An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Forálacha Idirthréimhseacha)

19 1993

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993

CUID II

Forfás agus Gníomhaireachtaí

Forfás, Forbairt agus GFT a bhunú.

5. —(1) Beidh arna bhunú, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú (“an lá bunaithe”), comhlacht ar a dtabharfar Forfás agus dhá ghníomhaireacht de chuid Forfás, ar a dtabharfar Forbairt agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) (“GFT”) faoi seach chun na feidhmeanna a shanntar dóibh leis an Acht seo a dhéanamh.

(2) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal agus ag an Dara Sceideal chun críocha an ailt seo.

Feidhmeanna Forfás.

6. —(1) Is iad feidhmeanna Forfás—

(a) comhairle a thabhairt don Aire maidir le nithe a bhaineann le forbairt tionscail sa Stát,

(b) comhairle a thabhairt maidir le forbairt agus comhordú beartais le haghaidh Forbairt, GFT, an Bhoird Tráchtála agus cibé comhlachtaí eile a ainmneoidh an tAire,

(c) forbairt tionscail agus teicneolaíochta a spreagadh sa Stát,

(d) spreagadh a dhéanamh maidir le gnóthais tionscail ó áiteanna lasmuigh den Stát a bhunú agus a fhorbairt sa Stát, agus

(e) comhairle a thabhairt do Forbairt agus do GFT, agus iad a chomhordú, i ndáil lena bhfeidhmeanna.

(2) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht de réir cibé treoracha ginearálta a thabharfaidh an tAire i ndáil leis an mbeartas a bheidh le leanúint aige nó aici i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

Feidhmeanna Forbairt.

7. —Is iad feidhmeanna Forbairt, mar ghníomhaireacht de chuid Forfás—

(a) tionscal a fhorbairt sa Stát,

(b) bonn teicneolaíochta tionscail agus acmhainn tionscail chun nuála a neartú,

(c) seirbhísí a chur ar fáil a thugann tacaíocht don fhorbairt sin,

(d) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh,

(e) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh, ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar Chistí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus

(f) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás dó ó am go ham le toiliú an Aire.

Feidhmeanna GFT.

8. —Is iad feidhmeanna GFT, mar ghníomhaireacht de chuid Forfás—

(a) bunú agus forbairt gnóthas tionscail ó áiteanna lasmuigh den Stát a chur chun cinn sa Stát,

(b) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh,

(c) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh, ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar Chistí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus

(d) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás di ó am go ham le toiliú an Aire.

Feidhmeanna a bhíodh á bhfeidhmiú ag an Údarás Forbartha Tionscail agus ag Eolas.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis Forbartha Tionscail, arna sonrú in Acht 1986, agus cumhachtaí agus feidhmeanna Eolas, arna sonrú san Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , agus in Acht 1987, a dhílsiú do Forfás agus féadfar iad a shannadh do Forbairt nó do GFT, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh Forbairt nó GFT, de réir mar a bheidh, iad a fheidhmiú, go feadh cibé méid agus de réir cibé ordacháin a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfar cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis Forbartha Tionscail a thugtar dó le Cuid III d'Acht 1986 a shannadh do Forbairt nó do GFT, agus déanfaidh Forbairt nó GFT iad a fheidhmiú, go feadh cibé méid agus de réir cibé ordacháin a chinnfidh Forfás ó am go ham le comhthoiliú an Aire.

(3) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon tagairtí do “an tÚdarás” in Acht 1986 agus san Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , agus do “an Ghníomhaireacht” in Acht 1987 a fhorléiriú mar thagairtí do Forfás agus do gach Gníomhaireacht, nó d'aon cheann acu, de réir mar is cuí.

Feidhmeanna a tharmligean.

10. —(1) Aon fheidhm a fheidhmeoidh Forfás agus ceachtar Gníomhaireacht, féadfar, gan dochar dá bhfreagrachtaí ginearálta faoin Acht seo, í a fheidhmiú trí aon chomhalta den fhoireann a bheidh údaraithe go cuí chuige sin.

(2) Féadfaidh Forfás agus ceachtar Gníomhaireacht, de réir mar is cuí leis nó léi, coistí nó comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí réigiúnacha) a chomhdhéanamh ó am go ham chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé nó sí aon chomhlacht den sórt sin a dhíscaoileadh.

(3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí de Forfás nó dá fhoireann nó de cheachtar Gníomhaireacht a bheith ina gcomhaltaí de choiste nó de chomhlacht eile.

Deontais do Forfás agus do na Gníomhaireachtaí.

11. —(1) Féadfaidh an tAire deontais de cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le Forfás agus le gach Gníomhaireacht as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) chun a chumasú do Forfás agus do gach Gníomhaireacht a chaiteachais nó a caiteachais riaracháin agus a chaiteachais nó a caiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) chun a oibleagáidí nó a hoibleagáidí agus a dhliteanas nó a dliteanais a urscaoileadh.

(2) Ní mó ná £750,000,000 méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire do Forfás agus na Gníomhaireachtaí faoi fho-alt (1) (b) (seachas deontais lena mbaineann alt 14 (3) d'Acht 1986).

(3) Ní mó ná na teorainneacha comhiomlána a shonraítear i bhfo-alt (2) méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh Forfás agus na Gníomhaireachtaí agus na n-íocaíochtaí a thabharfar faoi ailt 16 agus 31 d'Acht 1986 nó faoi fhorálacha comhréire aon achtacháin aisghairthe tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Greasachtaí tionscail.

12. —(1) Gan cead a fháil roimh ré ón Rialtas, ní bheidh méid iomlán an airgid a thabharfar do ghnóthas tionscail ar leith faoi aon alt dá dtagraítear in alt 34 d'Acht 1986 níos mó sa chomhiomlán ná an tsuim is mó de na suimeanna seo a leanas—

(a) £2,500,000, nó

(b) £2,500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas a bhfuarthas cead roimh ré ón Rialtas cheana féin ina leith.

(2) Féadfaidh na Gníomhaireachtaí deontais a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonraítear in Acht 1986 chun daoine a fhostú i dtionscal seirbhíse.

Feidhmiú agus beartas tionscail a athbhreithniú.

13. —Déanfaidh an tAire, laistigh de thrí bliana ón Acht seo a rith, agus gach tríú bliain dá éis sin, athbhreithniú a ullmhú ar fheidhmiú náisiúnta tionscail i leith na dtrí bliana roimhe sin agus ar bheartas náisiúnta tionscail agus cuirfidh sé faoi deara an t-athbhreithniú agus na tátail a thig ón gcéanna a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.