An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Taifid Dhíolmhaithe)

13 1997

AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

CUID II

Rochtain ar Thaifid

Ceart rochtana ar thaifid.

6. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, tá ceart rochtana ag gach duine ar aon taifead atá i seilbh comhlachta phoiblí agus, ar iarraidh a dhéanamh chuige sin, tairgfear an rochtain sin dó nó di agus gairtear an ceart rochtana san Acht seo den cheart a thugtar amhlaidh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar chomhlacht poiblí cúnamh réasúnach a thabhairt do dhuine atá ag lorg taifid faoin Acht seo—

(a) i ndáil leis an iarraidh a dhéanamh faoi alt 7 ar rochtain ar an taifead, agus

(b) má tá an duine faoi mhíchumas, chun gur fusa don duine a chearta nó a cearta faoin Acht seo a fheidhmiú.

(3) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí eile (más ann) den Rialtas is cuí leis nó léi, treoirlínte i ndáil le comhlíonadh fho-alt (2)(b) ag comhlachtaí poiblí a tharraingt suas agus a fhoilsiú do chomhlachtaí poiblí, agus tabharfaidh comhlachtaí poiblí aird ar aon treoirlínte den sórt sin.

(4) Is iad na taifid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) taifid a chruthófar tar éis thosach feidhme an Achta seo agus—

(a) taifid a cruthaíodh le linn cibé tréimhse (más ann), nó tar éis cibé tráth (más ann), roimh thosach feidhme an Achta seo, agus

(b) taifid a cruthaíodh roimh an tosach feidhme sin agus a bhaineann le cibé nithe áirithe (más ann), agus

(c) taifid a cruthaíodh le linn cibé tréimhse (más ann) agus a bhaineann le cibé nithe áirithe (más ann),

a fhorordófar, tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí den Rialtas is cuí leis an Aire.

(5) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (4) ach faoi réir fho-alt (6), más rud é—

(a) gur gá nó gur fóirsteanach rochtain a bheith ar thaifid a cruthaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo chun taifid a chruthófar tar éis an tosach feidhme sin a thuiscint, nó

(b) go mbaineann taifid a cruthaíodh roimh an tosach feidhme sin le faisnéis phearsanta maidir leis an duine a bheidh ag lorg rochtana orthu,

forléireofar fo-alt (1) mar fho-alt a thugann ceart rochtana i leith na dtaifead sin.

(6) Ní fhorléireofar fo-alt (5) mar fho-alt lena gcuirtear i bhfeidhm, i ndáil le duine aonair ar comhalta é nó í d'fhoireann comhlachta phoiblí, an ceart rochtana ar thaifead atá i seilbh comhlachta phoiblí agus—

(a) ar taifead pearsanra é, is é sin le rá, taifead a bhaineann go hiomlán nó go príomha le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, is é sin le rá, inniúlacht nó cumas an duine aonair ina cháil nó ina cáil mar chomhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó fostaíocht nó stair fostaíochta an duine aonair sin nó meastóireacht ar chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna i gcoitinne nó feidhme áirithe den sórt sin mar chomhalta den sórt sin,

(b) a cruthaíodh níos mó ná 3 bliana roimh thosach feidhme an Achta seo, agus

(c) nach bhfuil á úsáid nó nach mbeartaítear a úsáid ar mhodh nó chun críche a dhéanann nó a dhéanfaidh dochar, nó a fhéadfaidh dochar a dhéanamh, do leasanna an duine.

(7) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a chuireann an ceart rochtana i bhfeidhm ar thaifead díolmhaithe.

(8) Ní dhéanfar aon ní san Acht seo a fhorléiriú mar ní a thoirmisceann nó a chuireann srian ar chomhlacht poiblí taifead (lena n-áirítear taifead díolmhaithe) a fhoilsiú nó rochtain air a thabhairt ar dhóigh seachas faoin Acht seo i gcás nach dtoirmisctear le dlí an foilsiú sin a dhéanamh nó an rochtain sin a thabhairt.

(9) Aon taifead atá i seilbh duine atá nó a bhí ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí, measfar, chun críocha an Achta seo, má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an taifead leis an tseirbhís, é a bheith i seilbh an chomhlachta, agus measfar foráil a bheith sa chonradh go ndéanfaidh an duine, má iarrann an comhlacht air nó uirthi amhlaidh chun críocha an Achta seo, an taifead a thabhairt don chomhlacht lena choinneáil aige ar feadh cibé tréimhse is réasúnach sna himthosca ar leith.

(10) I gcás go ngéillfí, de bhua fho-alt (9), d'iarraidh faoi alt 7 murach go mbaineann sí le taifead a bhfuil ábhar eile ann mar aon leis an ábhar a bhaineann leis an tseirbhís lena mbaineann, déanfaidh ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, más indéanta déanamh amhlaidh, cóip a ullmhú, i cibé foirm is cuí leis nó léi, den mhéid sin den taifead nach é an t-ábhar eile réamhráite é agus géillfear don iarraidh trí rochtain ar an gcóip a thairiscint don iarrthóir.

Iarrataí ar rochtain ar thaifid.

7. —(1) Aon duine ar mian leis nó léi an ceart rochtana a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí iarraidh, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, agus í dírithe ar cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, ar rochtain ar an taifead lena mbaineann agus, san iarraidh sin—

(a) déarfar go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht seo,

(b) beidh dóthain sonraí i ndáil leis an bhfaisnéis lena mbaineann chun gur féidir an taifead a aithint trí bhearta réasúnacha a ghlacadh, agus

(c) má éilíonn an duine go dtabharfar an rochtain sin i bhfoirm áirithe nó ar mhodh áirithe (ar foirm í nó ar modh é dá dtagraítear in alt 12 ), sonrófar an fhoirm nó an modh rochtana.

(2) Cuirfidh an ceann faoi deara go ndéanfar fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, á rá go bhfuair sé nó sí iarraidh faoi fho-alt (1), a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis dó nó di an iarraidh sin a fháil, agus áireofar san fhógra achoimre ar fhorálacha alt 41 agus sonraí faoi na cearta athbhreithnithe faoin Acht seo, faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin, agus faoi na teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin, i gcás lena mbaineann an t-alt sin.

(3) I gcás go bhfaighidh ceann comhlachta phoiblí (“an ceann”) iarraidh faoin alt seo agus nach bhfuil an taifead nó na taifid lena mbaineann i seilbh an chomhlachta (“an comhlacht céadluaite”) ach go bhfuil sé nó siad, go bhfios don cheann, i seilbh comhlachta phoiblí amháin eile nó níos mó, cuirfidh an ceann faoi deara, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an iarraidh a fháil, cóip den iarraidh a thabhairt do cheann an chomhlachta eile nó, de réir mar a bheidh, do cheann an chomhlachta amháin sin de na comhlachtaí eile—

(a) a bhfuil, i dtuairim an chinn, an bhaint is dlúithe ag a fheidhmeanna le hábhar an taifid nó na dtaifead, nó

(b) arb é is mó is cuí thairis sin, i dtuairim an chinn,

agus cuirfidh sé nó sí in iúl don iarrthóir lena mbaineann, le fógra i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, go ndearna sé nó sí amhlaidh agus air sin—

(i) measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuil an iarraidh faoin alt seo faighte ag an gceann dá dtugtar an chóip a dúradh agus go bhfuair sé nó sí í an tráth a bhfuair sé nó sí an chóip, agus

(ii) measfar, chun críocha an Achta seo, nach bhfuil an iarraidh faighte ag an gceann.

(4) I gcás go bhfaighidh ceann comhlachta phoiblí (“an comhlacht céadluaite”) iarraidh faoin alt seo a bhaineann le níos mó ná taifead amháin agus go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na taifid lena mbaineann (ach nach mbeidh siad go léir) i seilbh an chomhlachta, déanfaidh an ceann, le fógra i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ainmneacha aon chomhlachta phoiblí eile a bhfuil, go bhfios dó nó di, aon cheann de na taifid ina sheilbh, a chur in iúl don iarrthóir lena mbaineann.

(5) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir, treoirlínte chun críocha fho-alt (3) agus (4) a tharraingt suas agus a fhoilsiú do chinn agus tabharfaidh cinn aird ar aon treoirlínte den sórt sin.

(6) Measfar an fios dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus (4) a bheith ag duine más rud é go bhféadfadh sé nó sí an fios sin a fháil trí bhearta réasúnacha a ghlacadh.

(7) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine iarraidh ar fhaisnéis, nó iarraidh le haghaidh rochtana ar thaifead, chuig comhlacht poiblí nó chuig ceann comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó chuig comhalta dá fhoireann, seachas faoi réim agus de réir an Achta seo, agus

(b) nach féidir nó go bhféadfadh sé nach féidir an fhaisnéis a thabhairt, nó an taifead a chur ar fáil, seachas de bhun iarrata i ndáil léi nó leis faoi réim agus de réir alt 7 , cuirfidh an ceann faoi deara an ceart rochtana a chur in iúl don duine, más cuí, agus cabhróidh sé nó sí leis an duine, nó tairgfidh sé nó sí cabhair don duine, le linn iarraidh den sórt sin a ullmhú.

Breitheanna maidir le hiarrataí faoi alt 7 agus fógra a thabhairt maidir le breitheanna.

8. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh ceann, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 4 sheachtain, tar éis iarraidh faoi alt 7 a fháil—

(a) breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfear don iarraidh nó a dhiúltófar géilleadh di nó a ghéillfear go páirteach di,

(b) má thugann sé nó sí breith géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, don iarraidh, an fhoirm ina bhfeidhmeofar agus an modh ar a bhfeidhmeofar an ceart rochtana a chinneadh, agus

(c) a chur faoi deara go ndéanfar fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir leis an mbreith agus leis an gcinneadh a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann.

(2) Sonrófar na nithe seo a leanas i bhfógra faoi fho-alt (1)

(a) an bhreith faoin bhfo-alt sin lena mbaineann agus an lá ar tugadh í,

(b) ainm agus ainmníocht an duine sa chomhlacht poiblí lena mbaineann atá ag déileáil leis an iarraidh, mura gcreideann an ceann lena mbaineann, le réasún, go bhféadfaí dochar a dhéanamh do shábháilteacht nó do dhea-bhail an duine lena mbaineann dá nochtfaí iad,

(c) má ghéilltear don iarraidh réamhráite, go hiomlán nó go páirteach—

(i) an lá a ndéanfar, an fhoirm ina ndéanfar agus an modh ar a ndéanfar, rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann agus an tréimhse a gcoimeádfar an taifead ar fáil lena linn chun críche na rochtana sin, agus

(ii) méid aon táille faoi alt 47 is iníoctha ag an iarrthóir i leith géilleadh don iarraidh,

(d) má dhiúltaítear don iarraidh réamhráite, go hiomlán nó go páirteach—

(i) na cúiseanna atá leis an diúltú, agus

(ii) mura diúltú de bhun alt 19 (5), 22 (2), 23 (2)24 (3) an diúltú, aon fhoráil den Acht seo ar dá bhun a dhiúltaítear don iarraidh agus na fionnachtana maidir le haon saincheisteanna ábhartha is iomchuí maidir leis an mbreith agus sonraí faoi aon ní a bhaineann le leas an phobail agus a cuireadh san áireamh chun críocha na breithe,

(e) má dhéantar tabhairt rochtana ar an taifead a iarchur faoi alt 11 , na cúiseanna atá leis an iarchur agus tréimhse an iarchuir, agus

(f) sonraí faoi chearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo i ndáil leis an mbreith faoi fho-alt (1) agus le haon bhreith eile dá dtagraítear san fhógra, faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus faoi na teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás go ngéillfear d'iarraidh faoi fho-alt (1)

(a) más rud é—

(i) nach ngearrtar táille faoi alt 47 i leith an ní,

(ii) gur íocadh éarlais faoin alt sin agus go ngearrtar táille faoin alt sin agus go bhfuil méid na héarlaise comhionann le méid na táille nó níos mó ná an méid sin, nó

(iii) gur íocadh éarlais den sórt sin ach nach ngearrtar táille den sórt sin,

déanfar rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint láithreach don iarrthóir lena mbaineann agus déanfar an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin ar feadh tréimhse 4 sheachtain dá éis sin, agus

(b) má ghearrtar táille amhlaidh, déanfar rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seachtain i ndiaidh an lae a bhfaighidh an comhlacht poiblí lena mbaineann an táille, agus déanfar an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin—

(i) go dtí deireadh na tréimhse 4 sheachtain ón táille a fháil, nó

(ii) go dtí deireadh na tréimhse 8 seachtain ón tráth a bhfaighidh an t-iarrthóir lena mbaineann an fógra faoi fho-alt (1) lena mbaineann,

cibé acu is luaithe.

(4) Le linn breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfear d'iarraidh faoi alt 7 nó a dhiúltófar géilleadh di, tabharfar neamhaird—

(a) ar aon chúis a thugann an t-iarrthóir leis an iarraidh, agus

(b) ar aon bharúil nó tuairim a bheidh ag an gceann i dtaobh cad iad na cúiseanna atá ag an iarrthóir leis an iarraidh.

(5) Ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt a cheanglaíonn ábhar a chur i bhfógra faoi fho-alt (1) ar ábhar é a d'fhágfadh, dá gcuirfí i dtaifead é, gur taifead díolmhaithe a bheadh sa taifead.

(6) Folaíonn tagairtí san alt seo do ghéilleadh d'iarraidh faoi alt 7 tagairtí do ghéilleadh den sórt sin de bhun alt 13 .

An tréimhse ama a fhadú chun iarrataí faoi alt 7 a bhreithniú.

9. —(1) Féadfaidh an ceann, maidir le hiarraidh faoi alt 7 a gheobhaidh sé nó sí (“an iarraidh shonraithe”), an tréimhse a shonraítear in alt 8 (1) chun an iarraidh a bhreithniú a fhadú de cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí is gá ach nach faide ná tréimhse 4 sheachtain más rud é, i dtuairim an chinn—

(a) go mbaineann an iarraidh leis an oiread sin taifead, nó

(b) go raibh an oiread sin iarrataí eile faoi alt 7 a bhaineann leis an taifead nó leis na taifid lena mbaineann an iarraidh shonraithe, nó le faisnéis a fhreagraíonn don fhaisnéis lena mbaineann an iarraidh shonraithe, nó leo araon, déanta chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann sula ndearnadh an iarraidh shonraithe chuige agus nach bhfuil breith faoi alt 8 tugtha i ndáil leo,

nach féidir le réasún an fo-alt sin a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a shonraítear ann.

(2) I gcás go bhfadófar tréimhse faoin alt seo, cuirfidh an ceann lena mbaineann faoi deara fógra i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir leis an bhfadú agus le tréimhse an fhadaithe agus leis na cúiseanna atá leis an bhfadú, a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann roimh dheireadh na tréimhse.

(3) Déanfar an tagairt in alt 8 (1) do 4 sheachtain a fhorléiriú de réir aon fhadaithe faoin alt seo ar an tréimhse sin.

Diúltú ar fhorais riaracháin géilleadh d'iarrataí faoi alt 7 .

10. —(1) Féadfaidh ceann a ndéanfar iarraidh faoi alt 7 chuige nó chuici diúltú géilleadh don iarraidh más rud é—

(a) nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé,

(b) nach gcomhlíonann an iarraidh alt 7 (1) (b),

(c) gurb é tuairim an chinn gur ghá, dá ngéillfí don iarraidh, mar gheall ar líon nó ar chineál na dtaifead lena mbaineann nó ar chineál na faisnéise lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú, nó scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann ar scrúdú de shórt é, go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an chomhlachta phoiblí lena mbaineann,

(d) go gceanglaítear le dlí an taifead a fhoilsiú agus go mbeartaítear é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis don cheann an iarraidh a fháil,

(e) go bhfuil an iarraidh suaibhreosach nó cráiteach, i dtuairim an chinn, nó

(f) nár íocadh táille nó éarlais is iníoctha faoi alt 47 .

(2) Ní dhiúltóidh ceann, de bhun mhír (b)(c) d'fho-alt (1), géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 murar thug sé nó sí cúnamh, nó murar thairg sé nó sí cúnamh a thabhairt, don iarrthóir lena mbaineann d'fhonn féachaint leis an iarraidh a leasú sa chaoi is nach dtiocfadh sí faoi réim na míre sin a thuilleadh.

Rochtain ar thaifid a iarchur.

11. —(1) I gcás go ndéanfar iarraidh faoi alt 7 , agus—

(a) gur mar fhaisnéis agus mar fhaisnéis amháin do cheachtar Teach den Oireachtas nó dóibh araon nó do choiste de cheachtar Teach acu sin nó díobh araon a ullmhaíodh an taifead lena mbaineann agus go mbeartaítear cóipeanna den taifead a leagan faoi bhráid ceachtar Teach acu sin nó iad araon nó a thabhairt do choiste den sórt sin nó a fhoilsiú ar shlí eile do chomhaltaí de cheachtar Teach acu sin nó díobh araon nó do choiste den sórt sin ar lá a bheidh laistigh de thréimhse réasúnach tar éis don cheann lena mbaineann an iarraidh a fháil (“an lá sonraithe”), nó

(b) go dtagann faisnéis atá sa taifead lena mbaineann faoi réim mhír (b), (d)(e) d'alt 20 (2) agus go mbeadh sé contrártha do leas an phobail, i dtuairim an chinn lena mbaineann, rochtain ar an taifead a thabhairt ar lá áirithe nó roimh lá áirithe (“an lá sonraithe”), nó

(c) go bhfuil an taifead lena mbaineann i seilbh comhlachta phoiblí, ar Roinn Stáit é nó arb é Oifig an Tánaiste é, agus go measfaidh an tAire den Rialtas a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an gcomhlacht poiblí dílsithe dó nó di gur díol suime chomh mór sin don phobal i gcoitinne an taifead nó cuid de nó aon ní lena mbaineann sé go mbeartaíonn sé nó sí a bhfuil sa taifead nó sa chuid nó an ní a chur in iúl do cheachtar Teach den Oireachtas nó dóibh araon, nó a bhfuil sa taifead nó sa chuid nó faisnéis a bhaineann leis an ní a fhoilsiú ar shlí eile ar lá nach déanaí ná seachtain amháin tar éis an trátha chuí a shonraítear in alt 8 (3) (“an lá sonraithe”),

féadfaidh an ceann lena mbaineann an tairiscint don iarrthóir lena mbaineann maidir le rochtain ar an taifead a iarchur go dtí an lá díreach i ndiaidh an lae shonraithe.

(2) Forléireofar alt 8 (3) agus beidh éifeacht leis i ndáil le cás ina ndéanfar tairiscint maidir le rochtain ar thaifead a iarchur faoin alt seo—

(a) amhail is dá gceanglófaí le mír (a) den fho-alt sin rochtain ar an taifead a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann láithreach ag deireadh thréimhse an iarchuir agus an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin ar feadh tréimhse 4 sheachtain ina dhiaidh sin, agus

(b) amhail is dá gceanglófaí le mír (b) den fho-alt sin rochtain ar an taifead a thairiscint don iarrthóir a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seachtain amháin—

(i) tar éis dheireadh thréimhse an iarchuir, nó

(ii) tar éis an lae a bhfaighidh an comhlacht poiblí lena mbaineann an táille faoi alt 47 lena mbaineann,

cibé acu is déanaí agus an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin—

(I) go dtí deireadh na tréimhse 4 sheachtain ón táille sin a fháil, nó

(II) go dtí deireadh na tréimhse 4 sheachtain ó dheireadh thréimhse an iarchuir,

cibé acu is déanaí.

Modh rochtana ar thaifid.

12. —(1) Féadfaidh ceann rochtain faoin Acht seo a thabhairt ar thaifead trí na nithe seo a leanas a sholáthar don iarrthóir—

(a) cóip den taifead,

(b) athscríbhinn den fhaisnéis lena mbaineann,

(c) diosca ríomhaire nó feiste leictreonach eile ina bhfuil an fhaisnéis,

(d) deis réasúnach chun an taifead a iniúchadh,

(e) i gcás gur taifead fuaime nó amharc-íomhánna an taifead, deis réasúnach chun an taifead a chloisteáil nó a bhreathnú,

(f) i gcás go mbeidh an fhaisnéis luathscríofa nó i gcód eile, an fhaisnéis i bhfoirm dhíchódaithe agus i bhfoirm scríofa nó i cibé foirm eile a chinnfear,

(g) an fhaisnéis i cibé foirm nó ar cibé modh eile a chinnfear, nó

(h) an fhaisnéis i dteaglaim d'aon dá cheann nó níos mó de na slite sin roimhe seo.

(2) I gcás go dtabharfaidh ceann breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 agus gur iarraidh le haghaidh rochtana ar thaifead i bhfoirm nó ar mhodh áirithe í an iarraidh, is san fhoirm sin nó ar an modh sin a thabharfar an rochtain sin mura deimhin leis an gceann lena mbaineann—

(a) go mbeadh an rochtain sin i bhfoirm nó ar mhodh eile a shonraítear i bhfo-alt (1) nó a chinnfear faoi i bhfad níos éifeachtúla, nó

(b) dá dtabharfaí rochtain san fhoirm nó ar an modh a iarradh—

(i) go ndéanfaí dochar fisiceach don taifead,

(ii) go mbeadh sárú ar chóipcheart (seachas cóipcheart ar leis an Stát, leis an Rialtas nó leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann é) i gceist,

(iii) go mbeadh sé ar neamhréir le dualgas dlíthiúil nó le hoibleagáid dhlíthiúil comhlachta phoiblí, nó

(iv) go ndéanfaí dochar, díobháil nó damáiste d'aon leas a chosnaítear le Cuid III nó le halt 46.

(3) I gcás go dtabharfaidh ceann breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 ach gan rochtain a thabhairt ar an taifead lena mbaineann san fhoirm nó ar an modh a shonraítear san iarraidh, tabharfaidh sé nó sí an rochtain sin—

(a) más cás lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (2) an cás, san fhoirm chuí nó ar an modh cuí ag féachaint don mhír sin, agus

(b) más cás lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin an cás, i cibé foirm eile nó ar cibé modh eile a shonraítear i bhfo-alt (1) nó a chinnfear faoi agus ar a gcomhaontóidh an ceann agus an t-iarrthóir nó, mura féidir leis na daoine sin comhaontú ar fhoirm den sórt sin, i cibé foirm a shonraítear i bhfo-alt (1) agus is cuí leis an gceann.

Rochtain ar chodanna de thaifid.

13. —(1) I gcás go ngéillfí d'iarraidh faoi alt 7 murach go mbaineann sí le taifead ar taifead díolmhaithe é mar gheall ar ábhar áirithe a bheith ann, mar aon le hábhar eile, déanfaidh ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, más indéanta déanamh amhlaidh, cóip a ullmhú, i cibé foirm is cuí leis nó léi, den mhéid sin den taifead nach é an t-ábhar áirithe réamhráite é agus géillfear don iarraidh trí rochtain ar an gcóip a thairiscint don iarrthóir.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le taifead más rud é go mbeadh an chóip, dá ndéanfaí socrú dá chionn sin, míthreorach.

(3) I gcás go ndéanfar rochtain ar chóip de chuid de thaifead a thairiscint d'iarrthóir faoin alt seo, ansin (mura taifead é a bhfuil feidhm ag alt 19 (5), 22 (2), 23 (2)24 (3) maidir leis), sonrófar san fhógra faoi alt 8 (1) lena mbaineann gur de bhun an ailt seo atá an rochtain sin á tairiscint agus nach n-airbheartaíonn an chóip gur cóip í den taifead iomlán lena mbaineann an iarraidh faoi alt 7 agus sonrófar ann freisin cineál an ábhair atá sa taifead agus ar dá bhua atá feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an taifead.

Cinn d'athbhreithniú breitheanna.

14. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le breith arna tabhairt de bhun an Achta seo ag duine a raibh an fheidhm lena mbaineann tarmligthe chuige nó chuici tráth na breithe a thabhairt, ar breith díobh seo a leanas í—

(a) breith diúltú, go hiomlán nó go páirteach, géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 (seachas iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi) (“iarraidh”) i ndáil leis an taifead lena mbaineann,

(b) breith faoi alt 11 tairiscint maidir le rochtain ar thaifead a thagann faoi réim mhír (a) d'fho-alt (1) den alt sin a iarchur,

(c) breith faoi alt 12 géilleadh d'iarraidh trí rochtain ar an taifead lena mbaineann a thabhairt i bhfoirm seachas an fhoirm a shonraítear san iarraidh,

(d) breith faoi alt 13 géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 trí rochtain a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann ar chóip de chuid den taifead lena mbaineann, agus de chuid de amháin,

(e) breith faoi alt 17 diúltú taifead a leasú,

(f) breith faoi alt 18 i ndáil lena bhfuil i ráiteas arna thabhairt faoi fho-alt (1) den alt sin nó breith diúltú d'iarratas faoin bhfo-alt sin, nó

(g) breith táille nó éarlais, nó táille nó éarlais de mhéid áirithe, a ghearradh faoi alt 47 .

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag duine iomchuí—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) tar éis an athbhreithnithe, de réir mar is cuí leis nó léi—

(i) an bhreith a dhaingniú nó a athrú, nó

(ii) an bhreith a neamhniú agus, más cuí, cibé breith a thabhairt i ndáil leis an ní is dóigh leis nó léi is cóir,

de réir an Achta seo.

(3) Aon duine a bhfuil feidhm faoin alt seo tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 ní chomhlíonfaidh sé nó sí an fheidhm sin i ndáil le breith lena mbaineann an t-alt seo ar breith í a thug comhalta d'fhoireann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann arbh ionann céim dó nó di agus céim an duine réamhráite nó arbh airde céim dó nó di ná céim an duine réamhráite.

(4) Tabharfar breith faoi fho-alt (2), agus cuirfidh an ceann lena mbaineann faoi deara fógra maidir leis an mbreith, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine iomchuí agus d'aon duine eile a measann sé nó sí gur chóir fógra maidir leis an mbreith a thabhairt dó nó di, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis don cheann an t-iarratas ar an athbhreithniú faoin bhfo-alt sin lena mbaineann a fháil.

(5) Sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (4)

(a) an lá a ndearnadh an bhreith lena mbaineann faoin bhfo-alt sin,

(b) más breith í géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann, an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 8 (2) (c),

(c) más breith í diúltú géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, don iarraidh réamhráite, an fhaisnéis a shonraítear i bhfomhír (i) de mhír (d) d'alt 8 (2) agus, mura diúltú de bhun alt 10 (1) (c), 19 (5), 22 (2), 23 (2), nó 24 (3) an diúltú, an fhaisnéis a shonraítear i bhfomhír (ii) den mhír sin,

(d) más breith í tabhairt rochtana ar an taifead lena mbaineann a iarchur, na cúiseanna atá leis an iarchur agus tréimhse an iarchuir,

(e) más breith dá dtagraítear i mír (c), (d), (e), (f)(g) d'fho-alt (1) an bhreith, na cúiseanna leis an mbreith, agus

(f) sonraí faoi na cearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo i ndáil leis an mbreith, faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus faoi na teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(6) Ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt a cheanglaíonn ábhar a chur i bhfógra faoi fho-alt (4) ar ábhar é a d'fhágfadh, dá gcuirfí i dtaifead é, gur taifead díolmhaithe a bheadh sa taifead.

(7) Déanfar iarratas faoi fho-alt (2) tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith lena mbaineann a thabhairt faoin Acht seo don duine iomchuí lena mbaineann nó, i gcás go mbeidh an ceann lena mbaineann den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann chun an tréimhse sin a fhadú, deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh sé nó sí.

(8) Féadfaidh an duine iomchuí lena mbaineann, tráth ar bith roimh bhreith a thabhairt faoi fho-alt (2) tar éis an athbhreithnithe lena mbaineann, an t-iarratas lena mbaineann faoin bhfo-alt sin a tharraingt siar le fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, arna thabhairt don cheann lena mbaineann.

(9) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 8 i ndáil le cás inarb é atá i mbreith faoi fho-alt (2) breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 nó iarchur faoi alt 11 a neamhniú nó a athrú fairis an modhnú go ndéanfar an tagairt san fho-alt (3) sin do ghéilleadh d'iarraidh faoi fho-alt (1) d'alt 8 a fhorléiriú mar thagairt don bhreith faoi fho-alt (2) a thabhairt.

(10) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le breith faoi fho-alt (2)

(a) a mhéid a bheidh sí ar neamhréir leis an mbreith áirithe lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht léi in ionad an chéanna, agus

(b) beidh sí ina ceangal ar na páirtithe lena mbaineann.

(11) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le breith lena mbaineann an t-alt seo—

(a) an t-iarrthóir lena mbaineann, nó

(b) más breith faoi alt 17 18 an bhreith, an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann.

Faisnéis i dtaobh comhlachtaí poiblí a fhoilsiú.

15. —(1) Cuirfidh comhlacht poiblí faoi deara leabhar tagartha ina mbeidh na nithe seo a leanas a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir fho-alt (7)

(a) tuairisc ghinearálta ar a struchtúr agus ar a eagraíocht, ar a fheidhmeanna, a chumhachtaí agus a dhualgais, ar aon seirbhísí a sholáthraíonn sé don phobal agus ar na nósanna imeachta trínar féidir leis an bpobal leas a bhaint as aon seirbhísí den sórt sin,

(b) tuairisc ghinearálta ar na haicmí taifead atá ina sheilbh, agus tabharfar cibé sonraí ann is gá le réasún chun feidhmiú an chirt rochtana a éascú,

(c) tuairisc ghinearálta ar na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 16 (1),

(d) na socruithe a bheidh déanta ag an gcomhlacht—

(i) chun gur féidir le duine rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh an chomhlachta,

(ii) chun gur féidir le duine aonair iarratas a dhéanamh go leasófaí aon taifid den sórt sin a bhaineann le faisnéis phearsanta maidir leis an duine aonair, agus

(iii) chun gur féidir le duine a bhfuil feidhm ag alt 18 (1) maidir leis nó léi an fhaisnéis a shonraítear san fho-alt sin a fháil,

(e) ainmneacha agus ainmníochtaí na gcomhaltaí d'fhoireann an chomhlachta atá freagrach as na socruithe réamhráite a chomhall (mura gcreideann ceann an chomhlachta, le réasún, go bhféadfadh foilsiú na faisnéise sin sábháilteacht nó dea-bhail fhisiceach na ndaoine a chur i mbaol),

(f) an seoladh nó na seoltaí ag ar cheart iarrataí faoi alt 7 nó iarratais faoi alt 17 18 a thabhairt,

(g) faisnéis chuí—

(i) maidir le haon chearta athbhreithnithe nó achomhairc i leith breitheanna a thabharfaidh an comhlacht (lena n-áirítear cearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo), agus

(ii) maidir leis an nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus le haon teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin,

(h) aon fhaisnéis eile a mheasfaidh ceann an chomhlachta a bheith iomchuí chun feidhmiú an chirt rochtana a éascú, agus

(i) faisnéis i ndáil le cibé nithe eile (más ann) a fhorordófar.

(2) Déanfar leabhar tagartha a ullmhófar faoi fho-alt (1) a chur ar fáil de réir fho-alt (7)

(a) i gcás gur comhlacht a shonraítear i mír 1 (seachas fomhír (3), (4) agus (5)) den Chéad Sceideal an comhlacht lena mbaineann, ar thosach feidhme an Achta seo,

(b) i gcás gur údarás áitiúil an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (3) sin,

(c) i gcás gur bord sláinte an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (4) sin, agus

(d) i gcás gur comhlacht a bheidh forordaithe faoi alt 3 , chun críocha na fomhíre (5) sin, an comhlacht, ar an bhforordú sin,

agus ina dhiaidh sin, déanfaidh an comhlacht leagan, arna athmheas go cuí, den leabhar a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil mar a dúradh tráth nach annaimhe ná 3 bliana tar éis don chomhlacht an leabhar is déanaí den sórt sin a chur ar fáil amhlaidh agus a luaithe is féidir tar éis aon athruithe suntasacha a bheith le déanamh sa leabhar is déanaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh nó tar éis aon bhreisithe suntasacha a bheith le cur leis.

(3) Le linn leabhar tagartha a ullmhú faoi fho-alt (1), cuirfidh comhlacht poiblí san áireamh gurbh é cuspóir an leabhair cabhrú le daoine den phobal a gcearta faoin Acht seo a fhionnadh agus a fheidhmiú.

(4) Déanfaidh an comhlacht lena mbaineann, an tráth a bhfoilseofar leabhar tagartha faoi fho-alt (1)(2), achoimre den leabhar a thabhairt don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara na hachoimrí a thabharfar dó nó di faoin bhfo-alt seo a chóimheas agus cuirfidh sé nó sí faoi deara leabhar tagartha, ina mbeidh na hachoimrí arna gcóimheas amhlaidh, a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir fho-alt (7) tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis thosach feidhme an Achta seo agus, ina dhiaidh sin, tráth nach annaimhe ná 3 bliana tar éis an leabhar is déanaí den sórt sin a fhoilsiú agus a chur ar fáil amhlaidh agus a luaithe is féidir tar éis aon athruithe suntasacha a bheith le déanamh sa leabhar is déanaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh nó tar éis aon bhreisithe suntasacha a bheith le cur leis.

(5) Cinnteoidh an tAire go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí bearta cuí, maidir le hoiliúint foirne, socruithe eagrúcháin agus cibé nithe eile is cuí leis an Aire, chun gur fusa do na comhlachtaí an tAcht seo a chomhlíonadh agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (b) d'alt 3 (1), féadfaidh sé nó sí, le rialacháin arna ndéanamh faoin mír sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus le Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta (de réir bhrí an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 ), foráil a dhéanamh maidir le taifid, atá i seilbh comhlachtaí poiblí, a bhainistiú agus a chothabháil.

(6) (a) A luaithe is féidir tar éis deireadh tréimhse a shonraítear i mír (d), ullmhóidh an tAire tuarascáil i scríbhinn ar na bearta a bheidh déanta ag comhlachtaí poiblí de bhun fho-alt (5) le linn na tréimhse sin.

(b) Áireofar i dtuarascáil faoin bhfo-alt seo tuarascáil ar aon bhearta a bheidh déanta ag comhlacht poiblí, le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil, de dhroim tuarascála faoi alt 36 (4).

(c) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de thuarascáil faoin bhfo-alt seo a thabhairt a luaithe is féidir don choiste (de réir bhrí alt 32 ).

(d) Is iad na tréimhsí dá dtagraítear i mír (a):

(i) an tréimhse 3 mhí dar tosach dáta thosach feidhme an Achta seo, agus

(ii) an tréimhse 12 mhí dar tosach an tráth a rachaidh an tréimhse réamhráite in éag agus gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin dar tosach an tráth a rachaidh an tréimhse 12 mhí díreach roimhe sin in éag.

(7) Cuirfear leabhar dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2)(4) ar fáil lena iniúchadh saor in aisce, agus lena thabhairt chun siúil saor in aisce nó, de rogha an chinn lena mbaineann nó an Aire, de réir mar is cuí, lena cheannach, i cibé ionaid a chinnfidh an ceann nó, de réir mar is cuí, an tAire agus cuirfidh an ceann nó an tAire, de réir mar is cuí, faoi deara fógra maidir leis na hionaid sin a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé nó sí is leor chun críocha an ailt seo agus, má bhaineann an leabhar le húdarás áitiúil nó le bord sláinte, tabharfar cóip de do gach comhalta den údarás nó den bhord.

(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon ábhar ar taifead díolmhaithe mar gheall air taifead ina bhfuil sé.

Faisnéis a fhoilsiú maidir le rialacha agus cleachtais i ndáil le breitheanna áirithe a thugann comhlachtaí poiblí.

16. —(1) Cuirfidh comhlacht poiblí faoi deara na nithe seo a leanas a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir fho-alt (5)

(a) na rialacha, na nósanna imeachta, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirithe a úsáideann an comhlacht, agus innéacs d'aon fhasaigh a choimeádann an comhlacht, chun críocha breitheanna, cinntí nó moltaí faoi réim nó chun críocha aon achtacháin nó scéime a riarann an comhlacht maidir le cearta, pribhléidí, sochair, oibleagáidí, píonóis nó smachtbhannaí eile a bhfuil nó a bhféadfadh sé go mbeidh daoine den phobal ina dteideal nó faoina réir faoin achtachán nó faoin scéim, agus

(b) faisnéis chuí i ndáil leis an modh nó an modh beartaithe ar a riarfar aon achtachán nó scéim den sórt sin.

(2) Déanfar foilseachán a ullmhófar faoi fho-alt (1) a chur ar fáil de réir fho-alt (5)

(a) i gcás gur comhlacht a shonraítear i mír 1 (seachas fomhír (3), (4)(5)) den Chéad Sceideal an comhlacht lena mbaineann, ar thosach feidhme an Achta seo,

(b) i gcás gur údarás áitiúil an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (3) sin,

(c) i gcás gur bord sláinte an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (4) sin, agus

(d) i gcás gur comhlacht a bheidh forordaithe faoi alt 3 , chun críocha na fomhíre (5) sin, an comhlacht, ar an bhforordú sin,

agus ina dhiaidh sin déanfaidh an comhlacht leagan, arna athmheas go cuí, den fhoilseachán a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil mar a dúradh tráth nach annaimhe ná 3 bliana tar éis don chomhlacht an foilseachán is déanaí den sórt sin a chur ar fáil amhlaidh agus a luaithe is féidir tar éis aon athruithe suntasacha a bheith le déanamh san fhoilseachán is déanaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh nó tar éis aon bhreisithe suntasacha a bheith le cur leis.

(3) Mura ndéanfar an t-ábhar a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir an ailt seo nó má tá an t-ábhar a fhoilseofar amhlaidh, agus a airbheartóidh gurb é an t-ábhar réamhráite é, neamhiomlán nó míchruinn agus má shuíonn duine—

(a) nárbh eol dó nó di gurbh ann do riail, nós imeachta, cleachtas, treoirlíne, léiriú nó fasach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) (“an riail”) nó do cheanglas áirithe de chuid na rialach, agus

(b) murach an neamhfhoilsiú, an neamh-infhaighteacht, an neamhiomláine nó an míchruinneas sin, de réir mar a bheidh, go mbeadh an t-eolas sin aige nó aici,

cinnteoidh an comhlacht poiblí lena mbaineann, más indéanta agus a mhéid is indéanta é, nach mbeidh an duine faoi réir aon dochair (nach pionós arna fhorchur ag cúirt ar é nó í a chiontú i gcion) de bhíthin an riail nó an ceanglas a chur i bhfeidhm, agus dá bhíthin sin amháin, dá bhféadfadh an duine an dochar sin a sheachaint le dlí dá mba eol dó nó di gurbh ann don riail nó don cheanglas.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás go suífidh an comhlacht poiblí lena mbaineann gur ghlac sé bearta réasúnacha chun an riail nó an ceanglas lena mbaineann a chur in iúl dóibh siúd a ndéanann sí nó sé difear dóibh.

(5) Cuirfear foilseachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) ar fáil lena iniúchadh saor in aisce, agus lena thabhairt chun siúil saor in aisce nó, de rogha an chinn lena mbaineann, lena cheannach, i cibé ionaid a chinnfidh an ceann lena mbaineann agus cuirfidh an ceann faoi deara fógra maidir leis na hionaid sin a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé nó sí is leor chun críocha an ailt seo agus má bhaineann an foilseachán le húdarás áitiúil nó le bord sláinte, tabharfar cóip de do gach comhalta den údarás nó den bhord.

(6) Déanfar fasach dá dtagraítear in innéacs a shonraítear i bhfo-alt (1) a chur ar fáil don duine lena mbaineann de réir fho-alt (5) ar iarraidh chuige sin a bheith déanta chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon ábhar ar taifead díolmhaithe mar gheall air taifead ina bhfuil sé.

Leasú ar thaifid a bhaineann le faisnéis phearsanta.

17. —(1) I gcás faisnéis phearsanta i dtaifead a bheidh i seilbh comhlachta phoiblí a bheith neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, déanfaidh ceann an chomhlachta, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, an taifead a leasú—

(i) trína athrú chun go mbeidh an fhaisnéis iomlán nó ceart nó chun nach mbeidh sí míthreorach, de réir mar is cuí,

(ii) trí ráiteas a chur leis an taifead ina sonrófar na slite inar deimhin leis an gcomhlacht go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, de réir mar is cuí, nó

(iii) tríd an bhfaisnéis a scriosadh as.

(2) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1)

(a) sonrófar ann an taifead lena mbaineann agus an leasú atá ag teastáil, agus

(b) beidh faisnéis chuí ann mar thaca leis an iarratas,

a mhéid is indéanta é.

(3) Déanfaidh an ceann lena mbaineann, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 4 sheachtain, tar éis dó nó di iarratas faoi fho-alt (1) a fháil, breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfear nó a dhiúltófar géilleadh don iarratas agus cuirfidh sé nó sí faoi deara fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine lena mbaineann maidir lena bhreith nó lena breith agus, más breith í géilleadh dó, maidir leis an modh ar a ngéillfear dó.

(4) (a) Má dhiúltaítear géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (1), déanfaidh an ceann lena mbaineann—

(i) an t-iarratas nó cóip de nó, murab indéanta sin, nótáil ina gcuirfear in iúl go ndearnadh an t-iarratas, a chur i gceangal leis an taifead lena mbaineann, agus

(ii) sonraí faoi na nithe seo a leanas a chur san fhógra faoi fho-alt (3)

(I) cearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo i ndáil leis an mbreith diúltú géilleadh don iarratas, agus

(II) an nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus aon teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(b) Níl feidhm ag mír (a)(i) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas lena mbaineann clúmhillteach nó go mbeadh toirt nach gá i gceist sna hathruithe lena mbaineann sé ar an taifead áirithe, nó sna breisithe lena mbaineann sé leis an taifead sin.

(5) I gcás go leasófar taifead de bhun an ailt seo, glacfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann gach beart réasúnach chun fógra maidir leis an leasú a thabhairt—

(a) d'aon duine dár tugadh rochtain ar an taifead faoin Acht seo, agus

(b) d'aon chomhlacht poiblí eile dár tugadh cóip den taifead,

le linn na tréimhse bliana dar críoch an dáta a ndearnadh an leasú.

Ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine.

18. —(1) Ar iarratas chuige sin, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a bheith déanta chuig ceann comhlachta phoiblí ag duine a ndéanann gníomh de chuid an chomhlachta difear dó nó di agus a bhfuil leas ábhartha aige nó aici i ní dá ndéanann an gníomh difear nó lena mbaineann sé, cuirfidh an ceann faoi deara, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis dó nó di an t-iarratas a fháil, ráiteas, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine, ar ráiteas é ina luafar—

(a) na cúiseanna atá leis an ngníomh, agus

(b) aon fhionnachtana maidir le haon saincheisteanna ábhartha fíorais a bheidh déanta chun críocha an ghnímh.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní lena gceanglaítear—

(a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a thabhairt do dhuine, nó

(b) a nochtadh gurb ann nó nach ann do thaifead má cheanglaítear leis an Acht seo gan a nochtadh an ann nó nach ann dó.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)

(a) maidir le breith de chuid Choimisinéirí na Státseirbhíse de bhun fhomhír (d) nó (e) d'alt 17 (1) d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , gan glacadh le duine mar dhuine atá cáilithe le haghaidh poist dá dtagraítear san alt sin, nó

(b) maidir le breith de chuid na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, arna tabhairt de bhua alt 7 (3) d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , gan duine a mholadh d'údarás áitiúil le ceapadh chun oifige dá dtagraítear san alt sin,

más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, gur dóigh, dá dtabharfaí ráiteas faoi fho-alt (1) i ndáil leis an mbreith, go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht an phróisis chun duine a roghnú le ceapadh chun an phoist nó chun na hoifige.

(4) Más rud é, de bhun fho-alt (2)(3), go dtabharfaidh ceann comhlachta phoiblí breith gan a chur faoi deara ráiteas faoi fho-alt (1) a thabhairt do dhuine, cuirfidh an ceann faoi deara, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis an t-iarratas lena mbaineann faoi fho-alt (1) a fháil, fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine maidir leis an mbreith.

(5) Chun críocha an ailt seo tá leas ábhartha ag duine i ní dá ndéanann gníomh de chuid comhlachta phoiblí difear nó lena mbaineann gníomh den sórt sin más rud é go bhféadfaidh sé gurbh é toradh nó éifeacht an ghnímh ná go dtabharfaí tairbhe don duine nó go gcoimeádfaí tairbhe siar ón duine gan í a thabhairt freisin, nó gan í a choimeád siar freisin, do dhaoine i gcoitinne nó uathu nó d'aicme daoine nó ó aicme daoine atá sách líonmhar ag féachaint do na himthosca go léir agus ar duine den aicme sin an duine.

(6) San alt seo—

folaíonn “gníomh”, i ndáil le comhlacht poiblí, breith (seachas breith faoin Acht seo) de chuid an chomhlachta;

folaíonn “tairbhe”, i ndáil le duine—

(a) aon bhuntáiste don duine,

(b) i leith gnímh de chuid comhlachta phoiblí arna dhéanamh ar iarraidh ón duine, aon toradh a bheidh ar an ngníomh, nó aon éifeacht a bheidh leis, maidir leis an duine, agus

(c) caillteanas, dliteanas, pianbhreith, forghéilleadh, pionósú nó míbhuntáiste eile, a dhéanfadh difear don duine, a sheachaint.