|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V An tÚdarás Comhionannais) | Ar Aghaidh (CUID VII Leigheasanna eile agus Forfheidhmiú) |
AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Athbhreithnithe agus Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais agus Athbhreithniú ar Reachtaíocht | |
[EN] |
Míniú (Cuid VI). |
68. —Sa Chuid seo ciallaíonn “fógra substainteach” fógra faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 70 nó fógra den sórt sin arna dhaingniú (fara leasú nó gan leasú) ag an gCúirt Oibreachais faoi alt 71 (3). |
[EN] |
Athbhreithnithe agus pleananna gníomhaíochta comhionannais. |
69. —(1) Chun críocha na Coda seo, is éard is athbhreithniú comhionannais ann— |
[EN] | (a) iniúchadh ar an leibhéal comhionannais deiseanna atá ann i bhfostaíocht i ngnó áirithe, i ngrúpa gnóthaí nó sna gnóthaí atá i dtionscal áirithe nó in earnáil de thionscal áirithe, agus | |
[EN] | (b) scrúdú ar chleachtais, ar nósanna imeachta agus ar thosca iomchuí eile (lena n-áirítear timpeallacht oibre) na fostaíochta sin, atá san fhostaíocht sin agus atá ábhartha maidir léi, chun a chinneadh an bhfuil na cleachtais, na nósanna imeachta nó na tosca eile sin ag cabhrú le comhionannas deiseanna san fhostaíocht sin a chur chun cinn. | |
[EN] | (2) Chun críocha na Coda seo, is éard is plean gníomhaíochta comhionannais ann clár gníomhartha atá le gabháil de láimh i bhfostaíocht i ngnó nó i ngnóthaí ar mhaithe le comhionannas deiseanna san fhostaíocht sin a chur chun cinn. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar ghnó áirithe, ar ghrúpa gnóthaí nó ar na gnóthaí atá i dtionscal áirithe nó in earnáil de thionscal áirithe ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a dhéanamh: | |
[EN] | (a) athbhreithniú comhionannais a dhéanamh i ndáil lena gcuid gnó nó lena gcuid gnóthaí; | |
[EN] | (b) plean gníomhaíochta comhionannais a ullmhú agus a chur i ngníomh i leith an ghnó sin nó na ngnóthaí sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tÚdarás é féin, más cuí leis é, athbhreithniú comhionannais a dhéanamh agus plean gníomhaíochta comhionannais a ullmhú i ndáil le gnó áirithe, le grúpa gnóthaí nó leis na gnóthaí atá i dtionscal áirithe nó in earnáil de thionscal áirithe; agus, d'fhonn cabhrú le hiniúchadh nó scrúdú den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a sheoladh, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, duine amháin nó níos mó a fhostú ag a bhfuil cáilíochtaí a bhaineann leis an scrúdú sin i dtuairim an Údaráis. | |
[EN] | (5) Níl feidhm ag na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (4) i ndáil le haon ghnó a bhfuil níos lú ná 50 fostaí ann (agus, dá réir sin, aon tagairtí do ghrúpa gnóthaí nó do na gnóthaí atá i dtionscal áirithe nó in earnáil de thionscal áirithe, ní fholaíonn siad gnó den sórt sin). | |
[EN] | (6) Féadfaidh athbhreithniú comhionannais agus plean gníomhaíochta a bheith dírithe ar chomhionannas deiseanna i gcoitinne nó ar ghné áirithe den idirdhealú i bhfostaíocht. | |
[EN] | (7) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) folaíonn “gnó” gníomhaíocht as a dtagann fostaíocht, cibé acu is sa réimse tionsclaíoch nó sa réimse tráchtála nó nach ea, agus cibé acu d'fhonn brabús a dhéanamh nó nach ea, agus | |
[EN] | (b) féadfar “grúpa gnóthaí” a mhíniú faoi threoir suímh gheografaigh in ionad (nó i dteannta) é a mhíniú faoi threoir cúrsaí rialaithe nó aon toisce eile. | |
[EN] |
Cumhachtaí forfheidhmithe i leith athbhreithnithe agus pleananna gníomhaíochta comhionannais. |
70. —(1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), más dealraitheach don Údarás gur cuí déanamh amhlaidh chun críche athbhreithnithe comhionannais nó d'fhonn plean gníomhaíochta comhionannais a ullmhú, féadfaidh an tÚdarás ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a dhéanamh: |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine, trí fhógra a sheirbheálfar go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, cibé faisnéis a shonróidh an tÚdarás san fhógra agus a bheidh ag teastáil chun na críche sin a chur ar fáil don Údarás; | |
[EN] | (b) a cheangal ar aon duine, trí fhógra a sheirbheálfar amhlaidh, cibé doiciméad a shonróidh an tÚdarás san fhógra, agus atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin, a thabhairt ar aird don Údarás nó a chur chuige, | |
[EN] | ach ní thabharfaidh aon ní san fho-alt seo teideal don Údarás a cheangal go ndéanfar faisnéis a chur ar fáil nó doiciméad a thabhairt ar aird nó a chur chuige, i ndáil le gnó a bhfuil níos lú ná 50 fostaí ann. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), más dealraitheach don Údarás go bhfuil mainneachtain á déanamh, in aon ghnó nó gnóthaí, aon fhoráil de phlean gníomhaíochta comhionannais a chur i ngníomh, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar aon duine, trí fhógra a sheirbheálfar go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, cibé gníomh a dhéanamh— | |
[EN] | (a) a bheidh sonraithe san fhógra, | |
[EN] | (b) a theastóidh le réasún chun an plean a chur i ngníomh, agus | |
[EN] | (c) a bhfuil cumhacht ag an duine sin é a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Sula seirbheálfaidh an tÚdarás fógra substainteach ar aon duine, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn (dá ngairtear “réamhfhógra” i bhfo-alt (4)) don duine sin i dtaobh é a bheith beartaithe an fógra substainteach a sheirbheáil agus i dtaobh ábhar beartaithe an fhógra sin. | |
[EN] | (4) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh réamhfhógra tugtha ag an Údarás d'aon duine, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh an duine sin, laistigh de 28 lá ó dháta fála an réamhfhógra, uiríll chun an Údaráis maidir leis an bhfógra substainteach beartaithe, tabharfaidh an tÚdarás aird ar na huiríll sin sula ndéanfaidh sé cinneadh cibé acu a leanfaidh nó nach leanfaidh sé ar aghaidh le seirbheáil an fhógra shubstaintigh bheartaithe agus, más rud é go leanfaidh, maidir leis an ábhar a bheidh ann. | |
[EN] |
Achomharc in aghaidh fógra shubstaintigh. |
71. —(1) Féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra substainteach achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais, laistigh de 42 lá ó dháta na seirbheála, in aghaidh an fhógra nó aon cheanglais de chuid an fhógra. |
[EN] | (2) I gcás nach ndéanfar achomharc faoi fho-alt (1), tiocfaidh fógra substainteach i ngníomh ar an tréimhse 42 lá dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith caite. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh an Chúirt Oibreachais tar éis achomharc faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh sí an fógra a dhaingniú go hiomlán nó go páirteach (fara leasú nó gan leasú ar an bhfógra) nó an t-achomharc a cheadú. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndaingneoidh an Chúirt Oibreachais fógra substainteach, tiocfaidh an fógra (arna dhaingniú amhlaidh go hiomlán nó go páirteach) i ngníomh cibé dáta a shocróidh sí. | |
[EN] | (5) I gcás ina gceadóidh an Chúirt Oibreachais achomharc faoi fho-alt (1), scoirfidh an fógra substainteach a ndearnadh an t-achomharc ina aghaidh d'éifeacht a bheith leis. | |
[EN] |
Fógraí substainteacha a fhorfheidhmiú. |
72. —(1) Más rud é, ar iarratas ón Údarás, gur deimhin leis an Ard-Chúirt nó, de réir mar a bheidh, leis an gCúirt Chuarda, go bhfuil duine ar ar seirbheáladh fógra substainteach tar éis mainneachtain an fógra a chomhlíonadh, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh á ordú don duine sin an fógra a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo, is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar seirbheáladh an fógra substainteach, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í. | |
[EN] |
Reachtaíocht a athbhreithniú. |
73. —Más rud é, i dtuairim an Údaráis, gur dóigh d'oibriú nó d'éifeacht aon cheann de na hachtacháin a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-ailt (1) go (4) d'alt 17, nó aon fhorála atá in aon achtachán den sórt sin nó a dhéanfar faoi, tionchar a imirt nó bac a chur ar dhíchur an idirdhealaithe i ndáil le fostaíocht nó ar chur chun cinn an chomhionannais deiseanna i ndáil le fostaíocht— |
[EN] | (a) idir fir agus mná, nó | |
[EN] | (b) idir dhaoine a bhfuil difríocht eatarthu i dtéarmaí aon cheann de na forais idirdhealaitheacha eile, | |
[EN] | féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é, agus déanfaidh sé, má cheanglaíonn an tAire air amhlaidh, an t-achtachán sin nó an fhoráil sin nó oibriú nó éifeacht an chéanna a athbhreithniú. | |
[EN] | (2) D'fhonn cabhrú leis athbhreithniú faoin alt seo a dhéanamh, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le cibé eagraíochtaí ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí a mheasfaidh sé is cuí. | |
[EN] | (3) I gcás go ndéanfaidh an tÚdarás athbhreithniú faoin alt seo, féadfaidh sé tuarascáil ar an athbhreithniú a thabhairt don Aire, agus déanfaidh sé amhlaidh más rud é gur cheangail an tAire air an t-athbhreithniú a dhéanamh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh tuarascáil faoi fho-alt (3) moltaí a bheith inti chun aon achtachán nó foráil a athbhreithníodh a leasú. |