An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Idirdhealú: Forálacha Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas idir Earnálacha eile Daoine)

21 1998

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998

CUID III

Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas Idir Mná agus Fir

Réamhráiteach

Feidhm phrionsabail an chomhionannais maidir le fir agus mná araon.

18. —(1) Chun críocha na Coda seo, seasann “A” agus “B” do 2 dhuine nach ionann gnéas dóibh ionas, nuair is bean í “A”, gur fear é “B”, agus vice versa.

(2) Faoi réir fho-alt (1), ní dhéanann aon ní san Acht seo difear d'oibriú na nAchtanna Léiriúcháin, 1937 go 1997, sa mhéid go bhforáiltear leo, mura léir a mhalairt d'intinn—

(a) go ndéanfar focail lena ngabhann brí na firinscne a fhorléiriú mar fhocail lena ngabhann brí na baininscne freisin, agus

(b) go ndéanfar focail lena ngabhann brí na baininscne a fhorléiriú mar fhocail lena ngabhann brí na firinscne freisin.

Luach Saothair

Teideal chun luach saothair chomhionainn.

19. —(1) Beidh téarma sa chonradh faoina mbeidh A fostaithe á rá go mbeidh A tráth ar bith, faoi réir an Achta seo, i dteideal an ráta chéanna luach saothair, as an obair a bhfuil A fostaithe chun í a dhéanamh, is atá B, a bheidh, an tráth sin nó tráth iomchuí ar bith eile, fostaithe ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir comhlachaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh.

(2) San alt seo—

(a) folaíonn “fostaithe”, i dteannta fostaíochta faoi chonradh fostaíochta, fostaíocht faoi chonradh chun aon obair nó saothar a chur i gcrích go pearsanta, agus

(b) i ndáil le tráth áirithe, is éard is tráth iomchuí ann tráth ar bith (lena n-áirítear tráth roimh thosach feidhme an Achta seo) le linn na 3 bliana a ghabhann roimh an tráth áirithe nó na 3 bliana a leanann é.

(3) Chun críocha na Coda seo, i gcás gur fostóir comhlachaithe de chuid fhostóir A é nó í fostóir B, ní mheasfar A agus B a bheith fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh mura mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá acu araon mar an gcéanna nó réasúnta inchomórtais lena chéile.

(4) Más rud é, i gcás téarma conartha nó critéir a bhfuil feidhm aige maidir le fostaithe (lena n-áirítear A agus B)—

(a) go bhfuil feidhm aige maidir le fostaithe uile fostóra áirithe nó le haicme áirithe de na fostaithe sin (lena n-áirítear A agus B),

(b) gur de chineál é a fhágann nach ionann luach saothair na bhfostaithe sin a chomhlíonann an téarma nó an critéar agus luach saothair na bhfostaithe nach gcomhlíonann é,

(c) gur de chineál é a fhágann gur mó go mór an cion d'fhostaithe atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca an téarma nó an chritéir i gcás daoine den ghnéas céanna le A ná i gcás daoine den ghnéas céanna le B, agus

(d) nach féidir é a chosaint ar bhonn tosca oibiachtúla nach bhfuil baint acu le gnéas A,

ansin, chun críche fho-alt (1), measfar go gcomhlíonann A agus B araon nó, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonann A agus B araon an téarma nó an critéar, cibé cás acu as a dtagann an luach saothair is airde.

(5) Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar fhostóir rátaí éagsúla luach saothair a íoc, ar fhorais seachas an foras inscne, le fostaithe éagsúla.

Téarma intuigthe maidir le luach saothair comhionann.

20. —(1) I gcás duine a bheith fostaithe faoi chonradh nach bhfuil téarma a shásaíonn fo-alt (1) d'alt 19 ar áireamh ann (go sainráite nó faoi threoir comhaontaithe chomhchoitinn nó ar shlí eile), measfar go bhfuil téarma lena dtugtar éifeacht don fho-alt sin ar áireamh sa chonradh; agus, má tá an téarma intuigthe sin ar neamhréir le téarma sainráite, beidh sáraíocht aige ar an téarma sainráite.

(2) San alt seo tá le “fostaithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 19 .

Nithe Eile

Clásal comhionannais a bhaineann le saincheisteanna inscne.

21. —(1) Mura bhfuil agus a mhéid nach bhfuil clásal comhionannais inscne ar áireamh (go sainráite nó faoi threoir comhaontaithe chomhchoitinn nó ar shlí eile) i dtéarmaí conartha fostaíochta, measfar clásal den sórt sin a bheith iontu.

(2) Is éard is clásal comhionannais inscne ann foráil a bhaineann le téarmaí conartha fostaíochta, seachas téarma a bhaineann le luach saothair nó le cearta pinsin, a bhfuil d'éifeacht léi, i gcás—

(a) A a bheith fostaithe in imthosca nach bhfuil difríocht ábhartha idir an obair a dhéanann A agus an obair a dhéanann B san fhostaíocht chéanna, agus

(b) maidir le conradh fostaíochta A, gurb amhlaidh aon tráth (murach an clásal comhionannais inscne)—

(i) go mbeadh téarma ann atá nó a thiocfaidh chun bheith ina théarma is lú fabhar do A ná téarma dá shamhail i gconradh fostaíochta B, nó

(ii) nach mbeadh téarma ann atá ar comhréir le téarma i gconradh fostaíochta B a théann chun sochair do B,

ansin go ndéileálfar le téarmaí chonradh fostaíochta A mar théarmaí a bheidh modhnaithe ionas nach lú fabhar do A an téarma áirithe sin nó, de réir mar a bheidh, ionas go bhfuil téarma dá shamhail iontu a théann chun sochair do A.

(3) Ní oibreoidh clásal comhionannais inscne i ndáil le difríocht idir conradh fostaíochta A agus conradh fostaíochta B má chruthaíonn an fostóir go bhfuil an difríocht bunaithe dáiríre ar fhorais seachas an foras inscne.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht alt 8 (1), i gcás go dtairgfidh duine fostaíocht ar théarmaí áirithe do A agus, dá nglacfadh A leis an tairiscint ar na téarmaí sin, go mbeadh d'éifeacht leis an gclásal comhionannais inscne i gconradh fostaíochta A na téarmaí a mhodhnú i gceachtar slí de na slite a shonraítear i bhfo-alt (2), measfar gurb ionann an tairiscint a dhéanamh agus idirdhealú in aghaidh A ar an bhforas inscne i ndáil le coinníollacha fostaíochta A.

Idirdhealú neamhdhíreach ar an bhforas inscne.

22. —(1) Más rud é, maidir le foráil (cibé acu is de chineál ceanglais, cleachtais nó eile í) a bhaineann le haon cheann de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1) nó le comhaltas i gcomhlacht rialaitheach—

(a) go bhfuil feidhm aici maidir le A agus B araon,

(b) gur de chineál í a fhágann gur mó go mór an cion daoine atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca na forála i gcás daoine den ghnéas céanna le A ná i gcás daoine den ghnéas céanna le B, agus

(c) nach féidir í a chosaint ar bhonn tosca oibiachtúla nach bhfuil baint acu le gnéas A,

ansin, chun críocha an Achta seo, measfar idirdhealú a bheith á dhéanamh ag fostóir A nó, de réir mar a bheidh, ag an gcomhlacht rialaitheach in aghaidh A ar an bhforas inscne contrártha d'alt 8 nó, de réir mar is gá sa chás, d'alt 13.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon seirbhísí a sholáthar den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 11(1) faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) cuirfear na focail “le duine a mbeidh aon seirbhísí nó treoir den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 11(1)” in ionad “le haon cheann de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1)”;

(b) déanfar an tagairt don fhostóir a fhorléiriú mar thagairt don ghníomhaireacht fostaíochta; agus

(c) déanfar an tagairt d'alt 8 a fhorléiriú mar thagairt d'alt 11.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le páirteachas in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1) faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfar an tagairt do mhíreanna (a) go (e) d'alt 8(1) a fhorléiriú mar thagairt do mhíreanna (a) go (c) d'alt 12(1);

(b) déanfar an tagairt don fhostóir a fhorléiriú mar thagairt don duine a bheidh ag tairiscint an chúrsa nó na saoráide; agus

(c) déanfar an tagairt d'alt 8 a fhorléiriú mar thagairt d'alt 12.

(4) Maidir leis an tagairt i bhfo-alt (1)(b) do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca forála, folaíonn sí ní amháin na daoine sin atá faoi mhíbhuntáiste amhlaidh de bhíthin a ngnéis ach na daoine sin freisin atá faoi mhíbhuntáiste amhlaidh faoi threoir a stádais pósta nó a stádais teaghlaigh.

(5) Tá feidhm ag fo-alt (3) d'alt 8 chun críocha fho-alt (1) mar atá feidhm aige chun críocha fho-ailt (4) go (8) den alt sin.

Gnéaschiapadh san áit oibre etc.

23. —(1) Más rud é, in áit ina bhfuil A fostaithe (dá ngairtear “an áit oibre” san alt seo), nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A, go ndéanfaidh B gnéaschiapadh ar A agus—

(a) go bhfuil A agus B araon fostaithe san áit sin nó ag an bhfostóir céanna,

(b) gur fostóir A atá in B, nó

(c) gur cliant, custaiméir nó teagmhálaí gnó eile de chuid fhostóir A atá in B agus gur de chineál iad imthosca an chiaptha gur chóir le réasún go mbeadh bearta déanta ag fostóir A chun é a chosc,

ansin, chun críocha an Achta seo, is é atá sa ghnéaschiapadh idirdhealú ag fostóir A, ar an bhforas inscne, i ndáil le coinníollacha fostaíochta A.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) ina fheidhm i ndáil leis an áit oibre agus le cúrsa fhostaíocht A, más rud é, i gcás go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha i míreanna (a) go (c) den fho-alt sin—

(a) go ndéanann B gnéaschiapadh ar A, cibé acu san áit oibre nó nach ea nó i gcúrsa fhostaíocht A nó nach ea, agus

(b) go ndéileáiltear ar bhealach éagsúil le A san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A, nó go bhféadfaí le réasún coinne a bheith leis go ndéileálfaí amhlaidh le A, de bhrí go ndiúltaíonn A don ghnéaschiapadh nó de bhrí go nglacann sé nó sí leis,

ansin, chun críocha an Achta seo, is é atá sa ghnéaschiapadh idirdhealú ag fostóir A, ar an bhforas inscne, i ndáil le coinníollacha fostaíochta A.

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) aon ghníomh dlúthchaidrimh fhisicigh ag B i leith A,

(b) aon iarraidh ag B i gcomhair fabhar gnéis ó A, nó

(c) aon ghníomh nó iompar eile de chuid B (lena n-áirítear, gan dochar don ghinearáltacht, briathra béil, gothaí nó táirgeadh, taispeáint nó scaipeadh focal scríofa, pictiúr nó ábhair eile),

is gnéaschiapadh é ag B ar A más gníomh, iarraidh nó iompar atá ann nach bhfáiltíonn A roimhe nó roimpi agus go bhféadfaí le réasún a mheas gur ábhar coil, uiríslithe nó imeaglaithe é do A ó thaobh gnéis de nó ar shlí eile ar an bhforas inscne.

(4) De réir chineál an ghnó atá ag fostóir A, folaíonn an tagairt i bhfo-alt (1)(c) do chliant, do chustaiméir nó do theagmhálaí gnó eile tagairt d'aon duine eile a bhféadfadh ionchas réasúnach a bheith ag fostóir A go mbeadh teagmháil ag A leis nó léi san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A.

(5) Más rud é, de bharr aon ghnímh nó iompair de chuid B, go ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas de bhua fho-alt (1) idirdhealú a bheith á dhéanamh in aghaidh A ag duine eile (“an Fostóir”) ar fostóir A é nó í, is cosaint é don Fhostóir a chruthú gur ghlac an Fostóir cibé bearta is indéanta le réasún—

(a) i gcás lena mbaineann fo-alt (2), chun féachaint chuige nach ndéileálfaí ar bhealach éagsúil le A san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A agus, má déileáladh agus a mhéid a déileáladh amhlaidh leis nó léi, chun a cuid éifeachtaí a fhreaschur, agus

(b) i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (cibé acu a bhaineann fo-alt (2) leis freisin nó nach mbaineann), chun B a chosc ar ghnéaschiapadh a dhéanamh ar A (nó ar aon aicme daoine ar duine díobh A).

(6) San alt seo folaíonn “fostaithe”, i ndáil le pearsa aonair (cibé acu A nó B)—

(a) aon seirbhís a chuireann gníomhaireacht fostaíochta ar fáil a lorg nó a úsáid, agus

(b) a bheith páirteach in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1),

agus, dá réir sin, folaíonn aon tagairt d'fhostóir na pearsan aonair sin tagairt don ghníomhaireacht fostaíochta a mbeidh an tseirbhís á cur ar fáil aici nó, de réir mar a bheidh, don duine a mbeidh an cúrsa oiliúna á thairiscint aige nó aici.

(7) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (6) i ndáil le A, beidh éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá gcuirfí “contrártha d'alt 11 nó, de réir mar a bheidh, d'alt 12” in ionad na bhfocal “i ndáil le coinníollacha fostaíochta A”.

Gníomhaíocht dhearfach maidir le comhdheiseanna.

24. —(1) Ní dochar forálacha an Achta seo do bhearta chun comhdheiseanna d'fhir agus do mhná a chur chun cinn, go háirithe trí dheireadh a chur le héagothromais láithreacha a dhéanann difear do dheiseanna ban i réimsí na rochtana ar fhostaíocht, ar ghairmoiliúint, ar ardú céime, agus coinníollacha oibre.

(2) San Acht Cosanta, 1954 , in alt 289(2) (Seirbhís Altranais an Airm a bheith teoranta do mhná) cuirfear an focal “daoine” in ionad an fhocail “mná”.

Idirdhealú i bhfostaíochtaí áirithe a eisiamh.

25. —(1) Níl feidhm ag aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II maidir le hidirdhealú in aghaidh A i leith fostaíochta i bpost áirithe más idirdhealú é a thig as tosaíocht a thabhairt do B ar an bhforas, faoi threoir fo-alt amháin nó níos mó d'fho-ailt (2) go (4), gur cáilíocht ghairme, nó gurb ionann agus cáilíocht ghairme, é gnéas B le haghaidh an phoist áirithe sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist é gnéas B más rud é, ar fhorais fiseolaíochta (gan neart coirp ná teacht aniar a áireamh) nó ar fhorais fíre chun críche siamsaíochta—

(a) go gceanglaíonn nádúr an phoist duine den ghnéas céanna le B a bheith ann, agus.

(b) go mbeadh difríocht ábhartha i nádúr an phoist dá mba dhuine den ghnéas céanna le A a líonfadh é.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist é gnéas B i gcás gur gá gur ag B a bheadh an post mar gur dóigh go mbeadh i gceist leis an bpost sin dualgais a chomhlíonadh lasmuigh den Stát in áit arb amhlaidh do na dlíthe nó do na gnásanna ann nach bhféadfadh, le réasún, duine den ghnéas céanna le A na dualgais sin a chomhlíonadh.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist é gnéas B—

(a) i gcás gur cuid de dhualgais an phoist iad seirbhísí pearsanta agus gur gá daoine den dá ghnéas a bheith ag gabháil do na dualgais sin, nó

(b) i gcás gur gá, mar gheall ar chineál na fostaíochta, cóiríocht chodlata agus sláintíochta a sholáthar ar bhonn comhchoiteann d'fhostaithe agus gur mhíréasúnach a bheith ag súil go soláthrófaí cóiríocht den chineál sin go leithleach nó nár phraiticiúil d'fhostóir soláthar den sórt sin a dhéanamh.

Eisceachtaí a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh agus pearsanta.

26. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo neamhdhleathach é d'fhostóir cóir speisialta a shocrú nó a chur ar fáil a thugann sochair do mhná i ndáil le toircheas agus máithreachas (lena n-áirítear cothú ar an gcíoch) nó uchtáil.

(2) Níl feidhm ag an Acht seo maidir le hidirdhealú ar an bhforas inscne i bhfostaíocht arb é atá inti comhlíonadh seirbhísí de chineál pearsanta, ar nós aire a thabhairt do dhuine scothaosta nó do dhuine faoi éagumas i dteach an duine sin, i gcás gur toisc chinntitheach é gnéas an fhostaí.

An Garda Síochána agus an tseirbhís príosún.

27. —(1) I gcás fostaíochta sa Gharda Síochána nó sa tseirbhís príosún—

(a) níl feidhm ag aon ní san Acht seo maidir le fear nó, de réir mar is gá sa chás, bean a shannadh do phost áirithe i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach—

(i) ar mhaithe le príobháideacht nó modhúlacht,

(ii) chun pearsana aonair foréigneacha a ghardáil, a choimhdeacht nó a smachtú nó chun círéibeacha nó corraíl fhoréigneach a chur faoi chois, nó

(iii) laistigh den Gharda Síochána, chun pearsana aonair foréigneacha a dhí-armáil nó a ghabháil, chun sluaite foréigneacha a smachtú nó a scaipeadh nó chun gialla nó daoine eile a bheidh á gcoinneáil go neamhdhleathach a tharrtháil, nó

(b) ní chuireann aon ní san Acht seo cosc le critéar airde amháin a fheidhmiú i gcás fear agus ceann eile a fheidhmiú i gcás ban, más de chineál iad na critéir a roghnaítear gur mar a chéile a bheag nó a mhór cion na mban sa Stát is dóigh a chomhlíonfaidh an critéar le haghaidh na mban agus cion na bhfear sa Stát is dóigh a chomhlíonfaidh an critéar le haghaidh na bhfear.

(2) (a) Más rud é—

(i) nach leor, i dtuairim an Aire, líon na bhfear nó líon na mban atá ag fónamh sa Gharda Síochána lena sannadh do phoist den sórt dá dtagraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1)(a), agus

(ii) go bhforálfaidh an tAire amhlaidh le hordú faoin bhfo-alt seo,

ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le cibé comórtais le haghaidh earcaíochta don Gharda Síochána a shonrófar san ordú.

(b) Más rud é—

(i) nach leor, i dtuairim an Aire, líon na bhfear nó líon na mban atá ag fónamh sa tseirbhís príosún lena sannadh do phoist den sórt dá dtagraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1)(a), agus

(ii) go bhforálfaidh an tAire amhlaidh le hordú faoin bhfo-alt seo,

ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le cibé comórtais le haghaidh earcaíochta don tseirbhís príosún a shonrófar san ordú.