An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Forfás agus na Gníomhaireachtaí) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

19 1993

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993

AN DARA SCEIDEAL

Comhaltaí agus Foireann

Alt 5.

Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin.

1. (1) Beidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ag Forfás agus ag gach Gníomhaireacht.

(2) Maidir le Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Forfás—

(a) is é Forfás a cheapfaidh é le ceadú an Aire, agus

(b) beidh sé i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Is é Bord na Gníomhaireachta a cheapfaidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta agus beidh sé i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a cheadóidh an Bord sin le comhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Beidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Forfás agus Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta ina chomhalta ex officio de Bhord an chomhlachta sin ar feadh ré cheapachán an duine sin chun an chomhlachta sin.

Foireann Forfás.

2. (1) Féadfaidh Forfás, ó am go ham, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí dá fhoireann.

(2) Aon duine a ghlacfar isteach i bhfostaíocht Forfás faoi alt 21 nó a cheapfar chun Forfás faoin alt seo, féadfaidh Forfás é a thabhairt ar iasacht ó am go ham chun fónamh le ceachtar Gníomhaireacht nó le haon chomhlacht eile a bhunaítear faoin Acht seo.

(3) Gach comhalta den fhoireann a bheidh ar iasacht amhlaidh, leanfaidh sé de bheith ina chomhalta d'fhoireann Forfás ach beidh sé, le linn dó a bheith ar iasacht amhlaidh, faoi réir threoracha an chomhlachta a mbeidh an comhalta sin tugtha ar iasacht chuige ina chuid oibríochtaí ó lá go lá, faoi réir cibé socruithe a dhéanfar idir Forfás agus an comhlacht sin.

(4) Is é Forfás a dhéanfaidh luach saothair agus liúntais chomhaltaí fhoireann Forfás a chinneadh ó am go ham, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann Forfás—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (arna chur isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

beidh an duine sin air sin ar iasacht ó fhostaíocht Forfás agus ní íocfaidh Forfás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ó Forfás, aon luach saothair nó liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh an duine sin a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach nó den Tionól sin.

Aoisliúntas.

3. (1) Ullmhóidh Forfás agus cuirfidh sé faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann Forfás (lena n-áirítear na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin a cheapfar faoi mhír 1 den Sceideal seo) is cuí leis, nó ina leith, ar éirí as dóibh, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht alt 9 (3), daingnítear go sainráite leis seo, maidir le scéim nó scéimeanna aoisliúntais a rinne an tÚdarás Forbartha Tionscail nó Eolas díreach roimh an lá bunaithe, go leanfaidh sí nó siad i bhfeidhm, d'ainneoin dhíscaoileadh na gcomhlachtaí sin leis an Acht seo, ionann is dá mba Forfás a rinne agus beidh na cumhachtaí agus na feidhmeanna céanna ag Forfás faoin Acht seo i ndáil leis na scéimeanna sin a bhí ag an Údarás Forbartha Tionscail nó ag Eolas díreach roimh an mbunú sin.

(3) Féadfaidh Forfás, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime lena mbaineann an mhír seo.

Doiciméid a nochtadh.

4. (1) Ní dhéanfaidh Forfás ná ceachtar Gníomhaireacht, gan toiliú an Aire, aon doiciméad a bheidh faoina choimeád nó faoina coimeád nó faoina urláimh nó faoina hurláimh a nochtadh ar doiciméad é a iarrtar a thabhairt ar aird i ndáil le haon imeachtaí dlí.

(2) I gcás ina ndiúltóidh an tAire toiliú leis an nochtadh, beidh Forfás nó ceachtar Gníomhaireacht i dteideal na pribhléide céanna, agus éileoidh sé nó sí sna himeachtaí an phribhléid chéanna, i leith an doiciméid a bheadh an tAire i dteideal a éileamh dá mbeadh an doiciméad faoi choimeád an Aire féin.

Faisnéis a nochtadh.

5. (1) Faoi réir fhomhír (3), ní dhéanfaidh duine aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh an duine sin—

(a) le linn dualgais a chomhlíonadh mar chomhalta d'aon Bhord, coiste nó comhlacht eile a bhunaítear faoin Acht seo, nó mar chomhalta d'fhoireann Forfás nó cheachtar Gníomhaireachta nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir do Forfás nó do cheachtar Gníomhaireacht, nó

(b) mar chomhalta d'aon chomhlacht nó mar chomhalta d'fhoireann aon chomhlachta a lorgófar sainchomhairle orthu de bhun fhorálacha an Achta seo, le linn dualgais a chomhlíonadh a bhaineann le haon sainchomhairle den sórt sin.

(2) Aon duine a sháróidh fomhír (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfomhír (1)-

(a) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar do Forfás nó do cheachtar Gníomhaireacht (nó thar ceann Forfás nó ceachtar Gníomhaireachta) a nochtadh don Aire,

(b) nochtadh faisnéise ag Forfás nó ag ceachtar Gníomhaireacht nó ag comhalta de Forfás nó de cheachtar Gníomhaireacht nó d'aon choiste nó comhlacht eile a bhunófar faoin Acht seo chun críche scéime taighde agus forbartha nó scéime um theicneolaíocht táirgí agus próiseas a fháil.