22 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1993


AN tACHT UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH (LEASÚ), 1993

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

7.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

8.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

9.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

11.

Achomhairc i gcoinne cinntí ón mBinse agus cinntí ón mBinse a chur i bhfeidhm.

12.

Fianaise ar mhainneachtain freastal os comhair Binse nó fianaise a thabhairt nó doiciméid a thabhairt ar aird do Bhinse.

13.

Gníomhaireachtaí fostaíochta.

14.

Daoine a dhífhostú le linn printíseachta, oiliúna, etc., nó le linn na chéad bhliana seirbhíse, mar gheall ar chomhaltas de cheardchumann nó gníomhaíochtaí ceardchumainn.

15.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973.

16.

Aisghairm.

17.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú, tosach feidhme agus feidhm.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCúirteanna, 1981

1981, Uimh. 11

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971

1971, Uimh. 27

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

Na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990

An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1993

An tAcht Ceárd-Chumann, 1941

1941, Uimh. 22

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 agus 1991

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1993


AN tACHT UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH (LEASÚ), 1993

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH, 1977 AGUS 1991, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE GAOLMHARA. [14 Iúil, 1993]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977 .

(2) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “ceardchumann” agus “an Binse”:

“ciallaíonn ‘ceardchumann’ ceardchumann a shealbhaíonn ceadúnas margántaíochta faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 ;

ciallaíonn ‘an Binse’ an Binse a bunaíodh le halt 39 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , agus ar a dtugtar, de bhua alt 18 den Acht seo, an Binse Achomhairc Fostaíochta.”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(2) Más rud é, ar an dáta a dhéanfar athfhostú a dhámhadh d'fhostaí faoin Acht seo—

(a) maidir leis na téarmaí nó na coinníollacha ar a bhfuil fostaithe eile de chuid an fhostóra chéanna fostaithe a bhfuil poist acu atá cosúil leis an bpost as ar dífhostaíodh an fostaí, nó

(b) mura bhfuil fostaithe den sórt sin ann, maidir leis na téarmaí nó na coinníollacha ar a bhfuil fostaithe i gcoitinne an fhostóra chéanna fostaithe,

gur mó fabhar iad do na fostaithe lena mbaineann ná mar a bhí siad ar dháta an dífhostaithe, ansin, déanfar na tagairtí in ailt 5 (4) agus 7 (1) (a) den Acht seo do na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh fostaí fostaithe díreach sular dífhostaíodh é a fhorléiriú, i gcás an fhostaí chéadluaite, mar thagairtí do théarmaí agus coinníollacha ar comhréir leo sin ar a bhfuil na fostaithe eile lena mbaineann fostaithe ar dháta na dámhachtana.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trídanmír seo a leanas a chur in ionad mhír (j):

“(j) oifigigh do bhord sláinte (seachas oifigigh shealadacha) nó do choiste gairmoideachais a bunaíodh leis an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an gcoinníoll seo a leanas a ghabhann le fo-alt (2) a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“Ar choinníoll más rud é, tar éis dífhostú arbh é amháin ba chúis leis téarma conartha fostaíochta den sórt sin a dúradh (‘an conradh i dtosaíocht’) do dhul in éag gan an téarma a athnuachan faoin gconradh nó scor chríoch an chonartha—

(i) go n-athfhostóidh an fostóir lena mbaineann an fostaí lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón dífhostú faoi chonradh fostaíochta den sórt sin a dúradh arna dhéanamh idir an fostóir agus an fostaí (‘an conradh dá éis’) agus gurb ionann cineál na fostaíochta agus cineál na fostaíochta faoin gconradh i dtosaíocht nó gur cosúil cineál na fostaíochta le cineál na fostaíochta faoin gconradh i dtosaíocht,

(ii) go ndéanfar an fostaí a dhífhostú as an bhfostaíocht,

(iii) gurbh é amháin ba chúis leis an dífhostú téarma an chonartha dá éis do dhul in éag gan an téarma a athnuachan faoin gconradh nó scor chríoch an chonartha, agus

(iv) i dtuairim an choimisinéara um chearta, an Bhinse nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, gur go hiomlán nó go páirteach chun dliteanas faoin Acht seo a sheachaint nó i ndáil leis an gcríoch sin a rinne an fostóir an conradh dá éis—

ansin—

(I) beidh feidhm ag an Acht seo, faoi réir na bhforálacha eile ann, maidir leis an dífhostú, agus

(II) déanfar téarma an chonartha i dtosaíocht agus aon réamhchonarthaí a chur le téarma an chonartha dá éis chun tréimhse seirbhíse an fhostaí leis an bhfostóir a chinntiú faoin Acht seo agus measfar chun na gcríoch sin gur tréimhse seirbhíse leanúnaí an tréimhse a cinntíodh amhlaidh.

Sa choinníoll seo ciallaíonn ‘réamhchonradh’, i ndáil le conradh i dtosaíocht—

(A) conradh fostaíochta den sórt sin a dúradh a ndeachaigh a théarma in éag tráth nach luaithe ná 3 mhí roimh thosach feidhme an chonartha i dtosaíocht, nó

(B) gach ceann de shraith conarthaí a ndeachaigh téarma an chonartha deiridh díobh in éag tráth nach luaithe ná 3 mhí roimh thosach feidhme théarma an chonartha i dtosaíocht agus go ndeachaigh téarma an chonartha eile nó gach ceann de na conarthaí eile sa tsraith in éag tráth nach luaithe ná 3 mhí roimh thosach feidhme théarma an chonartha eile, nó an chéad chonartha eile, sa tsraith,

is conradh nó conarthaí a rinneadh idir an fostóir agus an fostaí a bhí ina bpáirtithe sa chonradh i dtosaíocht agus arbh ionann cineál na fostaíochta faoi nó fúthu agus cineál na fostaíochta faoin gconradh i dtosaíocht nó ar chosúil cineál na fostaíochta faoi nó fúthu le cineál na fostaíochta faoin gconradh i dtosaíocht.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) D'ainneoin fho-alt (4) den alt seo, ní oibreoidh dífhostú (nach dífhostú dá dtagraítear sa choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht um Dhífhostú Éagórach, (Leasú), 1993) a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo) fostaí, a ndéanfaidh an fostóir céanna é a athfhostú tráth nach déanaí ná 26 sheachtain tar éis an dífhostaithe, chun leanúnachas sheirbhís an fhostaí leis an bhfostóir a bhriseadh más rud é gur go hiomlán nó go páirteach chun dliteanas faoin Acht seo a sheachaint nó i ndáil leis an gcríoch sin a rinneadh an dífhostú.”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3):

“(1) Chun críocha an Achta seo (seachas alt 2 (4)), measfar gur dífhostú frithdhúnadh fostaí agus measfar gur dífhostú éagórach an dífhostú más rud é, tar éis fhoirceannadh an fhrithdhúnaidh—

(a) nrá ceadaíodh don fhostaí a fhostaíocht a atosú ar théarmaí agus coinníollacha nár lú fabhar don fhostaí ná na téarmaí agus na coinníollacha a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo, agus

(b) gur ceadaíodh amhlaidh d'fhostaí nó d'fhostaithe eile san fhostaíocht chéanna.

(2) Measfar chun críocha an Achta seo gur dífhostú éagórach fostaí a dhífhostú mar gheall ar pháirt a ghlacadh i stailc nó i ngníomh tionscail eile más rud é—

(a) nach ndearnadh fostaí nó fostaithe de chuid an fhostóra chéanna a ghlac páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile a dhífhostú mar gheall ar pháirt a ghlacadh amhlaidh, nó

(b) gur ceadaíodh ina dhiaidh sin d'fhostaí nó d'fhostaithe a dífhostaíodh mar gheall ar pháirt a ghlacadh amhlaidh a bhfostaíocht a atosú ar théarmaí agus coinníollacha nár lú fabhar do na fostaithe ná na téarmaí agus na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin (a) nó (b), agus nár ceadaíodh don fhostaí.

(3) Forléireofar an t-alt sin 7 i ndáil le dífhostú éagórach a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo amhail is dá mbeadh ceanglas ann go mbeadh san áireamh sna téarmaí nó sna coinníollacha ar a bhfuil an duine ab ábhar don dífhostú éagórach le hathfhostú faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt sin nó le hathfhruiliú faoi mhír (b) den fho-alt sin, más cuí, téarma go measfaí gur thosaigh an t-athfhostú nó an t-athfhruiliú cibé lá a bheidh comhaontaithe ag an bhfostóir lena mbaineann agus ag na fostaithe nó thar a gceann nó, cheal comhaontú den sórt sin, ar an dáta is luaithe a tairgeadh do mhóramh fhostaithe eile an fhostóra chéanna ab ábhar don fhrithdhúnadh lena mbaineann nó a ghlac páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile lena mbaineann go ndéanfaí iad a athfhostú nó a athfhruiliú, de réir mar a bheidh.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) cine, dath nó gnéaschlaonadh an fhostaí,

(ee) aois an fhostaí,

(eee) gur duine den lucht siúil an fostaí,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, le linn a chinneadh an dífhostú éagórach dífhostú, féadfar aird a thabhairt, má mheasann an coimisinéir um chearta, an Binse nó an Chú irt Chuarda, de réir mara bheidh, gur cuí déanamh amhlaidh—

(a) ar réasúntacht, nó a mhalairt, iompar (cibé acu trí ghníomh nó neamhghníomh) an fhostóra i ndáil leis an dífhostú, agus

(b) ar a mhéid (más aon mhéid é) a chomhlíon nó nár chomhlíon an fostóir, i ndáil leis an bhfostaí, an nós imeachta dá dtagraítear in alt 14 (1) den Acht seo nó forálacha aon chóid cleachtais dá dtagraítear i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Dhífhostú Éagórach (Leasú), 1993 ) d'alt 7 (2) den Acht seo.”.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) (i) má thabhaigh an fostaí aon chaillteanas airgid is inchurtha i leith an dífhostaithe, an fostóir d'íoc cibé cúiteamh leis i leith an chaillteanais (nach mó a mhéid ná luach saothair 104 sheachtain i leith na fostaíochta as ar dífhostaíodh é arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht seo) is cóir agus is cothrom ag féachaint do na imthosca go léir, nó

(ii) murar thabhaigh an fostaí aon chaillteanas airgid den sórt sin, an fostóir d'íoc cibé cúiteamh (más ann, ach nach mó a mhéid ná luach saothair 4 sheachtain i leith na fostaíochta as ar dífhostaíodh é, arna ríomh mar a dúradh) leis an bhfostaí is cóir agus is cothrom ag féachaint do na himthosca go léir,

agus forléireofar na tagairtí sna míreanna sin roimhe seo d'fhostóir, i gcás go n-athróidh úinéireacht ghnó an fhostóra tar éis an dífhostaithe, mar thagairtí don duine a thiocfaidh chun bheith, de bhua an athraithe, i dteideal na húinéireachta sin.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “agus” i mír (c) a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) ar a mhéid (más aon mhéid é) a chomhlíon nó nár chomhlíon an fostóir, i ndáil leis an bhfostaí, an nós imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 14 den Acht seo nó forálacha aon chóid cleachtais a bhaineann le nósanna imeachta maidir le dífhostú a cheadaigh an tAire,

(e) ar a mhéid (más aon mhéid é) a chomhlíon nó nár chomhlíon an fostóir, i ndáil leis an bhfostaí, an t-alt sin 14, agus

(f) ar a mhéid (más aon mhéid é) a chuidigh iompar an fhostaí (cibé acu trí ghníomh nó neamhghníomh) leis an dífhostú.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Le linn caillteanas airgid a ríomh chun críocha fho-alt (1), tabharfar neamhaird ar íocaíochtaí leis an bhfostaí—

(a) faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1993, i leith aon tréimhse tar éis an dífhostaithe lena mbaineann, nó

(b) faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a éiríonn de bharr an dífhostaithe.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2), (3) agus (4):

“(1A) Áireofar—

(a) i moladh ó choimisinéir um chearta faoi fho-alt (1) den alt seo,

(b) i gcinneadh ón mBinse faoin bhfo-alt sin (1), agus

(c) in ordú ón gCúirt Chuarda, faoi alt 11 den Acht um Dhífhostú Éagórach (Leasú), 1993 ,

faoina ndéanfar sásamh sonraithe faoin Acht seo a dhámhadh d'fhostaí, ráiteas maidir leis na cúiseanna nach ndearnadh ceachtar de na foirmeacha eile sásaimh a shonraítear in alt 7 (1) den Acht seo a dhámhadh don fhostaí.

(2) Déanfar éileamh ar shásamh faoin Acht seo a thionscnamh trí fhógra i scríbhinn (ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a shonrófar i rialacháin faoi alt 17 den Acht seo arna ndéanamh chun críocha fho-alt (8) den alt seo) a thabhairt do choimisinéir um chearta nó don Bhinse, de réir mar a bheidh—

(a) laistigh den tréimhse 6 mhí dar tosach dáta an dífhostaithe iomchuí, nó

(b) i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta nó leis an mBinse, de réir mar a bheidh, nárbh fhéidir, de dheasca imthosca eisceachtúla, an fógra a thabhairt laistigh den tréimhse a dúradh, ansin, laistigh de cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí ón dáta a dúradh a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, a bheith réasúnach,

agus tabharfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, cóip den fhógra don fhostóir lena mbaineann, a luaithe is féidir tar éis don choimisinéir um chearta nó don Bhinse an fógra a fháil.

(3) Ní éistfidh coimisinéir um chearta éileamh ar shásamh faoin Acht seo—

(a) má tá cinneadh i ndáil leis an éileamh déanta ag an mBinse, nó

(b) má thugann aon pháirtí lena mbaineann fógra don choimisinéir um chearta i scríbhinn, laistigh de 21 lá tar éis an chóip den fhógra lena mbaineann, dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a bhaineann leis an éileamh, a thabhairt don fhostóir de bhun an fho-ailt sin, go bhfuil sé in aghaidh an t-éileamh a éisteacht ag coimisinéir um chearta.

(4) (a) Más rud é nár chuir an fostóir moladh ó choimisinéir um chearta i ndáil le héileamh ar shásamh faoin Acht seo i gcrích de réir théarmaí an mholta, go bhfuil an tráth chun achomharc a thabhairt i gcoinne an mholta imithe in éag agus nach bhfuil aon achomharc den sórt sin tugtha, féadfaidh an fostaí lena mbaineann an t-éileamh a thabhairt os comhair an Bhinse agus déanfaidh an Binse, d'ainneoin fho-alt (5) den alt seo, gan an fostóir lena mbaineann ná aon fhianaise a éisteacht (seachas i ndáil leis na nithe réamhráite), cinneadh leis an éifeacht chéanna is atá leis an moladh.

(b) Tabharfar éileamh os comhair an Bhinse de bhua an fho-ailt seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Bhinse ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a shonrófar i rialacháin faoi alt 17 den Acht seo arna ndéanamh chun críocha fho-alt (8) den alt seo.”,

(b) i bhfo-alt (5),

(i) trí “Faoi réir fho-alt (4) den alt seo,” a scriosadh, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) mura dtabharfaidh ceann de na páirtithe lena mbaineann fógra i scríbhinn, sula dtosóidh éisteacht an éilimh—

(i) i gcás go ndearnadh an t-éileamh a thionscnamh os comhair coimisinéara um chearta, don choimisinéir um chearta, nó

(ii) in aon chás eile, don Bhinse,

go bhfuil sé in aghaidh an t-éileamh a éisteacht ag coimisinéir um chearta.”,

(c) i bhfo-alt (9), trí “ach ‘fíneáil nach mó ná £1,000’ a chur in ionad ‘fíneáil nach mó ná fiche punt’ i mír (e) den fho-alt sin 17” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt sin 39”, agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) (a) Ní dhéanfar díospóid i ndáil le dífhostú a ndearna coimisinéir um chearta moladh maidir leis faoin Acht seo, nó ar thosaigh éisteacht ag Binse faoin Acht seo maidir leis, a tharchur, faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990, chuig coimisinéir um chearta ná chuig an gCúirt Oibreachais.

(a) Más rud é, i ndáil le dífhostú, go ndearna coimisinéir um chearta moladh, nó gur thosaigh éisteacht ag an gCúirt Oibreachais faoi na hAchtanna a dúradh, ní bheidh an fostaí lena mbaineann i dteideal sásaimh faoin Acht seo i leith an dífhostaithe.

(11) Más rud é gur dífhostú éagórach dífhostú fostaí agus gur sháraigh téarma nó coinníoll sa chonradh fostaíochta lena mbaineann aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1993, nó aon fhoráil a rinneadh fúthu, beidh an fostaí, d'ainneoin an tsáraithe, i dteideal sásaimh faoin Acht seo i leith an dífhostaithe.

(12) Más rud é, in imeachtaí faoin Acht seo, go suífear gur sháraigh téarma nó coinníoll i gconradh fostaíochta aon fhoráil den sórt sin a dúradh, tabharfaidh an coimisinéir um chearta, an Binse nó an Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, fógra do na Coimisinéirí Ioncaim nó don Aire Leasa Shóisialaigh, de réir mar is cuí, faoin ábhar.”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí “tabharfaidh an Binse cóip den fhógra don pháirtí áirithe eile a luaithe is féidir tar éis dó an fógra a fháil” a chur in ionad “tabharfar cóip den fhógra don pháirtí áirithe eile laistigh de na 6 sheachtain sin” i bhfo-alt (2).

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) An tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do nós imeachta is tagairt í do nós imeachta ar ar comhaontaíodh ag an bhfostóir lena mbaineann nó thar a cheann agus ag an bhfostaí lena mbaineann nó ag ceardchumann nó comhlacht eiscthe de réir bhrí an Achta Ceárd-Chumann, 1941 , a bhí á ionadú nó atá bunaithe le gnás agus cleachtas na fostaíochta lena mbaineann, agus na tagairtí i bhfo-alt (2) den alt seo d'athrú ar an nós imeachta sin is tagairtí iad d'athrú ar ar chomhaontaigh an fostóir lena mbaineann nó duine a bhí á ionadú agus an fostaí lena mbaineann nó ceardchumann, nó comhlacht eiscthe, de réir na brí a dúradh, a bhí á ionadú.

(4) I gcás go ndífhostófar fostaí, déanfaidh an fostóir, má iarrtar sin air, sonraí i scríbhinn faoi phríomhfhorais an dífhostaithea thabhairt don fhostaí laistigh de 14 lá ó dháta an iarratais ach le linn a bheith á chinneadh chun críocha an Achta seo ar dhífhostú éagórach, de réir fhorálacha an Achta seo, an dífhostú, féadfar aon fhorais eile a chur i gcuntas is forais shuntasacha, faoi réir fhorálacha an Achta seo agus ag féachaint do na himthosca go léir, a thabharfaidh gur dífhostú cóir an dífhostú.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) I gcás go ndéanfaidh coimisinéir um chearta moladh i leith éilimh ag fostaí le haghaidh sásaimh faoin Acht seo nó gur thosaigh an Binse ar éileamh a éisteacht, ní bheidh an fostaí i dteideal damáistí a ghnóthú faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach maidir leis an dífhostú lena mbaineann.

(3) I gcás gur thosaigh cúirt ar imeachtaí a éisteacht le haghaidh damáistí faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach fostaí, ní bheidh an fostaí i dteideal sásaimh faoin Acht seo maidir leis an dífhostú lena mbaineann na himeachtaí.”.

Achomhairc i gcoinne cinntí ón mBinse agus cinntí ón mBinse a chur i bhfeidhm.

11. —(1) Féadfaidh páirtí lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne cinnidh ón mBinse i ndáil le héileamh ar shásamh faoin bPríomh-Acht laistigh de 6 sheachtain ón dáta a cuireadh an cinneadh i bhfios do na páirtithe.

(2) (a) I gcás go gcinnfidh an Chúirt Chuarda in imeachtaí faoin alt seo go bhfuil fostaí i dteideal sásaimh faoin bPríomh-Acht, ordóidh sí don fhostóir lena mbaineann an sásamh iomchuí a thabhairt don fhostaí.

(b) Má mhainníonn fostóir ordú ón gCúirt Chuarda faoi mhír (a) den fho-alt seo (“an t-ordú tosaigh”) a chomhlíonadh, déanfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas chuige sin chuici—

(i) ón bhfostaí lena mbaineann, nó

(ii) má mheasann sé gur cuí an t-iarratas a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, ón Aire,

(I) cibé ordú chun an t-ordú tosaigh a chur i bhfeidhm is cuí léi a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(II) i gcás gur ordaíodh leis an ordú tosaigh an fostaí lena mbaineann a athfhostú nó a athfhruiliú agus go measfaidh an Chúirt sin gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint do na himthosca go léir, in ionad ordú a dhéanamh faoi fhomhír (I), ordú á ordú don fhostóir, in ionad an fostaí a athfhostú nó a athfhruiliú, cúiteamh a íoc leis faoi alt 7 (1) (c) den Phríomh-Acht agus ag tabhairt cibé ordachán chun an t-ordú is déanaí atá luaite a chur i bhfeidhm is cuí léi ag féachaint do na himthosca go léir.

(3) (a) Má mhainníonn fostóir cinneadh ón mBinse i ndáil le héileamh ar shásamh faoin bPríomh-Acht a chur i gcrích de réir théarmaí an chinnidh laistigh de 6 sheachtain ón dáta a cuireadh an cinneadh i bhfios do na páirtithe, déanfaidh an Chúirt Chuarda ar iarratas chuige sin chuici—

(i) ón bhfostaí lena mbaineann, nó

(ii) má mheasann sé gur cuí an t-iarratas a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, ón Aire,

gan an fostóir ná aon fhianaise (seachas i ndáil leis na nithe réamhráite) a éisteacht—

(I) ordú á ordú don fhostóir an cinneadh a chur i gcrích de réir théarmaí an chinnidh, nó

(II) i gcás gur ordaíodh leis an gcinneadh an fostaí lena mbaineann a athfhostú nó a athfhruiliú agus go measfaidh an Chúirt sin gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint do na himthosca go léir, in ionad ordú a dhéanamh faoi fhomhír (I), ordú á ordú don fhostóir, in ionad an fostaí a athfhostú nó a athfhruiliú, cúiteamh a íoc leis faoi alt 7 (1) (c) den Phríomh-Acht agus ag tabhairt cibé ordacháin chun an t-ordú deiridh a chur i bhfeidhm is cuí léi ag féachaint do na himthosca go léir.

(b) An tagairt do chinneadh ón mBinse i mír (a) den fho-alt seo, is tagairt í do chinneadh den sórt sin nach mbeidh, ar éag don tráth chun achomharc a thabhairt ina choinne, aon achomharc den sórt sin tugtha i ndáil leis, nó má tugadh aon achomharc den sórt sin gur tréigeadh é agus déanfar an tagairt don dáta a cuireadh an cinneadh i bhfios do na páirtithe a fhorléiriú, i gcás gur tréigeadh achomharc den sórt sin, mar thagairt do dháta an tréigin sin.

(4) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, in ordú faoin alt seo, má mheasann sí sna imthosca go léir gur cuí déanamh amhlaidh—

(a) i gcás go mbainfidh an t-ordú le cúiteamh a íoc, a ordú don fhostóir lena mbaineann ús ar an gcúiteamh de réir an ráta dá dtagraítear in alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1981 , a íoc leis an bhfostaí lena mbaineann i leith na tréimhse iomláine nó aon chuid den tréimhse dar tosach 6 sheachtain tar éis an dáta a cuireadh an cinneadh ón mBinse i bhfios do na páirtithe agus dar críoch dáta an ordaithe, agus

(b) i gcás go mbainfidh an t-ordú le hathfhostú nó athfhruiliú, a ordú don fhostóir cúiteamh de cibé méid a mheasfaidh sí a bheith réasúnach a íoc leis an bhfostaí i leith an chaillteanais pá a d'fhulaing an fostaí toisc gur mhainnigh an fostóir an cinneadh a dúradh a chomhlíonadh.

(5) Is sa chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha a éistfear imeachtaí faoin alt seo.

Fianaise ar mhainneachtain freastal os comhair Binse nó fianaise a thabhairt nó doiciméid a thabhairt ar aird do Bhinse.

12. —Maidir le doiciméad a airbheartaíonn a bheith sínithe ag cathaoirleach, nó ag leaschathaoirleach de chuid, an Bhinse á rá—

(a) gur ceanglaíodh, trí fhógra faoi mhír (c) d'alt 39 (17) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , ar dhuine arna ainmniú sa doiciméad freastal os comhair an Bhinse lá agus tráth agus in áit a sonraíodh sa doiciméad chun fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird,

(b) gur tionóladh cruinniú den Bhinse an lá sin agus an tráth sin agus san áit sin, agus

(c) nár fhreastail an duine os comhair an Bhinse de bhun an fhógra nó, de réir mar a bheidh, tar éis freastal amhlaidh, gur dhiúltaigh sé fianaise a thabhairt, nó gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé an doiciméad a thabhairt ar aird,

beidh sé, in ionchúiseamh an duine faoi mhír (e) den alt sin 39 (17), ina fhianaise ar na nithe a deirtear amhlaidh gan aon chruthúnas breise.

Gníomhaireachtaí fostaíochta.

13. —Más rud é, cibé acu roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, ar an dáta sin nó dá éis, go n-aontaíonn pearsa aonair le duine eile, atá ag seoladh gnó gníomhaireachta fostaíochta de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971 , agus atá ag gníomhú i gcúrsa an ghnó sin, aon obair nó seirbhís do thríú duine a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta (cibé acu atá nó nach bhfuil an tríú duine ina pháirtí sa chonradh agus cibé acu a íocann nó nach n-íocann an tríú duine pá nó tuarastal na pearsan aonair i leith na hoibre nó na seirbhíse), ansin, chun críocha an Phríomh-Achta, maidir le dífhostú a tharlóidh tar éis an tosach feidhme sin—

(a) measfar gur fostaí é an phearsa aonair atá fostaithe ag an tríú duine faoi chonradh fostaíochta,

(b) i gcás go ndearnadh an conradh roimh an tosach feidhme sin, measfar go ndearnadh é ar an tosach feidhme sin, agus

(c) dé anfar aon sásamh faoin bPríomh-Acht i ndífhostú éagórach na pearsan aonair faoin gconradh a dhámhadh in aghaidh an tríú duine.

Daoine a dhífhostú le linn printíseachta, oiliúna, etc., nó le linn na chéad bhliana seirbhíse, mar gheall ar chomhaltas de cheardchumann nó gníomhaíochtaí ceardchumainn.

14. —Ní bheidh feidhm ag ailt 2 (1), 3 agus 4 agus fo-ailt ailt (1) agus (6) d'alt 6 den Phríomh-Acht maidir le duine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) den alt sin 2 (1) nó san alt sin 3 nó 4 a dífhostaíodh más rud é gur go hiomlán nó go formhór de dheasca ábhair amháin nó níos mó de na hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 6 a tharla an dífhostú.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 .

15. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 7 (a cuireadh isteach leis an bPríomh-Acht):

“7. I gcás gur aistríodh nó go n-aistreofar trádáil, gnó nó gnóthas go hiomlán nó go páirteach chuig duine eile roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, déanfar seirbhís fostaí, roimh an aistriú, sa trádáil, sa ghnó nó sa ghnóthas nó sa chuid di nó de a aistríodh amhlaidh—

(a) a á ireamh mar chuid de sheirbhís an fhostaí leis an aistrí, agus

(b) ní oibreoidh an t-aistriú chun leanúnachas sheirbhísan fhostaí a bhriseadh,

mura rud é go bhfuair agus gur choimeád an fostaí íocaíocht iomarcaíochta ón aistreoir tráth an aistrithe agus dá bharr.”.

Aisghairm.

16. —Aisghairtear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú, tosach feidhme agus feidhm.

17. —(1) Féadfar an tAcht um Dhífhostú Éagórach (Leasú), 1993 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, a ghairm de na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 agus 1991, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 agus 1991, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1993.

(5) Beidh éifeacht leis an Acht seo maidir le dífhostuithe a tharlóidh tar éis thosach feidhme an Achta seo.