|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 7 de 1998 | ||||||||||||||||||||
[EN] |
ACHT AN AIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN (CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA), 1998 | |||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 7 de 1998 | ||||||||||||||||||||
ACHT AN AIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN (CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA), 1998 | ||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||
ACHT DO THABHAIRT FEIDHMEANNA COIMHDEACHA ÁIRITHE I nDÁIL LE MAOIN DON AIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN, DO SHOILÉIRIÚ AGUS DO LEATHNÚ FHEIDHMEANNA AN AIRE I nDÁIL LE hUISCEBHEALAÍ INTÍRE ÁIRITHE, SEIRBHÍSÍ FARANTÓIREACHTA ÁIRITHE AGUS NITHE ÁIRITHE EILE, DO LEASÚ AN ACHTA OIDHREACHTA, 1995, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [8 Aibreán, 1998] | ||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | ||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “feidhm” cumhacht agus dualgas, agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme tagairt d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhall dualgais; | |||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “uiscebhealach intíre” aon abhainn nó loch (lena n-áirítear codanna canálaithe d'abhainn nó de loch), uiscebhealach nó canáil, a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus folaíonn sé— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) cuid d'abhainn, de loch, d'uiscebhealach nó de chanáil den sórt sin, | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) aon talamh a chuimsítear i dtuairisc na habhann, an locha, an uiscebhealaigh nó na canála, cibé acu is talamh tirim nó talamh faoi uisce go buan nó go huaineach é, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) a ghnéithe loingseoireachta gaolmhara; | |||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “talamh” talamh faoi uisce; | |||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Cumhacht chun an Sceideal a leasú le hordú. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí uiscebhealach intíre a chur leis an Sceideal, trí uiscebhealach a scriosadh as, nó trí iontráil ann i leith uiscebhealaigh a leasú. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Feidhmeanna an Aire i ndáil le huiscebhealaí intíre. |
3. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 5 den Acht seo, is feidhm de chuid an Aire, agus measfar gurbh fheidhm de chuid an Aire riamh, uiscebhealaí intíre a bhainistiú agus a fhorbairt. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, d'fhonn feidhm de chuid an Aire i ndáil le haon uiscebhealach intíre (lena n-áirítear uiscebhealach na Sionainne agus na canálacha) a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire aon cheann de na cumhachtaí a fheidhmiú atá aige nó aici— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) i ndáil le huiscebhealach na Sionainne faoi Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990 , agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) i ndáil leis na canálacha faoi Acht na gCanálacha, 1986 , | |||||||||||||||||||
[EN] | ach sin gan dochar do chearta aon duine eile faoi cheachtar de na hAchtanna sin. | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) D'ainneoin alt 6(c) d'Acht na gCanálacha, 1986 , agus alt 2(e) d'Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990 , sroichfidh cumhachtaí an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo go dtí aon cheann de na nithe a cheadaítear de bhua an fho-ailt sin (2) a dhéanamh do bhóithre poiblí nó i ndáil le bóithre poiblí de réir bhrí Acht na mBóithre, 1993. | |||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, ar chúiseanna sonraithe— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) uiscebhealach intíre, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) aon chuid d'uiscebhealach intíre, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) aon talamh atá tadhlach le huiscebhealach intíre lena n-áirítear aon chosán tarraingthe nó claífort, | |||||||||||||||||||
[EN] | a dhúnadh go sealadach. | |||||||||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo— | |||||||||||||||||||
[EN] | tá le “na canálacha” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCanálacha, 1986 ; | |||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “forbairt”— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, i dtalamh, faoi thalamh nó os cionn talún (lena n-áirítear aon bhóthar) is cuid d'uiscebhealach intíre agus aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon struchtúir nó talún eile (lena n-áirítear aon bhóthar) is cuid den sórt sin nó atá tadhlach le talamh den sórt sin, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) aon ní a dhéanamh i ndáil le huiscebhealach intíre a fhéadfaidh an tAire a dhéanamh de bhua fho-alt (2) den alt seo; | |||||||||||||||||||
tá le “uiscebhealach na Sionainne” an bhrí chéanna atá leis in Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990 . | ||||||||||||||||||||
[EN] |
Feidhmeanna an Aire i ndáil le seirbhísí farantóireachta. |
4. —Gan dochar d'Acht Iompair Oileán Árann, 1946 , ná do ghinearáltacht an achtacháin seo nó aon achtacháin eile lena dtugtar feidhmeanna don Aire, féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, maoiniú a dhéanamh ar thógáil, fáil, imchóiriú nó deisiú soithí atá oiriúnach chun seirbhísí farantóireachta a oibriú chuig oileáin áitrithe amach ón gcósta sa Stát, agus fóirdheontais a íoc le haghaidh seirbhísí farantóireachta den sórt sin a oibriú. | ||||||||||||||||||
[EN] |
Feidhmeanna an Aire i ndáil le maoin atá coimhdeach d'fheidhmeanna eile, etc. |
5. —(1) Is feidhm de chuid an Aire, agus measfar gurbh fheidhm de chuid an Aire riamh, d'fhonn aon fheidhm de chuid an Aire faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile, nó a thugtar dó nó di ar shlí eile, a chomhlíonadh nó de réir mar is gá nó is fóirsteanach chun aon fheidhm den sórt sin a chomhlíonadh— | ||||||||||||||||||
[EN] | (a) (i) talamh (lena n-áirítear uiscebhealach intíre) agus leasanna i dtalamh nó cearta thairsti, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (ii) maoin eile (lena n-áirítear maoin intleachtúil) d'aon chineál agus leasanna sa mhaoin eile sin nó cearta thairsti, | |||||||||||||||||||
[EN] | a fháil, a chruthú, a shealbhú, a chothabháil agus a dhiúscairt lena n-úsáid ag an Aire le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile nó a thugtar amhlaidh ar shlí eile a chomhlíonadh, | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) (i) foirgnimh nó déanmhais nó oibreacha nó maoin eile ar aon talamh den sórt sin dá dtagraítear i mír (a) (i) den fho-alt seo, in aon talamh den sórt sin, faoi aon talamh den sórt sin nó os cionn aon talún den sórt sin, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (ii) maoin eile dá dtagraítear i mír (a) (ii) den fho-alt seo nó a bhaineann le feidhmeanna an Aire, | |||||||||||||||||||
[EN] | a bhainistiú, a fhorbairt, a chothabháil, a dheisiú, a fheabhsú, a athrú, a mhéadú, a laghdú ó thaobh méide de, a scartáil nó a aistriú as, nó déileáil leo nó léi ar shlí eile, go haonarach nó i gcomhar le haon duine nó le haon chomhlacht eile (lena n-áirítear údarás Stáit de réir bhrí an Achta um Údaráis Stáit (Forbairt agus Bainisteoireacht), 1993), | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) comhlíonadh nó feidhmiú feidhme a luaitear i mír (b) den fho-alt seo ag duine eile thar ceann an Aire a thabhairt i gcrích, faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (d) cúnamh airgid a sholáthar d'aon duine nó d'aon chomhlacht, lena n-áirítear údarás poiblí, i leith aon ní a bhaineann le comhlíonadh fheidhmeanna an Aire, de réir mar a mheasann an tAire is inmhianaithe. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann feidhm do dhuine (seachas an tAire) nó do chomhlacht ar feidhm í nach bhfuil ag an duine nó ag an gcomhlacht thairis sin. | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) Níl aon fheidhm dá dtagraítear san alt seo á cur in ionad aon fheidhme eile a bhí ag an Aire díreach roimh an Acht seo a rith. | |||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt seo, tá le “údarás poiblí” an bhrí chéanna atá leis san Acht Oidhreachta, 1995. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Acht Oidhreachta, 1995. |
6. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Oidhreachta, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) in alt 10: | ||||||||||||||||||
[EN] | “(5) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le foirgneamh ar le húdarás poiblí é agus atá ainmnithe mar fhoirgneamh oidhreachta le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (4).”. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Measfar feidhm agus éifeacht a bheith le fo-alt (1) den alt seo amhail ar an agus ón 10ú lá d'Aibreán, 1995. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Caiteachais. |
7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal. |
8. —Féadfar Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 , a ghairm den Acht seo. |