29 1996

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1996


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (GÁINNEÁIL AR DHRUGAÍ), 1996

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cumhachtaí coinneála.

3.

Leasú ar Acht 1990.

4.

Athghabháil.

5.

Feidhm forálacha áirithe d'Acht 1984.

6.

Rialacháin maidir le hoifigigh chustam agus máil.

7.

Tátail as mainneachtain an chúisí fíorais áirithe a lua.

8.

Barántais chuardaigh.

9.

Leasú ar an Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935.

10.

Caiteachais.

11.

Ré alt áirithe.

12.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraÍtear

An Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990

1990, Uimh. 34

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994

1994, Uimh. 15

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977

1977, Uimh. 12

An tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

An tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935

1935, Uimh 2

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1996


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (GÁINNEÁIL AR DHRUGAÍ), 1996

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CUMHACHTAÍ BREISE COINNEÁLA AG AN nGARDA SÍOCHÁNA I nDIAIDH DAOINE A GHABHÁIL A bhFUILTEAR IN AMHRAS ORTHU GUR GÁINNEÁLAITHE DRUGAÍ IAD, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH EISIÚINT BARÁNTAS CUARDAIGH AG COMHALTAÍ ÁIRITHE DEN GHARDA SÍOCHÁNA I gCÁS CIONTA AMHRASTA I LEITH GÁINNEÁIL AR DHRUGAÍ AGUS LE hAGHAIDH OIFIGIGH CHUSTAM AGUS MÁIL A BHEITH I LÁTHAIR LE LINN DAOINE GAFA ÁIRITHE A BHEITH Á gCEISTIÚ AG AN nGARDA SÍOCHÁNA, AGUS LE hAGHAIDH NA hOIFIGIGH SIN A BHEITH PÁIRTEACH SA CHEISTIÚ SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [31 Iúil, 1996]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “druga rialaithe” an bhrí atá leis in alt 2 d'Acht 1977;

tá le “cion i leith gáinneáil ar dhrugaí” an bhrí atá leis in alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994;

ciallaíonn “breitheamh den Chúirt Dúiche” Uachtarán na Cúirte Dúiche agus aon bhreitheamh eile den Chúirt Dúiche a bheidh arna ainmniú nó arna hainmniú de thuras na huaire chun críocha an Achta seo ag Uachtarán na Cúirte Dúiche;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

forléireofar “áit choinneála” de réir alt 2 (9)(a);

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 ;

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984 ;

ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990.

(2) San Acht seo déanfar aon tagairt do chion a fhorléiriú, i gcás go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, mar thagairt do chion amhrasta.

(3) San Acht seo déanfar tagairt d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo.

(4) San Acht seo, aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo agus aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile nó d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Cumhachtaí coinneála.

2. —(1) (a) I gcás go ngabhfaidh comhalta den Gharda Síochána, gan bharántas, duine (“an duine gafa”) a bhfuil drochamhras aige nó aici air nó uirthi, agus cúis réasúnach aige nó aici leis sin, go ndearna sé nó sí cion i leith gáinneáil ar dhrugaí—

(i) féadfar an duine gafa a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána, agus

(ii) más rud é go bhfuil ag an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin forais réasúnacha chun a chreidiúint, nuair a thagann an duine gafa i láthair ansin, gur gá é nó í a choinneáil chun an cion a imscrúdú go cuí, féadfar an duine gafa a choinneáil sa stáisiún sin go ceann tréimhse nó tréimhsí a údaraítear le fo-alt (2).

(b) Gan dochar do mhír (a), i gcás drochamhras a bheith ag comhalta den Gharda Síochána go bhfuil druga rialaithe á cheilt ag duine gafa ina phearsa nó ina pearsa—

(i) féadfar an duine sin a thabhairt go dtí áit choinneála, agus

(ii) más rud é go bhfuil ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, agus nach bhfuil ag imscrúdú an chiona i leith gáinneáil ar dhrugaí, forais réasúnacha chun a chreidiúint, nuair a thagann an duine sin i láthair ansin, gur gá é nó í a choinneáil chun an cion i leith gáinneáil ar dhrugaí a imscrúdú go cuí, féadfar an duine sin a choinneáil san áit choinneála sin go ceann tréimhse nó tréimhsí a údaraítear le fo-alt (2).

(2) (a) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, ní rachaidh an tréimhse a bhféadfar duine a choinneáil faoi fho-alt (1) thar 6 huaire an chloig ó am a ghabhála nó a gabhála.

(b) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomh-cheannfort a ordú go ndéanfar duine atá á choinneáil nó á coinneáil faoi fho-alt (1) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 18 n-uaire an chloig má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(c) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomh-cheannfort a ordú go ndéanfar duine atá á choinneáil nó á coinneáil de bhun ordacháin faoi mhír (b) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 24 huaire an chloig, má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(d) Féadfar ordachán faoi mhír (b)(c) a thabhairt ó bhéal nó i scríbhinn agus, más ó bhéal a thugtar é, taifeadfar i scríbhinn é a luaithe is indéanta.

(e) I gcás go mbeidh ordachán tugtha faoi mhír (b)(c), taifeadfar gur tugadh an t-ordachán, an dáta agus an t-am ar tugadh é agus ainm agus céim an oifigigh den Gharda Síochána a thug é.

(f) Beidh an t-ordachán nó, más ó bhéal a tugadh é, beidh an taifead i scríbhinn air, sínithe ag an oifigeach a bheidh á thabhairt agus—

(i) luafar ann an dáta agus an t-am ar tugadh é, ainm agus céim an oifigigh agus go raibh forais réasúnacha ag an oifigeach chun a chreidiúint gur ghá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí, agus

(ii) beidh sé i gceangal leis an taifead ar choimeád (de réir bhrí na Rialachán fán Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 (An Bhail a Chuirfear ar Dhaoine Faoi Choimeád i Stáisiúin an Gharda Síochána), 1987) i leith an duine lena mbaineann, agus beidh sé ina chuid den taifead sin.

(g)   (i) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomh-cheannfort iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Chuarda nó chuig breitheamh den Chúirt Dúiche ar bharántas á udarú duine a choinneofar de bhun ordacháin faoi mhír (c) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 72 uair an chloig má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(ii) Ar iarratas faoi fhomhír (i), eiseoidh an breitheamh lena mbaineann barántas á údarú an duine lena mbaineann an t-iarratas a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 72 uair an chloig sa chás, agus sa chás amháin, gur deimhin leis an mbreitheamh gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí agus go bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh go dícheallach dlúsúil.

(h)   (i) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomh-cheannfort iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Chuarda nó chuig breitheamh den Chúirt Dúiche ar bharántas á udarú duine a choinneofar faoi bharántas arna eisiúint de bhun mhír (g) (ii) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 48 n-uaire an chloig, má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(ii) Ar iarratas faoi fhomhír (i), eiseoidh an breitheamh lena mbaineann barántas á údarú an duine lena mbaineann an t-iarratas a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 48 n-uaire an chloig sa chás, agus sa chás amháin, gur deimhin leis an mbreitheamh gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí agus go bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh go dícheallach dlúsúil.

(3) Ar iarratas faoi fho-alt (2), déanfar an duine lena mbaineann an t-iarratas a thabhairt os comhair an bhreithimh lena mbaineann agus éistfidh an breitheamh aon aighneachtaí a dhéanfar agus breithneoidh an breitheamh aon fhianaise a thabharfaidh an duine ar aird, nó a thabharfar ar aird thar a cheann nó thar a ceann, agus a thabharfaidh an t-oifigeach den Gharda Síochána a bheidh ag déanamh an iarratais ar aird, nó a thabharfar ar aird thar a cheann nó thar a ceann.

(4) Nuair a bheidh barántas á eisiúint aige nó faoi fho-alt (2), féadfaidh an breitheamh lena mbaineann a ordú go dtabharfar an duine lena mbaineann os comhair breithimh den Chúirt Chuarda nó breithimh den Chúirt Dúiche tráth nó tráthanna sonraithe le linn na tréimhse coinneála a bheidh sonraithe sa bharántas agus más rud é, ar an duine a thabhairt amhlaidh os comhair breithimh den sórt sin, nach deimhin leis nó léi go bhfuil údar le coinneáil an duine, déanfaidh an breitheamh an barántas a chúlghairm agus ordóidh sé nó sí an duine a scaoileadh saor ó choimeád láithreach.

(5) Más rud é, aon tráth le linn coinneáil duine de bhun an ailt seo, nach bhfuil forais réasúnacha ann a thuilleadh chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion lena mbaineann an choinneáil a imscrúdú go cuí, déanfar, faoi réir fho-alt (6), é nó í a scaoileadh saor ó choimeád láithreach mura rud é go gcúiseofar é nó í i gcion nó go gcuirfear faoi deara é nó í a chúiseamh i gcion agus go dtabharfar os comhair cúirte é nó í a luaithe is féidir i dtaca leis an gcúiseamh sin nó mura mbeidh a choinneáil nó a coinneáil údaraithe ar leith ón Acht seo.

(6) Más rud é, aon tráth le linn coinneáil duine de bhun an ailt seo, go bhfuil drochamhras ag comhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige nó aici leis, go ndearna an duine sin cion i leith gáinneáil ar dhrugaí seachas an cion lena mbaineann an choinneáil agus go bhfuil forais réasúnacha—

(a) ag an gcomhalta den Gharda Síochána a bheidh i gceannas an stáisiúin Garda Síochána an tráth sin, nó

(b) i gcás go mbeidh an duine á choinneáil nó á coinneáil in áit choinneála, ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, agus nach bhfuil ag imscrúdú an chiona lena mbaineann an choinneáil ná an chiona eile,

chun a chreidiúint gur gá leanúint den duine a choinneáil chun an cion eile sin a imscrúdú go cuí, féadfar leanúint den duine a choinneáil i ndáil leis an gcion eile amhail is dá mba é an cion sin an cion ar coinníodh an duine ina leith i dtosach.

(7) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach gcoinneofar duine de bhun an ailt seo go ceann tréimhse is faide ná 168 n-uaire an chloig ón tráth a ngabhfar é nó í, gan aon tréimhse atá le heisiamh faoi alt 4(8) d'Acht 1984 (arna chur chun feidhme le halt 5) a áireamh nuair a bheidh tréimhse choinneála á ríomh.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'oibriú alt 30 d'Acht 1939 nó alt 4 d'Acht 1984.

(9) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar áiteanna sonraithe mar áiteanna ina bhféadfar duine a choinneáil de bhun fho-alt (1) (b), agus gairtear “áit choinneála” san Acht seo d'áit atá sonraithe amhlaidh de thuras na huaire.

(b) Tá feidhm ag alt 7 d'Acht 1984 agus ag aon rialacháin arna ndéanamh faoi, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le háiteanna coinneála mar atá feidhm acu i ndáil le stáisiúin Garda Síochána.

(10) Déanfar gach rialachán arna dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Leasú ar Acht 1990.

3. —Leasaítear leis seo Acht 1990—

(a) in alt 2—

(i) trí “faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , nó faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coirúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996,” a chur in ionad ”nó faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ,” i bhfo-alt (1), agus

(ii) trí “, nó ciona i leith gáinneáil ar dhrugaí de réir bhrí alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994” a chur isteach i ndiaidh “1984” i mír (b) d'fho-alt (3),

agus

(b) in alt 4, trí “faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , nó faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 ,” a chur in ionad “nó faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ,” i bhfo-alt (2) den alt sin.

Athghabháil.

4. —(1) I gcás go gcoinneofar duine de bhun alt 2 agus go scaoilfear saor é nó í gan aon chúiseamh a bheith déanta ina choinne nó ina coinne—

(a) ní ghabhfar arís é nó í i dtaca leis an gcion lenar bhain an choinneáil, ná

(b) ní ghabhfar é nó í maidir le haon chion eile a raibh drochamhras ina leith ag an gcomhalta den Gharda Síochána a ghabh é nó í nó ar cheart dó nó di drochamhras a bheith aige nó aici ina leith le réasún, tráth na chéad ghabhála, go ndearna an duine sin é,

ach amháin faoi údarás barántais arna eisiúint ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó ag breitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis nó léi, de bharr faisnéise a thabharfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort faoi mhionn, go bhfuil eolas faoi fhaisnéis bhreise faighte ag an nGarda Síochána ó scaoileadh saor an duine ar faisnéis bhreise í i dtaobh drochamhras a bheith ann go raibh an duine páirteach sa chion a bhfuil a ghabháil nó a gabháil á hiarraidh ina leith.

(2) Nuair a bheidh barántas á eisiúint aige nó aici faoi fho-alt (1), féadfaidh an breitheamh lena mbaineann a ordú go dtabharfar an duine lena mbaineann os comhair breithimh den Chúirt Chuarda nó breithimh den Chúirt Dúiche ar é nó í a ghabháil nó aon tráth nó tráthanna sonraithe le linn na tréimhse coinneála a bheidh údaraithe le halt 2 arna chur chun feidhme le fo-alt (3) agus más rud é, ar an duine a thabhairt amhlaidh os comhair breithimh den sórt sin, nach deimhin leis nó léi go bhfuil údar le coinneáil an duine, déanfaidh an breitheamh an barántas a chúlghairm agus ordóidh sé nó sí an duine a scaoileadh saor ó choimeád láithreach.

(3) Beidh feidhm ag alt 2 maidir le duine a ghabhfar i dtaca le cion lena mbaineann an t-alt sin faoi bharántas arna eisiúint de bhun fho-alt (1), mar atá feidhm aige maidir le duine a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir leis nó léi, fairis na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá:

(a) na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (c) agus (d) i bhfo-alt (2):

“(c) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomh-cheannfort iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Chuarda nó breitheamh den Chúirt Dúiche ar bharántas á udarú duine a choinneofar faoi mhír (b) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 24 huaire an chloig má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(d) Ar iarratas faoi mhír (c), eiseoidh an breitheamh lena mbaineann barántas á údarú an duine lena mbaineann an t-iarratas a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 24 huaire an chloig sa chás, agus sa chás amháin, gur deimhin leis an mbreitheamh gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí agus go bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh go dícheallach dlúsúil.”,

agus

(b) “faoi bharántas arna eisiúint de bhun mhír (d)” a chur in ionad “de bhun ordacháin faoi mhír (c)” i mír (g)(i) d'fho-alt (2).

(4) Aon duine a ghabhfar i dtaca le cion seachas ceann lena mbaineann alt 2 , faoi bharántas arna eisiúint de bhun fho-alt (1), déileálfar leis nó léi, faoi réir fho-alt (2), faoi alt 4 d'Acht 1984 ar an tslí chéanna a ndéileálfaí le duine a ghabhfar gan bharántas agus a bhfuil feidhm ag an alt sin 4 maidir leis nó léi.

(5) D'ainneoin fho-alt (1), féadfar aon duine lena mbaineann an fo-alt sin a ghabháil maidir le haon chion d'fhonn é nó í a chúiseamh sa chion sin láithreach.

(6) I gcás go ndéanfar duine a gabhadh faoi alt 30 d'Acht 1939 nó a coinníodh faoi alt 4 d'Acht 1984 i dtaca le cion a scaoileadh saor gan aon chúiseamh a bheith déanta ina choinne nó ina coinne, ní choinneofar é nó í de bhun alt 2

(a) i dtaca leis an gcion céadluaite, nó

(b) i dtaca le cion lena mbaineann alt 2 ar cion é a raibh drochamhras ina leith ag an gcomhalta den Gharda Síochána a ghabh é nó í nó ar cheart dó nó di drochamhras a bheith aige nó aici ina leith le réasún, tráth na chéad ghabhála, go ndearna an duine sin é.

Feidhm forálacha áirithe d'Acht 1984.

5. —Beidh feidhm ag ailt 4(4), 4(7), 4(8), 4(11), 5, 6(1) go (4) agus 8 d'Acht 1984 fara aon mhodhnuithe is gá i ndáil le daoine a choinnítear faoi alt 2 mar atá feidhm acu maidir le daoine a choinnítear faoi alt 4 d'Acht 1984.

Rialacháin maidir le hoifigigh chustam agus máil.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le hoifigeach custam agus máil a bheith i láthair le linn duine a coinníodh faoi alt 2 nó faoi alt 4 d'Acht 1984 a bheith á cheistiú nó á ceistiú i ndáil le cion i leith gáinneáil ar dhrugaí, agus maidir leis an oifigeach sin a bheith páirteach sa cheistiú sin.

(2) Ní fhéadfaidh oifigeach custam agus máil aon ghníomh a dhéanamh ná aon neamhghníomh a dhéanamh ar gníomh nó neamhghníomh é a bheadh ina shárú ar aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 7 d'Acht 1984 dá ndéanfadh comhalta den Gharda Síochána é.

(3) Aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéanfaidh oifigeach custam agus máil ar gníomh nó neamhghníomh é a bheadh ina shárú ar aon rialachán arna dhéanamh faoin alt sin 7 dá ndéanfadh comhalta den Gharda Síochána é, ní fhágfaidh sé, uaidh féin, go ndlífear aon imeachtaí coiriúla nó sibhialta a thionscnamh i gcoinne an oifigigh, ná ní dhéanfaidh sé difear, uaidh féin, do dhlíthiúlacht choimeád an duine atá á choinneáil nó á coinneáil ná d'inghlacthacht aon ráitis a dhéanfaidh sé nó sí i bhfianaise.

(4) San alt seo ciallaíonn “oifigeach custam agus máil” duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi na hAchtanna Custam agus faoi na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil nó faoi aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna máil arna déanamh faoi reacht.

(5) Déanfar dréacht de gach rialachán a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Tátail as mainneachtain an chúisí fíorais áirithe a lua.

7. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar chion i leith gáinneáil ar dhrugaí, go dtabharfar fianaise gur mhainnigh an cúisí—

(a) aon tráth sular cúisíodh é nó í sa chion, ar é nó í a cheistiú—

(i) ag comhalta den Gharda Síochána, nó

(ii) de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 6 , ag oifigeach custam agus máil, de réir bhrí an ailt sin,

a bhí ag féachaint lena fháil amach an ndearnadh cion, nó cé a rinne cion, nó

(b) le linn é nó í a chúiseamh sa chion nó le linn a chur in iúl dó nó di—

(i) ag comhalta den Gharda Síochána, nó

(ii) de bhun na rialachán sin, ag oifigeach custam agus máil mar a dúradh,

go bhféadfaí é nó í a ionchúiseamh ina leith,

aon fhíoras a lua a bhfuiltear ag brath air ina chosaint nó ina cosaint sna himeachtaí sin, ar fíoras é a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún, sna himthosca a bhí ann an tráth sin, go luafadh sé nó sí é nuair a rinneadh é nó í a cheistiú nó a chúiseamh amhlaidh nó nuair a cuireadh in iúl dó nó di amhlaidh, de réir mar a bheidh, ansin féadfaidh an chúirt, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach nó an bhfuil cás ann le freagairt, agus féadfaidh an chúirt (nó, faoi réir threoracha an bhreithimh, féadfaidh an giúiré), le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an cúisí ciontach sa chion inar cúisíodh é nó í (nó in aon chion eile ina bhféadfaí é nó í a chiontú go dleathach ar an gcúiseamh sin), cibé tátail is dealraitheach a bheith cóir a bhaint as an mainneachtain; agus féadfar déileáil leis an mainneachtain, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh a bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise a bhfuil an mhainneachtain ábhartha ina leith, ach ní chiontófar duine i gcion mar gheall ar thátal a bhainfear as mainneachtain den sórt sin agus mar gheall air sin amháin.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) mura dúradh leis an gcúisí i ngnáthchaint, le linn é nó í a cheistiú nó a chúiseamh nó le linn an méid sin a chur in iúl dó nó di, de réir mar a bheidh, cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le mainneachtain den sórt sin.

(3) In aon imeachtaí—

(a) i gcás inar fhan an cúisí ina thost nó ina tost, nó inar ghníomhaigh sé nó sí ar shlí eile, mar fhreagra ar aon ní a dúradh ina láthair agus a bhain leis an iompar ar ina leith atá sé nó sí á chúiseamh nó á cúiseamh, ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'inghlacthacht an tosta nó an ghníomhaithe eile sin mar fhianaise, a mhéid a bheadh fianaise ina leith sin inghlactha ar leith ón alt seo, nó

(b) ní mheasfar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh aon tátal a bhaint as tost nó gníomhú eile an chúisí ar tátal é a d'fhéadfaí a bhaint as go cuí, ar leith ón alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le mainneachtain fíoras a lua má tharla an mhainneachtain roimh thosach feidhme an ailt seo.

Barántais chuardaigh.

8. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1977—

(a) trí “nó más rud é, faoi réir fhorálacha fho-alt (2) d'alt 8 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 , gur deimhin le comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort” a chur isteach i ndiaidh “den Gharda Síochána,” agus

(b) trí “an Breitheamh sin, an Feidhmeannach sin nó, de réir mar a bheidh, an comhalta sin” a chur in ionad “an Breitheamh nó an Feidhmeannach sin”.

(2) Ní dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt sin 26 mura deimhin leis nó léi—

(a) gur gá an barántas chun cion i leith gáinneáil ar dhrugaí a imscrúdú go cuí, agus

(b) go bhfágfaí, mar gheall ar imthosca práinne as a dtagann an gá leis an mbarántas cuardaigh a eisiúint láithreach, nárbh indéanta iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche nó chuig Feidhmeannach Síochána faoin alt sin 26 ar eisiúint an bharántais.

(3) D'ainneoin fho-alt (2) d'alt 26 d'Acht 1977, scoirfidh barántas cuardaigh arna eisiúint ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort faoi fho-alt (1) den alt sin d'éifeacht a bheith leis tar éis tréimhse 24 huaire an chloig a bheith caite ón tráth ar eisíodh an barántas.

Leasú ar an Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 .

9. —Leasaítear leis seo an tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

“13A.—(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána, cibé acu atá sé in éide nó nach bhfuil, dul isteach in aon áit a mbeidh ceadúnas rince phoiblí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir léi aon tráth a mbeidh an áit sin á húsáid i gcomhair rince phoiblí nó aon tráth réasúnach eile agus cibé iniúchadh, scrúdú agus fiosrú a dhéanamh ann is dóigh leis is ceart chun cion i leith gáinneáil ar dhrugaí, de réir bhrí alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, a chosc nó a bhrath.

(2) Gach duine a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána a chosc nó a thabharfaidh faoina chosc ar chumhacht a fheidhmiú a bheidh dílsithe sa chomhalta sin de bhua an ailt seo nó a bhacfaidh aon chomhalta den sórt sin nó a thabharfaidh faoina bhac agus é ag feidhmiú na cumhachta sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.”.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Ré alt áirithe.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (2), scoirfidh gach ceann de na hailt seo a leanas, eadhon ailt 2, 3, 4, 5 agus 6, de bheith i ngníomh nuair a bheidh 12 mhí caite ó dháta a thosach feidhme mura rud é go rithfidh gach Teach den Oireachtas rún lena mbeartófar go leanfaidh an t-alt i ngníomh.

(2) Féadfar alt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a choimeád i ngníomh ó am go ham, le rún arna rith ag gach Teach den Oireachtas roimh dhul in éag dó, go ceann cibé tréimhse a shonrófar sna rúin.

(3) Sula ndéanfaidh ceachtar Teach den Oireachtas rún faoin alt seo i ndáil le halt a shonraítear i bhfo-alt (1) a rith, ullmhóidh an tAire tuarascáil, agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid an Tí sin, maidir le hoibriú an ailt le linn na tréimhse dar tosach dáta a thosach feidhme nó, de réir mar is cuí, dáta na tuarascála is déanaí roimhe sin faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an alt sin agus dar críoch tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a dtairgfear an rún sa Teach sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire Dlí agus Cirt i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.