An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Faisnéis a Chosaint)

21 1993

AN tACHT STAIDRIMH, 1993

CUID VI

Cionta, Pionóis agus Fianaise

Neamhsholáthar faisnéise a éilítear.

36. —Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon fhaisnéis a iarrtar a sholáthar mar fhreagra ar ordachán ón Ard-Stiúrthóir faoi alt 26 27 den Acht seo de bhun ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Rochtain a chosc.

37. —Aon duine a choiscfidh ar oifigeach staidrimh a dhualgais a chomhall mar a cheadaítear faoi alt 29 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Mí-úsáid faisnéise.

38. —Aon duine a úsáidfidh faisnéis a tugadh faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe de shárú ar alt 32 den Acht seo, nó a nochtfaidh go toiliúil faisnéis a bhaineann le haon duine nó gnóthas inaitheanta de shárú ar alt 33 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Drochúsáid oifige ag oifigeach staidrimh.

39. —Aon oifigeach staidrimh a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, ar scáth a fheidhmeanna mar oifigeach den sórt sin a chomhlíonadh, aon fhaisnéis a fháil ar aon mhodh ó aon duine ar aon ócáid nach bhfuil sé i dteideal go dleathach a fháil ar an modh sin ón duine sin ar an ócáid sin, beidh sé ciontach i gcion.

Bac a chur ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigigh staidrimh.

40. —Aon duine a chuirfidh bac go toiliúil ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigeach staidrimh i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Oifigeach staidrimh a phearsanú.

41. —Aon duine nach oifigeach staidrimh a thabharfaidh le fios gur oifigeach staidrimh é, beidh sé ciontach i gcion.

Doiciméid a chosaint.

42. —(1) Aon duine a scriosfaidh nó a fhalsóidh go toiliúil aon doiciméad nó taifead a eisíodh chun staidreamh a bhailiú i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo nó a dhéanfaidh damáiste go toiliúil don chéanna, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon oifigeach staidrimh a mhainneoidh aon doiciméad nó taifead atá ina choimeád, ar doiciméad nó taifead é ina bhfuil faisnéis a bailíodh faoin Acht seo, a choimeád i cibé modh a chinnteoidh nach mbeidh rochtain ag daoine neamhúdaraithe air, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon oifigeach staidrimh a mhainneoidh go toiliúil doiciméad nó taifead arna bhailiú ó aon duine nó gnóthas faoin Acht seo a thabhairt ar ais chuig an Oifig, beidh sé ciontach i gcion.

Faisnéis bhréagach a thabhairt.

43. —Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheanglais nó aon ordacháin faoin Acht seo, a sholáthróidh faisnéis, a dhéanfaidh ráiteas, scríofa nó ó bhéal, nó a thabharfaidh ar aird nó a sheachadfaidh doiciméad atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis.

44. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air.

(2) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 36 den Acht seo beidh sé, má leantar den sárú tar éis a chiontaithe, ciontach i gcion gach lá a leanfar den sárú, agus maidir le gach cion den sórt sin dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(4) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona.

Fianaise staidrimh in imeachtaí dlí.

45. —Féadfar fianaise prima facie ar aon staidreamh oifigiúil a thabhairt i ngach imeacht dlí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh an staidreamh sin a bheith ann agus a bheith eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nó a bheith sínithe ag an Ard-Stiúrthóir.