An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Slua-Rialú ag Imeachtaí Poiblí)

2 1994

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (ORD POIBLÍ), 1994

CUID II

Cionta a Bhaineann le hOrd Poiblí

Léiriú (Cuid II).

3. —Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— folaíonn “teaghais” foirgneamh, feithicil nó soitheach a úsáidtear de ghnáth chun cónaithe;

ciallaíonn “áit phríobháideach” áit nach áit phoiblí;

folaíonn “áit phoiblí”—

(a) aon mhórbhealach,

(b) aon limistéar allamuigh a bhfuil, an tráth ábhartha, rochtain nó cead rochtana ag daoine den phobal air, ó cheart nó mar fhoghlaí nó ar shlí eile, agus a úsáidtear chun críocha áineasa phoiblí,

(c) aon reilig nó cill,

(d) aon áitreabh nó áit eile a bhfuil, an tráth ábhartha, rochtain nó cead rochtana ag daoine den phobal air nó uirthi, ó cheart nó le cead sainráite nó intuigthe, nó ar íocaíocht a dhéanamh nó ar shlí eile, agus

(e) aon traein, soitheach nó feithicil a úsáidtear chun daoine a iompar ar luaíocht.

Meisce in áit phoiblí.

4. —(1) Is cion é ag aon duine a bheith i láthair in aon áit phoiblí agus é chomh mór sin ar meisce gur réasúnach ábhar imní a bheith ann go gcuirfeadh sé é féin nó aon duine eile ina chomharsanacht i gcontúirt.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(3) Más rud é go mbeidh drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil cion faoin alt seo nó faoi alt 5 6 á dhéanamh, féadfaidh an comhalta lena mbaineann, gan bharántas, aon bhuidéal nó coimeádán, mar aon lena bhfuil ann—

(a) atá ina sheilbh, in áit seachas áit a úsáidtear mar theaghais, ag duine a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin maidir leis go ndearna sé an cion, agus

(b) a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil substaint mheisciúil ann,

a urghabháil, a fháil nó a thabhairt chun siúil:

Ar choinníoll nach bhféadfar, le linn an fo-alt seo a bheith á chur chun feidhme maidir le halt 56, aon bhuidéal nó coimeádán den sórt sin, mar aon lena bhfuil ann, a urghabháil, a fháil nó a thabhairt chun siúil amhlaidh ach amháin i gcás ina mbeidh drochamhras ar an gcomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil an buidéal nó an coimeádán, nó a bhfuil ann, iomchuí maidir leis an gcion faoi alt 5 6 a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta go bhfuil sé á dhéanamh.

(4) San alt seo—

ní fholaíonn “buidéal nó coimeádán” buidéal nó coimeádán le haghaidh substainte atá i seilbh an duine lena mbaineann chun críche seachas chun an duine sin nó aon duine eile a chur ar meisce;

ciallaíonn “ar meisce” faoi bhrí mheisciúil aon dí alcólaí, druga, tuaslagóra nó substainte eile nó teaglama de shubstaintí agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Iompar mí-ordúil in áit phoiblí.

5. —(1) Is cion é ag aon duine in áit phoiblí gabháil d'iompar colúil—

(a) idir a 12 a chlog meán oíche agus a 7 a chlog an mhaidin dár gcionn, nó

(b) aon tráth eile, tar éis do chomhalta den Gharda Síochána a iarraidh air scor den iompar sin.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) San alt seo ciallaíonn “iompar colúil” aon iompraíocht mhíréasúnach ar dóigh di, ag féachaint do na himthosca go léir, col mór a chur ar aon duine, nó crá mór a thabhairt d'aon duine, ar feasach dó, nó a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis gur feasach dó, an iompraíocht sin.

Iompraíocht bhagrach, mhaslach nó tharcaisneach in áit phoiblí.

6. —(1) Is cion é ag aon duine in áit phoiblí aon fhocail bhagracha, mhaslacha nó tharcaisneacha a úsáid, nó gabháil d'aon iompraíocht bhagrach, mhaslach nó tharcaisneach, le hintinn briseadh síochána a bhriogadh nó le meargántacht i dtaobh an bhféadfadh briseadh síochána a bheith ann dá thoradh.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air.

Ábhar atá bagrach, maslach, tarcaisneach nó graosta a dháileadh nó a chur ar taispeáint in áit phoiblí.

7. —(1) Is cion é ag aon duine in áit phoiblí aon scríbhinn, sín nó léiriú infheicthe atá bagrach, maslach, tarcaisneach nó graosta a dháileadh nó a chur ar taispeáint le hintinn briseadh síochána a bhriogadh nó le meargántacht i dtaobh an bhféadfadh briseadh síochána a bheith ann dá thoradh.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air.

Mainneachtain ordachán ó chomhalta den Gharda Síochána a chomhlíonadh.

8. —(1) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána duine in áit phoiblí agus go mbeidh drochamhras ar an gcomhalta sin, agus cúis réasúnach aige leis, maidir leis an duine sin—

(a) go bhfuil sé nó go raibh sé ag gníomhú ar mhodh atá contrártha d'fhorálacha alt 4 , 5, 6, 79, nó

(b) go bhfuil sé, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, ag gníomhú ar mhodh is síománaíocht in áit phoiblí in imthosca, a bhféadfaidh comhluadar daoine eile a bheith san áireamh iontu, inar réasúnach ábhar imní a bheith ann maidir le sábháilteacht daoine nó sábháilteacht maoine nó maidir le coimeád na síochána poiblí,

féadfaidh an comhalta a ordú don duine a bhfuil drochamhras ann maidir leis amhlaidh ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, is é sin le rá:

(i) scor de bheith ag gníomhú ar mhodh den sórt sin, agus

(ii) imeacht láithreach ó chomharsanacht na háite lena mbaineann ar mhodh sítheach nó ordúil.

(2) Is cion é ag aon duine, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, mainneachtain ordachán arna thabhairt ag comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo a chomhlíonadh.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

Bac toiliúil.

9. —Aon duine a dhéanfaidh go toiliúil, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, saorbhealach aon duine nó aon fheithicle in aon áit phoiblí a chosc, nó cur isteach air, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

Méadú ar phionós mar gheall ar mhionionsaí, etc.

10. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 11:

“(2) Aon duine a chiontófar i mionionsaí nó i slacairt, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Dul isteach i bhfoirgneamh, etc., le hintinn cion a dhéanamh.

11. —(1) Is cion é ag duine—

(a) dul isteach in aon fhoirgneamh nó i gcúirtealáiste aon fhoirgnimh nó in aon chuid d'fhoirgneamh nó de chúirtealáiste den sórt sin mar fhoghlaí, nó

(b) a bheith laistigh de chomharsanacht aon fhoirgnimh nó cúirtealáiste den sórt sin, nó aon chuid d'fhoirgneamh nó de chúirtealáiste den sórt sin, chun foghail a dhéanamh ar an gcéanna,

in imthosca is bun leis an tátal réasúnach gur le hintinn cion a dhéanamh nó le hintinn cur isteach go neamhdhleathach ar aon mhaoin atá ann a chuathas isteach ann nó a bhíothas ann.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

Leasú ar an Vagrancy Act, 1824.

12. —Leasaítear leis seo alt 4 (arna chur chun feidhme maidir le hÉirinn leis an Prevention of Crimes Act, 1871) den Vagrancy Act, 1824, trí “every person being found in or upon any dwelling house, warehouse, coach-house, stable, or outhouse, or in any enclosed yard, garden or area, for any unlawful purpose;” a scriosadh.

Foghail ar fhoirgneamh, etc.

13. —(1) Is cion é ag duine, gan leithscéal réasúnach, foghail a dhéanamh ar aon fhoirgneamh nó ar chúirtealáiste aon fhoirgnimh ar mhodh a chuireann eagla, nó ar dóigh dó eagla a chur, ar dhuine eile.

(2) (a) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána duine in áit lena mbaineann fo-alt (1) agus go mbeidh drochamhras ar an gcomhalta sin, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil nó go raibh an duine sin ag gníomhú ar mhodh atá contrártha d'fhorálacha an fho-ailt sin, ansin féadfaidh an comhalta a ordú don duine a bhfuil drochamhras ann maidir leis amhlaidh ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, is é sin le rá:

(i) scor de bheith ag gníomhú ar mhodh den sórt sin, agus

(ii) imeacht láithreach ó chomharsanacht na háite lena mbaineann ar mhodh sítheach nó ordúil.

(b) Is cion é ag aon duine, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, mainneachtain ordachán arna thabhairt ag comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo a chomhlíonadh.

(3) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

Círéib.

14. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh 12 dhuine nó níos mó, atá i láthair le chéile in aon áit (cibé acu is áit phoiblí nó áit phríobháideach nó iad araon an áit sin), foréigean neamhdhleathach a úsáid nó a bhagairt le haghaidh comhchuspóra, agus

(b) go mbeidh iompar na ndaoine sin, á ghlacadh ina iomláine, de chineál a bheadh ina chúis le heagla a chur ar dhuine réasúnta diongbháilte, a bheadh i láthair san áit sin, maidir lena shábháilteacht féin nó le sábháilteacht duine eile,

ansin, beidh gach duine de na daoine a úsáidfidh foréigean neamhdhleathach le haghaidh an chomhchuspóra ciontach sa chion ar círéib é.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní bhainfidh sé le hábhar cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an 12 dhuine nó níos mó, go comhuaineach, foréigean neamhdhleathach a úsáid nó a bhagairt in aon áit;

(b) is intuigthe an comhchuspóir ón iompar;

(c) ní gá aon duine réasúnta diongbháilte a bheith i láthair iarbhír, nó gur dóigh do dhuine den sórt sin a bheith i láthair, san áit sin.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion ar círéib é dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air.

(4) Cealaítear leis seo an cion faoin dlí coiteann ar círéib é.

Mí-ord foréigneach.

15. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh triúr nó níos mó, atá i láthair le chéile in aon áit (cibé acu is áit phoiblí nó áit phríobháideach nó iad araon an áit sin), foréigean neamhdhleathach a úsáid nó a bhagairt, agus

(b) go mbeidh iompar na ndaoine sin, á ghlacadh ina iomláine, de chineál a bheadh ina chúis le heagla a chur ar dhuine réasúnta diongbháilte, a bheadh i láthair san áit sin, maidir lena shábháilteacht féin nó le sábháilteacht duine eile,

ansin, beidh gach duine de na daoine a úsáidfidh nó a bhagróidh foréigean neamhdhleathach ciontach sa chion ar mí-ord foréigneach é.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní bhainfidh sé le hábhar cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an triúr nó níos mó, go comhuaineach, foréigean neamhdhleathach a úsáid nó a bhagairt;

(b) ní gá aon duine réasúnta diongbháilte a bheith i láthair iarbhír, nó gur dóigh do dhuine den sórt sin a bheith i láthair, san áit sin.

(3) Ní chiontófar duine sa chion ar mí-ord foréigneach é mura mbeartaíonn an duine foréigean a úsáid nó a bhagairt nó mura bhfuil a fhios aige go bhféadfadh a chuid iompair a bheith foréigneach nó foréigean a bhagairt.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion ar mí-ord foréigneach é dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air.

(5) Déanfar aon tagairt, cibé slí a bheidh sí sainráite, in aon achtachán a ritheadh roimh thosach feidhme an Achta seo—

(a) don chion faoin dlí coiteann ar círéib é, nó

(b) don chion faoin dlí coiteann ar círéib é agus do racán,

a fhorléiriú mar thagairt don chion ar mí-ord foréigneach é.

(6) Cealaítear leis seo an cion faoin dlí coiteann ar rúta é agus an cion faoin dlí coiteann ar tionól neamhdhleathach é.

Gráscar.

16. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh beirt nó níos mó in aon áit (cibé acu is áit phoiblí nó áit phríobháideach nó iad araon an áit sin) foréigean a úsáid nó a bhagairt ar a chéile, agus

(b) gur foréigean neamhdhleathach an foréigean a úsáidfidh nó a bhagróidh duine de na daoine sin amhlaidh, agus

(c) go mbeidh iompar na ndaoine sin, á ghlacadh ina iomláine, de chineál a bheadh ina chúis le heagla a chur ar dhuine réasúnta diongbháilte, a bheadh i láthair san áit sin, maidir lena shábháilteacht féin nó le sábháilteacht duine eile,

ansin, beidh gach duine den sórt sin a úsáidfidh nó a bhagróidh foréigean neamhdhleathach ciontach sa chion ar gráscar é.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní fhéadfar bagairt a dhéanamh le focail agus leo sin amháin;

(b) ní gá aon duine réasúnta diongbháilte a bheith i láthair iarbhír, nó gur dóigh do dhuine den sórt sin a bheith i láthair, san áit inar tharla an úsáid nó an bhagairt foréigin.

(3) Ní chiontófar duine sa chion ar gráscar é mura mbeartaíonn an duine foréigean a úsáid nó a bhagairt nó mura bhfuil a fhios aige go bhféadfadh a chuid iompair a bheith foréigneach nó foréigean a bhagairt.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion ar gráscar é, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(5) Cealaítear leis seo an cion faoin dlí coiteann ar gráscar é.

Dúmhál, sracadh agus airgead a éileamh go bagrach.

17. —(1) Is cion é ag aon duine aon éileamh gan údar a dhéanamh go bagrach d'fhonn gnóchan a fháil dó féin nó do dhuine eile nó le hintinn é a bheith ina chúis le caillteanas do dhuine eile.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní bheidh údar le héileamh bagrach mura mbeidh an duine a dhéanfaidh é á dhéanamh amhlaidh á chreidiúint dó—

(i) go bhfuil forais réasúnacha aige chun an t-éileamh a dhéanamh, agus

(ii) gur modh cuí chun an t-éileamh a athneartú é na bagairtí a dhéanamh;

(b) ní bheidh cineál an ghnímh nó an neamhghnímh a éileofar bainteach le hábhar agus ní bhainfidh sé le hábhar ach oiread cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann na bagairtí le gníomh a bheidh le déanamh ag an duine a dhéanfaidh an t-éileamh.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana, nó iad araon, a chur air.

Ionsaí le hintinn díobháil choirp nó cion indíotáilte a dhéanamh.

18. —(1) Aon duine a ionsóidh aon duine le hintinn díobháil choirp nó cion indíotáilte a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

Ionsaí nó bac ar oifigeach síochána.

19. —(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh oifigeach síochána ag gníomhú dó i gcomhlíonadh dhualgas an oifigigh síochána a ionsaí, agus a fhios aige gur oifigeach síochána é, nó le meargántacht i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil sé ina oifigeach síochána, atá ag gníomhú i gcomhlíonadh a dhualgais, nó

(b) a ionsóidh aon duine eile atá ag gníomhú i gcabhair ar oifigeach síochána, nó

(c) a ionsóidh aon duine eile le hintinn a ghabháil dhleathach nó a choinneáil dhleathach féin, nó gabháil dhleathach nó coinneáil dhleathach aon duine eile, mar gheall ar aon chion, a chomhrac nó a chosc,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear—

(a) tar éis dó a roghnú go ndéanfaí an cion a chur de láimh go hachomair, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(3) Aon duine a dhéanfaidh oifigeach síochána ag gníomhú dó i gcomhlíonadh a dhualgais nó duine atá ag cabhrú le hoifigeach síochána i gcomhlíonadh a dhualgais a chomhrac nó a bhacadh go toiliúil, agus a fhios aige gur oifigeach síochána é, nó le meargántacht i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil sé ina oifigeach síochána, atá ag gníomhú i gcomhlíonadh a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (3) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

(5) Maidir le forálacha an ailt seo, is forálacha iad i dteannta, agus ní forálacha iad in ionad, aon fhorála in aon achtachán eile a bhaineann le hionsaí nó bac ar oifigeach síochána.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach síochána” comhalta den Gharda Síochána, oifigeach príosúin nó comhalta d'Óglaigh na hÉireann;

ciallaíonn “príosún” aon áit a bhféadfar rialacha nó rialacháin a dhéanamh ina leith faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, alt 7 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940 , alt 233 den Acht Cosanta, 1954 , alt 2 d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 , nó alt 13 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 ;

folaíonn “oifigeach príosúin” aon chomhalta d'fhoireann príosúin agus aon duine a bhfuil duine atá á choinneáil i bpríosún faoina choimeád, nó a bhfuil dualgais air i ndáil le coimeád duine den sórt sin.