An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Forbairt agus an Bord Tráchtála a dhíscaoileadh agus Forálacha Idirthréimhseacha)

34 1998

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (FIONTRAÍOCHT ÉIREANN), 1998

CUID II

Fiontraíocht Éireann

Fiontraíocht Éireann a bhunú.

6. —(1) Beidh arna bunú ar an lá bunaithe gníomhaireacht de chuid Forfás ar a dtabharfar Fiontraíocht Éireann chun na feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

7. —(1) Is iad feidhmeanna na Gníomhaireachta—

(a) tionscal agus fiontraíocht a fhorbairt sa Stát,

(b) margú earraí a chur chun cinn, cabhrú leis sin agus é a fhorbairt,

(c) margú tionscal seirbhíse (de réir bhrí Acht 1986) a chur chun cinn, cabhrú leis sin agus é a fhorbairt,

(d) cabhrú le fiontair maidir le straitéis a mheasúnú agus a cheapadh,

(e) forbairt a dhéanamh ar bhonn teicneolaíochta fiontar agus ar a gcumas chun nuáil a dhéanamh agus chun taighde, forbairt agus dearadh a ghabháil de láimh,

(f) an bonn scileanna sa tionscal a neartú,

(g) seirbhísí a chur ar fáil a thugann tacaíocht d'fhorbairt den sórt sin,

(h) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh,

(i) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar chistí de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar cibé cistí eile a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais,

(j) iarratas a dhéanamh ar aon trádmharcanna, ceadúnais, cosaintí nó lamháltais i dtaca le trádáil nó le margú earraí nó seirbhísí, agus na nithe sin a fháil, sa Stát nó in áit eile, agus i ndáil leis an méid sin, na rudaí sin go léir a dhéanamh a mheasann an Ghníomhaireacht is gá nó is inmhianaithe chun críocha a feidhmeanna,

(k) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás di ó am go ham, le toiliú an Aire.

(2) Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí sin go léir is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo nó atá teagmhasach leis sin.

(3) Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon cheann dá feidhmeanna a chomhlíonadh trí chomhalta dá foireann nó trí chomhalta d'fhoireann Forfás a bheidh ar iasacht chuici agus a bheidh údaraithe go cuí ag an nGníomhaireacht chuige sin.

(4) Ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo den Acht seo mar ní a dhéanann difear d'fheidhmeanna láithreacha aon Aire den Rialtas i ndáil le honnmhairí, nó a chuireann teorainn leo, in aon slí.

(5) Maidir le margú aon earraí nó seirbhísí a chur chun cinn, cabhrú leis sin nó é a fhorbairt, agus maidir le haon earraí nó seirbhísí a chur chun cinn, is earraí nó seirbhísí a bhfeidhmíonn Aire den Rialtas aon fheidhm i ndáil leo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an Aire sin den Rialtas.

Treoracha ón Aire chuig an nGníomhaireacht.

8. —(1) Féadfaidh an tAire cibé treoracha ginearálta beartais a thabhairt don Ghníomhaireacht a mheasfaidh sé nó sí gur cuí go leanfadh an Ghníomhaireacht iad i bhfeidhmiú a feidhmeanna.

(2) Ní bhainfidh treoir faoi fho-alt (1) le haon ghnóthas tionscail aonair ná le tosaíocht a thabhairt do limistéar amháin ar limistéir eile i dtaobh suímh gnóthais tionscail seachas mar chuid d'athbhreithniú ginearálta ar bheartas tionscail don tír iomlán a chuirfear in iúl sa treoir.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara aon treoir a thabharfaidh sé nó sí faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 21 lá tar éis í a thabhairt amhlaidh.

(4) Déanfaidh an Ghníomhaireacht aon treoir a thabharfar di faoin alt seo a chomhlíonadh agus déanfaidh sí an treoir a leagan amach ina tuarascáil bhliantúil agus áireoidh sí ina tuarascáil bhliantúil cuntas ar na bearta a bheidh déanta aici chun éifeacht a thabhairt don treoir.

(5) San alt seo folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá coimhdeach do thionscal agus tionscal seirbhíse (de réir bhrí Acht 1986).

Comhaltas de Bhord na Gníomhaireachta agus téarma oifige comhaltaí.

9. —(1) Is iad comhaltaí na Gníomhaireachta Bord na Gníomhaireachta.

(2) 12 comhalta a bheidh ar an mBord.

(3) Áireofar an príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an mBord.

(4) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhaltaí an Bhoird (seachas an príomhoifigeach feidhmiúcháin) a cheapadh a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(5) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin den Bhord mar chathaoirleach.

(6) Íocfar le comhaltaí an Bhoird cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a íoc) a chinnfidh an tAire tráth a cheaptha nó a ceaptha.

(8) Ar chothromdháta an lae bunaithe agus, dá éis sin, ar gach cothromdháta den lá bunaithe, éireoidh beirt chomhalta den Bhord (seachas an cathaoirleach agus an príomhoifigeach feidhmiúcháin) as oifig.

(9) Is iad na comhaltaí a éireoidh as oifig in aon bhliain faoi fho-alt (8) ná na comhaltaí sin is faide in oifig ó ceapadh go deireanach iad agus i gcás comhaltaí a bheith ann a ceapadh an lá céanna agus a mbeidh orthu éirí as faoi fho-alt (8), is le crannchur a chinnfear cé hiad na comhaltaí atá le héirí as, mura rud é go gcomhaontóidh na comhaltaí sin a mhalairt.

(10) Ní fhónfaidh comhalta den Bhord ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana as a chéile.

(11) Dícháileofar comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) go gciontófar é nó í i gcion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(d) go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, nó

(e) go ndícháileofar nó go srianfar é nó í ó bheith ina stiúrthóir ar aon chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990).

(12) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a chomhaltas nó a comhaltas aon tráth trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir sin nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(13) Féadfaidh an tAire comhalta den Bhord a chur as comhaltas den Bhord aon tráth ar chúiseanna sonraithe, más rud é, i dtuairim an Aire, go mbeidh an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas le go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht feidhmeanna na Gníomhaireachta go héifeachtach.

(14) Más rud é go n-éagfaidh comhalta den Bhord, go n-éireoidh sé nó sí as, go scoirfidh sé nó sí, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe nó go gcuirtear é nó í as oifig, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna ar ceapadh an comhalta den Bhord ar tharla an corrfholúntas dá bharr nó dá barr.

(15) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais in éag le himeacht aimsire in-athcheaptha mar chomhalta den Bhord.

(16) Déanfaidh an tAire, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do thaithí iomchuí, a áirithiú go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh an Bhoird.

Cathaoirleach an Bhoird.

10. —(1) Is é 5 bliana téarma oifige chathaoirleach an Bhoird.

(2) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord freisin.

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird aon tráth éirí as a oifig nó as a hoifig mar chathaoirleach trí litir a sheolfar chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as, mura dtarraingeofar siar é roimhe sin i scríbhinn, nuair a thosóidh an cruinniú den Bhord is túisce a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí as a chur in iúl don Bhord.

(4) Beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais den Bhord, mura túisce a éagfaidh sé nó sí nó a scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach de bhua fho-alt (2)(3) agus, má athcheaptar é nó í mar chomhalta den Bhord, beidh sé nó sí inathcheaptha mar chathaoirleach ar an mBord.

Cruinniú den Bhord.

11. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird, an t-am a shocrú don chéad chruinniú den Bhord.

(3) 5 is córam do chruinniú den Bhord.

(4) Ag cruinniú den Bhord—

(a) beidh cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) má bhíonn, agus fad a bheidh, cathaoirleach an Bhoird as láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Ag cruinniú den Bhord, beidh vóta ag gach comhalta den Bhord a bheidh i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach, agus déanfar aon cheist a n-éileofar vóta ina taobh chun tuairim an Bhoird ar an ábhar a shuíomh, a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta, is vóta réitigh, ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

(7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an Bord, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil.

12. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Bhord—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa,

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

(3) Beidh duine is comhalta d'údarás áitiúil dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin na Gníomhaireachta.

13. —(1) Beidh príomhoifigeach ar an nGníomhaireacht ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an príomhoifigeach feidhmiúcháin.

(2) Ceapfaidh an Bord an príomhoifigeach feidhmiúcháin.

(3) Sealbhóidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin oifig ar feadh cibé téarma nach mó ná tréimhse 10 mbliana agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair), agus faoina réir, a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Is comhalta ex officio den Bhord agus de bhord Forfás an príomhoifigeach feidhmiúcháin, ar feadh ré a cheapacháin nó a ceapacháin.

(5) Déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin riarachán agus gnó na Gníomhaireachta a sheoladh, a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Bord.

(6) Ní shealbhóidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin aon oifig nó post eile ná ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó gan toiliú an Bhoird.

Coistí.

14. —(1) Féadfaidh an Bord coistí a bhunú chun cabhair agus comhairle a thabhairt dó i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an Bord aon fheidhm nó aon fheidhmeanna dá chuid a tharmligean chuig coiste más dóigh leis an mBord, maidir le feidhm nó feidhmeanna den sórt sin, gur fearr nó gur caoithiúla is féidir le coiste í nó iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(3) Cinnfidh an Bord téarmaí tagartha aon choiste agus féadfaidh sé nós imeachta aon choiste den sórt sin a rialáil.

(4) Ceapfaidh an Bord na comhaltaí de choiste.

(5) Beidh ar choiste cibé líon comhaltaí is dóigh leis an mBord is cuí.

(6) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord nó d'fhoireann na Gníomhaireachta a bheith ar choiste.

(7) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste, a mhainneoidh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe.

(8) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a dhíscaoileadh.

(9) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste.

(10) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an mBord ach amháin i gcás ina scaoilfidh an Bord leis an riachtanas maidir le daingniú den sórt sin a dhéanamh.

(11) Íocfar as ioncam na Gníomhaireachta le comhaltaí coiste cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad ag comhall a bhfeidhmeanna dóibh a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(12) San alt seo ciallaíonn “coiste” coiste den Ghníomhaireacht a bhunófar faoin alt seo.

Leasanna a nochtadh.

15. —(1) I gcás leas airgid nó leas tairbhiúil eile a bheith ag an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin, ag comhalta den Bhord, ag comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó d'fhoireann Forfás ar iasacht chuig an nGníomhaireacht, ag comhalta de choiste a bhunófar faoi alt 14 , nó ag sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a bheidh fostaithe ag an nGníomhaireacht, nó ag comhalta de bhord nó d'fhoireann fochuideachta, ar leas é in aon ní, nó ar leas é atá ábhartha i leith aon ní, a bheidh le breithniú ag an mBord nó ag coiste a bhunófar faoin Acht seo nó ag bord fochuideachta—

(a) déanfaidh sé nó sí, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní sin, cineál a leasa a nochtadh don Bhord nó don choiste nó do bhord na fochuideachta, de réir mar a bheidh,

(b) ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar chinneadh i ndáil leis an ní sin,

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú ar an ní sin,

(d) más é nó í an príomhoifigeach feidhmiúcháin atá i gceist, nó más comhalta den Bhord, comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó d'fhoireann Forfás ar iasacht chuig an nGníomhaireacht nó comhalta de choiste a bhunófar faoi alt 14 nó comhalta de bhord nó d'fhoireann na fochuideachta é nó í, tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú agus ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí thairis sin i gcáil an phríomhfheidhmeannaigh nó an chomhalta sin i ndáil leis an ní.

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é—

(a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní dá dtagraítear san fho-alt sin, nó leas atá ábhartha i leith ní den sórt sin, é nó í nó aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach,

(b) go mbeidh sé nó sí nó aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin nó leas atá ábhartha ina leith,

(c) gur páirtí é nó í nó aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) i ndáil le talamh lena mbaineann ní den sórt sin, nó

(d) go mbeidh leas tairbhiúil ag aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach in aon ní den sórt sin, nó leas atá ábhartha ina leith.

(3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha i leith aon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin leas a bheith aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (2) ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dócha go n-imreoidh sé tionchar ar dhuine le linn dó nó di breithniú, plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm i ndáil leis an ní sin a chomhlíonadh.

(4) I gcás ina n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh duine é, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an Bord nó bord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí faoin gcinneadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(5) I gcás ina ndéanfar nochtadh don Bhord nó do choiste de bhun fho-alt (1) nó do bhord fochuideachta, déanfar sonraí faoin nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(6) I gcás ina mainneoidh duine dá dtagraítear san alt seo nochtadh a dhéanamh de réir an ailt seo, cinnfidh an Bord nó bord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, an beart cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh.

Faisnéis a nochtadh.

16. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí agus le fo-alt (3), ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an Bhoird, seachas i leith mhír (f), aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh faighte aige nó aici le linn dó nó di dualgais a chomhlíonadh (nó de thoradh dualgais a chomhlíonadh)—

(a) mar chomhalta den Bhord,

(b) mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin,

(c) mar chomhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó de Forfás ar iasacht chuig an nGníomhaireacht,

(d) mar chomhalta de choiste a bhunófar faoi alt 14 ,

(e) mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Ghníomhaireacht nó mar fhostaí de chuid duine den sórt sin le linn dualgais a chomhlíonadh a bhaineann leis an gcomhairle nó leis an tsainchomhairle sin, nó

(f) mar chomhalta de bhord nó d'fhoireann aon fhochuideachta, nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir d'aon fhochuideachta nó mar fhostaí de chuid duine den sórt sin a bhaineann leis an gcomhairle nó leis an tsainchomhairle sin, gan toiliú a fháil ó bhord na fochuideachta.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh faisnéise i dtuarascáil a thabharfar don Ghníomhaireacht nó, thar ceann na Gníomhaireachta, don Aire.

Séala na Gníomhaireachta.

17. —(1) Soláthróidh an Ghníomhaireacht séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Gníomhaireachta le síniú—

(a) chathaoirleach an Bhoird, nó

(b) (i) comhalta den Bhord, nó

(ii) oifigeach don Ghníomhaireacht,

a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Gníomhaireachta agus maidir le gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Ghníomhaireacht agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt(2)) na Gníomhaireachta, glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

(4) Féadfaidh comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó duine a bheidh údaraithe ag an mBord chuige sin i gcoitinne nó go speisialta aon chonradh nó ionstraim, nár ghá a bheith faoi shéala dá ndéanfadh nó dá bhforghníomhódh pearsa aonair é nó í, a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann na Gníomhaireachta.

Foireann na Gníomhaireachta agus fhochuideachtaí na Gníomhaireachta.

18. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh ina gcomhaltaí d'fhoireann na Gníomhaireachta.

(2) Féadfaidh fochuideachta cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí le toiliú na Gníomhaireachta, an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh ina gcomhaltaí d'fhoireann na fochuideachta.

(3) Déanfaidh an Bord nó bord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoireann na Gníomhaireachta nó fochuideachta agus an líon foirne i ngach grád agus an leibhéal cuí luach saothair do gach grád a chinneadh.

(4) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó d'fhoireann fochuideachta—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

beidh sé nó sí air sin ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht leis an nGníomhaireacht nó leis an bhfochuideachta agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón nGníomhaireacht, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a hainmnithe nó a thofa nó a tofa amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh), agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin nó ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin.

(5) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó fad is ionadaí den sórt sin é nó í, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó d'fhoireann fochuideachta.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Foireann Forfás ar iasacht chuig an nGníomhaireacht.

19. —(1) Duine a bheidh ar iasacht ó Forfás chuig an nGníomhaireacht faoi mhír 2(2) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993 agus a bheidh ar iasacht amhlaidh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Forfás agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta.

(2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear san alt seo ní lú, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís na Gníomhaireachta, an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh theacht chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta.

(3) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna faoi alt 20 do dhaoine a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann Forfás ar iasacht chuig an nGníomhaireacht, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na sochair agus na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá sin.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Aoisliúntas.

20. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann na Gníomhaireachta is cuí léi, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an Ghníomhaireacht aon scéim a chuirfidh sí faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(5) Ní dheonóidh an Ghníomhaireacht aon sochar aoisliúntais, ná ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht aon chomhshocraíochtaí eile chun sochar den sórt sin a chur ar fáil, do chomhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó ina leith seachas de réir scéime faoin alt seo nó le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(6) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, nó maidir le méid aon sochair den sórt sin, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh an tAire chuig an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(7) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(8) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

21. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ó am go ham, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh agus déanfaidh an Ghníomhaireacht aon táillí is iníoctha ag an nGníomhaireacht le sainchomhairleoir nó le comhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as airgead a bheidh faoina réir aici.

Tuarascáil bhliantúil agus cuntais.

22. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Aire tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann sí agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin. Déanfar trácht sonrach i ngach tuarascáil bhliantúil den sórt sin ar nuálaíocht, ar fheidhmiú onnmhairí, ar fheidhmiú oiliúna, ar fheidhmiú taighde agus forbartha, ar chruthú post agus ar chailleadh post.

(2) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar airgead a gheobhaidh sí agus a chaithfidh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí, san fhoirm sin a dúradh, na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(3) Cuirfear cuntais na Gníomhaireachta faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis don Aire agus do Forfás.

23. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis maidir lena gníomhaíochtaí a cheanglóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, aon fhochuideachta dá cuid agus aon choiste a bhunófar faoi alt 14 cibé faisnéis a thabhairt do Forfás a cheanglóidh Forfás ó am go ham chun críocha a fheidhmeanna.

Áitreabh na Gníomhaireachta.

24. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, chun áitreabh a sholáthar is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí—

(a) aon talamh, oifigí, saotharlanna nó áitreabh a cheannach nó a thógáil ar léas,

(b) oifigí, saotharlanna agus áitreabh a fhoirgniú, a threalmhú agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon talamh, oifigí, saotharlanna nó áitreabh a bheidh ar seilbh aici, agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, a dhíol nó a léasú.