáil le stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta, an grúpa arb é atá ann an chuideachta sin agus a fochuideachtaí. | |
[EN] |
Idirbhearta substaintiúla maoine a bhaineann le stiúrthóirí, etc. |
29. —(1) Faoi réir fho-ailt (6), (7) agus (8), ní dhéanfaidh cuideachta comhshocraíocht— |
[EN] | (a) trína ndéanann nó trína ndéanfaidh stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin sócmhainn amháin nó níos mó nach sócmhainn airgid, den luach riachtanach, a fháil ón gcuideachta; nó | |
[EN] | (b) trína ndéanann nó trína ndéanfaidh an chuideachta sócmhainn amháin nó níos mó nach sócmhainn airgid, den luach riachtanach, a fháil ó stiúrthóir den sórt sin nó ó dhuine atá bainteach amhlaidh; | |
[EN] | mura gceadaítear an chomhshocraíocht ar dtús le rún ón gcuideachta i gcruinniú ginearálta agus, más stiúrthóir ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin an stiúrthóir nó an duine bainteach, le rún i gcruinniú ginearálta den chuideachta shealbhaíochta. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo is den luach riachtanach sócmhainn nach sócmhainn airgid más rud é, an tráth a ndéantar an chomhshocraíocht áirithe, gur fiú £1,000 ar a laghad a luach ach, faoina réir sin, gur mó é ná £50,000 nó deich faoin gcéad de mhéid shócmhainní iomchuí na cuideachta, agus chun na gcríoch sin is é méid sócmhainní iomchuí cuideachta— | |
[EN] | (a) ach amháin i gcás a thig faoi mhír (b), luach a glansócmhainní arna chinneadh faoi threoir na gcuntas a ullmhaíodh agus a leagadh faoi bhráid an chruinnithe de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis an mbliain airgeadais dheireanach roimhe sin ar leagadh na cuntais sin faoina bhráid amhlaidh ina leith; | |
[EN] | (b) i gcás nár ullmhaíodh nó nár leagadh aon chuntais faoi bhráid an chruinnithe faoin alt sin roimh an am sin, méid a scairchaipitil ghlaoite. | |
[EN] | (3) Beidh aon chomhshocraíocht a dhéanfaidh cuideachta de shárú ar an alt seo agus aon idirbheart a dhéanfar de bhun na comhshocraíochta (cibé acu ag an gcuideachta nó ag aon duine eile) inchurtha ar neamhní ar thionscnamh na cuideachta— | |
[EN] | (a) mura féidir a thuilleadh aiseag aon airgid nó sócmhainne eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a dhéanamh, nó mura slánóidh duine ar bith eile an chuideachta de bhun fho-alt (4) (b) ar an gcaillteanas nó ar an damáiste a bhain di; nó | |
[EN] | (b) mura ndéanfaí difear trína neamhniú d'aon chearta a fuair aon duine nach páirtí sa chomhshocraíocht nó san idirbheart agus a fuair sé ar mhodh bona fide ar luach-chomaoin agus d'éagmais fógra iarbhír faoin sárú; nó | |
[EN] | (c) mura ndaingneoidh an chuideachta an chomhshocraíocht i gcruinniú ginearálta laistigh de thréimhse réasúnach agus, más comhshocraíocht í chun sócmhainn a aistriú chuig nó ag stiúrthóir dá cuideachta shealbhaíochta nó chuig nó ag duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin, mura ndaingnítear í amhlaidh le ceadú na cuideachta sealbhaíochta arna thabhairt le rún i gcruinniú ginearálta. | |
[EN] | (4) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirtear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo, ach faoi réir fho-alt (5), i gcás go ndéanfaidh stiúrthóir ar chuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach leis comhshocraíocht le cuideachta de shárú ar an alt seo beidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach leis amhlaidh agus aon stiúrthóir eile ar an gcuideachta a d'údaraigh an chomhshocraíocht nó aon idirbheart a rinneadh de bhun comhshocraíochta den sórt sin (cibé acu a cuireadh ar neamhní í nó nár cuireadh de bhun fho-alt (3)) faoi dhliteanas— | |
[EN] | (a) cuntas a thabhairt don chuideachta ar aon ghnóchan a rinne sé go díreach nó go neamhdhíreach tríd an gcomhshocraíocht nó an idirbheart; agus | |
[EN] | (b) (i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile atá faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo) an chuideachta a shlánú ar aon chaillteanas nó damáiste a thig ón gcomhshocraíocht nó ón idirbheart. | |
[EN] | (5) I gcás go ndéanfaidh cuideachta agus duine atá bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta, comhshocraíocht de shárú ar an alt seo, ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (4) má thaispeánann sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun comhlíonadh an ailt seo ag an gcuideachta a áirithiú agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh ná aon stiúrthóir eile den sórt sin atá luaite san fho-alt sin faoi dhliteanas amhlaidh má thaispeánann sé nárbh eol dó, an tráth a ndearnadh an chomhshocraíocht, na himthosca iomchuí a bhí i gceist sa sárú. | |
[EN] | (6) Ní cheanglaítear ar aon chomhlacht corpraithe aon cheadú a thabhairt faoin alt seo mura cuideachta é de réir bhrí an Phríomh-Achta nó cuideachta atá cláraithe faoi Chuid IX den Acht sin nó, chun críocha alt 150 den Acht sin, más fochuideachta ar lánúinéireacht ag aon chomhlacht corpraithe é cibé áit inar corpraíodh é. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le haon chomhshocraíocht chun sócmhainn nach sócmhainn airgid a fháil— | |
[EN] | (a) más rud é, maidir leis an tsócmhainn nach sócmhainn airgid atá i gceist, go bhfaigheann nó go bhfaighidh cuideachta shealbhaíochta í ó aon cheann dá fochuideachtaí ar lánúinéireacht nó go bhfaigheann nó go bhfaighidh aon cheann dá fochuideachtaí ar lánúinéireacht í ó chuideachta shealbhaíochta nó go bhfaigheann nó go bhfaighidh aon fhochuideachta amháin ar lánúinéireacht de chuid cuideachta sealbhaíochta í ó fhochuideachta eile ar lánúinéireacht de chuid na cuideachta sealbhaíochta céanna sin; nó | |
[EN] | (b) más cuideachta atá á foirceannadh a dhéanann an chomhshocraíocht mura foirceannadh toilteanach ag comhaltaí an foirceannadh. | |
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le haon chomhshocraíocht trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh duine sócmhainn ó chuideachta ar comhalta di é más ina cháil mar chomhalta den sórt sin a dhéantar an chomhshocraíocht leis an duine sin. | |
[EN] | (9) San alt seo— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “sócmhainn nach sócmhainn airgid” aon mhaoin nó leas i maoin seachas airgead agus chun na críche sin folaíonn “airgead” airgeadra coigríche; | |
[EN] | (b) folaíonn aon tagairt d'fháil sócmhainne nach sócmhainn airgid tagairt do chruthú nó do mhúchadh eastáit nó leasa in aon mhaoin, nó cirt thar aon mhaoin, mar aon le tagairt d'urscaoileadh dliteanais aon duine seachas dliteanas i leith suime leachtaithe; agus | |
[EN] | (c) ciallaíonn “glansócmhainní”, i ndáil le cuideachta, comhiomlán shócmhainní na cuideachta lúide comhiomlán a dliteanas, agus chun na críche sin folaíonn “dliteanais” aon soláthar le haghaidh dliteanas nó muirear de réir mhír 70 den Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 . | |
[EN] |
Pionósú mar gheall ar dhéileáil ag stiúrthóir cuideachta i roghanna chun scaireanna áirithe a cheannach nó a dhíol sa chuideachta nó i gcuideachtaí comhlachaithe nó chun bintiúir áirithe den chuideachta nó de chuideachtaí comhlachaithe a cheannach nó a dhíol. |
30. —(1) Maidir le stiúrthóir cuideachta a cheannaíonn— |
[EN] | (a) ceart chun glaoch a dhéanamh d'fhonn líon sonraithe de scaireanna iomchuí nó méid sonraithe de bhintiúir iomchuí a sheachadadh ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe; nó | |
[EN] | (b) ceart chun seachadadh a dhéanamh ar líon sonraithe de scaireanna iomchuí nó ar mhéid sonraithe de bhintiúir iomchuí ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe; nó | |
[EN] | (c) ceart (de réir mar a ghlacfaidh sé de rogha) chun glaoch a dhéanamh d'fhonn líon sonraithe de scaireanna iomchuí nó méid sonraithe de bhintiúir iomchuí a sheachadadh ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe nó chun seachadadh a dhéanamh ar an gcéanna ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe; | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “scaireanna iomchuí” i ndáil le stiúrthóir cuideachta, scaireanna sa chuideachta nó in aon chomhlacht corpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuid eachta shealbhaíochta na cuideachta é, agus ar scaireanna iad a bhfuil saoráidí déileála curtha ar fáil dóibh ag stocmhalartán (cibé acu laistigh den Stát nó in áit eile); agus | |
[EN] | (b) ciallaíonn “bintiúir iomchuí” i ndáil le stiúrthóir cuideachta, bintiúir de chuid na cuideachta nó d'aon chomhlacht corpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é, agus ar bintiúir iad a bhfuil cibé saoráidí déileála a dúradh tugtha maidir leo. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar go gcuirfidh aon ní san alt seo pionós ar dhuine a cheannaíonn ceart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcomhlacht corpraithe nó bintiúr de chuid comhlachta chorpraithe nó a cheannaíonn bintiúir de chuid comhlachta chorpraithe a thugann ceart do shealbhóir an chéanna suibscríobh le haghaidh scaireanna an chomhlachta nó na bintiúir a chomhshó (go hiomlán nó go páirteach) i scaireanna an chomhlachta. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo déanfar aon tagairt, cibé slí a bheidh sí sainráite, d'aon phraghas a íocadh, a tugadh nó a fuarthas maidir le haon leas i scaireanna nó i mbintiúir, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomaoin seachas airgead a tugadh nó a fuarthas maidir le haon leas den sórt sin, agus folaíonn aon tagairt do phraghas sonraithe tagairt do réimse praghas sonraithe. | |
[EN] | (5) Bainfidh an t-alt seo freisin le haon duine (nach stiúrthóir ar an gcuideachta)— | |
[EN] | (a) a cheannaíonn ceart dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) a dhéanann amhlaidh thar ceann stiúrthóra de chuid na cuideachta nó ar a chomhairle. | |
[EN] |
Cosc ar iasachtaí etc. a thabhairt do stiúrthóirí agus do dhaoine bainteacha. |
31. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le hailt 32 go 37— |
[EN] | (a) ní thabharfaidh cuideachta iasacht ná quasi-iasacht do stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta ná do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin; | |
[EN] | (b) ní dhéanfaidh cuideachta idirbheart creidmheasa mar chreidiúnaí do stiúrthóir den sórt sin nó do dhuine atá bainteach amhlaidh; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh cuideachta ráthaíocht ná aon úrrús a sholáthar i ndáil le hiasacht, quasi-iasacht ná idirbheart creidmheasa a thug aon duine eile do stiúrthóir den sórt sin nó do dhuine atá bainteach amhlaidh. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh cuideachta comhshocraíocht chun aon chearta, oibleagáidí nó dliteanais a shannadh di nó a ghabháil uirthi féin faoi idirbheart a sháródh fo-alt (1) dá ndéanfadh an chuideachta é; ach chun críocha na Coda seo déileálfar leis an idirbheart mar idirbheart a rinneadh ar dháta na comhshocraíochta. | |
[EN] | (3) Ní ghlacfaidh cuideachta páirt in aon chomhshocraíocht— | |
[EN] | (a) trína ndéanfaidh duine eile idirbheart a sháródh fo-alt (1) nó (2) dá ndéanfadh an chuideachta é; agus | |
[EN] | (b) trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh an duine eile sin, de bhun na comhshocraíochta, aon sochar ón gcuideachta nó óna cuideachta shealbhaíochta nó ó fhochuideachta de chuid na cuideachta nó a cuideachta shealbhaíochta. | |
[EN] |
Comhshocraíochtaí de luach cinnte. |
32. —(1) Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta comhshocraíocht a dhéanamh le stiúrthóir nó duine atá bainteach le stiúrthóir más rud é— |
[EN] | (a) go bhfuil luach na comhshocraíochta, agus | |
[EN] | (b) an méid iomlán atá gan íoc faoi aon chomhshocraíochtaí eile a rinne an chuideachta le haon stiúrthóir de chuid na cuideachta, nó le haon duine atá bainteach le stiúrthóir, | |
[EN] | níos lú, le chéile, ná deich faoin gcéad de shócmhainní iomchuí na cuideachta. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) déanann cuideachta comhshocraíocht le duine má thugann sí iasacht nó quasi-iasacht don duine sin nó má dhéanann sí idirbheart creidmheasa mar chreidiúnaí dó, agus | |
(b) cinnfear méid sócmhainní iomchuí cuideachta de réir alt 29 (2). | ||
[EN] |
Laghdú ar mhéid sócmhainní iomchuí cuideachta. |
33. —(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta a dtarlaíonn maidir léi, go bhfuil an méid iomlán atá gan íoc faoi aon chomhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 32 níos mó ná 10 faoin gcéad de shócmhainní iomchuí na cuideachta ar aon chúis, ach go háirithe, ar an gcúis gur thit luach na sócmhainní sin. |
[EN] | (2) Nuair is léir do stiúrthóirí cuideachta, nó nuair ba chóir le réasún gur léir dóibh, go bhfuil staid ann dá dtagraítear i bhfo-alt (1) beidh sé de dhualgas ar an gcuideachta, a stiúrthóirí agus aon daoine dá ndearnadh na comhshocraíochtaí dá dtagraítear san fho-alt sin, téarmaí na gcomhshocraíochtaí lena mbaineann a leasú laistigh de dhá mhí ionas go mbeidh arís an méid iomlán a bheidh gan íoc faoi na comhshocraíochtaí laistigh de theorainn an chéatadáin dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] |
Iasachtaí idir cuideachtaí sa ghrúpa céanna. |
34. —I gcás cuideachta a bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí, arb é atá ann cuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí, ní thoirmiscfear ar an gcuideachta sin le halt 31— |
[EN] | (a) iasacht nó quasi-iasacht a thabhairt do chomhalta eile den ghrúpa sin; nó | |
[EN] | (b) ráthaíocht a dhéanamh nó aon urrús a sholáthar i dtaca le hiasacht nó quasi-iasacht a thug aon duine do chomhalta eile den ghrúpa; | |
[EN] | de bhíthin amháin go bhfuil stiúrthóir de chuid comhalta amháin den ghrúpa bainteach le comhalta eile. | |
[EN] |
Idirbhearta le cuideachta shealbhaíochta. |
35. —Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta— |
[EN] | (a) iasacht nó quasi-iasacht a thabhairt dá cuideachta shealbhaíochta nó ráthaíocht a dhéanamh nó aon urrús a sholáthar i dtaca le hiasacht nó quasi-iasacht a thug aon duine do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta; | |
[EN] | (b) idirbheart creidmheasa a dhéanamh mar chreidiúnaí dá cuideachta shealbhaíochta nó ráthaíocht a dhéanamh nó aon urrús a sholáthar i dtaca le haon idirbheart creidmheasa a dhéanfaidh aon duine eile do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta. | |
[EN] |
Caiteachais stiúrthóirí. |
36. —(1) Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta aon ní a dhéanamh chun cistí a chur ar fáil d'aon duine dá cuid stiúrthóirí faoi chomhair caiteachais dheimhnithe a thabhaigh nó a thabhóidh sé go cuí chun críocha na cuideachta nó le go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh go cuí mar oifigeach don chuideachta nó aon ní a dhéanamh le go bhféadfaidh aon duine dá stiúrthóirí tabhú caiteachais den sórt sin a sheachaint. |
[EN] | (2) I gcás go ndéanfaidh cuideachta aon idirbheart de bhun fho-alt (1) déanfaidh aon duine ar a dtitfidh aon dliteanas a d'eascair ó aon idirbheart den sórt sin an dliteanas sin a urscaoileadh laistigh de shé mhí ón dáta a tabhaíodh é. | |
[EN] | (3) Beidh duine a sháraíonn fo-alt (2) ciontach i gcion. | |
[EN] |
Idirbhearta gnó. |
37. —Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta aon iasacht nó quasi-iasacht a thabhairt nó aon idirbheart creidmheasa a dhéanamh mar chreidiúnaí d'aon duine— |
[EN] | (a) má dhéanann an chuideachta an t-idirbheart áirithe i ngnáthchúrsa a gnó; agus | |
[EN] | (b) mura mó luach an idirbhirt agus mura fabhraí na téarmaí ar a ndearnadh é, i leith an duine dá ndearnadh an t-idirbheart, ná an luach sin nó na téarmaí sin— | |
[EN] | (i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó | |
[EN] | (ii) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta, | |
[EN] | do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige leis an duine sin ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta. | |
[EN] |
Leigheasanna sibhialta mar gheall ar alt 31 a shárú. |
38. —(1) I gcás go ndéanfaidh cuideachta idirbheart nó comhshocraíocht de shárú ar alt 31 beidh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht inchurtha ar neamhní ar thionscnamh na cuideachta— |
[EN] | (a) mura féidir a thuilleadh aiseag aon airgid nó sócmhainne eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a dhéanamh, nó mura slánófar an chuideachta de bhun fho-alt (2) (b) ar an gcaillteanas nó ar an damáiste a bhain di; nó | |
[EN] | (b) mura ndéanfaí difear trína neamhniú d'aon chearta a fuair aon duine, ar mhodh bona fide ar luach-chomaoin agus d'éagmais fógra iarbhír faoin sárú, seachas an duine dá ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht. | |
[EN] | (2) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirtear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo ach faoi réir fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh cuideachta comhshocraíocht nó idirbheart do stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin de shárú ar alt 31, beidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach leis amhlaidh agus aon stiúrthóir eile ar an gcuideachta a d'údaraigh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht (cibé acu a cuireadh ar neamhní iad nó nár cuireadh de bhun fho-alt (1)) faoi dhliteanas— | |
[EN] | (a) cuntas a thabhairt don chuideachta ar aon ghnóchan a rinne sé go díreach nó go neamhdhíreach tríd an gcomhshocraíocht nó an idirbheart; agus | |
[EN] | (b) (i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile atá faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo) an chuideachta a shlánú ar aon chaillteanas nó damáiste a thig ón gcomhshocraíocht nó ón idirbheart. | |
[EN] | (3) I gcás go ndéanfaidh cuideachta agus duine atá bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta comhshocraíocht nó idirbheart de shárú ar alt 31 ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (2) má thaispeánann sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun comhlíonadh an ailt sin ag an gcuideachta a áirithiú agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh ná aon stiúrthóir eile den sórt sin atá luaite san fho-alt sin (2) faoi dhliteanas amhlaidh má thaispeánann sé nárbh eol dó, an tráth a ndearnadh an chomhshocraíocht nó an t-idirbheart, na himthosca iomchuí a bhí i gceist sa sárú. | |
[EN] |
Dliteanas pearsanta maidir le fiacha cuideachta i gcásanna áirithe. |
39. —(1) Má tá cuideachta á foirceannadh agus nach bhfuil sí in ann a fiacha a íoc agus go measann an chúirt go raibh aon chomhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 32 ina cionchúis go hábhartha le neamhábaltacht na cuideachta a fiacha a íoc, nó go raibh an chomhshocraíocht ina bac substaintiúil ar fhoirceannadh ordúil na cuideachta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ó ranníocóir de chuid na cuideachta, a dhearbhú maidir le haon duine ar ar mhaithe leis a rinneadh an chomhshocraíocht, go mbeidh sé faoi dhliteanas go pearsanta, gan aon teorainn dliteanais, i leith fiacha agus dliteanais eile go léir na cuideachta nó cibé cuid díobh a bheidh sonraithe ag an gcúirt. |
[EN] | (2) Le linn di a bheith ag cinneadh an ndéanfaidh sí dearbhú faoi fho-alt (1), tabharfaidh an chúirt aird ar leith ar cibé acu a glanadh, agus cá mhéid ar glanadh, roimh thosach feidhme an fhoirceanta, aon dliteanais a bhí gan íoc a thig faoi aon chomhshocraíocht dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] | (3) Le linn di a bheith ag cinneadh méid aon dliteanais phearsanta faoin alt seo tabharfaidh an chúirt aird ar leith ar a mhéid a bhí an chomhshocraíocht i gceist ina cionchúis go hábhartha le neamhábaltacht na cuideachta a fiacha a íoc nó ar a mhéid a bhí an chomhshocraíocht ina bac substaintiúil ar fhoirceannadh ordúil na cuideachta. | |
[EN] |
Píonóis choiriúla i leith sárú ar alt 31. |
40. —(1) Aon oifigeach don chuideachta a údaraíonn nó a cheadaíonn don chuideachta idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige go raibh an chuideachta, nó go raibh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go raibh an chuideachta, ag sárú alt 31 dá chionn sin, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] | (2) Aon duine a thugann ar chuideachta idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige go raibh an chuideachta, nó go raibh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go raibh an chuideachta, ag sárú alt 31 dá chionn sin, beidh sé ciontach i gcion. | |
Idirbhearta a bhaineann le stiúrthóirí agus daoine eile a nochtadh | ||
[EN] |
Conarthaí substaintiúla etc. le stiúrthóirí agus le daoine eile le nochtadh i gcuntais. |
41. —(1) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6) agus alt 45, maidir le grúpchuntais a ullmhóidh cuideachta shealbhaíochta de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht i leith na tréimhse iomchuí, beidh iontu na sonraí a shonraítear in alt 42, eadhon— |
[EN] | (a) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta de chineál a thuairiscítear in alt 31 a rinne an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do dhuine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin; | |
[EN] | (b) sonraí i dtaobh aon chomhaontaithe ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta chun aon idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh do dhuine a bhí. aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin: | |
[EN] | (c) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta eile leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta ina raibh leas ábhartha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta. | |
[EN] | (2) Faoi réir mar a dúradh, maidir le cuntais a ullmhóidh aon chuideachta seachas cuideáchta shealbhaíochta i leith na tréimhse iomchuí, beidh iontu na sonraí a shonraítear in alt 42, eadhon— | |
[EN] | (a) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta de chineál a thuairiscítear in alt 31 a rinne an chuideachta do dhuine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin; | |
[EN] | (b) sonraí i dtaobh aon chomhaontaithe ag an gcuideachta chun aon idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh do dhuine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin; | |
[EN] | (c) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta eile leis an gcuideachta ina raibh leas ábhartha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta. | |
[EN] | (3) Aon sonraí a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2) a bheith ar áireamh in aon chuntais tabharfar iad ar mhodh nótaí leis na cuntais sin. | |
[EN] | (4) I gcás nach ndéanfaidh cuideachta, de bhua ailt 150 (2) agus 154 den Phríomh-Acht. grúpchuntais a thabhairt ar aird i ndáil le haon bhliain airgeadais, beidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an gcuideachta agus leis an mbliain airgeadais sin amhail is dá bhfágfaí an focal “grúp” ar lár. | |
[EN] | (5) Chun críocha fho-ailt (1) (c) agus (2) (c)— | |
[EN] | (a) déileálfar le hidirbheart nó comhshocraíocht idir cuideachta agus stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin (mura ndéileálfaí leis amhlaidh thairis sin) mar idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontu ina bhfuil leas ag an stiúrthóir sin; agus | |
[EN] | (b) ní bheidh leas in idirbheart ná i gcomhshocraíocht den sórt sin ábhartha más é tuairim thromlach stiúrthóirí (seachas an stiúrthóir sin) na cuideachta atá ag ullmhú na gcuntas i gceist nach bhfuil sé ábhartha (ach gan dochar don cheist cibé acu atá nó nach bhfuil leas den sórt sin ábhartha in aon chás nár bhreithnigh na stiúrthóirí sin an t-ábhar). | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2), chun críocha aon chuntas a ullmhóidh aon chuideachta ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta de bhanc ceadúnaithe í, i ndáil le hidirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 31, nó comhaontú chun idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh ar páirtí ann an banc ceadúnaithe sin. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) i ndáil leis na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú idir cuideachta amháin agus cuideachta eile agus nach bhfuil leas ag stiúrthóir na chéad chuideachta nó a fochuideachta nó a cuideachta shealbhaíochta iontu ach amháin de bhua go bhfuil sé ina stiúrthóir ar an gceann eile; | |
[EN] | (b) conradh seirbhíse idir cuideachta agus duine dá cuid stiúrthóirí nó stiúrthóir ar a cuideachta shealbhaíochta nó idir stiúrthóir cuideachta agus aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta sin; | |
[EN] | (c) idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú nach ndearnadh le linn na tréimhse iomchuí le haghaidh na gcuntas i gceist agus nach raibh ar marthain ag aon tráth le linn na tréimhse sin; agus | |
[EN] | (d) idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo agus nach bhfuil ar marthain dá éis sin. | |
[EN] | (8) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2)— | |
[EN] | (a) cibé acu a toirmisceadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht nó nár toirmisceadh le halt 31; | |
[EN] | (b) cibé acu ba stiúrthóir ar an gcuideachta an duine dá ndearnadh é nó nárbh ea nó cibé acu a bhí sé bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta an tráth a ndearnadh é nó nach raibh; | |
[EN] | (c) i gcás idirbhirt nó comhshocraíochta a rinne cuideachta ar fochuideachta í do chuideachta eile tráth ar bith le linn tréimhse iomchuí, cibé acu ba fhochuideachta don chuideachta eile sin í nó nárbh ea an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht. | |
[EN] | (9) San alt seo agus in ailt 43 agus 45, ciallaíonn “tréimhse iomchuí” i ndáil le cuideachta, bliain airgeadais de chuid na cuideachta dar críoch tráth nach luaithe ná 6 mhí tar éis thosach feidhme an ailt lena mbaineann. | |
[EN] |
Sonraí a cheanglaítear, le halt 41, a chur isteach sna cuntais. |
42. —Na sonraí faoi idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a cheanglaítear le halt 41 a chur isteach sna cuntais bhliantúla a ullmhaíonn cuideachta is sonraí iad faoi phríomhthéarmaí an idirbhirt, na comhshocraíochta nó an chomhaontaithe agus (gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo)— |
[EN] | (a) ráiteas faoin bhfíoras go ndearnadh an t-idirbheart, an chomhshocraíocht nó an comhaontú nó go raibh siad ar marthain, de réir mar a bheidh, i rith na bliana airgeadais a bhfuil na cuntais sin déanta amach ina leith; | |
[EN] | (b) ainm an duine dá ndearnadh an t-idirbheart, an chomhshocraíocht nó an comhaontú agus, i gcás an duine sin a bheith bainteach nó i gcás go raibh sé bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta, ainm an stiúrthóra sin; | |
[EN] | (c) in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) (c) nó (2) (c) d'alt 41, ainm an stiúrthóra leis an leas ábhartha agus cineál an leasa sin; | |
[EN] | (d) i gcás iasachta nó comhaontaithe le haghaidh iasachta nó comhshocraíochta de réir alt 31 (2) nó 31 (3) a bhaineann le hiasacht— | |
[EN] | (i) méid dhliteanas an duine dár tugadh an iasacht nó a ndearnadh comhaontú an iasacht a thabhairt dó, maidir le príomhshuim agus ús, ag tús agus ag deireadh na tréimhse sin; | |
[EN] | (ii) méid uasta an dliteanais sin le linn na tréimhse sin; | |
[EN] | (iii) méid aon úis a bhí le híoc agus nár íocadh; agus | |
[EN] | (iv) méid aon soláthair (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht nó le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 ) a rinneadh maidir le haon mhainneachtain nó mainneachtain réamh-mheasta ag an iasachtaí iomlán na hiasachta nó cuid di a aisíoc nó iomlán aon úis uirthi nó cuid de a íoc; | |
[EN] | (e) i gcás ráthaíochta nó urrúis nó comhshocraíochta de réir alt 31 (2) a bhaineann le ráthaíocht nó urrús— | |
[EN] | (i) an méid a raibh an chuideachta (nó a fochuideachta) faoi dhliteanas maidir leis faoin ráthaíocht nó i leith an urrúis ag tús agus ag deireadh na bliana airgeadais i gceist; | |
[EN] | (ii) an méid uasta a bhféadfaidh an chuideachta (nó a fochuideachta) teacht chun bheith faoi dhliteanas amhlaidh maidir leis; agus | |
[EN] | (iii) aon mhéid a d'íoc agus aon dliteanas a thabhaigh an chuideachta (nó a fochuideachta) chun an ráthaíocht a chomhall nó an t-urrús a urscaoileadh (lena n-áirítear aon chaillteanas a tabhaíodh de bhíthin an ráthaíocht nó an t-urrús a chur i bhfeidhm); agus | |
[EN] | (f) i gcás aon idirbhirt, comhshocraíochta nó comhaontaithe seachas iadsin a luaitear i míreanna (d) agus (e), luach an idirbhirt nó na comhshocraíochta nó, de réir mar a bheidh, luach an idirbhirt nó na comhshocraíochta lena mbaineann an comhaontú; agus | |
[EN] | (g) i gcás comhshocraíochtaí lena mbaineann alt 32, luach comhiomlán na gcomhshocraíochtaí sin ag deireadh na bliana airgeadais áirithe, i ndáil le haon daoine a shonraítear san alt sin, a shloinntear mar chéatadán de shócmhainní iomchuí na cuideachta an tráth sin: agus | |
[EN] | (h) aon leasú ar théarmaí aon chomhshocraíochta den sórt sin de réir alt 33. | |
[EN] |
Sonraí faoi na méideanna atá gan íoc a bheith le cur isteach sna cuntais. |
43. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil leis na haicmí idirbheart, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe seo a leanas— |
[EN] | (a) iasachtaí, ráthaíochtaí agus urrúis a bhaineann le hiasachtaí, comhshocraíochtaí de chineál a thuairiscítear in alt 31 (2) nó 31 (3) a bhaineann le hiasachtaí, agus comhaontuithe chun aon cheann de na hidirbhearta agus de na comhshocraíochtaí roimhe seo a dhéanamh; | |
[EN] | (b) quasi-iasachtaí, ráthaíochtaí agus urrúis a bhaineann le quasi-iasachtaí, comhshocraíochtaí de chineál a thuairiscítear sna fo-ailt sin a bhaineann le quasi-iasachtaí agus comhaontuithe chun aon cheann de na hidirbhearta agus de na comhshocraíochtaí roimhe seo a dhéanamh; | |
[EN] | (c) idirbhearta creidmheasa, ráthaíochtaí agus urrúis a bhaineann le hidirbhearta creidmheasa agus comhshocraíochtaí de chineál a thuairiscítear sna fo-ailt sin a bhaineann le hidirbhearta creidmheasa agus comhaontuithe chun aon cheann de na hidirbhearta agus de na comhshocraíochtaí roimhe seo a dhéanamh. | |
[EN] | (2) Maidir leis na grúpchuntais de chuid cuideachta sealbhaíochta a ullmhófar de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht agus na cuntais de chuid aon chuideachta eile a ullmhófar de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht i leith na tréimhse iomchuí, beidh ráiteas iontu i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a rinne an chuideachta agus, i gcás cuideachta sealbhaíochta, a rinne fochuideachta don chuideachta do dhaoine arbh oifigigh don chuideachta (ach nár stiúrthóirí) iad aon tráth le linn na tréimhse iomchuí, ar ráiteas é i dtaobh na méideanna comhiomlána a bheidh gan íoc ag deireadh na tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe faoi réim aon mhíre d'fho-alt (1) agus an líon oifigeach dá ndearnadh na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe a thig faoi gach ceann de na míreanna sin. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2), i ndáil leis na cuntais a ullmhóidh aon chuideachta i leith aon tréimhse iomchuí, maidir le hidirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a rinne an chuideachta nó aon cheann dá cuid fochuideachtaí d'aon oifigeach don chuideachta mura mó ná £2,500 an méid comhiomlán a bheidh gan íoc ag deireadh na tréimhse sin faoi na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe a rinneadh amhlaidh don oifigeach sin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le haon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a rinne banc ceadúnaithe d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine d'oifigigh a chuideachta sealbhaíochta. | |
[EN] | (5) Maidir le grúpchuntais cuideachta, ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta bainc cheadúnaithe í, a ullmhófar de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht agus cuntais aon chuideachta eile ar banc ceadúnaithe í a ullmhófar de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht i leith na tréimhse iomchuí, beidh ráiteas iontu i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó comhaontuithe a rinne an chuideachta a bheidh ag ullmhú na gcuntas, más banc ceadúnaithe í, agus (i gcás cuideachta sealbhaíochta) a rinne aon cheann dá cuid fochuideachtaí ar banc ceadúnaithe í, do dhaoine ar stiúrthóirí ar an gcuideachta iad aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ar ráiteas é i dtaobh na méideanna comhiomlána a bheidh gan íoc ag deireadh na tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe faoi réim aon mhíre d'fho-alt (1) agus an líon daoine dá ndearnadh na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe a thig faoi gach ceann de na míreanna sin. | |
[EN] | (6) (a) Beidh ar áireamh freisin ar leithligh sa ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (5) an fhaisnéis chéanna dá dtagraítear san fho-alt sin i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó comhaontuithe a rinneadh do dhaoine a bhí bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta aon tráth i rith na tréimhse iomchuí. | |
[EN] | (b) Ní gá idirbheart, comhshocraíocht ná comhaontú lena mbaineann mír (a) a chur isteach sa ráiteas— | |
[EN] | (i) má dhéanann an chuideachta lena mbaineann é i ngnáthchúrsa a gnó, agus | |
[EN] | (ii) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin— | |
[EN] | (I) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó | |
[EN] | (II) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta. | |
[EN] | do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta. | |
[EN] | (7) Aon sonraí a cheanglaítear le fo-alt (2), (5) nó (6) a bheith ar áireamh in aon chuntais tabharfar iad ar mhodh nótaí leis na cuntais sin. | |
[EN] | (8) I gcás nach ndéanfaidh cuideachta, de bhua ailt 150 (2) agus 154 den Phríomh-Acht, grúpchuntais a thabhairt ar aird i ndáil le haon bhliain airgeadais, beidh éifeacht le fo-ailt (2), (5) agus (6) i ndáil leis an gcuideachta agus leis an mbliain airgeadais sin amhail is dá bhfágfaí an focal “grúp” ar lár. | |
[EN] | (9) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2), (5) agus (6) i ndáil le hidirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a dhéantar roimh thosach feidhme an ailt seo agus nach bhfuil ar marthain dá éis sin. | |
[EN] | (10) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “méid a bheidh gan íoc” méid na ndliteanas a bheidh gan íoc ag an duine dá ndearnadh an t-idirbheart, an chomhshocraíocht nó an comhaontú i gceist, nó, i gcás ráthaíochta nó urrúis, an méid a ráthaíodh nó a urraíodh. | |
[EN] |
Tuilleadh forálacha a bhaineann le bainc cheadúnaithe. |
44. —(1) Faoi réir alt 45, coimeádfaidh cuideachta, ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta bainc cheadúnaithe í, clár ina mbeidh cóip de gach idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a gceanglófaí, murach alt 41 (6), sonraí díobh a nochtadh le fo-alt (1) nó (2) den alt sin i gcuntais nó i ngrúpchuntais na cuideachta don bhliain airgeadais reatha agus do gach bliain de na deich mbliana airgeadais roimhe sin (ach gan aon bhliain airgeadais a chríochnaíonn roimh dháta rite an Achta seo a áireamh) nó, mura bhfuil idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú den sórt sin i scríbhinn, coimeádfaidh sí meabhrán scríofa ina leagfar amach a téarmaí. |
[EN] | (2) Ní cheanglóidh fo-alt (1) ar chuideachta cóip d'aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a rinneadh do dhuine bainteach a choimeád ina clár— | |
[EN] | (a) má rinneadh é i ngnáthchúrsa gnó na cuideachta, agus | |
[EN] | (b) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin— | |
[EN] | (i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó | |
[EN] | (ii) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta, | |
[EN] | do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta. | |
[EN] | (3) Faoi réir alt 45, déanfaidh cuideachta, ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta bainc cheadúnaithe í, ráiteas a chur ar fáil roimh a cruinniú ginearálta bliantúil, ag oifig chláraithe na cuideachta ar feadh tréimhse nach lú ná 15 lá dar críoch dáta an chruinnithe, lena iniúchadh ag comhaltaí na cuideachta, ar ráiteas é ina mbeidh sonraí idirbheart, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a gceanglófaí, murach alt 41 (6), ar an gcuideachta le fo-alt (1) nó (2) den alt sin iad a nochtadh ina cuid cuntas nó grúpchuntas don bhliain airgeadais iomlán dheireanach roimh an gcruinniú sin agus cuirfear an ráiteas sin ar fáil freisin lena iniúchadh ag na comhaltaí ag an gcruinniú ginearálta bliantúil. | |
[EN] | (4) Ní cheanglóidh fo-alt (3) go mbeidh sonraí faoi aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú le cur isteach sa ráiteas— | |
[EN] | (a) má dhéantar é i ngnáthchúrsa gnó na cuideachta, agus | |
[EN] | (b) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin— | |
[EN] | (i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó | |
[EN] | (ii) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta. | |
[EN] | do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta. | |
[EN] | (5) Beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta aon ráiteas den sórt sin a scrúdú sula gcuirfear ar fáil é do chomhaltaí na cuideachta de réir fho-alt (3) agus tuarascáil a thabhairt do na comhaltaí faoin ráiteas sin; agus déanfar an tuarascáil a chur i gceangal leis an ráiteas sula gcuirfear ar fáil amhlaidh é. | |
[EN] | (6) Sonróidh tuarascáil faoi fho-alt (5) cibé acu atá nó nach bhfuil, i dtuairim na n-iniúchóirí, na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (3) sa ráiteas agus más é a dtuairim nach bhfuil, déanfaidh siad, a mhéid is féidir leo amhlaidh le réasún, ráiteas ag tabhairt na sonraí is gá, a chur isteach sa tuarascáil. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i ndáil le banc ceadúnaithe ar fochuideachta ar lánúinéireacht í, chun críocha alt 150 den Phríomh-Acht, de chuid cuideachta atá corpraithe sa Stát. | |
[EN] | (8) I gcás go mainneoidh cuideachta fo-alt (1) nó (3) a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach duine ar stiúrthóir ar an gcuideachta é tráth na mainneachtana sin ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu. | |
[EN] | (9) Is cosaint in imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (8) don chosantóir a chruthú go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí fo-alt (1) nó (3), de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Comhshocraíochtaí atá eisiata ó ailt 41 agus 44. |
45. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 41 (1) agus (2) ná ag alt 44 maidir le comhshocraíochtaí den chineál a luaitear in alt 32 (2) a rinne cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do dhuine ar stiúrthóir ar an gcuideachta, nó ar a cuideachta shealbhaíochta, é nó a bhí bainteach leis an stiúrthóir sin aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, más rud é nár mhó ná £2,500 aon tráth i rith na tréimhse iomchuí comhiomlán luachanna gach comhshocraíochta a rinneadh amhlaidh don stiúrthóir sin nó d'aon duine atá bainteach leis, lúide an méid (más ann) ar laghdaíodh dliteanais an duine dá ndearnadh an chomhshocraíocht. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) (c) agus (2) (c) d'alt 41, i ndáil le haon chuntais a d'ullmhaigh cuideachta i leith aon tréimhse iomchuí, maidir le haon idirbheart nó comhshocraíocht le cuideachta nó le haon cheann dá cuid fochuideachtaí ina raibh leas ábhartha ag stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta, go díreach nó go neamhdhíreach, más rud é— | |
[EN] | (a) maidir le luach gach idirbhirt nó comhshocraíochta faoi réim fho-alt (1) (c) nó (2) (c), de réir mar a bheidh, ina raibh leas ábhartha ag an stiúrthóir sin, go díreach nó go neamhdhíreach, agus a rinneadh tar éis thosach na tréimhse iomchuí sin leis an gcuideachta nó le haon cheann dá cuid fochuideachtaí; agus | |
[EN] | (b) maidir le luach gach idirbhirt nó comhshocraíochta den sórt sin a rinneadh roimh thosach na tréimhse sin lúide an méid (más ann) ar laghdaíodh dliteanais an duine dá ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht; | |
[EN] | nár mhó é san iomlán aon tráth i rith na tréimhse iomchuí ná £1,000 nó, i gcás gur mhó, nár mhó é ná £5,000 nó aon faoin gcéad de luach ghlansócmhainní na cuideachta a bheidh ag ullmhú na gcuntas i gceist amhail ag deireadh na tréimhse iomchuí do na cuntais sin, cibé acu is lú agus chun na críche sin, tá le “glansócmhainní” an bhrí chéanna atá leis in alt 29 (9). | |
[EN] |
Dualgas iniúchóirí cuideachta má sháraítear alt 41 nó 43. |
46. —Más rud é i gcás aon ghrúpchuntas nó cuntas eile de chuid cuideachta nach gcomhlíontar ceanglais alt 41 nó 43, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta a scrúdaíonn na cuntais ráiteas, ina dtugtar na sonraí is gá, a chur isteach ina dtuarascáil faoi chlár comhardaithe na cuideachta a mhéid atá siad in ann é sin a dhéanamh le réasún. |
[EN] |
Stiúrthóirí do nochtadh leasanna i gconarthaí. etc. |
47. —(1) Forléireofar aon tagairt in alt 194 den Phríomh-Acht do chonradh mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon idirbheart nó comhshocraíocht (cibé acu ar conradh é nó nach ea) a dhéantar ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt sin 194, déileálfar le hidirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 31 a rinne cuideachta do stiúrthóir ar an gcuideachta nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin, mura ndéileálfaí leis amhlaidh thairis sin (agus cibé acu atá sé toirmiscthe leis an alt sin nó nach bhfuil), mar idirbheart nó comhshocraíocht ina bhfuil leas ag an stiúrthóir sin. | |
[EN] | (3) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad fho-alt (3) den alt sin 194— | |
[EN] | “(3) Faoi réir fho-alt (4), má thugann stiúrthóir fógra ginearálta do stiúrthóirí cuideachta á chur in iúl— | |
[EN] | (a) gur comhalta é de chuideachta nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le háireamh mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfaí, tar éis dháta an fhógra, leis an gcuideachta sin nó leis an ngnólacht sin; nó | |
[EN] | (b) go bhfuil sé le háireamh mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfaí, tar éis dháta an fhógra, le duine sonraithe atá bainteach leis (de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ), | |
[EN] | measfar, chun críocha an ailt seo, gur leordhearbhú é sin ar a leas i ndáil le haon chonradh den sórt sin.”. | |
Forlíontach | ||
[EN] |
Cumhacht chun teorainneacha airgeadais a athrú faoi Chuid III. |
48. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon cheann de na teorainneacha airgeadais a shonraítear sa Chuid seo a athrú. |
[EN] | (2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin. | |
[EN] |
Alt 192 den Phríomh-Acht a scor. |
49. —Scoirfidh alt 192 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith leis ach amháin— |
[EN] | (a) i ndáil le cuntais agus tuarascálacha stiúrthóirí a ullmhaítear i leith aon bhliana airgeadais a chríochnaíonn roimh thosach feidhme an ailt seo; agus | |
[EN] | (b) i ndáil le cuntais agus tuarascálacha stiúrthóirí a ullmhaítear i leith na chéad bhliana airgeadais a chríochnaíonn tar éis thosach feidhme an ailt seo ach sin i ndáil le hiasachtaí agus conarthaí a bheidh déanta roimh thosach feidhme an ailt seo agus nach bhfuil ar marthain an lá sin nó dá éis agus i ndáil leo sin amháin. | |
[EN] |
Conarthaí seirbhíse stiúrthóirí a iniúchadh. |
50. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo coimeádfaidh gach cuideachta in áit iomchuí— |
[EN] | (a) i gcás gach stiúrthóra a bhfuil a chonradh seirbhíse leis an gcuideachta i scríbhinn, cóip den chonradh sin; | |
[EN] | (b) i gcás gach stiúrthóra nach bhfuil a chonradh seirbhíse leis an gcuideachta i scríbhinn, meabhrán scríofa ina leagtar amach téarmaí an chonartha sin; | |
[EN] | (c) i gcás gach stiúrthóra atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse le fochuideachta de chuid na cuideachta, cóip den chonradh sin nó, mura bhfuil sé i scríbhinn, meabhrán scríofa ina leagtar amach téarmaí an chonartha sin; | |
[EN] | (d) cóip nó meabhrán scríofa, de réir mar a bheidh, d'aon athrú ar aon chonradh seirbhíse dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c); | |
[EN] | agus coimeádfar san áit chéanna gach cóip agus meabhrán a choimeádann cuideachta de bhun an fho-ailt seo. | |
[EN] | (2) I gcás nach mbeidh conradh seirbhíse ach go páirteach i scríbhinn beidh feidhm ag míreanna (a), (b), (c) agus (d), de réir mar is iomchuí, d'fho-alt (1), agus ag fo-ailt (4) agus (5), maidir le conradh den sórt sin freisin. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (1), is áiteanna iomchuí, maidir le cuideachta, na háiteanna seo a leanas, eadhon— | |
[EN] | (a) a hoifig chláraithe; | |
[EN] | (b) an áit ina gcoimeádtar clár a comhaltaí más áit é seachas a hoifig chláraithe; | |
[EN] | (c) a príomháit ghnó. | |
[EN] | (4) Cuirfidh gach cuideachta fógra san fhoirm fhorordaithe chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoin áit a gcoimeádtar cóipeanna agus meabhráin a cheanglaítear uirthi a choimeád le fo-alt (1) agus faoi aon athrú san áit sin, ach amháin sa chás go raibh siad, gach tráth, á gcoimeád ag a hoifig chláraithe. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le conradh seirbhíse stiúrthóra leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta má cheangail an conradh sin air oibriú ar fad nó go formhór lasmuigh den Stát, ach coimeádfaidh an chuideachta meabhrán— | |
[EN] | (a) i gcás conradh seirbhíse leis an gcuideachta, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra agus forálacha an chonartha a bhaineann lena ré saoil; | |
[EN] | (b) i gcás conradh seirbhíse le fochuideachta de chuid na cuidachta, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra, ainm agus áit chorpraithe na fochuideachta agus forálacha an chonartha a bhaineann lena ré saoil, | |
[EN] | san áit chéanna ina gcoimeádann an chuideachta cóipeanna agus na meabhráin de bhun fho-alt (1). | |
[EN] | (6) Beidh gach cóip agus meabhrán a cheanglaítear a choimeád le fo-ailt (1) agus (5) ar fáil lena n-iniúchadh le linn uaireanta gnó ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta ionas go lamhálfar dhá uair an chloig ar a laghad gach lá le haghaidh iniúchadh). | |
[EN] | (7) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (5) a chomhlíonadh nó má dhiúltaítear iniúchadh a cheanglaítear le fo-alt (6) dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ar é a chiontú go hachomair agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50 agus má mhainnítear ar feadh 14 lá fo-alt (4) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50. | |
[EN] | (8) I gcás go ndiúltaítear iniúchadh a cheanglaítear le fo-alt (6) ar chóip nó ar mheabhrán, féadfaidh an chúirt iallach a chur le hordú iniúchadh láithreach a dhéanamh ar an gcéanna. | |
[EN] | (9) Ní cheanglófar leis an alt seo cóip de chonradh, nó meabhrán ina leagtar amach téarmaí conartha, ná cóip de chonradh, nó meabhrán ina leagtar amach téarmaí i dtaobh athrú conartha, a choimeád tráth ar lú ná trí bliana an chuid neamhchaite den téarma a bhfuil an conradh le bheith i bhfeidhm maidir leis nó tráth a bhféadfaidh an chuideachta, laistigh den chéad trí bliana ina dhiaidh sin, an conradh a fhoirceannadh gan cúiteamh a íoc. | |
[EN] |
Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe. |
51. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 195— |
[EN] | “195.—(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár a stiúrthóirí agus a rúnaithe ina hoifig chláraithe. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir le gach stiúrthóir— | |
[EN] | (a) a thúsainm agus a shloinne faoi láthair agus aon seantúsainm agus seansloinne: agus | |
[EN] | (b) a dháta breithe; agus | |
[EN] | (c) seoladh a ghnátháite cónaithe; agus | |
[EN] | (d) a náisiúntacht; agus | |
[EN] | (e) an tslí ghnó atá aige, má tá; agus | |
[EN] | (f) sonraí aon stiúrthóireachtaí eile atá aige nó a bhí aige ar chomhlachtaí corpraithe cibé acu a corpraíodh sa Stát iad nó in áit eile. | |
[EN] | (3) Ní gá go mbeadh sa chlár sin, ar aon lá, sonraí aon stiúrthóireachta— | |
[EN] | (a) nach raibh ag stiúrthóir aon tráth le linn na ndeich mbliana roimh an lá sin; | |
[EN] | (b) atá nó a bhí ag stiúrthóir i gcomhlachtaí corpraithe ar fochuideachta atá nó a bhí ar lánúinéireacht acu an chuideachta nó ar fochuideachtaí iad atá nó a bhí ar lánúinéireacht ag an gcuideachta nó ag comhlacht corpraithe eile ar fochuideachta atá nó a bhí ar lánúinéireacht aige an chuideachta; | |
[EN] | agus chun críocha an fho-ailt seo measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta ar lánuinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin agus a ainmnithigh féin nó a n-ainmnithigh sin. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir leis an rúnaí nó, i gcás comhrúnaithe a bheith ann, maidir le gach duine acu— | |
[EN] | (a) i gcás pearsan aonair, a thúsainm agus a shloinne faoi láthair, aon sean-túsainm agus seansloinne agus seoladh a ghnátháite cónaithe; agus | |
[EN] | (b) i gcás comhlachta chorpraithe, an t-ainm corpraithe agus an oifig chláraithe. | |
[EN] | (5) Más comhrúnaithe ar chuideachta na comhpháirtithe go léir i ngnólacht, féadfar ainm agus príomhoifig an ghnólachta a thabhairt in ionad na sonraí sin. | |
[EN] | (6) Déanfaidh an chuideachta, laistigh den tréimhse 14 lá tar éis an dáta a tharlóidh— | |
[EN] | (a) aon athrú i measc a stiúrthóirí nó ar a rúnaí, nó | |
[EN] | (b) aon athrú ar aon cheann de na sonraí sa chlár, | |
[EN] | fógra faoin athrú agus faoin dáta ar tharla sé a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí san fhoirm fhorordaithe. | |
[EN] | (7) Beidh ag gabháil le fógra a chuirfear chuig cláraitheoir na gcuideachtaí de bhun fho-alt (6) maidir le duine a cheapadh mar stiúrthóir, rúnaí nó comhrúnaí ar chuideachta, toiliú arna shíniú ag an duine sin chun gníomhú mar stiúrthóir, rúnaí nó comhrúnaí, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (8) Gan dochar d'fho-alt (6), féadfaidh duine a scoir de bheith ina stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta fógra san fhoirm fhorordaithe a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoin scor sin agus faoin dáta ar tharla sé. | |
[EN] | (9) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le haon athrú sna sonraí i gclár stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta a rinneadh d'aontoisc de bhíthin alt 51 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , a theacht i bhfeidhm ach más rud é tar éis aon athrú den sórt sin a tharlú agus sula dtugann an chuideachta a céad tuairisceán bliantúil eile go dtarlaíonn aon athrú eile sna sonraí sin, cuirfidh an chuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra san fhoirm fhorordaithe faoi aon athruithe den chineál sin is túisce ná sin agus an dáta ar tharla siad an tráth céanna a gcuireann sí fógra faoi na hathruithe iardain chuig an gcláraitheoir de réir an ailt seo. | |
[EN] | (10) Beidh an clár a choimeádfar faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh, le linn uaireanta gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair an chloig ar a laghad gach lá le haghaidh iniúchadh) ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce agus ag aon duine eile ar phunt amháin nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta a íoc as gach iniúchadh. | |
[EN] | (11) Beidh sé de dhualgas ar gach stiúrthóir agus rúnaí ar chuideachta faisnéis a thabhairt i scríbhinn don chuideachta a luaithe is féidir faoi cibé nithe is gá chun go bhféadfaidh an chuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh. | |
[EN] | (12) Má dhiúltaítear aon chead iniúchta a cheanglaítear faoin alt seo, nó má mhainnítear fo-alt (1), (2), (4), (6) nó (7) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50. | |
[EN] | (13) I gcás aon diúltaithe den sórt sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, a ordú go gcuirfear an clár faoi iniúchadh láithreach. | |
[EN] | (14) Aon duine a mhainníonn fo-alt (11) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air. | |
[EN] | (15) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, ciallaíonn an focal ‘sloinne’ an teideal sin; | |
[EN] | (b) ní fholaíonn tagairtí do ‘sean-túsainm’ nó do ‘sloinne’— | |
[EN] | (i) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, an t-ainm faoina raibh aithne air sular ghlac sé an teideal nó sular tháinig sé i gcomharbas an teidil; nó | |
[EN] | (ii) i gcás aon duine, sean-túsainm nó seansloinne i gcás inar athraíodh nó inar ligeadh as úsáid an t-ainm nó an sloinne sin sular shlánaigh an duine ar a raibh an t-ainm 18 mbliana d'aois nó ina bhfuil sé athraithe nó ligthe as úsáid le tréimhse nach giorra ná 20 bliain; nó | |
[EN] | (iii) i gcás bean phósta, an t-ainm nó an sloinne faoina raibh aithne uirthi roimh an bpósadh.”. | |
[EN] |
Stiúrthóirí do thabhairt aird ar leasanna fostaithe. |
52. —(1) Ar na nithe a dtabharfaidh stiúrthóirí cuideachta aird orthu i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna áireofar leasanna fhostaithe na cuideachta i gcoitinne, chomh maith le leasanna a comhaltaí. |
[EN] | (2) Dá réir sin, an dualgas a fhorchuirtear leis an alt seo ar na stiúrthóirí beidh sé dlite díobh don chuideachta (agus don chuideachta amháin) agus beidh sé infheidhmithe sa tslí chéanna le haon dualgas muiníneach eile a bheidh dlite do chuideachta ag a stiúrthóirí. |