An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cionta a Bhaineann le hOrd Poiblí) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach agus Aisghairm)

2 1994

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (ORD POIBLÍ), 1994

CUID III

Slua-Rialú ag Imeachtaí Poiblí

Léiriú (Cuid III).

20. —Sa Chuid seo—

ní fholaíonn “coimeádán” coimeádán le haghaidh aon táirge leigheasaigh;

folaíonn “coimeádán indiúscartha”—

(a) aon bhuidéal, aon channa nó aon choimeádán iniompartha eile nó aon chuid den chéanna (lena n-áirítear aon choimeádán iniompartha atá brúite nó briste nó aon chuid den chéanna) chun aon deoch a choinneáil agus ar de chineál é a ndéantar de ghnáth, nuair a bhíonn sé folamh, é a chaitheamh i leataobh nó a thabhairt ar ais don soláthraí, nó a fhágáil lena aisghabháil ag an soláthraí, agus

(b) aon chliathbhosca nó aon phacáistiú atá deartha chun níos mó ná buidéal amháin, canna amháin nó coimeádán iniompartha amháin den sórt sin a choinneáil;

tá le “imeacht” an bhrí a shanntar dó le halt 21 (1);

folaíonn “deoch mheisciúil” aon choimeádán ina bhfuil deoch mheisciúil, cibé acu is coimeádán indiúscartha é nó nach ea.

Rochtain ar imeachtaí áirithe a rialú, etc.

21. —(1) Más dealraitheach do chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort gur gá, ar mhaithe le sábháilteacht nó chun ord a choimeád, rochtain daoine ar áit ina bhfuil imeacht ar siúl nó ar tí a bheith ar siúl a shrianadh, ar imeacht é a tharraingeoidh, nó is dócha a tharraingeoidh, mórthionól daoine (dá ngairtear an “imeacht” sa Chuid seo), féadfaidh sé a údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána bacainn nó sraith bacainní a thógáil nó a chur á tógáil ar aon bhóthar, sráid, lána, caolsráid nó modh eile rochtana ar an áit sin i suíomh nach faide ná aon mhíle amháin ón áit sin chun rochtain daoine nó feithiclí ar an áit sin a rialáil.

(2) Más rud é go mbeidh bacainn tógtha de réir fho-alt (1), féadfaidh comhalta den Gharda Síochána faoi éide, le hordachán béil nó láimhe, nó trí aon fhógra nó sín a thaispeáint, nó trí aon teaglaim den chéanna—

(a) daoine a chur ar mhalairt slí, go ginearálta nó go sonrach agus cibé acu atá siad i bhfeithiclí nó ar fheithiclí nó ag taisteal de chois, chuig modh eile rochtana ar an imeacht, lena n-áirítear modh rochtana ar an imeacht sin de chois amháin, nó

(b) más rud é gur gá ticéad a bheith ina sheilbh ag duine chun dul isteach san imeacht, a thoirmeasc ar dhuine, cibé acu atá sé i bhfeithicil nó ar fheithicil nó ag taisteal de chois, an bhacainn i dtreo an imeachta a thrasnú nó gabháil thairsti, i gcás nach mbeidh aon ticéad den sórt sin ag an duine, nó

(c) a chur in iúl gurb amhlaidh, má théann duine thar an mbacainn agus aon deoch mheisciúil, aon choimeádán indiúscartha deochanna nó aon earra colúil ina sheilbh aige, go ndlífear an deoch sin, an coimeádán sin nó an t-earra sin a choigistiú.

(3) Ní dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána a thoirmeasc ar dhuine bacainn a bheidh tógtha faoin alt seo a thrasnú nó gabháil thairsti ach amháin chun an duine a chur ar mhalairt slí chuig modh eile rochtana ar an imeacht, más dealraitheach don chomhalta nach bhfuil an duine ag féachaint leis sin a dhéanamh ach amháin—

(a) chun dul chuig a theaghais nó chuig a áit ghnó nó oibre i gcomharsanacht an imeachta, nó

(b) chun dul, chun aon chríche dleathaí eile, chuig aon áit i gcomharsanacht an imeachta seachas an áit ina bhfuil an t-imeacht ar siúl nó ar tí a bheith ar siúl.

(4) Aon duine—

(a) a mhainneoidh déanamh de réir ordacháin arna thabhairt ag comhalta den Gharda Síochána faoi fho-alt (2), chun críocha mhír (a)(b) den fho-alt sin, nó

(b) a mhainneoidh téarmaí fógra nó síne arna thaispeáint nó arna taispeáint faoi fho-alt (2), chun críocha mhír (a)(b) den fho-alt sin, a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Deoch mheisciúil a thabhairt suas agus a urghabháil, etc.

22. —(1) Más rud é, i ndáil le himeacht—

(a) go mbeidh bacainn tógtha faoi alt 21 agus gur dealraitheach do chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine atá ag taisteal de chois nó i bhfeithicil ag féachaint leis an mbacainn a thrasnú nó le gabháil thairsti, nó tar éis an bhacainn a thrasnú nó gabháil thairsti, chun dul chuig an áit ina bhfuil an t-imeacht ar siúl nó ar tí a bheith ar siúl, nó

(b) gur dealraitheach do chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine ar tí nó tar éis dul isteach san áit ina bhfuil an t-imeacht ar siúl nó ar tí a bheith ar siúl,

agus go bhfuil, nó go mbeidh drochamhras ar an gcomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil—

(i) aon deoch mheisciúil, nó

(ii) aon choimeádán indiúscartha, nó

(iii) aon earra eile a d'fhéadfaí a úsáid, ag féachaint d'imthosca nó do chineál an imeachta, chun díobháil a dhéanamh,

i seilbh an duine, féadfaidh an comhalta aon cheann amháin nó níos mó de na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú—

(I) an duine sin nó aon fheithicil ina bhfuil nó ar a bhfuil sé a chuardach nó a chur á chuardach nó á cuardach, d'fhonn a fháil amach an bhfuil aon deoch mheisciúil, coimeádán nó earra eile den sórt sin leis,

(II) diúltú ligean don duine sin dul ar aghaidh chuig an imeacht nó dul ar aghaidh níos faide, de réir mar a bheidh, mura dtabharfaidh an duine sin suas go buan do chomhalta den Gharda Síochána, de réir mar a ordóidh an comhalta, an deoch sin, an coimeádán sin nó an t-earra eile sin.

(2) Más rud é go ndiúltóidh comhalta den Gharda Síochána ligean do dhuine dul ar aghaidh chuig an imeacht nó dul ar aghaidh níos faide de bhua fho-alt (1) (II) agus nach dtabharfaidh an duine suas an deoch alcólach, an coimeádán indiúscartha nó an t-earra eile lena mbaineann, féadfaidh an comhalta a cheangal ar an duine imeacht ón gcomharsanacht ar mhodh ordúil agus síochánta de réir mar a ordóidh an comhalta.

(3) Aon duine a mhainneoidh, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, ceanglas faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.