34 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1990


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FIANAISE DLÍ-EOLAÍOCHTA), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cumhacht chun samplaí colainne a thógáil.

3.

Tátail as diúltú toiliú a thabhairt chun sampla a thógáil.

4.

Taifid agus samplaí a dhíothú.

5.

Rialacháin maidir le tógáil samplaí.

6.

Aisghairm.

7.

Caiteachais.

8.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960

1960, Uimh. 27

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976

1976, Uimh. 32

Acht na bhFiaclóirí, 1985

1985, Uimh. 9

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980

Probation of Offenders Act, 1907

1907, c. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1990


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FIANAISE DLÍ-EOLAÍOCHTA), 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ D'FHONN A ÚDARÚ SAMPLAÍ COLAINNE A THÓGÁIL LE hAGHAIDH TÁSTÁLA DLÍ-EOLAÍOCHTA Ó DHAOINE A bhFUIL DROCHAMHRAS ANN MAR GHEALL ORTHU GO nDEARNA SIAD CIONTA COIRIÚLA ÁIRITHE.

[24 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

tá le “toiliú iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (10) den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “príosún” aon áit ar féidir rialacha nó rialacháin a dhéanamh ina leith faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, nó faoi alt 13 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 ;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta de thuras na huaire ar Chlár na bhFiaclóirí atá á chothabháil faoi Acht na bhFiaclóirí, 1985 ;

tá le “lia-chleachtóir cláraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ;

ciallaíonn “samplaí” samplaí nó nithe eile dá dtagraítear in alt 2 (1) (a) go (e) den Acht seo.

Cumhacht chun samplaí colainne a thógáil.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha fho-ailt (4) go (8) den alt seo, i gcás go mbeidh duine faoi choimeád faoi fhorálacha alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stát, 1939, nó faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gach ceann nó aon cheann de na samplaí seo a leanas a thógáil, nó a chur faoi deara iad a thógáil, ón duine sin chun críche tástála dlí-eolaíochta, eadhon—

(a) sampla—

(i) d'fhuil,

(ii) de ghruaig phúbasach,

(iii) d'fhual,

(iv) de sheile,

(v) de ghruaig seachas gruaig phúbasach,

(vi) d'ionga,

(vii) d'aon ábhar a gheofar faoi ionga,

(b) sváb ó aon pháirt den chorp seachas ó aon oscailt colainne nó ó réigiún na mball giniúna,

(c) sváb ó aon oscailt colainne nó ó réigiún na mball giniúna,

(d) múnla déadach,

(e) lorg coise nó múnla dá shórt d'aon pháirt de cholainn an duine seachas páirt dá láimh nó dá bhéal.

(2) Faoi réir fhorálacha fho-ailt (3) go (8) den alt seo, i gcás go mbeidh duine i bpríosún, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gach ceann nó aon cheann de na samplaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thógáil ón duine sin nó a chur faoi deara iad a thógáil chun críche tástála dlí-eolaíochta.

(3) Ní bheidh an chumhacht a thugtar le fo-alt (2) den alt seo infheidhmithe ach amháin—

(a) i gcás go mbeidh an sampla atá le tógáil ag teastáil i dtaca le cion seachas an cion a bhfuil an duine i bpríosún ina leith nó cion a bhféadfaí é a chiontú ann ar díotáil a líomhnaíonn an cion sin, agus

(b) i gcás go mbeidh an sampla atá le tógáil ag teastáil i dtaca le himscrúdú i leith ciona a dhéantar faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó ciona ar cion sceidealta é de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin nó ciona lena mbaineann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 .

(4) Ní thógfar sampla faoin alt seo—

(a) ach amháin sa chás go n-údaraíonn comhalta den Gharda Síochána nach bhfuil faoi bhun céim maoirseora é a thógáil, agus

(b) i gcás sampla atá luaite i bhfomhír (i), (ii), (iii) nó (iv) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, nó i mír (c) nó (d) den fho-alt sin (1), ach amháin sa chás gur tugadh an toiliú iomchuí i scríbhinn.

(5) Ní thabharfar údarú sampla a thógáil faoin alt seo mura mbeidh forais réasúnacha ag an gcomhalta den Gharda Síochána a thabharfaidh an t-údarú—

(a) le drochamhras a bheith air go raibh an duine a mbeidh an sampla le tógáil uaidh—

(i) i gcás ina mbeidh an duine faoi choimeád, páirteach sa chion a bhfuil sé faoi choimeád ina leith, nó

(ii) i gcás an duine a bheith i bpríosún, páirteach i ndéanamh ciona faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó ciona ar cion sceidealta é de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin nó ciona lena mbaineann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ,

agus

(b) lena chreidiúint go bhféadfadh an sampla a dheimhniú nó a bhréagnú cibé acu a bhí nó nach raibh an duine a bhfuil sé le tógáil uaidh páirteach sa chion a dúradh.

(6) Sula dtógfaidh comhalta den Gharda Síochána sampla faoi fho-alt (1) den alt seo, nó sula gcuirfidh sé faoi deara é a thógáil nó sula lorgóidh sé toiliú an duine óna n-éilítear an sampla chun sampla den sórt sin a thógáil, cuirfidh an comhalta in iúl don duine—

(a) an cineál ciona a bhfuil drochamhras ann go raibh an duine páirteach ann,

(b) gur tugadh údarú faoi fho-alt (4) (a) den alt seo agus na forais ar ar tugadh é, agus

(c) go bhféadfar torthaí aon tástálacha a dhéanfar ar an sampla a thabhairt i bhfianaise in aon imeachtaí.

(7) Féadfar údarú faoi fho-alt (4) (a) den alt seo a thabhairt ó bhéal ach, má thugtar ó bhéal é, deimhneofar é i scríbhinn, a luaithe is féidir.

(8) Ní fhéadfaidh ach lia-chleachtóir cláraithe sampla a thógáil den sórt a shonraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo nó i mír (c) den fho-alt sin (1) agus ní fhéadfaidh ach fiaclóir cláraithe nó lia-chleachtóir cláraithe múnla déadach a thógáil.

(9) Aon duine a chuirfidh cosc, nó a fhéachfaidh le cosc a chur, ar aon chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile ag gníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air.

(10) San Acht seo ciallaíonn “toiliú iomchuí”—

(a) i gcás duine a mbeidh 17 mbliana d'aois slánaithe aige, toiliú an duine sin,

(b) i gcás duine nach mbeidh 17 mbliana d'aois slánaithe aige, ach a mbeidh 14 bliana d'aois slánaithe aige, toiliú an duine sin agus tuismitheora nó caomhnóra an duine sin, agus

(c) i gcás duine nach mbeidh 14 bliana d'aois slánaithe aige, toiliú tuismitheora nó caomhnóra an duine sin.

(11) Na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo is cumhachtaí gan dochar iad d'aon chumhachtaí eile is infheidhmithe ag comhalta den Gharda Síochána.

Tátail as diúltú toiliú a thabhairt chun sampla a thógáil.

3. —(1) I gcás go ndiúltófar gan chúis mhaith toiliú a éilítear faoi alt 2 den Acht seo a thabhairt, in aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona—

(a) féadfaidh an chúirt, le linn di a bheith á chinneadh—

(i) an gcuirfear an duine sin ar aghaidh chun trialach, nó

(ii) an bhfuil cás ann le freagairt, agus

(b) féadfaidh an chúirt (nó faoi réir orduithe an bhreithimh féadfaidh an giúiré) le linn di nó dóibh a bheith á chinneadh an bhfuil an duine sin ciontach sa chion inar cúisíodh é (nó in aon chion eile a bhféadfaí é a chiontú go dleathach ann ar an gcúiseamh sin),

cibé tátail, más ann, is dealraitheach is cuí, a bhaint as an diúltú; agus féadfar déileáil leis an diúltú, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise ar i ndáil léi atá an diúltú ábhartha, ach ní chiontófar duine i gcion mar gheall ar thátal, agus mar gheall air sin amháin, a bhainfear as diúltú den sórt sin.

(2) Measfar, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh, go bhfolaíonn an tagairt in bhfo-alt (1) den alt seo d'fhianaise, ráiteas ar an bhfianaise a thabharfaidh finné ag an triail.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le cúisí murar inis comhalta den Gharda Síochána dó i ngnáthchaint agus a thoiliú á lorg aige air go raibh an sampla ag teastáil chun críche tástála dlí-eolaíochta, go raibh a thoiliú riachtanach agus mura dtabharfadh sé a thoiliú cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le diúltú dá chuid an toiliú sin a thabhairt.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le duine nach mbeidh 14 bliana d'aois slánaithe aige, nó

(b) i gcás ina mbeidh toiliú iomchuí diúltaithe ag tuismitheoir nó caomhnóir.

Taifid agus samplaí a dhíothú.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo déanfar gach taifead lena n-aithnítear an duine a mbeidh sampla tógtha uaidh de bhun alt 2 den Acht seo a dhíothú, mura mbeidh sé díothaithe roimhe sin, mar a ordaítear leis an alt seo agus déanfar gach sampla a aithnítear leis an taifead sin a dhíothú sa tslí chéanna.

(2) I gcás nach mbeidh imeachtaí i leith aon chiona a bhféadfaí aon duine a choinneáil maidir leis faoi alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , tionscanta, laistigh de shé mhí ó thógáil an tsampla, i gcoinne an duine ar tógadh an sampla uaidh agus nach é is cúis leis an bhfaillí na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse sin gur éalaigh sé nó nach féidir teacht air, déanfar an taifead agus an sampla a aithnítear leis an taifead sin a dhíothú ag deireadh na tréimhse sin mura mbeidh ordú déanta faoi fho-alt (5) den alt seo.

(3) I gcás go mbeidh imeachtaí tionscanta amhlaidh agus go n-éigiontófar nó go scaoilfear saor an duine nó go scoirfear de na himeachtaí, déanfar an taifead agus an sampla a aithnítear leis an taifead sin a dhíothú tar éis lá is fiche a bheith caite tar éis an éigiontaithe, an scaoilte nó an scoir mura mbeidh ordú déanta faoi fho-alt (5) den alt seo.

(4) (a) I gcás gur ábhar d'ordú faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, duine a mbeidh sampla tógtha uaidh, déanfar an sampla sin agus gach taifead lena n-aithnítear an sampla sin a dhíothú ar 3 bliana a bheith imithe in éag ó dhéanamh an ordaithe; ar choinníoll nach gciontófar é i gcion lena mbaineann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , le linn na tréimhse sin.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le hordú faoi alt 1 (2) den Probation of Offenders Act, 1907, a urscaoiltear ar achomharc ó dhuine i gcoinne ciontú má dhaingnítear a chiontú ar achomharc.

(5) Más deimhin le cúirt, ar iarratas a bheith déanta chuici ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó ag an duine ar tógadh an sampla uaidh, nó thar a gceann, go bhfuil cúis mhaith ann nár chóir taifid agus samplaí lena mbaineann an t-alt seo a dhíothú faoin alt seo, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á údarú na taifid agus na samplaí sin a choinneáil chun cibé críche nó go ceann cibé tréimhse a ordóidh sí.

Rialacháin maidir le tógáil samplaí.

5. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin maidir le tógáil samplaí chun críocha an Achta seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfar foráil leis na rialacháin—

(a) chun an méid seo thíos a thaifeadadh i dtaifid stáisiúin de chuid an Gharda Síochána—

(i) údarú chun sampla a thógáil a thugtar faoi alt 2 (4) (a) den Acht seo agus aon toiliú a thugtar faoi alt 2 (4) (b) den Acht seo,

(ii) diúltú toiliú a thabhairt chun sampla a thógáil i gcásanna ina bhfuil toiliú le tabhairt faoi alt 2 (4) (b) den Acht seo,

(iii) mionsonraí faoin am agus faoin tslí a tógadh sampla de bhun an Achta seo, agus

(b) chun samplaí a thógáil ó dhaoine nach mbeidh 17 mbliana d'aois slánaithe acu.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

6. —Aisghairtear leis seo alt 7 (1) (e) den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 , agus alt 6 (1) (e) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 .

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a shocróidh an tAire dó le hordú.