|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997) | Ar Aghaidh (CUID II Rochtain ar Thaifid) |
AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Lua agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá a bheidh bliain amháin tar éis dháta a rite. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh fomhír (3) de mhír 1 den Chéad Sceideal i ngníomh cibé lá nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a rith a cheapfaidh an tAire le hordú le toiliú an Aire Comhshaoil agus tiocfaidh fomhír (4) den mhír sin i ngníomh cibé lá nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a rith a cheapfaidh an tAire le hordú le toiliú an Aire Sláinte. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “tosach feidhme an Achta seo” an tráth a dtiocfaidh an tAcht seo (seachas fomhíreanna (3) agus (4) de mhír 1 den Chéad Sceideal) i ngníomh; | |
[EN] | ciallaíonn “an Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhunaítear le halt 33 nó sealbhóir na hoifige sin; | |
[EN] | ciallaíonn an briathar “cinneadh” cinneadh ag an Aire agus, i ndáil le foirm, ciallaíonn sé cinneadh tar éis féachaint go cuí do riachtanais iarrthóirí, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “stiúrthóir” stiúrthóir (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990) ach folaíonn sé, i gcás údaráis áitiúil nó boird sláinte nó aon chomhlachta phoiblí eile nach cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) é nó, más comhlacht, eagraíocht nó grúpa (seachas cuideachta) é a shonraítear i bhfomhír (b)(i), (c), (e), (f) nó (g) d'fhomhír (5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, atá forordaithe de thuras na huaire de bhun na fomhíre sin, duine ar comhalta de é nó í, nó ar comhalta é nó í d'aon bhord nó comhlacht eile a rialaíonn, a bhainistíonn nó a riarann é, agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht; | |
[EN] | ciallaíonn “taifead díolmhaithe”— | |
[EN] | (a) taifead a ndiúltófaí, de bhun Chuid III nó de bhua alt 46 , géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil leis, nó | |
[EN] | (b) taifead a chruthaítear le haghaidh sealbhóra oifige nó atá i seilbh sealbhóra oifige agus a bhaineann— | |
[EN] | (i) le feidhmeanna nó le gníomhaíochtaí an tsealbhóra oifige mar chomhalta den Oireachtas nó de pháirtí polaitíochta, nó | |
[EN] | (ii) le feidhmeanna nó le gníomhaíochtaí páirtí polaitíochta; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas; | |
[EN] | folaíonn “a thabhairt” a chur, cibé acu leis an bpost nó trí mheán leictreonach nó eile, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “ceann” ceann comhlachta phoiblí; | |
[EN] | ciallaíonn “ceann comhlachta phoiblí”— | |
[EN] | (a) i ndáil le Roinn Stáit, an tAire den Rialtas atá i bhfeighil na Roinne sin, | |
[EN] | (b) i ndáil le hOifig an Tánaiste, an Tánaiste, | |
[EN] | (c) i ndáil le hOifig an Ard-Aighne, an tArd-Aighne, | |
[EN] | (d) i ndáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, | |
[EN] | (e) i ndáil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, | |
[EN] | (f) i ndáil le hOifig an Ombudsman, an tOmbudsman, | |
[EN] | (g) i ndáil le hOifig an Choimisinéara, an Coimisinéir, | |
[EN] | (h) i ndáil le hOifig Choimisinéirí na Státseirbhíse, Coimisinéirí na Státseirbhíse, | |
[EN] | (i) i ndáil le hOifig na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, | |
[EN] | (j) i ndáil le hOifig Thithe an Oireachtais, Cathaoirleach Dháil Éireann, | |
[EN] | (k) i ndáil le haon chomhlacht poiblí eile, an duine atá i seilbh, nó a chomhlíonann feidhmeanna, oifig phríomhoifigeach feidhmiúcháin (cibé ainm a thugtar uirthi) an chomhlachta; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | ciallaíonn “Oifig”, i ndáil le duine, na hoifigí ina seoltar an riarachán agus an gnó a bhaineann le feidhmeanna an duine; | |
[EN] | ciallaíonn “sealbhóir oifige”— | |
[EN] | (a) duine ar Aire den Rialtas nó ar Aire Stáit é nó í, nó | |
[EN] | (b) comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas atá i seilbh oifig an Ard-Aighne; | |
[EN] | ciallaíonn “faisnéis phearsanta” faisnéis faoi dhuine aonair inaitheanta— | |
[EN] | (a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an duine aonair nó ag daoine de theaghlach an duine aonair nó ag cairde an duine aonair, nó | |
[EN] | (b) atá i seilbh comhlachta phoiblí ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi i modh rúin, | |
[EN] | agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, folaíonn sé— | |
[EN] | (i) faisnéis maidir le stair oideachais, liachta, shíciatrach nó shíceolaíoch an duine aonair, | |
[EN] | (ii) faisnéis maidir le gnóthaí airgeadais an duine aonair, | |
[EN] | (iii) faisnéis maidir le fostaíocht nó stair fostaíochta an duine aonair, | |
[EN] | (iv) faisnéis maidir leis an duine aonair i dtaifead a thagann faoi réim alt 6 (6) (a), | |
[EN] | (v) faisnéis maidir le stair choiriúil an duine aonair, | |
[EN] | (vi) faisnéis maidir le creideamh, aois, gnéaschlaonadh nó stádas pósta an duine aonair, | |
[EN] | (vii) uimhir, litir, siombail, focal, marc nó rud eile a bheidh sannta ag comhlacht poiblí don duine aonair lena aithint nó lena haithint nó aon mharc nó rud eile a úsáidtear chun na críche sin, | |
[EN] | (viii) faisnéis maidir le teidil an duine aonair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh mar thairbhí (de réir bhrí an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993) nó a theastóidh chun a shuíomh an tairbhí den sórt sin an duine aonair, ós éilitheoir é nó í (de réir na brí a dúradh), | |
[EN] | (ix) faisnéis a theastóidh chun dliteanas an duine aonair i leith cánach nó dleachta nó íocaíochta eile atá dlite don Stát nó d'údarás áitiúil, do bhord sláinte nó do chomhlacht poiblí eile, nó is iníoctha leo, a mheasúnú nó chun méid atá dlite den duine aonair i leith cánach nó dleachta nó íocaíochta eile den sórt sin a bhailiú, | |
[EN] | (x) ainm an duine aonair i gcás go bhfuil sé ann mar aon le faisnéis phearsanta eile a bhaineann leis an duine aonair nó i gcás go suífeadh, nó gur dóigh go suífeadh, nochtadh an ainm gur leis an duine aonair a bhaineann aon fhaisnéis phearsanta atá i seilbh an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, | |
[EN] | (xi) faisnéis maidir le maoin de chuid an duine aonair (lena n-áirítear an cineál teidil atá ag an duine aonair chun aon mhaoine), agus | |
[EN] | (xii) dearcadh nó tuairimí duine eile faoin duine aonair, | |
[EN] | ach ní fholaíonn sé— | |
[EN] | (I) i gcás go bhfuil nó go raibh an duine aonair i seilbh oifige mar stiúrthóir ar chomhlacht poiblí, nó go bhfuil nó go raibh post aige nó aici mar chomhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí, ainm an duine aonair nó faisnéis maidir leis an oifig nó leis an bpost nó le feidhmeanna na hoifige nó an phoist nó leis na téarmaí ar orthu agus faoina réir atá nó a bhí an oifig sin i seilbh an duine aonair nó atá nó a bhí an post sin aige nó aici nó aon ní a scríobh nó a thaifead an duine aonair in aon fhoirm i gcúrsa chomhlíonadh na bhfeidhmeanna réamhráite agus chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, | |
[EN] | (II) i gcás go bhfuil nó go raibh seirbhís á soláthar ag an duine aonair do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí leis an gcomhlacht, ainm an duine aonair nó faisnéis maidir leis an tseirbhís nó le téarmaí an chonartha nó aon ní a scríobh nó a thaifead an duine aonair in aon fhoirm i gcúrsa sholáthar na seirbhíse agus chun an tseirbhís a sholáthar, nó | |
[EN] | (III) dearcadh nó tuairimí an duine aonair i ndáil le comhlacht poiblí, le foireann comhlachta phoiblí nó le gnó nó comhlíonadh feidhmeanna comhlachta phoiblí; | |
[EN] | ciallaíonn “páirtí polaitíochta” páirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 3 ; | |
[EN] | déanfar “comhlacht poiblí” a fhorléiriú de réir an Chéad Sceidil; | |
[EN] | folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí an Achta um Chosaint Sonraí, 1988 ), aon fhoirm eile (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud ina gcoimeádtar nó ina stóráiltear faisnéis de láimh, go meicniúil nó go leictreonach agus aon ní ar cuid nó cóip é, in aon fhoirm, d'aon cheann de na nithe sin roimhe seo nó ar teaglaim é de dhá cheann nó níos mó de na nithe sin roimhe seo; | |
[EN] | ciallaíonn “iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi” iarraidh faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26 (3), 27 (3) nó 28 (5) maidir léi agus a ngéillfí di, ar leith ó alt 29 ; | |
[EN] | ciallaíonn “iarrthóir” duine a dhéanann iarraidh faoi alt 7 ; | |
[EN] | déanfar “an ceart rochtana” a fhorléiriú de réir alt 6 ; | |
[EN] | (2) Aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo chun treoirlínte a tharraingt suas agus a fhoilsiú nó chun cinntí a dhéanamh forléireofar í mar chumhacht a fholaíonn cumhacht is infheidhmithe sa tslí chéanna chun treoirlínte nó cinntí a tarraingíodh suas agus a foilsíodh nó, de réir mar a bheidh, a rinneadh faoin gcumhacht, a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann nó a chuireann srian ar chomhlacht poiblí rochtain a bheith aige ar thaifead atá i seilbh comhlachta phoiblí eile. | |
[EN] | (4) Aon tagairt in alt 7 , 8, 14, 17 nó 18 i ndáil le hiarraidh faoi alt 7 nó le fáil iarrata den sórt sin nó le hiarratas faoi alt 14 (2), 17 (1) nó 18 (1), do cheann comhlachta phoiblí, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt don chomhlacht agus d'aon stiúrthóir air nó d'aon chomhalta dá fhoireann agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis, fara aon mhodhnuithe is gá, dá réir sin. | |
[EN] | (5) San Acht seo— | |
[EN] | (a) aon tagairt do thaifid atá i seilbh comhlachta phoiblí folaíonn sí tagairt do thaifid atá faoi rialú an chomhlachta, | |
[EN] | (b) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |
[EN] | (c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |
[EN] | (d) aon tagairt d'aon achtachán, is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin. | |
[EN] |
Rialacháin. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire— |
[EN] | (a) le rialacháin, foráil a dhéanamh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, agus | |
[EN] | (b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo, | |
[EN] | (c) más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (3), (4) nó (5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo, agus | |
[EN] | (d) más rud é, in aon slí eile, go n-éireoidh aon deacracht le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo. | |
[EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán. | |
[EN] | (3) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (1) nó chun críocha mhír 1 (5), nó faoi mhír 3, den Chéad Sceideal, cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (4) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) (c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe. | |
[EN] | (5) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear comhlacht, eagraíocht nó grúpa (“an comhlacht”) chun críocha mhír 1 (5) den Chéad Sceideal, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcomhlacht ach amháin i leith feidhmeanna sonraithe de chuid an chomhlachta, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis de réir aon fhorála den sórt sin. | |
[EN] | (6) Déanfar gach rialachán faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Feidhmeanna áirithe de chuid ceann a tharmligean. |
4. —(1) Féadfaidh ceann aon fheidhm d'fheidhmeanna an chinn faoin Acht seo (seachas an t-alt seo agus alt 25 ) a tharmligean i scríbhinn chuig comhalta d'fhoireann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann. |
[EN] | (2) Maidir le tarmligean faoi fho-alt (1) (“tarmligean”), féadfaidh sé— | |
[EN] | (a) baint a bheith aige le feidhmeanna i gcoitinne nó le feidhmeanna sonraithe nó tarmligean a dhéanamh i leith taifead i gcoitinne nó i leith aicmí sonraithe taifead nó taifead sonraithe, agus | |
[EN] | (b) tarmligean a dhéanamh chuig comhalta sonraithe nó comhaltaí sonraithe d'fhoireann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann nó chuig cibé comhaltaí ar de chéim nó de ghrád sonraithe, nó de chéim nó de ghrád nach ísle ná céim nó grád sonraithe, iad, | |
[EN] | agus féadfaidh sé feidhmeanna éagsúla nó aicmí éagsúla feidhme a tharmligean chuig comhaltaí éagsúla nó chuig aicmí éagsúla comhaltaí den sórt sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an duine atá, de thuras na huaire, ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann tarmligean a chúlghairm go hiomlán nó go páirteach nó a leasú i scríbhinn. | |
[EN] | (4) Oibreoidh tarmligean, fad a leanfaidh sé i bhfeidhm, chun an fheidhm nó na feidhmeanna a tharmligtear leis an tarmligean a thabhairt don duine lena mbaineann agus a dhílsiú dó nó di. | |
[EN] | (5) Cuirfidh an ceann lena mbaineann faoi deara fógra maidir le tarmligean nó cúlghairm nó leasú faoi fho-alt (3) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis an tarmligean, an chúlghairm nó an leasú, de réir mar a bheidh, a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Déanfar tagairtí san Acht seo do cheann, más cuí ag féachaint don chomhthéacs agus d'aon tarmligean faoin alt seo, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna arna dtarmligean chuige nó chuici leis an tarmligean. | |
[EN] |
Caiteachais. |
5. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |