46 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 46 de 1998


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Cumhacht chun gníomhú mar ghníomhaire do phlean cúraim sláinte idirnáisiúnta.

2.

Feidhm Chuid IV den Acht Árachais, 1989.

3.

Caiteachais.

4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Árachais, 1989

1989, Uimh. 3

An tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh, 1957

1957, Uimh. 1

Na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 agus 1996

/images/harp.jpg


Uimhir 46 de 1998


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH, 1957 AGUS 1996, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [15 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cumhacht chun gníomhú mar ghníomhaire do phlean cúraim sláinte idirnáisiúnta.

1. —(1) D'ainneoin na nAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 agus 1996, féadfaidh an Bord, faoi réir thoiliú an Aire Sláinte agus Leanaí, gníomhú mar ghníomhaire d'árachóir i leith soláthair cumhdaigh árachais de bhun plean cúraim sláinte idirnáisiúnta.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “gníomhaire” an Bord nuair atá ceapachán i scríbhinn aige ó árachóir a chumasaíonn don Bhord gnó árachais a chur leis an árachóir sin;

ciallaíonn “árachóir” sealbhóir ar údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1994 (I.R. Uimh. 359 de 1994);

ciallaíonn “plean cúraim sláinte idirnáisiúnta” plean, scéim nó comhshocrú eile árachais a chuireann an Bord ar fáil agus a dhéanann socrú maidir le hárachóir do dhéanamh íocaíochtaí, i leith seirbhísí liachta, máinliachta nó seirbhísí gaolmhara, le daoine, nó thar ceann daoine, a mbeidh cónaí orthu lasmuigh den Stát ar feadh cibé tréimhsí a shonróidh an Bord sa phlean.

Feidhm Chuid IV den Acht Árachais, 1989 .

2. —D'ainneoin alt 25 den Acht Árachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 , beidh feidhm ag Cuid IV den Acht Árachais, 1989 , maidir leis an mBord a mhéid a bheidh sé ag gníomhú, chun críocha an Achta seo, mar idirghabhálaí de réir bhrí alt 2 den Acht Árachais, 1989 .

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 go 1998, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Árachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 agus 1996, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.