An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas Idir Mná agus Fir)

21 1998

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998

CUID II

Idirdhealú: Forálacha Ginearálta

Réamhráiteach

Idirdhealú chun críocha an Achta seo.

6. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar go dtarlaíonn idirdhealú más rud é, ar aon cheann de na forais i bhfo-alt (2) (dá ngairtear “na forais idirdhealaitheacha” san Acht seo), go ndéileáiltear le duine amháin le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le duine eile.

(2) Amhail idir aon 2 dhuine, is iad na forais idirdhealaitheacha (mar aon le tuairiscí na bhforas sin chun críocha an Achta seo)—

(a) gur bean í duine acu agus gur fear é an duine eile (dá ngairtear “an foras inscne” san Acht seo),

(b) nach ionann stádas pósta dóibh (dá ngairtear “an foras stádais pósta” san Acht seo),

(c) go bhfuil stádas teaghlaigh ag duine acu agus nach bhfuil ag an duine eile (dá ngairtear “an foras stádais teaghlaigh” san Acht seo),

(d) nach ionann gnéaschlaonadh dóibh (dá ngairtear “an foras gnéaschlaonta” san Acht seo),

(e) nach ionann an creideamh atá ag duine acu agus an creideamh atá ag an duine eile, nó go bhfuil creideamh ag duine acu agus nach bhfuil ag an duine eile (dá ngairtear “an foras creidimh” san Acht seo),

(f) nach ionann aois dóibh, ach sin faoi réir fho-alt (3) (dá ngairtear “an foras aoise” san Acht seo),

(g) gur duine faoi mhíchumas duine acu agus nach amhlaidh don duine eile nó gur duine atá faoi mhíchumas eile é nó í an duine eile (dá ngairtear “an foras míchumais” san Acht seo),

(h) nach ionann cine, dath, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta dóibh (dá ngairtear “an foras cine” san Acht seo),

(i) gur duine den lucht siúil duine acu agus nach amhlaidh don duine eile (dá ngairtear “an foras lucht siúil” san Acht seo).

(3) Más rud é—

(a) go bhfuil 65 bliana d'aois slánaithe ag duine, nó

(b) nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe ag duine,

ansin, faoi réir alt 12 (3), ní mheasfar gur idirdhealú ar an bhforas aoise é má dhéileáiltear leis an duine sin le níos mó fabhair nó le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile (is cuma cén aois atá ag an duine eile sin).

(4) Déanfaidh an tAire oibriú an Achta seo a athbhreithniú, laistigh de 2 bhliain ón dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, d'fhonn a mheasúnú an gá cur leis na forais idirdhealaitheacha atá leagtha amach san alt seo.

An cineál céanna oibre.

7. —(1) Faoi réir fho-alt (2), chun críocha an Achta seo, i ndáil leis an obair a bhfuil duine amháin fostaithe chun í a dhéanamh, measfar duine eile a bheith fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh más rud é—

(a) gurb í an obair chéanna a dhéanann gach duine acu agus sin faoi na coinníollacha céanna nó faoi choinníollacha comhchosúla, nó gurb inmhalartaithe ar a chéile iad i ndáil leis an obair,

(b) go bhfuil an obair a dhéanann duine acu cosúil leis an obair a dhéanann an duine eile agus gur beag, i ndáil leis an obair san iomlán, tábhacht aon difríochtaí idir an obair a dhéanann gach duine acu nó idir na coinníollacha faoina ndéanann gach duine acu an obair sin nó go dtarlaíonn na difríochtaí sin ar bhonn chomh neamhrialta sin nach difríochtaí suntasacha iad i ndáil leis an obair san iomlán, nó

(c) gurb ionann luach na hoibre a dhéanann duine acu agus luach na hoibre a dhéanann an duine eile, ag féachaint do nithe mar oilteacht, riachtanais choirp nó mheabhrach, freagracht agus coinníollacha oibre.

(2) I ndáil leis an obair a bhfuil oibrí gníomhaireachta fostaithe chun í a dhéanamh, ní fhéadfar aon duine ach amháin oibrí gníomhaireachta eile a mheas faoi fho-alt (1) mar dhuine atá fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh (agus, dá réir sin, i ndáil leis an obair a bhfuil oibrí neamhghníomhaireachta fostaithe chun í a dhéanamh, ní fhéadfar oibrí gníomhaireachta a mheas mar dhuine atá fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh).

(3) In aon chás—

(a) inar lú an luach saothair a fhaigheann duine amháin (“an t-oibrí príomha”) ná an luach saothair a fhaigheann duine eile (“an comparadóir”), agus

(b) inar mó luach na hoibre a dhéanann an t-oibrí príomha ná luach na hoibre a dhéanann an comparadóir, ag féachaint do na nithe a luaitear i bhfo-alt (1)(c),

ansin, chun críocha fho-alt (1)(c), measfar gurb ionann luach na hoibre a dhéanann an t-oibrí príomha agus luach na hoibre a dhéanann an comparadóir.

Idirdhealú i Réimsí Sonracha

Idirdhealú ag fostóirí etc.

8. —(1) I ndáil—

(a) le rochtain ar fhostaíocht,

(b) le coinníollacha fostaíochta,

(c) le hoiliúint nó taithí le haghaidh nó i leith fostaíochta,

(d) le hardú céime nó le hathghrádú, nó

(e) le haicmiú post,

ní dhéanfaidh fostóir idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchasaigh agus ní dhéanfaidh soláthraí oibre gníomhaireachta idirdhealú in aghaidh oibrí gníomhaireachta.

(2) Chun críocha an Achta seo, ní mheasfar fostóir nó soláthraí oibre gníomhaireachta a bheith ag déanamh idirdhealú in aghaidh oibrí gníomhaireachta mura rud é (ar fhoras amháin de na forais idirdhealaitheacha) go ndéileáiltear leis an oibrí gníomhaireachta sin le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le hoibrí gníomhaireachta eile.

(3) I bhfo-ailt (4) go (8), folaíonn tagairtí d'fhostaí tagairtí d'oibrí gníomhaireachta agus, i ndáil le hoibrí den sórt sin, folaíonn tagairtí don fhostóir tagairtí don soláthraí oibre gníomhaireachta.

(4) Maidir le duine is fostóir—

(a) ní bheidh aige nó aici rialacha ná treoracha, i ndáil le fostaithe nó le fostaíocht, a mbeadh de thoradh orthu idirdhealú in aghaidh fostaí nó aicme fostaithe i ndáil le haon ní de na nithe a shonraítear i míreanna (b) go (e) d'fho-alt (1), nó

(b) ní fheidhmeoidh ná ní oibreoidh sé nó sí cleachtas thairis sin, i ndáil le fostaithe nó le fostaíocht, a bhfuil, nó ar dóigh go mbeadh, aon idirdhealú den sórt sin de thoradh air.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar fostóir a bheith ag déanamh idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchasaigh i ndáil le rochtain ar fhostaíocht má dhéanann an fostóir idirdhealú in aghaidh an fhostaí nó an fhostaí ionchasaigh—

(a) in aon chomhshocraíochtaí a dhéanfaidh an fostóir chun a chinneadh cé dó nó di ar chóir fostaíocht a thairiscint, nó

(b) trí cheanglais iontrála d'fhostaíocht a shonrú maidir le duine amháin nó le haicme amháin daoine, ar ceanglais iad nach bhfuil sonraithe maidir le daoine eile nó le haicmí eile daoine, i gcás gan aon difríocht ábhartha a bheith idir na himthosca ina mbeadh na daoine sin araon nó na haicmí sin araon fostaithe.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar fostóir a bheith ag déanamh idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchasaigh i ndáil le coinníollacha fostaíochta mura dtairgfidh nó mura dtabharfaidh an fostóir, ar aon fhoras de na forais idirdhealaitheacha, don fhostaí sin nó don fhostaí ionchasach sin nó d'aicme daoine dar duine é nó í—

(a) na téarmaí céanna fostaíochta (seachas luach saothair agus cearta pinsin),

(b) na coinníollacha céanna oibre, agus

(c) an chóir chéanna i ndáil le hobair bhreis-ama, uain-obair, gearr-am, aistriú, asleagan, iomarcaíocht, dífhostú agus bearta araíonachta,

a thairgeann nó a thugann an fostóir do dhuine eile nó d'aicme eile daoine, i gcás gan aon difríocht ábhartha a bheith idir na himthosca ina bhfuil nó ina mbeadh na daoine sin araon nó na haicmí sin araon fostaithe.

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar fostóir a bheith ag déanamh idirdhealú in aghaidh fostaí i ndáil le hoiliúint nó taithí le haghaidh nó i leith fostaíochta má dhiúltaíonn an fostóir, ar aon fhoras de na forais idirdhealaitheacha, na deiseanna nó na saoráidí céanna i ndáil le comhairle fostaíochta, oiliúint (ar an láthair oibre nó in áit eile) agus taithí oibre a thairiscint nó a thabhairt don fhostaí sin a thairgeann nó a thugann an fostóir d'fhostaithe eile, i gcás gan aon difríocht ábhartha a bheith idir na himthosca ina bhfuil an fostaí sin agus na fostaithe eile sin fostaithe.

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar fostóir a bheith ag déanamh idirdhealú in aghaidh fostaí i ndáil le hardú céime más rud é, ar aon fhoras de na forais idirdhealaitheacha—

(a) go ndiúltóidh an fostóir, nó go mainneoidh sé nó sí d'aon turas, rochtain ar dheiseanna ar ardú céime a thairiscint nó a thabhairt don fhostaí in imthosca ina dtairgtear nó ina dtugtar an rochtain sin do dhuine incheaptha cáilithe eile, nó

(b) nach ndéanfaidh an fostóir, sna himthosca sin, rochtain ar na deiseanna sin a thairiscint nó a thabhairt don fhostaí sa dóigh chéanna.

Forálacha i gcomhaontuithe agus in orduithe áirithe.

9. —(1) I gcás—

(a) foráil a bheith i gcomhaontú nó in ordú lena mbaineann an t-alt seo ar foráil í ina bhfuil difríochtaí i rátaí luach saothair bunaithe ar aon fhoras de na forais idirdhealaitheacha, agus

(b) i ndáil le duine lena mbaineann an comhaontú nó an t-ordú, go mbeidh an fhoráil sin ar neamhréir le téarma luach saothair chomhionainn i gconradh fostaíochta an duine sin,

ansin, faoi réir fho-alt (4), is foráil ar neamhní í an fhoráil sin.

(2) Má tá foráil nach dtagann faoi réim fho-alt (1) ach is cúis le hidirdhealú i ndáil le haon ní de na nithe i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1) i gcomhaontú nó in ordú lena mbaineann an t-alt seo, ansin, faoi réir fho-alt (4), is foráil ar neamhní í an fhoráil sin.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na comhaontuithe agus na horduithe seo a leanas, cibé acu a rinneadh iad sular tháinig an t-alt seo i ngníomh nó dá éis sin:

(a) comhaontuithe comhchoiteanna;

(b) orduithe rialaithe fostaíochta, de réir bhrí Chuid IV den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 ; agus

(c) comhaontuithe fostaíochta cláraithe, de réir bhrí Chuid III den Acht sin.

(4) I gcás forála—

(a) atá i gcomhaontú nó in ordú arna dhéanamh roimh theacht i ngníomh don alt seo, agus

(b) ar foráil idirdhealaitheach í ar fhoras seachas an foras inscne,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, ag fo-alt (2) go dtí cothrom bliana an dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh; agus, dá réir sin, go dtí an dáta sin, ní bheidh sáraíocht ag an téarma luach saothair chomhionainn nó ag an gclásal comhionannais i gconradh fostaíochta duine ar aon fhoráil den sórt sin de chuid comhaontaithe nó ordaithe a bhaineann leis an duine sin.

Fógraíocht.

10. —(1) Ní fhoilseoidh ná ní thaispeánfaidh duine, ná ní chuirfidh sé nó sí faoi deara go bhfoilseofar nó go dtaispeánfar, fógrán a bhainfidh le fostaíocht agus—

(a) a chuirfidh in iúl go mbeartaítear idirdhealú a dhéanamh, nó

(b) a bhféadfaí le réasún a thuiscint uaidh go bhfuil sin beartaithe.

(2) Chun críocha fho-alt (1), i gcás go mbeidh i bhfógrán focal nó abairtín ag míniú nó ag tuairisciú poist agus gur focal nó abairtín é—

(a) a thugann pearsa aonair de ghnéas áirithe le tuiscint nó a thugann pearsa aonair a bhfuil sainghné iomchuí áirithe aige nó aici (i dtéarmaí aon fhorais de na forais idirdhealaitheacha) le tuiscint, nó

(b) ar tuairisc é ar phost nó ar shlí bheatha, nó a thagraíonn do phost nó do shlí bheatha, de chineál nach mbíodh ach ag daoine de ghnéas amháin nó ag pearsana aonair a bhfuil sainghné iomchuí áirithe den sórt sin acu nó ar dhaoine nó pearsana aonair den sórt sin a bhíodh á sheoladh nó á seoladh,

ansin, mura gcuireann an fógrán a mhalairt in iúl, measfar go gcuireann an fógrán in iúl go mbeartaítear idirdhealú a dhéanamh ar cibé foras idirdhealaitheach is iomchuí sna himthosca.

(3) Ní bhaineann aon ní san alt seo le fógrán lena sonrófar, nó a mhéid a shonrófar leis, ceanglas, srian nó ní eile a bhaineann le fostaíocht agus nach mbeadh sé neamhdhleathach don fhostóir atá i gceist é a fhorchur, ag féachaint d'aon fhoráil eile den Chuid seo nó de Chuid IIICuid IV.

(4) Duine a dhéanfaidh ráiteas is eol dó nó di a bheith bréagach, d'fhonn foilsiú nó taispeáint fógráin contrártha d'fho-alt (1) a áirithiú, beidh sé nó sí, ar an bhfoilsiú nó ar an taispeáint sin a bheith déanta, ciontach i gcion.

(5) Gan dochar d'fho-alt (4), má fhoilsítear nó má thaispeántar fógrán agus gur dealraitheach don Ard-Chúirt nó don Chúirt Chuarda, ar fhoriarratas ón Údarás, go bhfuil forais ann chun a chreidiúint go bhféadfadh foilsiú nó taispeáint an fhógráin a bheith contrártha d'fho-alt (1), féadfaidh an chúirt urghaire a dheonú lena gcoiscfear aon duine a cheapadh chun aon phoist lena mbaineann an fógrán go dtí—

(a) go ndéanfaidh an Stiúrthóir cinneadh ar tharchur comhaimseartha faoi alt 85 maidir le foilsiú nó taispeáint an fhógráin, nó

(b) go n-ordóidh an chúirt a mhalairt,

ach, chun críche an fho-ailt seo, measfar tarchur faoi alt 85 a bheith comhaimseartha le foriarratas má dhéantar é ar an lá céanna a dhéantar an foriarratas nó tráth nach mó ná 14 lá is luaithe nó is déanaí ná sin.

(6) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda le fo-alt (5), is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a rinne an fógrán a fhoilsiú nó a thaispeáint (nó a chuir faoi deara é a fhoilsiú nó a thaispeáint), nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.

Gníomhaireachtaí fostaíochta.

11. —(1) Gan dochar dá hoibleagáidí mar fhostóir, ní dhéanfaidh gníomhaireacht fostaíochta idirdhealú in aghaidh duine ar bith—

(a) a lorgóidh seirbhísí na gníomhaireachta chun fostaíocht a fháil le duine eile, nó

(b) a lorgóidh treoir ón ngníomhaireacht maidir le gairm nó a lorgóidh aon seirbhís eile (lena n-áirítear oiliúint), a bhaineann le fostaíocht an duine sin.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) sa mhéid gur fostaíocht de chineál í an fhostaíocht atá i gceist a bhféadfadh fostóir diúltú go dleathach í a thairiscint don duine áirithe.

(3) Ní bheidh gníomhaireacht fostaíochta faoi aon dliteanas faoin alt seo má chruthaíonn sí—

(a) gur ghníomhaigh sí ar iontaoibh ráitis chuici ón bhfostóir áirithe á rá nár ghníomh neamhdhleathach, mar gheall ar oibriú fho-alt (2), a gníomh, agus

(b) gur réasúnach di dul ar iontaoibh an ráitis.

(4) Fostóir a dhéanfaidh go feasach, d'fhonn seirbhísí gníomhaireachta fostaíochta a fháil, ráiteas den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(a) agus is ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo neamhdhleathach é do ghníomhaireacht fostaíochta seirbhísí a sholáthar go heisiach do dhaoine faoi mhíchumas nó d'aon aicme nó tuairisc daoine den sórt sin.

Gairmoiliúint.

12. —(1) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéanfaidh aon duine, lena n-áirítear comhlacht oideachais nó oiliúna, a thairgeann cúrsa gairmoiliúna, idirdhealú in aghaidh duine (ar fhostóir, ceardchumann nó grúpa fostóirí nó grúpa ceardchumann á iarraidh sin nó ar shlí eile) maidir le haon chúrsa den sórt sin a thairgfear do dhaoine atá os cionn na haoise uasta ag a bhfuil dualgas reachtúil ar na daoine sin freastal ar scoil—

(a) sna téarmaí ar a dtairgtear aon chúrsa den sórt sin nó aon saoráid ghaolmhar,

(b) trí dhiúltú nó trí mhainneachtain rochtain ar aon chúrsa nó saoráid den sórt sin a thabhairt, nó

(c) sa tslí ina gcuirtear aon chúrsa nó saoráid den sórt sin ar fáil.

(2) San alt seo ciallaíonn “gairmoiliúint” aon chóras teagaisc a chuireann ar chumas duine atá á theagasc nó á teagasc an t-eolas nó an cumas teicniúil is gá chun gníomhaíocht cheirde a sheoladh, agus a bhféadfaí a mheas ina leith go mbaineann sé go heisiach le hoiliúint don ghníomhaíocht sin, a fháil, a choimeád, a thabhairt cothrom le dáta nó a thabhairt chun foirfeachta.

(3) Chun críocha an ailt seo, beidh éifeacht le halt 6(3)(b) amhail is dá mba thagairt don aois dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an tagairt do 18 mbliana d'aois.

(4) Chun a chinntiú go mbeidh altraí ar fáil d'ospidéil agus múinteoirí ar fáil do bhunscoileanna atá faoi rialú nó faoi urláimh comhlachta arna bhunú chun críocha creidimh nó a n-áirítear ina chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna áirithe creidimh chun cinn, agus chun aetas creidimh na n-ospidéal nó na mbunscoileanna a chothú, ní bheidh feidhm ag an gcosc ar idirdhealú i bhfo-alt (1), a mhéid a bhaineann sé le hidirdhealú ar an bhforas creidimh—

(a) i leith ainmniú daoine lena ligean isteach sa Scoil Altranais de bhun chlásal 24(4) (a) nó (c) de Chairt Ospidéal Adelaide arna ionadú le mír 5(s) den Ordú um an Acht Sláinte, 1970 (Alt 76) (Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí), 1996, nó

(b) i leith ionad i gcúrsa gairmoiliúna a shonraítear in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (5).

(5) Má dhéanann comhlacht oideachais nó oiliúna iarratas chun an Aire Sláinte agus Leanaí, i gcás ospidéal, nó chun an Aire Oideachais agus Eolaíochta, i gcás bunscoileanna, ar ordú lena gceadófar don chomhlacht lena mbaineann ionaid a chur in áirithe i gcúrsa gairmoiliúna a thairgeann an comhlacht, féadfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí nó an tAire Oideachais agus Eolaíochta, de réir mar a bheidh, le toiliú an Aire, le hordú a cheadú don chomhlacht cibé méid ionad a chur in áirithe is dealraitheach don Aire Sláinte agus Leanaí nó don Aire Oideachais agus Eolaíochta, de réir mar a bheidh, is gá le réasún chun freastal ar na críocha a leagtar amach i bhfo-alt (4).

(6) Gan dochar d'alt 3(1), féadfar ordú faoi fho-alt (5) a chúlghairm le hordú eile ón Aire Sláinte agus Leanaí nó ón Aire Oideachais agus Eolaíochta, de réir mar a bheidh, leis an toiliú céanna; ach beidh forálacha idirthréimhseacha in aon ordú cúlghairme den sórt sin ag cosaint aon duine a bhain leas as éifeacht an ordaithe nuair a bhí sé i bhfeidhm.

(7) Ní fhágfaidh aon ní i bhfo-alt (1) gur neamhdhleathach idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas aoise nó ar an bhforas cine i leith aon chúrsa gairmoiliúna a thairgeann comhlacht gairme nó oiliúna—

(a) i gcás nach ionann an chóir a chuirfidh sé ar fáil—

(i) i ndáil leis na táillí chun daoine is saoránaigh d'Éirinn nó is náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile den Aontas Eorpach a ligean isteach ar aon chúrsa den sórt sin nó chun go ndéanfaidh daoine den sórt sin freastal air,

(ii) i ndáil le hionaid ar aon chúrsa den sórt sin a leithroinnt ar na saoránaigh nó ar na náisiúnaigh sin, nó

(b) i gcás go dtairgfidh sé cúnamh d'earnálacha áirithe daoine trí urraíochtaí, scoláireachtaí, sparánachtaí nó dámhachtainí eile, ar cúnamh é atá inchosanta le réasún ag féachaint do chúinsí traidisiúin nó staire.

Comhaltas i gcomhlachtaí áirithe.

13. —Ní dhéanfaidh comhlacht—

(a) is eagraíocht oibrithe nó fostóirí,

(b) is eagraíocht ghairme nó cheirde, nó

(c) a rialaíonn dul le gairm, gairm bheatha nó slí bheatha nó seoladh gairme, gairme beatha nó slí beatha,

idirdhealú in aghaidh duine i ndáil le comhaltas sa chomhlacht sin ná i ndáil le haon sochair, seachas cearta pinsin, a sholáthraíonn an comhlacht sin ná i ndáil le dul leis an ngairm, leis an ngairm bheatha nó leis an tslí bheatha sin nó i ndáil le seoladh an chéanna.

Idirdhealú nó íospairt a thabhairt chun críche etc.

14. —Aon duine a aslóidh duine eile nó a dhéanfaidh iarracht duine eile a aslú chun aon ní a dhéanamh—

(a) ar idirdhealú é atá neamhdhleathach faoin Acht seo, nó

(b) ar íospairt é chun críocha Chuid VII,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Dliteanas Ionadach etc.

Dliteanas fostóirí agus príomhaithe.

15. —(1) Aon ní a dhéanfaidh duine i gcúrsa a fhostaíochta nó a fostaíochta, déileálfar leis chun críocha an Achta seo, in aon imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo, mar ní arna dhéanamh ag fostóir an duine sin freisin, cibé acu a bhí nó nach raibh a fhios ag an bhfostóir go raibh sé á dhéanamh nó cibé acu a cheadaigh nó nár cheadaigh an fostóir é.

(2) Aon ní a dhéanfaidh duine mar ghníomhaire do dhuine eile, le húdarás (cibé acu sainráite nó intuigthe agus cibé acu arna thabhairt roimh an ní a dhéanamh nó dá éis) ón duine eile sin, déileálfar leis chun críocha an Achta seo, in aon imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo, mar ní arna dhéanamh freisin ag an duine eile sin.

(3) In imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo in aghaidh fostóra i leith gnímh a líomhnaítear a bheith déanta ag fostaí de chuid an fhostóra, is cosaint don fhostóir a chruthú gur ghlac an fostóir cibé bearta ab indéanta le réasún chun an fostaí a chosc—

(a) ar an ngníomh sin a dhéanamh, nó

(b) ar ghníomhartha den tuairisc sin a dhéanamh i gcúrsa a fhostaíochta nó a fostaíochta.

Oibleagáidí Fostóirí etc.

Cineál agus réim oibleagáidí fostóra i gcásanna áirithe.

16. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine pearsa aonair a earcú chuig post nó ardú céime chuig post a thabhairt do phearsa aonair, pearsa aonair a choimeád i bpost, nó oiliúint nó taithí a thabhairt do phearsa aonair i ndáil le post, más rud é—

(a) nach ngabhfaidh an phearsa aonair air féin nó uirthi féin (nó, de réir mar a bheidh, nach leanfaidh an phearsa aonair de bheith ag gabháil air féin nó uirthi féin) na dualgais a ghabhann leis an bpost sin nó nach nglacfaidh an phearsa aonair (nó, de réir mar a bheidh, nach leanfaidh an phearsa aonair de bheith ag glacadh) leis na coinníollacha faoina gcomhlíontar na dualgais sin nó faoina bhféadfar a cheangal iad a chomhlíonadh, nó

(b) nach bhfuil an phearsa aonair (nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil an phearsa aonair a thuilleadh) láninniúil ar na dualgais a ghabhann leis an bpost sin a ghabháil air féin nó uirthi féin agus ar fáil chuige sin, agus lánábalta air sin, ag féachaint do na coinníollacha faoina gcomhlíontar na dualgais sin nó faoina bhféadfar a cheangal iad a chomhlíonadh.

(2) I ndáil—

(a) le gníomhaireacht fostaíochta do sholáthar seirbhísí nó treorach do phearsa aonair i ndáil le fostaíocht i bpost,

(b) le cúrsa gairmoiliúna nó aon saoráid ghaolmhar a bheidh dírithe ar fhostaíocht i bpost a thairiscint do phearsa aonair, agus

(c) le pearsa aonair a ligean isteach mar chomhalta de chomhlacht rialaitheach nó a ligean isteach i ngairm, i ngairm bheatha nó i slí bheatha arna rialú ag comhlacht rialaitheach,

beidh feidhm ag fo-alt (1), maille le haon mhodhnú is gá, mar atá feidhm aige maidir le hearcú pearsan aonair chuig post.

(3) (a) Chun críocha an Achta seo, ní dhéanfar duine faoi mhíchumas a mheas seachas mar dhuine atá láninniúil, agus lánábalta, ar aon dualgais a ghabháil air féin nó uirthi féin más rud é, le cabhair córa speisialta nó saoráidí speisialta, go mbeadh an duine sin láninniúil, agus lánábalta, ar na dualgais sin a ghabháil air féin nó uirthi féin.

(b) Déanfaidh fostóir gach ní réasúnach chun freastal ar riachtanais duine atá faoi mhíchumas trí chóir speisialta nó trí shaoráidí speisialta lena mbaineann mír (a) a sholáthar.

(c) Ní mheasfar diúltú nó mainneachtain soláthar do chóir speisialta nó do shaoráidí speisialta lena mbaineann mír (a) a bheith réasúnach mura dtitfeadh costas, seachas costas ainmniúil, ar an bhfostóir de dheasca an tsoláthair sin.

(4) I bhfo-alt (3)

folaíonn “fostóir” gníomhaireacht fostaíochta, duine a thairgeann cúrsa gairmoiliúna mar a luaitear in alt 12 (1) agus comhlacht rialaitheach; agus dá réir sin folaíonn tagairtí do dhuine faoi mhíchumas—

(a) duine den sórt sin a bhfuil aon seirbhís a chuireann an ghníomhaireacht fostaíochta ar fáil á lorg nó á húsáid aige nó aici,

(b) duine den sórt sin atá páirteach in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1), agus

(c) duine den sórt sin is comhalta den chomhlacht rialaitheach nó a bhfuil comhaltas sa chomhlacht rialaitheach á lorg aige nó aici;

folaíonn “a sholáthar”, i ndáil leis an gcóir speisialta nó leis na saoráidí speisialta lena mbaineann mír (a), socrú a dhéanamh le haghaidh na córa sin nó na saoráidí sin, nó an céanna a cheadú nó leas a bhaint as an gcéanna, agus déanfar “soláthar” a fhorléiriú dá réir sin.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar fhostóir pearsa aonair a earcú chuig post, a choimeád i bhfostaíocht nó ardú céime a thabhairt dó nó di más rud é go bhfuil a fhios ag an bhfostóir, ar bhonn chiontú coiriúil na pearsan aonair nó ar bhonn faisnéise iontaofa eile, go mbíonn an phearsa aonair ag gabháil d'aon chineál iompraíochta gnéasaí atá neamhdhleathach, nó go bhfuil claoine sa duine chun gabháil don chéanna.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (5), tá feidhm ag an bhfo-alt sin go háirithe i gcás go ngabhann rochtain ar mhionaoisigh, nó ar dhaoine eile atá soghonta, leis an bhfostaíocht lena mbaineann.

Ceanglais reachtúla etc. a chomhlíonadh.

17. —(1) I ndáil le hidirdhealú ar an bhforas stádais pósta, ní fhágfaidh aon ní san Acht seo gur gníomh neamhdhleathach aon ghníomh a dhéanfar i gcomhlíonadh aon fhorála den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó den Acht um Shaoire Uchtaíoch, 1995.

(2) I ndáil le hidirdhealú ar an bhforas cine, ní fhágfaidh aon ní san Acht seo gur gníomh neamhdhleathach aon ghníomh a dhéanfar i gcomhlíonadh aon fhorála arna déanamh leis na hailt seo a leanas nó fúthu—

(a) alt 40(3) den Acht Aturnaethe, 1954 , nó

(b) alt 35 den Acht Airgeadais, 1987 .

(3) I ndáil le hidirdhealú ar an bhforas aoise nó ar an bhforas míchumais, ní fhágfaidh aon ní san Acht seo gur gníomh neamhdhleathach aon ghníomh a dhéanfar i gcomhlíonadh aon fhorála arna déanamh leis na hailt seo a leanas nó fúthu—

(a) ailt 5, 9, 11 agus 16 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 ,

(b) alt 12 den Acht Loingis Cheannaíochta, 1947 ,

(c) alt 29 den Acht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971 ,

(d) ailt 3 agus 8 den Acht Loingis Cheannaíochta (Deimhniúchán Mairnéalach), 1979 , nó

(e) ailt 5, 14, 58 agus 60 den Acht um Údarás Eitlíochta na hÉireann, 1993.

(4) I ndáil le hidirdhealú ar an bhforas aoise, ní fhágfaidh aon ní san Acht seo gur gníomh neamhdhleathach aon ghníomh a dhéanfar i gcomhlíonadh alt 1 de Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .