An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Faisnéis a Bhailiú)

21 1993

AN tACHT STAIDRIMH, 1993

CUID II

Struchtúr Institiúideach — An Phríomh-Oifig Staidrimh, An tArd-Stiúrthóir agus An Bord Náisiúnta Staidrimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Struchtúr institiúideach.

8. —(1) Bunaítear leis seo Oifig ar a dtabharfar an Phríomh-Oifig Staidrimh chun na feidhmeanna a thugtar di leis an Acht seo a fheidhmiú.

(2) Beidh an tArd-Stiúrthóir a cheapfar faoi alt 12 den Acht seo freagrach as bainistiú agus rialú na hOifige.

(3) Beidh Bord Náisiúnta Staidrimh ann agus is í an fheidhm ghinearálta a bheidh aige, le comhaontú an Taoisigh, stiúradh straitéiseach na hOifige a threorú.

Foireann na Príomh-Oifige Staidrimh.

9. —(1) Fostófar sa Phríomh-Oifig Staidrimh cibé líon comhaltaí foirne a chinnfidh an Taoiseach ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Beidh comhaltaí fhoireann na hOifige ina státseirbhísigh de chuid an Stáit.

(3) Is é an Taoiseach an t-údarás iomchuí chun críche Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, i ndáil le comhaltaí d'fhoireann na hOifige.

(4) Na cumhachtaí is infheidhmithe ag an Taoiseach mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann na hOifige, féadfaidh sé iad a tharmligean chuig an Ard-Stiúrthóir agus, má dhéanann sé é sin, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Taoiseach, infheidhmithe ag an Ard-Stiúrthóir; agus

(b) is é an tArd-Stiúrthóir, in ionad an Taoisigh, a bheidh ina údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann na hOifige.

Feidhmeanna na hOifige.

10. —(1) Is iad feidhmeanna na hOifige faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus ginearálta sa Stát a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach agus a scaipeadh chun críocha staidrimh.

(2) Beidh údarás ag an Oifig staidreamh oifigiúil arna thiomsú ag údaráis phoiblí a chomhordú chun a chinntiú, go háirithe, go gcloítear le caighdeáin staitistiúla agus le húsáid aicmiúchán cuí.

(3) Beidh údarás ag an Oifig measúnú a dhéanamh ar an ngealladh staitistiúil atá sna taifid a choimeádann údaráis phoiblí agus, i gcomhar leo, a chinntiú go ndéanfar an gealladh sin a thabhairt i gcrích a mhéid atá na hacmhainní ann chuige sin.

Comhoibriú agus idirchaidreamh le húdaráis phoiblí agus daoine eile.

11. —(1) Féadfaidh an Oifig socruithe a dhéanamh le húdaráis phoiblí agus daoine eile chun faisnéis a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach nó a scaipeadh chun críocha staidrimh.

(2) Coinneoidh an Oifig teagmháil dhlúth rialta leis na príomhúsáidirí agus na príomhsholáthróirí staidrimh.

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh.

12. —(1) Ceapfaidh an tUachtarán Ard-Stiúrthóir na hOifige ar ainmniú an Taoisigh.

(2) Beidh an tArd-Stiúrthóir ina chorparáid aonair faoin ainm Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus beidh comharbas suthain agus séala aige agus féadfaidh sé agairt nó féadfar é a agairt faoin ainm sin.

(3) Beidh an duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Stiúrthóra ina státseirbhíseach de chuid an Stáit.

(4) Beidh an tArd-Stiúrthóir i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Taoiseach tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(5) Is é an Taoiseach an t-údarás iomchuí chun críche Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, i ndáil leis an Ard-Stiúrthóir.

Neamhspleáchas maidir le nithe a bhaineann le staidreamh.

13. —Is ar an Ard-Stiúrthóir amháin a bheidh an fhreagracht as na nithe seo a leanas agus beidh sé neamhspleách le linn na feidhmeanna a ghabhann le cinneadh a dhéanamh ina leith a fheidhmiú—

(a) an mhodheolaíocht staidrimh agus na caighdeáin ghairmiúla staidrimh a úsáideann an Oifig;

(b) an t-ábhar atá i raitís staidrimh agus i bhfoilseacháin arna n-eisiúint ag an Oifig; agus

(c) tráth agus modhanna scaipthe staidrimh arna thiomsú ag an Oifig.

Rochtain ar an Taoiseach.

14. —Beidh de cheart ag an Ard-Stiúrthóir dul i gcomhairle leis an Taoiseach maidir le haon ní a fhearann ar an Oifig nó a bhaineann le staidreamh oifigiúil nó le riaradh an Achta seo.

Feidhmeanna an Ard-Stiúrthóra a tharmligean.

15. —(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir a údarú d'aon chomhalta d'fhoireann na hOifige aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo a fheidhmiú agus measfar aon fheidhm den sórt sin, nuair a fheidhmeofar í chun críocha an Achta seo, a bheith feidhmithe ag an Ard-Stiúrthóir.

(2) Maidir le haon údarú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tArd-Stiúrthóir;

(b) ní choiscfidh sé, le linn dó a bheith i bhfeidhm, ar an Ard-Stiúrthóir na feidhmeanna a bheidh tarmligthe leis sin a chomhall; agus

(c) féadfaidh an tArd-Stiúrthóir é a chúlghairm aon tráth.

Fíre doiciméad.

16. —Maidir le haon doiciméad a airbheartaíonn a bheith eisithe ag an Ard-Stiúrthóir nó ag aon duine a fheidhmíonn aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur doiciméad den sórt sin é má bhíonn ainm an duine lena mbaineann clóbhuailte nó stampáilte air nó má airbheartaíonn sé gur shínigh an duine sin é, gan cruthúnas ar fhíre an tsínithe.

Foireann shealadach a cheapadh.

17. —Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, le toiliú an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a chinnfidh sé, ceapacháin shealadacha a dhéanamh chuig poist neamhbhunaithe ar fhoireann na hOifige a dhearbhaítear a bheith ina bpoist eisiata chun críocha Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 .

An Bord Náisiúnta Staidrimh

Comhdhéanamh agus ceapadh.

18. —(1) Is é a bheidh ar an mBord Náisiúnta Staidrimh ochtar comhalta ar a mbeidh an seachtar seo a leanas a gceapfaidh an Taoiseach iad—

(a) cúigear a bhfuil cumas agus taithí cruthaithe acu i réimsí iomchuí, agus is é an Taoiseach a ainmneoidh beirt acu sin agus is cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach d'úsáidirí staidrimh oifigiúil agus do sholáthróirí faisnéise faoin Acht seo a ainmneoidh triúr acu sin,

(b) Rúnaí Cúnta nó grád coibhéiseach nó níos airde i Roinn an Taoisigh, agus

(c) Rúnaí Cúnta nó grád coibhéiseach nó níos airde sa Roinn Airgeadais,

mar aon leis an Ard-Stiúrthóir, ex officio.

(2) Ceapfaidh an Taoiseach Cathaoirleach an Bhoird Náisiúnta Staidrimh as measc chomhaltaí an Bhoird a cheapfar faoi fho-alt (1)(a) den alt seo.

(3) Gach comhalta den Bhord a gceapfaidh an Taoiseach é ceapfar é chun oifig a shealbhú ar feadh cibé tréimhse, nach lú ná dhá bhliain agus nach mó ná sé bliana, a shonróidh an Taoiseach agus é á cheapadh aige.

(4) Féadfar comhalta den Bhord Náisiúnta Staidrimh a athcheapadh.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord a bheidh ceaptha ag an Taoiseach éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Taoiseach agus féadfaidh an Taoiseach é a chur as a oifig.

(6) Aon chomhalta a cheapfar faoi fho-alt (1)(b) nó (c) den alt seo, scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má scoireann sé den phost iomchuí státseirbhíse a shealbhú.

(7) Féadfaidh an Bord a fheidhmeanna a fheidhmiú d'ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

(8) Féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialáil.

(9) Féadfar, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad agus a chinnfidh an Taoiseach, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí ainmnithe an Bhoird.

Feidhm an Bhoird Náisiúnta Staidrimh.

19. —(1) Maidir le feidhm an Bhoird Náisiúnta Staidrimh i leith stiúradh straitéiseach na hOifige a threorú, le comhaontú an Taoisigh, folóidh sí na nithe seo a leanas go háirithe—

(a) tosaíochtaí a bhunú chun staidreamh oifigiúil a thiomsú agus a fhorbairt;

(b) measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní foirne, trealaimh agus airgeadais ba chóir a chur ar fáil chun staidreamh oifigiúil a thiomsú;

(c) eadráin a dhéanamh, faoi réir chinneadh deireanach an Taoisigh, in aon choinbhleachtaí a éireoidh idir an Oifig agus údaráis phoiblí eile i ndáil le staidreamh a bhaint amach as taifid nó le gníomhaíochtaí staidrimh a chomhordú.

(2) Soláthróidh an tArd-Stiúrthóir cibé faisnéis a theastóidh ón mBord le haghaidh feidhmiú cuí fheidhmeanna an Bhoird.

(3) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (1)(2) den alt seo a fhorléiriú mar ní—

(a) lena gcumasaítear don Bhord aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le comhlíonadh, i gcás áirithe nó in imthosca áirithe, feidhme a bheidh sannta don Ard-Stiúrthóir leis an Acht seo nó faoi;

(b) lena n-údaraítear do chomhaltaí ceaptha den Bhord rochtain a bheith acu ar fhaisnéis a bheidh bailithe faoin Acht seo is faisnéis is féidir a chur i mbaint go díreach nó go neamhdhíreach le duine nó gnóthas inaitheanta.

Oifigigh Staidrimh

Oifigigh staidrimh.

20. —Maidir le gach duine de na daoine seo a leanas—

(a) gach comhalta d'fhoireann na hOifige agus aon duine eile atá ar fostú go díreach ag an Oifig i mbailiú nó baint amach faisnéise faoin Acht seo,

(b) gach duine eile atá de thuras na huaire, de dhroim socruithe arna ndéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, ar fostú i mbailiú, baint amach, tiomsú nó scaipeadh faisnéise agus i dtaca leis an gcéanna faoin Acht seo, agus

(c) aon duine eile a n-údaraíonn an tArd-Stiúrthóir dó i scríbhinn anailís áirithe staidrimh a dhéanamh, ar feadh tréimhse sonraithe, a bhféadfadh gur gá, lena haghaidh, rochtain ar shonraí arna mbailiú faoin Acht seo,

beidh sé, chun críocha an Achta seo, ina oifigeach staidrimh agus gairtear oifigeach staidrimh de san Acht seo.

Dearbhú rúndachta.

21. —Déanfaidh gach duine, sula rachaidh sé i mbun dualgas mar oifigeach staidrimh, dearbhú a shíniú san fhoirm seo a leanas—

“Dearbhaímse, .................................................. go sollúnta go ndéanfaidh mé mo dhualgais mar oifigeach staidrimh a chomhall go hiomlán agus go hionraic i gcomhréir le ceanglais an Achta Staidrimh, 1993 , agus na n-orduithe go léir faoi sin, agus nach nochtfaidh mé ná nach gcuirfidh mé i bhfios le linn mo sheirbhíse mar oifigeach staidrimh ná aon tráth dá héis, ach amháin i gcomhlíonadh mo dhualgas faoin Acht sin agus faoi na horduithe sin, aon ní a thiocfaidh ar m'iúl agus a bhaineann le haon duine, teaghlach, líon tí nó gnóthas mar gheall ar mo sheirbhís mar oifigeach staidrimh.”.

Fianaise ar cheapachán.

22. —(1) Gach oifigeach staidrimh atá i dteideal faoin Acht seo—

(a) a cheangal go pearsanta ar aon duine nó gnóthas, nó cuireadh a thabhairt go pearsanta dó, aon doiciméad a chomhlánú agus a chur ar ais nó aon fhaisnéis a sholáthar ó bhéal nó i scríbhinn,

(b) aon doiciméad a bhaineann le haon duine nó gnóthas a iniúchadh, a chóipeáil, a bhailiú nó a fháil nó sleachta a thógáil as, nó

(c) dul isteach in aon áitreabh,

soláthrófar deimhniú ceapacháin dó a bheidh sínithe ag an Ard-Stiúrthóir nó stampáilte nó clóbhuailte le hainm an Ard-Stiúrthóra.

(2) Aon oifigeach staidrimh a bheidh ag gníomhú faoin alt seo, déanfaidh sé, ar éileamh, a dheimhniú ceapacháin a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

(3) Aon doiciméad a thabharfaidh duine ar aird de bhun an ailt seo agus a airbheartóidh gurb é deimhniú ceapacháin an duine sin é, measfar gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthófar a mhalairt, gurb é deimhniú ceapacháin an duine sin é.