|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT STAIDRIMH, 1993) | Ar Aghaidh (CUID II Struchtúr Institiúideach — An Phríomh-Oifig Staidrimh, An tArd-Stiúrthóir agus An Bord Náisiúnta Staidrimh) |
AN tACHT STAIDRIMH, 1993
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Staidrimh, 1993 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Taoiseach le hordú. |
[EN] |
Léiriú. |
3. —San Acht seo, mura léir a mhalairt a bheith ar intinn— |
[EN] | ciallaíonn “státseirbhíseach” duine a shealbhaíonn post sa Státseirbhís; | |
[EN] | folaíonn “sárú” mainneachtain nó diúltú comhlíonadh; | |
[EN] | ciallaíonn “cóip” atáirgeadh taifid nó aon chuid de thaifead ar mhodh cléireachais, fótagrafach, leictreonach nó ar aon mhodh eile; | |
[EN] | ciallaíonn “scaipeadh” foilsiú, díol nó soláthar staidrimh oifigiúil in aon slí eile nó in aon fhoirm eile go díreach nó go neamhdhíreach trí dhaoine nó gnóthais eile; | |
[EN] | ciallaíonn “an tArd-Stiúrthóir” Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Oifig” an Phríomh-Oifig Staidrimh; | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach staidrimh” duine a mhínítear amhlaidh in alt 20 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “staidreamh oifigiúil” staidreamh arna thiomsú ag an Oifig nó ag aon údarás poiblí eile cibé acu faoin Acht seo nó ar shlí eile; | |
[EN] | ciallaíonn “an duine atá i bhfeighil” an duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil aon áitribh nó gnóthais lena n-áirítear úinéirí agus tionóntaí; | |
[EN] | folaíonn “áitreabh” aon teaghais, foirgneamh eile, both, carbhán, puball, áit, soitheach in uiscí teorann na hÉireann, aerárthach agus traein; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás poiblí” aon Roinn Stáit, údarás áitiúil, bord sláinte nó comhlacht eile arna bhunú le haon achtachán; | |
[EN] | ciallaíonn “seirbhíseach poiblí” duine a shealbhaíonn post in aon údarás poiblí, lena n-áirítear an Garda Síochána; | |
[EN] | folaíonn “taifead” aon pháipéar, modh fótagrafach, leictreonach nó eile lena ndéantar faisnéis a thaifeadadh nó a stóráil agus aon fhoirm, sceideal, ceistiúchán, treoir nó doiciméad eile den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “na hachtacháin aisghairthe” na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, a aisghairtear leis an Acht seo; | |
[EN] | folaíonn “staidreamh”, i dteannta sonraí uimhriúla, faisnéis nach féidir a shloinneadh go huimhriúil agus is gá chun sonraí a bhailiú, a thiomsú, a anailísiú nó a léiriú; | |
[EN] | ciallaíonn “gnóthas” iomlán fiontair gnó, gabháltais talmhaíochta, forais, comhlachais nó údaráis phoiblí, nó aon chuid den chéanna. | |
[EN] |
Orduithe. |
4. —Féadfaidh an Taoiseach le hordú ordú a bheidh déanta aige faoin Acht seo a chúlghairm nó a leasú. |
[EN] |
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
5. —Déanfar ordú arna dhéanamh faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir. |
[EN] |
Caiteachais. |
6. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm agus forálacha iarmhartacha. |
7. —(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946. |
[EN] | (2) Maidir leis an Ordú Staidrimh (Staidreamh Trádála (Aerfort Neamhchustam na Sionainne)), 1970 (I.R. Uimh. 68 de 1970), agus gach ordú arna dhéanamh an 1ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis, faoi aon fhoráil d'achtachán a aisghairtear le fo-alt (1) den alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an aisghairm sin, leanfaidh sé i bhfeidhm amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh é. | |
[EN] | (3) Maidir leis an bhfaisnéis, na ceistiúcháin, na foirmeacha agus na taifid eile go léir a bhaileofar i gcomhlíonadh orduithe arna ndéanamh faoi na hachtacháin aisghairthe, tá sí nó siad faoi réir na srianta ar úsáid faisnéise agus na dtoirmeasc ar nochtadh faisnéise a shonraítear in ailt 32, 33, 34 agus 35 den Acht seo. | |
[EN] | (4) An fhaisné is go léir a sholáthrófar go saorálach don Phríomh-Oifig Staidrimh roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh sí faoi réir na cosanta agus na bhforálacha céanna amhail is dá mba faoin Acht seo a bailíodh an fhaisnéis sin. | |
[EN] | (5) Aon duine atá ag gníomhú mar oifigeach staidrimh faoi na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, díreach roimh a n-aisghairm faoi fho-alt (1) den alt seo, leanfaidh sé de bheith ina oifigeach staidrimh faoi na forálacha comhréire den Acht seo. |