|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III An Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia) | Ar Aghaidh (CUID V Comhlacht na gClár Speisialta AE) |
AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN, 1999
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV An Comhlacht Trádála agus Gnó | |
[EN] |
“an Comhlacht”. |
18. —Sa Chuid seo, déanfar “an Comhlacht” a fhorléiriú de réir alt 19 . |
[EN] |
Stádas an Chomhlachta. |
19. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Comhlacht” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh forbartha trádála agus gnó a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar an Comhlacht Forbartha Trádála agus Gnó. |
[EN] | (2) Tabharfar aitheantas don Chomhlacht mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Féadfar an Comhlacht a agairt faoina ainm corpraithe. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Chomhlachta. |
20. —(1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú. |
[EN] | (2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an gComhlacht ag na socruithe a shonraítear i gCuid 3 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht. |