|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 53 de 1998 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM AN gCISTE OIDEACHAIS EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (INFHEISTÍOCHT) (LEASÚ), 1998 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 53 de 1998 | ||||||||
AN tACHT UM AN gCISTE OIDEACHAIS EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (INFHEISTÍOCHT) (LEASÚ), 1998 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN gCISTE OIDEACHAIS EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (INFHEISTÍOCHT), 1997, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||||||||
[23 Nollaig, 1998] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997. |
1. —Leasaítear leis seo an tAcht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997— | ||||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1) d'alt 3, trí “£130,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” i mír (a), agus | |||||||
| [EN] | (b) i bhfo-alt (1) d'alt 4, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (c): | |||||||
| [EN] | “(i) taighde agus forbairt a dhéanamh in aon réimse oideachais, lena n-áirítear, go háirithe, taighde eolaíochta agus teicneolaíochta agus forbairt eolaíochta agus teicneolaíochta, ag comhlacht, coláiste nó institiúid dá dtagraítear i mír (a) nó thar ceann an chéanna,”. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht) (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997 agus 1998, a ghairm den Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997, agus den Acht seo le chéile. | |||||||