An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Forálacha Idirthréimhseacha) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Comhaltaí agus Foireann)

19 1993

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993

AN CHÉAD SCEIDEAL

Forfás agus na Gníomhaireachtaí

Alt 5.

Corprú.

1. (1) Beidh Forfás agus gach Gníomhaireacht ina chomhlacht nó ina comhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aige nó aici agus beidh sé nó sí inagartha ina ainm nó ina hainm féin.

(2) Beidh an chumhacht ag Forfás talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Comhaltas.

2. (1) Is iad comhaltaí Forfás agus comhaltaí gach Gníomhaireachta Bord an chomhlachta sin.

(2) 12 chomhalta ar a mhéad a bheidh ar Bhord Forfás agus ar Bhord gach Gníomhaireachta ar leithligh.

(3) Áireofar ar Bhord Forfás a Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta.

(4) Áireofar ar Bhord gach Gníomhaireachta a Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin.

(5) Faoi réir mhír 1 (4) den Dara Sceideal, is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí na mBord le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin de gach Bord mar Chathaoirleach agus féadfar beirt chomhalta eile a ainmniú mar Leas-Chathaoirleach.

(7) Beidh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile Forfás agus gach Gníomhaireachta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Féadfaidh gach Bord gníomhú trí aon triúr dá chomhaltaí.

(9) Féadfaidh gach Bord a nós imeachta féin a rialáil.

(10) Ní bheidh comhaltaí Boird ina gcomhaltaí d'údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 .

Tréimhse oifige comhaltaí.

3. (1) Ar gach cothromlá de dháta thosach feidhme an Achta seo, scoirfidh aon chúigiú de chomhaltaí gach Boird d'oifig a shealbhú nó, mura beirt a líon, ansin an líon is gaire d'aon chúigiú.

(2) Gach bliain is iad na comhaltaí is faide i seilbh oifige óna gceapachán deiridh roimhe sin a scoirfidh d'oifig a shealbhú ach i measc daoine a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí ar dtús an lá céanna is le crannchur (mura n-aontaíonn siad ar shlí eile eatarthu féin) a chinnfear cé hiad na daoine a scoirfidh.

(3) Beidh comhalta a bheidh ag scor inathcheaptha.

Coinníollacha oifige.

4. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta Boird a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an fógra.

(3) I gcás aon leas airgeadais, go díreach nó go neamhdhíreach, a bheith ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, tráchtála nó seirbhíse, déanfaidh an duine sin, sula bhfeidhmeoidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta, cineál an leasa sin a dhearbhú don Bhord agus comhlíonfaidh sé cibé treoracha a thabharfaidh an Bord maidir leis.

(4) Dícháileofar comhalta chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, más rud é go mbreithneofar an comhalta sin ina fhéimheach, nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó go gciontófar é in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta, nó go gciontófar é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu a bhaineann sí nó nach mbaineann sí le cuideachta, nó go mbeidh sé ina ábhar d'ordú faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 .

(5) Más rud é, i gcás comhalta—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (arna chur isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh an duine sin air sin de bheith ina chomhalta den Bhord sin.

(6) Na coinníollacha oifige is infheidhme maidir le comhaltaí Boird agus atá leagtha amach i bhfomhíreanna (3) agus (4), beidh feidhm acu freisin maidir le comhaltaí de choistí nó de chomhlachtaí eile a chomhdhéanfar faoin Acht seo.

Na séalaí.

5. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht séala a sholáthar dó nó di féin.

(2) Déanfar séala Forfás nó séala ceachtar Gníomhaireachta, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhalta nó le síniú comhalta agus comhalta d'fhoireann an chomhlachta iomchuí a bheidh údaraithe aige nó aici chun gníomhú chuige sin, nó le síniú beirt chomhalta d'fhoireann an chomhlachta iomchuí a bheidh údaraithe amhlaidh.

Conarthaí agus ionstraimí.

6. (1) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar shéalaí Forfás agus na nGníomhaireachtaí agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne Forfás nó ceachtar Gníomhaireacht agus a bheith séalaithe lena shéala nó lena séala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

(2) Maidir le haon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala i gcás duine aonair é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go sonrach ag Forfás nó ag ceachtar Gníomhaireacht chun na críche sin an conradh nó an ionstraim sin a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann Forfás nó ceachtar Gníomhaireachta.

Tuarascáil bhliantúil agus cuntais.

7. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a gníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Aire tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann sí agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na tuarascálacha a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin. Déanfar trácht sonrach i ngach tuarascáil bhliantúil den sórt sin ar chruthú post agus ar chailleadh post araon.

(2) Coimeádfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar airgead a gheobhaidh sé nó sí agus a chaithfidh sé nó sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sé nó sí, san fhoirm sin a dúradh, na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(3) Cuirfear cuntais Forfás agus cuntais gach Gníomhaireachta faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, déanfar na cuntais sin, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis.

8. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht cibé faisnéis a éileoidh an tAire ó am go ham a thabhairt don Aire maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí.

(2) Déanfaidh gach Gníomhaireacht agus aon choiste nó comhlacht eile a bhunófar faoin Acht seo cibé faisnéis a thabhairt do Forfás a éileoidh sé ó am go ham chun críocha a fheidhmeanna.