Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

52 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 52 de 1998


AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Téacsanna na gCoinbhinsiún agus na bPrótacal.

CUID II

Coinbhinsiún 1968 agus na Coinbhinsiúin Aontachais

4.

Léiriú ar an gCuid seo.

5.

Feidhm dlí le bheith ag na Coinbhinsiúin.

6.

Léiriú ar na Coinbhinsiúin.

7.

Iarratais chun breithiúnais Chomhphobail a aithint agus a fhorghníomhú.

8.

Forghníomhú breithiúnas Comhphobail ag an Ard-Chúirt.

9.

Forghníomhú orduithe cothabhála Comhphobail ag an gCúirt Dúiche.

10.

Forálacha in orduithe forghníomhaithe chun ús a íoc ar bhreithiúnais agus chun costais a íoc.

11.

Airgeadra na n-íocaíochtaí faoi orduithe cothabhála Comhphobail.

12.

Cruthúnas agus inghlacthacht maidir le breithiúnais, doiciméid agus aistriúcháin ghaolmhara áirithe.

13.

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha.

14.

Cúirteanna sa Stát do chur doiciméad áirithe ar fáil do pháirtithe leasmhara.

15.

Sainchónaí chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus na Coda seo.

16.

Ionad le haghaidh imeachtaí áirithe sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche.

CUID III

Coinbhinsiún Lugano

17.

Léiriú ar an gCuid seo.

18.

Feidhm dlí le bheith ag an gCoinbhinsiún.

19.

Léiriú ar an gCoinbhinsiún.

20.

Feidhm fhorálacha áirithe de Chuid II.

CUID IV

Leasuithe agus Aisghairm

21.

“Acht 1994”.

22.

Leasú ar Acht 1994.

23.

Aisghairm.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla agus i nGaeilge) de Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978, Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1989 agus Coinbhinsiún Aontachais 1996.

AN DARA SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla agus i nGaeilge) de Phrótacal 1971 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978, Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1989 agus Coinbhinsiún Aontachais 1996.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla) de Theidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978, arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1989.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla) de Theidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla) de Theidil VI agus VII de Choinbhinsiún Aontachais 1989.

AN SÉÚ SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla) de Theidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1996.

AN SEACHTÚ SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla) de Choinbhinsiún Lugano.

AN tOCHTÚ SCEIDEAL

An téacs (i mBéarla) de Phrótacal 1.

AN NAOÚ SCEIDEAL

Sainchónaí


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1989

1989, Uimh. 17

Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1998

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1998

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940

1940, Uimh. 23

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995

1995, Uimh. 26

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996

1996, Uimh. 33

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 11

An tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1993

1993, Uimh. 9

Na hAchtanna um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1988 agus 1993

An tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Na Comhphobail Eorpacha), 1988

1988, Uimh. 3

An tAcht Cothabhála, 1994

1994, Uimh. 28

An tAcht um Stádas Leanaí, 1987

1987, Uimh. 26

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 .

1989, Uimh. 21

/images/harp.jpg


Uimhir 52 de 1998


AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ NA nACHTANNA UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1988 AGUS 1993, DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DON CHOINBHINSIÚN A SÍNÍODH SA BHRUISÉIL AN 29ú LÁ DE SHAMHAIN, 1996, AR AONTACHAS PHOBLACHT NA hOSTAIRE, PHOBLACHT NA FIONLAINNE AGUS RÍOCHT NA SUALAINNE LEIS AN gCOINBHINSIÚN AR DHLÍNSE AGUS AR FHORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA AGUS LEIS AN bPRÓTACAL MAIDIR LENA LÉIRIÚ AG CÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH AGUS NA COIGEARTUITHE A RINNEADH ORTHU LEIS AN gCOINBHINSIÚN AR AONTACHAS RÍOCHT NA DANMHAIRGE, NA hÉIREANN AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, LEIS AN gCOINBHINSIÚN AR AONTACHAS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ AGUS LEIS AN gCOINBHINSIÚN AR AONTACHAS RÍOCHT NA SPÁINNE AGUS PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: