1 1995

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1995


AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1995

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977

1977, Uimh. 28

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980

1980, Uimh. 2

Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1995


AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1995

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ ALT 1 DEN ACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ) (UIMH. 2), 1977 . [27 Eanáir, 1995]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 .

1. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (arna leasú le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980 ) trí “seacht nduine dhéag” a chur in ionad “cúig dhuine dhéag”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh, seacht nduine dhéag ar a mhéid, is comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas, a cheapadh chun bheith ina nAirí Stáit ag Ranna Stáit, agus féadfaidh sé tráth ar bith, ar mholadh an Taoisigh, Aire Stáit a cheapfar amhlaidh a chur as oifig.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1995 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1995, a ghairm de na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1983, agus den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.