|
|||||
|
AN tACHT STAIDRIMH, 1993
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Faisnéis a Bhailiú | |
[EN] |
Foirmeacha. |
23. —Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir foirmeacha, ceistiúcháin agus taifid eile chun faisnéis a bhailiú faoin Acht seo agus na treoracha is gá lena gcomhlánú go cuí a ullmhú, agus an dáta nó an tréimhse a shonrú ar laistigh di ba cheart na foirmeacha, na ceistiúcháin agus na taifid eile sin, arna gcomhlánú, nó an fhaisnéis a éilítear a chur ar ais chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh. |
[EN] |
Cuireadh faisnéis a sholáthar ar bhonn saorálach. |
24. —(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh cuireadh a thabhairt d'aon duine nó gnóthas— |
[EN] | (a) foirm, ceistiúchán nó taifead eile a chomhlánú, | |
[EN] | (b) aon cheisteanna a fhreagairt, | |
[EN] | (c) aon fhaisnéis nó taifid a sholáthar, | |
[EN] | ar bhonn saorálach agus aon fhaisnéis a gheofar amhlaidh, beidh sí faoi réir na srianta ar úsáid agus an toirmisc ar nochtadh faisnéise a shonraítear in ailt 32, 33, 34 agus 35 den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfaidh daoine agus gnóthais faisnéis agus taifid, nó cóipeanna den chéanna, a bheidh ina seilbh a sholáthar don Ard-Stiúrthóir nó d'oifigigh staidrimh ar cuireadh faoi fhorálacha an Achta seo, d'ainneoin aon ní atá san Acht um Chosaint Sonraí, 1988 . | |
[EN] |
Ordú ón Taoiseach ag ceangal faisnéis a sholáthar. |
25. —(1) Féadfaidh an Taoiseach ceanglas a fhorordú, le hordú, ar dhaoine agus ar ghnóthais faisnéis a sholáthar faoin Acht seo, ina sonrófar, go háirithe— |
[EN] | (a) cineál ginearálta na faisnéise a éilítear; | |
[EN] | (b) a mhinice a sholáthrófar í; | |
[EN] | (c) na daoine nó na gnóthais, nó na haicmí daoine nó gnóthas, a gceanglaítear orthu í a sholáthar. | |
[EN] | (2) Déanfar ordú ar leithligh faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) i leith gach tosú ar leithligh ar shuirbhéireacht a ghabhfar de láimh i gceann tréimhsí is faide ná dhá mhí dhéag; | |
[EN] | (b) gach cúig bliana ar a laghad i leith gach suirbhéireachta leanúnaí a ghabhfar de láimh i gceann tréimhsí dhá mhí dhéag nó tréimhsí is giorra ná sin. | |
[EN] |
Ordachán chun faisnéis a sholáthar. |
26. —(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh, de bhun ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo, a ordú d'aon duine, trí fhógra a sheachadadh— |
[EN] | (a) foirm, ceistiúchán nó taifead eile a chomhlánú agus a chur ar ais, de réir aon treoracha a bheidh inti nó ann nó a chuirfear in iúl dóar shlí eile, | |
[EN] | (b) freagra a thabhairt ar cheisteanna a chuirfidh oifigigh staidrimh air, | |
[EN] | (c) aon taifead, cóip d'aon taifead nó sliocht as aon taifead a sholáthar, | |
[EN] | faoi dháta sonraithe nó laistigh de thréimhse shonraithe. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo agus alt 27 den Acht seo is leor ordachán chun faisnéis a sholáthar i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo— | |
[EN] | (a) i gcás duine aonair — más rud é go ndéantar fógra a bheidh dírithe chuig an duine sin a sheachadadh ar an áit chónaithe, fostaíochta nó ghnó is déanaí is eol a bheith aige; | |
[EN] | (b) i gcás duine aonair atá i bhfeighil áitribh — más rud é go ndéantar fógra a sheachadadh ar an áitreabh nó ar a oifig nó ar a áit chónaithe gan é a bheith riachtanach an duine a ainmniú; | |
[EN] | (c) i gcás gnóthais gnó — más rud é go ndéantar fógra a sheachadadh ar an ngnó nó ar an ngnólacht ag aon áitreabh óna n-oibríonn sé nó óna seolann sé a ghnóthaí trína thrádainm a úsáid, nó ar aon duine aonair a bhaineann lena bhainistiú (lena n-áirítear glacadóir nó leachtaitheoir nó riarthóir) ag a áit ghnó nó ag a áit chónaithe; | |
[EN] | (d) i gcás duine aonair atá i bhfeighil aon ghnóthais eile — más rud é go ndéantar fógra a sheachadadh ar a oifig nó ar a áit ghnó gan é a bheith riachtanach an duine a ainmniú. | |
[EN] |
Daoine a gceanglaítear orthu faisnéis a sholáthar. |
27. —(1) Maidir le faisnéis a iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir trí fhógra a sheachadadh faoi alt 26 den Acht seo nó faoin alt seo, déanfar í a sholáthar— |
[EN] | (a) i gcás duine áirithe — ag an duine atá i gceist má tá cónaí air sa Stát i láthair na huaire agus, más rud é gur ar an gcoigríoch dó, ag a chéile nó ag gaol leis ar a bhfuil cónaí in áitreabh an duine, nó más rud é go bhfuil sé éagtha, ag ionadaí pearsanta nó neasghaol eastát an duine éagtha atá i seilbh na faisnéise nó a bhfuil rochtain aige uirthi; | |
[EN] | (b) i gcás duine atá i bhfeighil áitribh — ag an duine sin agus, má éilítear an fhaisnéis i leith daoine a bhfuil cónaí orthu, atá ar lóistín, atá ar iostas nó atá ag obair san áitreabh, beidh sé de dhualgas ar gach duine den sórt sin an fhaisnéis a éilítear a sholáthar don duine atá i bhfeighil; | |
[EN] | (c) i gcás gnóthais — ag aon duine nó ag gach duine de na daoine seo a leanas atá i seilbh na faisnéise a éilítear nó a bhfuil rochtain acu uirthi: | |
[EN] | (i) dílseánaigh, comhpháirtithe, stiúrthóirí, bainisteoirí, leachtaitheoirí, glacadóirí agus riarthóirí gnóthas corpraithe agus neamhchorpraithe gnó; | |
[EN] | (ii) an duine atá i bhfeighil aon ghnóthais eile. | |
[EN] | (2) Más rud é, maidir le faisnéis a n-éilíonn duine nó gnóthas gur sholáthair sé í i gcomhlíonadh ordacháin arna dhéanamh faoi alt 26 den Acht seo, nach bhfuil sí i seilbh na hOifige, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, trí fhógra eile a sheachadadh faoin alt sin, a ordú don duine nó don ghnóthas an fhaisnéis a sholáthar faoi dháta sonraithe. | |
[EN] |
Eisiúint agus seachadadh fógraí agus doiciméad eile. |
28. —(1) Maidir le haon fhógra nó taifead a sheachadfaidh oifigeach staidrimh beidh sé, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise leordhóthanach gur eisigh agus gur sheachaid an tArd-Stiúrthóir go cuí é nó gur eisíodh agus gur seachadadh thar ceann an Ard-Stiúrthóra go cuí é. |
[EN] | (2) Féadfar aon fhógra nó taifead a sheachadadh trína sheachadadh go pearsanta ag oifigeach staidrimh nó leis an bpost nó trí mhodhanna eile cumarsáide agus má sheachadtar leis an bpost é measfar go bhfuarthas é an tráth a dhéanfaí é a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist. | |
[EN] |
Ceart rochtana chun críocha staidrimh. |
29. —Féadfaidh oifigeach staidrimh gach tráth réasúnach, ar a dheimhniú ceapacháin a thabhairt ar aird má éilítear sin, dul isteach in aon áitreabh— |
[EN] | (a) chun fógra a sheachadadh faoi alt 26 den Acht seo, nó | |
[EN] | (b) chun foirmeacha, ceistiúcháin, taifid nó faisnéis a sheachadadh nó a bhailiú, nó | |
[EN] | (c) chun cibé fiosrúcháin a dhéanamh a údaraítear dó a dhéanamh faoin Acht seo. |