An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Taifid Dhíolmhaithe) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

13 1997

AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

CUID IV

An Coimisinéir Faisnéise

Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhunú.

33. —(1) Bunaítear leis seo oifig an Choimisinéara Faisnéise agus tabharfar an Coimisinéir Faisnéise ar shealbhóir na hoifige.

(2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh le bheith mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir.

(b) Ní bheidh éifeacht le míreanna 4 agus 5 den Dara Sceideal i gcás gurb é nó gurb í an duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara an duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman freisin.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 2 (6) den Acht Ombudsman, 1980 , maidir le duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman agus a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara freisin.

An Coimisinéir d'athbhreithniú breitheanna.

34. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) breith faoi alt 14 , seachas breith dá dtagraítear i mír (c),

(b) breith a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e)(f) d'alt 14 (1),

(c) breith faoi alt 14 , nó breith faoi alt 47 , gur cóir táille nó éarlais is mó ná £10 nó cibé méid eile (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire a ghearradh faoi alt 47 ,

(d) breith faoi alt 9 an t-am a fhadú chun iarraidh faoi alt 7 a bhreithniú,

(e) breith faoi alt 11 tabhairt rochtana ar thaifead a thagann faoi réim mhír (b)(c) d'fho-alt (1) den alt sin a iarchur, agus

(f) breith maidir le hiarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi,

ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(i) breith mar a dúradh arna tabhairt ag an gCoimisinéir i leith taifid a bheidh i seilbh an Choimisinéara nó (i gcás go mbeidh an duine céanna i seilbh oifig an Ombudsman agus oifig an Choimisinéara) arna tabhairt ag an Ombudsman i leith taifid a bheidh i seilbh an Ombudsman, agus

(ii) breith dá dtagraítear i mír (b), agus breith faoi alt 47 dá dtagraítear i mír (c), arna tabhairt ag duine a raibh an fheidhm lena mbaineann tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 tráth na breithe a thabhairt.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Coimisinéir, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag duine iomchuí—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) tar éis an athbhreithnithe, féadfaidh sé nó sí, de réir mar is cuí leis nó léi—

(i) an bhreith a dhaingniú nó a athrú, nó

(ii) an bhreith a neamhniú agus, más cuí, cibé breith a thabhairt i ndáil leis an ní lena mbaineann is dóigh leis nó léi is cóir,

de réir an Achta seo.

(3) Tabharfar breith faoi fho-alt (2) a luaithe is féidir agus, a mhéid is indéanta—

(a) i gcás gur le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo a rinneadh an t-iarratas ar an athbhreithniú lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don Choimisinéir an t-iarratas a fháil, agus

(b) i gcás gur tar éis an tréimhse sin a dúradh a bheith caite a rinneadh an t-iarratas ar an athbhreithniú, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis don Choimisinéir an t-iarratas a fháil.

(4) Déanfar iarratas faoi fho-alt (2)

(a) má bhaineann sé le breith a shonraítear i mír (d)(f) d'fho-alt (1), tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann, agus

(b) má bhaineann sé le haon bhreith eile a shonraítear san fho-alt sin, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann nó, i gcás go mbeidh an Coimisinéir den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann chun an tréimhse sin a fhadú, deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh sé nó sí.

(5) Féadfaidh duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (2), le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Choimisinéir, tráth ar bith sula mbeidh fógra faoi fho-alt (10) i ndáil leis an iarratas tugtha don duine, an t-iarratas a tharraingt siar, agus cuirfidh an Coimisinéir faoi deara cóip d'aon fhógra a bheidh tugtha dó nó di faoin bhfo-alt seo a thabhairt don duine iomchuí, nó don cheann, lena mbaineann, de réir mar is cuí, agus d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, í a thabhairt dó nó di.

(6) A luaithe is féidir tar éis don Choimisinéir iarratas faoi fho-alt (2) a fháil, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara cóip den iarratas a thabhairt don cheann lena mbaineann, agus, de réir mar is cuí, don duine iomchuí lena mbaineann agus, má bheartaíonn an Coimisinéir an bhreith lena mbaineann a athbhreithniú, cuirfidh sé nó sí faoi deara fógra a thabhairt don cheann agus don duine iomchuí agus d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, fógra a thabhairt dó nó di, maidir lena bhfuil beartaithe agus, air sin, tabharfaidh an ceann sonraí don Choimisinéir, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, i dtaobh aon daoine a mbeidh fógra maidir leis an iarraidh tugtha aige nó aici dóibh nó, i gcás diúltú géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, i dtaobh aon daoine a mbeadh fógra maidir leis an iarraidh tugtha aige nó aici dóibh dá mba rud é go raibh sé ar intinn aige nó aici géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann.

(7) I gcás go ndéanfar iarratas faoi fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith féachaint le socraíocht a dhéanamh idir na páirtithe lena mbaineann maidir leis an ní lena mbaineann agus féadfaidh sé nó sí, chun na críche sin, d'ainneoin fho-alt (3), an t-athbhreithniú lena mbaineann a chur ar fionraí, ar feadh cibé tréimhse a chomhaontófar leis na páirtithe lena mbaineann agus, más cuí, scor den athbhreithniú sin.

(8) I ndáil le hathbhreithniú beartaithe faoin alt seo, féadfaidh an ceann, agus an duine iomchuí lena mbaineann agus aon duine eile a dtabharfar fógra maidir leis an athbhreithniú dó nó di faoi fho-alt (6), aighneachtaí a dhéanamh (de réir mar a chinnfidh an Coimisinéir, i scríbhinn nó ó bhéal nó i cibé foirm eile a chinnfear) chuig an gCoimisinéir i ndáil le haon ní is iomchuí maidir leis an athbhreithniú agus cuirfidh an Coimisinéir aon aighneachtaí den sórt sin i gcuntas chun críocha an athbhreithnithe.

(9) (a) Féadfaidh an Coimisinéir diúltú géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (2) nó scor d'athbhreithniú faoin alt seo má bhíonn sé nó sí den tuairim nó má thagann sé nó sí ar an tuairim—

(i) go bhfuil an t-iarratas sin a dúradh nó an t-iarratas lena mbaineann an t-athbhreithniú (“an t-iarratas”) suaibhreosach nó cráiteach,

(ii) nach mbaineann an t-iarratas le breith a shonraítear i bhfo-alt (1), nó

(iii) go bhfuil, go raibh nó go mbeidh an ní lena mbaineann an t-iarratas ina ábhar d'athbhreithniú eile faoin alt seo.

(b) Nuair a bheidh an Coimisinéir á chinneadh an ndiúltóidh sé nó sí géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (2) nó an scoirfidh sé nó sí d'athbhreithniú faoin alt seo, gníomhóidh sé nó sí, faoi réir fhorálacha an Achta seo, de réir a bhreithiúnais nó a breithiúnais féin.

(10) Déanfaidh an Coimisinéir fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir le breith faoi fho-alt (2) (b), nó maidir le diúltú nó le scor faoi fho-alt (9), agus maidir leis na cúiseanna atá leis an gcéanna, a thabhairt—

(a) don cheann lena mbaineann,

(b) don duine iomchuí lena mbaineann, agus

(c) d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, fógra den sórt sin a thabhairt dó nó di.

(11) (a) Tabharfar an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a luaithe is féidir tar éis na breithe, an diúltaithe nó an scoir lena mbaineann agus, má bhaineann sé le breith faoi fho-alt (2), a mhéid is indéanta, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (3).

(b) Sonrófar i dtuarascáil an Choimisinéara d'aon bhliain faoi alt 40 líon na gcásanna (más ann) sa bhliain sin nach ndearnadh fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (10) i ndáil le breith faoi fho-alt (2) (b) a thabhairt do dhuine a shonraítear i bhfo-alt (10) laistigh den tréimhse chuí a shonraítear i mír (a).

(12) In athbhreithniú faoin alt seo—

(a) toimhdeofar go raibh údar le breith géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi mura ndéanfaidh an duine lena mbaineann, agus a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir leis nó léi, a shuíomh, chun sástacht an Choimisinéara, nach raibh údar leis an mbreith, agus

(b) toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith.

(13) I mbreith ón gCoimisinéir tar éis athbhreithnithe faoin alt seo sonrófar, i gcás gur cuí, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith agus, nuair a bheidh an tréimhse sin á socrú, beidh aird ag an gCoimisinéir ar a inmhianaithe atá sé, faoi réir alt 44 , éifeacht a thabhairt don bhreith sin a luaithe is féidir tar éis fo-alt (11) a chomhlíonadh i ndáil leis an gcéanna.

(14) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le breith faoi fho-alt (2)

(a) a mhéid a bheidh sí ar neamhréir leis an mbreith lena mbaineann agus a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, beidh éifeacht léi in ionad an chéanna, agus

(b) beidh sí ina ceangal ar na páirtithe lena mbaineann.

(15) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le breith a shonraítear i bhfo-alt (1)

(a) an t-iarrthóir lena mbaineann agus, más breith í i leith iarrata lena mbaineann alt 29 , duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir leis nó léi, nó

(b) más breith í faoi alt 17 18, an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoin alt sin.

An Coimisinéir do dhéanamh iarrataí ar fhaisnéis bhreise.

35. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar iarratas ar athbhreithniú ag an gCoimisinéir —

(i) ar bhreith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 , nó

(ii) ar bhreith faoi alt 14 i ndáil le breith dá dtagraítear i bhfomhír (i),

faoi alt 34 , agus

(b) go measfaidh an Coimisinéir nach leor an ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an mbreith dá dtagraítear i mír (a)(i) san fhógra faoi fho-alt (1) d'alt 8 nó maidir leis na fionnachtana nó na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) (ii) den alt sin i ndáil leis an ní,

ordóidh an Coimisinéir don cheann lena mbaineann ráiteas, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann agus don Choimisinéir, ar ráiteas é ina mbeidh aon fhaisnéis bhreise i ndáil leis na nithe sin atá faoi chumhacht nó faoi rialú an chinn.

(2) Déanfaidh ceann ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis é a fháil.

Athbhreithniú ar oibriú an Achta agus imscrúduithe ag an gCoimisinéir.

36. —(1) Coimeádfaidh an Coimisinéir oibriú an Achta seo faoi athbhreithniú agus féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (2), imscrúdú a dhéanamh tráth ar bith ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta a bheidh glactha ag comhlachtaí poiblí i gcoitinne nó ag aon chomhlacht poiblí nó comhlachtaí poiblí áirithe chun—

(a) forálacha an Achta seo i gcoitinne,

(b) aon fhorálacha áirithe den Acht seo,

a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoi fho-alt (1) (a) i ndáil le comhlachtaí poiblí i gcoitinne tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith imscrúdú a dhéanamh ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta a bheidh glactha ag comhlachtaí poiblí nó ag aon chomhlacht poiblí nó comhlachtaí poiblí áirithe chun a chumasú do dhaoine na cearta a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú agus chun an feidhmiú sin a éascú.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith tuarascáil a ullmhú, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear—

(a) maidir lena chuid nó lena cuid fionnachtana agus tátal de thoradh aon fheidhm faoi fho-alt (1) (2)(3) a chomhlíonadh, nó

(b) maidir le haon ní a bhaineann le comhlíonadh feidhme den sórt sin nó a éiríonn as an gcéanna.

(5) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, cóip de thuarascáil faoin alt seo a thabhairt don Aire agus do gach comhlacht poiblí lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den tuarascáil a chur mar fhoscríbhinn leis an gcéad tuarascáil eile faoi alt 40 (1) a ullmhófar tar éis ullmhú na tuarascála céadluaite.

Cumhachtaí an Choimisinéara.

37. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36

(a) a cheangal ar aon duine atá, i dtuairim an Choimisinéara, i seilbh faisnéise, nó a bhfuil taifead faoina chumhacht nó faoina cumhacht nó faoina rialú, is faisnéis nó taifead atá, i dtuairim an Choimisinéara, iomchuí maidir leis na críocha sin a dúradh, aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin atá i seilbh nó, de réir mar a bheidh, faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt don Choimisinéir agus, i gcás gur cuí sin, a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus

(b) scrúdú a dhéanamh ar aon taifead is iomchuí, i dtuairim an Choimisinéara, maidir leis an athbhreithniú nó leis an imscrúdú agus cóipeanna in aon fhoirm a dhéanamh den taifead sin nó de shleachta as agus chun na gcríoch sin seilbh a ghlacadh ar aon taifead den sórt sin, é a aistriú ón áitreabh agus é a choinneáil ina sheilbh nó ina seilbh go ceann tréimhse réasúnaí.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithniú nó imscrúdú den sórt sin mar a dúradh, dul isteach in aon áitreabh atá á áitiú ag comhlacht poiblí agus, ansin—

(a) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh cibé faisnéis a bheidh i seilbh an duine agus a theastóidh uaidh nó uaithi le réasún chun na gcríoch a dúradh a thabhairt dó nó di agus aon taifead a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a chur ar fáil dó nó di, ar taifead é is iomchuí, i dtuairim an Choimisinéara, maidir leis na críocha sin, agus

(b) scrúdú a dhéanamh ar aon taifead a chuirfear ar fáil dó nó di mar a dúradh nó a gheofar san áitreabh agus cóipeanna a dhéanamh den taifead sin nó de shleachta as.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní chuirfidh aon achtachán ná riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin mar a dúradh a thabhairt don Choimisinéir.

(4) Beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh ag finné i gcúirt.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun críocha athbhreithniú faoi alt 34 , nó imscrúdú faoi alt 36 , freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di—

(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus

(b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chailleadh,

ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta chun athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36 a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis agus, gan dochar don mhéid sin roimhe seo, beidh sé chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir ach é a bheith i gcomhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna an Choimisinéara.

(7) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a bhacfaidh nó a choiscfidh an Coimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó iad araon a chur air nó uirthi.

(8) Níl feidhm ag an alt seo maidir le taifead a bhfuil deimhniú faoi alt 25 i bhfeidhm ina leith.

Spreagfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí chun faisnéis a fhoilsiú.

38. —I dteannta na bhfoilseachán dá ndéantar foráil le hailt 15 agus 16, déanfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí a chothú agus a spreagadh chun faisnéis is iomchuí nó is díol suime don phobal i gcoitinne a fhoilsiú, ar faisnéis í i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí agus lena gcuid feidhmeanna i gcoitinne.

An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc., an Achta.

39. —Féadfaidh an Coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áirithe den Acht seo, a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tráchtaireachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóirí oifig an Choimisinéara i ndáil le hathbhreithnithe, agus i ndáil le breitheanna tar éis athbhreithnithe, de chuid sealbhóirí den sórt sin faoi alt 34 .

Tuarascálacha ón gCoimisinéir.

40. —(1) Déanfaidh an Coimisinéir, gach bliain tar éis na bliana ina dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) tuarascáil a ullmhú i ndáil lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí faoin Acht seo sa bhliain roimhe sin, agus

(b) cóip d'aon tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi alt 25 (11) a chur mar fhoscríbhinn leis an tuarascáil,

(c) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus d'aon chóip dá dtagraítear i mír (b) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leasanna aon duine, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú i ndáil le haon imscrúdú, nó athbhreithniú a bheidh déanta, nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta, aige nó aici faoin Acht seo nó i ndáil le haon ní a bhaineann le himscrúdú, le hathbhreithniú nó le comhlíonadh den sórt sin nó a éiríonn i gcúrsa imscrúdú, athbhreithniú nó comhlíonadh den sórt sin.