Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

4 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1999


AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Glacadh leis an leasú beartaithe a cheadú.

3.

Forálacha i dtaobh ceart tarraingthe speisialta.

4.

Leasú ar Alt 3 den Phríomh-Acht.

5.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

6.

Socrú i dtaobh íocaíochtaí áirithe.

7.

Forálacha a bhaineann le híocaíochtaí breise.

8.

Forléiriú tagairtí don Chomhaontú Ciste sna hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1999, agus aisghairm iarmhartach.

9.

An tAire do ráthú pháirteachas an Bhainc Ceannais sa Chomhaontú Ionaid.

10.

Tuarascáil Bhliantúil.

11.

Caiteachais an Aire.

12.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

AN SCEIDEAL

An Ceathrú Leasú atá Beartaithe a dhéanamh ar Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

Arna Ullmhú de Bhun Rún Uimh. 52 - 4 ón mBord Rialtóirí

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957

1957, Uimh. 18

Na hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1977

An tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1977

1977, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1999


AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN RIALTAS DO GHLACADH LEIS AN gCEATHRÚ LEASÚ ATÁ BEARTAITHE AR AIRTEAGAIL CHOMHAONTAITHE AN CHISTE AIRGEADAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA A CHEADAIGH BORD RIALTÓIRÍ AN CHISTE SIN AN 23ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1997, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hÍOCAÍOCHTAÍ ÁIRITHE AG AN AIRE AIRGEADAIS FAOI AIRTEAGAIL CHOMHAONTAITHE AN BHAINC DHOMHANDA AGUS AG AN AIRE AIRGEADAIS AGUS BANC CEANNAIS NA hÉIREANN FAOI AIRTEAGAIL CHOMHAONTAITHE AN CHISTE AIRGEADAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN AIRE AIRGEADAIS DO RÁTHÚ PHÁIRTEACHAS AN BHAINC CEANNAIS I SAORÁID CHREIDMHEASA AN BHAINC UM SHOCRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA I bhFABHAR BANCO CENTRAL DO BRAZIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS, 1957 GO 1977. [7 Aibreán, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1977;

ciallaíonn “BIS” an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “saoráid BIS” Saoráid Chreidmheasa an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta i bhfabhar Banco Central do Brazil;

ciallaíonn “an tIontaobhas ESAF” Iontaobhas na Saoráide Feabhsaithe do Choigeartú Struchtúrach arna bhunú de bhun Chinneadh Uimh. 8759 — (87/176) ó Bhord Feidhmiúcháin an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a glacadh an 18 Nollaig, 1987, arna leasú;

ciallaíonn “Ciste Iontaobhais an Fhiach-Thionscnaimh HIPC” an Ciste Iontaobhais arna bhunú de bhun Rún Uimh. 96-9 ó Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Bhainc Dhomhanda agus Rún Uimh. IDA 96-5 ó Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais Forbartha Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “an tIontaobhas HIPC” an tIontaobhas d'Oibríochtaí ESAF do Thíortha Bochta faoi Throm-Fhiacha agus d'Oibríochtaí Fóirdheontais Eatramhacha ESAF arna bhunú de bhun Chinneadh Uimh. 11436 — (97/10) ESAF ó Bhord Feidhmiúcháin an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a glacadh an 4 Feabhra, 1997, arna leasú;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 ;

ciallaíonn “an leasú beartaithe” an leasú a bheartaítear a dhéanamh ar an gComhaontú Ciste, ar leasú é a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “Cuntas SCA-2” an Dara Cuntas Teagmhasach Speisialta a bunaíodh de bhun Chinneadh Uimh. 9471 — (90/98) ó Bhord Feidhmiúcháin an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a glacadh an 20 Meitheamh, 1990, arna leasú;

ciallaíonn “Comhaontú Ionaid” an Comhaontú Ionaid idir an BIS agus na Bainc Cheannais rannpháirteacha ar cuid é den tSaoráid BIS.

Glacadh leis an leasú beartaithe a cheadú.

2. —Ceadaítear leis seo an Rialtas do ghlacadh leis an leasú beartaithe.

Forálacha i dtaobh ceart tarraingthe speisialta.

3. —(1) Beidh éifeacht le forálacha an ailt seo, más rud é go ndéanfar an leasú beartaithe, agus sa chás sin amháin.

(2) Údaraítear leis seo don Bhanc Ceannais aon chearta tarraingthe speisialta a ghlacadh ón gCiste thar ceann an Rialtais, ar cearta iad a leithroinnfear ar an Rialtas de bhun an leasaithe bheartaithe.

(3) Déanfaidh an Banc Ceannais, thar ceann an Rialtais, na cearta a bhaineann le cearta tarraingthe speisialta a gheofar faoin alt seo a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a bhaineann leo a ghlacadh agus a chomhall.

Leasú ar Alt 3 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Féadfaidh an tAire íocaíocht £7,000,000 a dhéanamh i leith an Iontaobhais ESAF agus féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (5), cibé íocaíochtaí breise a dhéanamh a chinnfidh an Rialtas i leith an Iontaobhais ESAF.

(2) Féadfaidh an tAire cibé íocaíocht nó íocaíochtaí a dhéanamh a chinnfidh an Rialtas i leith an Iontaobhais HIPC, agus ní mó ná £10,000,000 méid comhiomlán na híocaíochta nó na n-íocaíochtaí sin.

(3) Féadfaidh an tAire íocaíocht £11,000,000 a dhéanamh i leith Chiste Iontaobhais an Fhiach-Thionscnaimh HIPC, agus féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (6), cibé íocaíochtaí breise a dhéanamh a chinnfidh an Rialtas i leith Chiste Iontaobhais an Fhiach-Thionscnaimh HIPC.

(4) Leasaítear leis seo alt 3(2) den Phríomh-Acht trí mhír (j) a scriosadh agus trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) íocaíochtaí faoi fhomhír (iv) de mhír (c) d'alt (4) d'Airteagal VI den Chomhaontú Bainc,

(k) íocaíochtaí i leith an Iontaobhais ESAF agus an Iontaobhais HIPC de réir bhrí an Achta um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1999,

(l) íocaíochtaí i leith Chiste Iontaobhais an Fhiach-Thionscnaimh HIPC de réir bhrí an Achta um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1999.”.

(5) Ní mó ná £20,000,000 méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc i leith an Iontaobhais ESAF chun críocha fho-alt (1).

(6) Ní mó ná £20,000,000 méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc i leith Chiste Iontaobhais an Fhiach-Thionscnaimh HIPC chun críocha fho-alt (3).

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

5. —Déanfar na híocaíochtaí dá dtagraítear in alt 4 a íoc as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

Socrú i dtaobh íocaíochtaí áirithe.

6. —(1) Féadfaidh an tAire a údarú don Bhanc Ceannais íocaíocht £4,000,000 a dhéanamh thar ceann an Rialtais i leith an Iontaobhais HIPC agus déanfar aon íocaíocht den sórt sin a mhaoiniú trí choibhéis £4,000,000 i gcearta tarraingthe speisialta atá ar seilbh ag an Stát a aistriú ón gCuntas SCA-2 chuig an Iontaobhas HIPC.

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an tAire a údarú don Bhanc Ceannais cibé íocaíochtaí breise a dhéanamh a chinnfidh an Rialtas i leith an Iontaobhais HIPC.

(3) Ní mó ná £10,000,000 méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a údarú i leith an Iontaobhais HIPC chun críocha fho-ailt (1) agus (2).

Forálacha a bhaineann le híocaíochtaí breise.

7. —Más rud é go mbeartóidh an tAire íocaíocht faoi alt 4 6 den Acht seo a dhéanamh nó a údarú, seachas an íocaíocht £7,000,000 i leith an Iontaobhais ESAF, an íocaíocht £11,000,000 i leith Chiste Iontaobhais an Fhiach-Thionscnaimh HIPC agus an íocaíocht £4,000,000 i leith an Iontaobhais HIPC, déanfar an togra a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis togra den sórt sin a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an togra sin, beidh an togra ar neamhní dá réir sin agus ní dhéanfaidh nó ní údaróidh an tAire an íocaíocht sin.

Forléiriú tagairtí don Chomhaontú Ciste sna hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1999, agus aisghairm iarmhartach.

8. —(1) Sna hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1999, forléireofar tagairtí don Chomhaontú Ciste mar thagairtí don Chomhaontú Ciste arna leasú leis an leasú beartaithe, a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1977.

(3) Tiocfaidh an talt seo i ngníomh nuair a bheidh éifeacht le halt 3.

An tAire do ráthú pháirteachas an Bhainc Ceannais sa Chomhaontú Ionaid.

9. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis nó léi, go ndéanfar príomhshuim aon airgid a airleacfaidh an Banc Ceannais faoi théarmaí an Chomhaontaithe Ionaid agus aon ús ar an gcéanna, nó iad araon, a íoc leis an mBanc Ceannais.

(2) Déanfar aon íocaíocht nó íocaíochtaí a dhéanfaidh an tAire leis an mBanc Ceannais faoin alt seo a ríomh faoi threoir aon mhéideanna a mbeidh oibleagáid ar an mBanc Ceannais iad a íoc faoi théarmaí an Chomhaontaithe Ionaid lúide aon choimisiún a gheobhaidh an Banc Ceannais faoi théarmaí an chomhaontaithe seo.

(3) Ní mó méid na ráthaíochta faoin alt seo ná coibhéis iomlán na méideanna seo a leanas in airgeadra an Stáit:

(a) méid na príomhshuime, is é sin US$50 milliún, arna fhritháireamh in aghaidh ainm an Bhainc Ceannais sa Dara Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú Ionaid, agus

(b) sciar comhréireach an Bhainc Ceannais den ús iomlán neamhíoctha faoin tSaoráid BIS.

(4) Le linn méid an airgid a ráthóidh an tAire faoin alt seo a ríomh, déanfar an choibhéis in airgeadra an Stáit a fhreagraíonn don phríomhshuim agus don ús i ndollair US a ríomh de réir an ráta malairte don dollar US agus d'airgeadra an Stáit, de réir mar a bheidh i bhfeidhm ar an dáta nó ar na dátaí a gcuirfear an Banc Ceannais in ionad an BIS faoin gComhaontú Ionaid.

(5) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige nó aici faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(6) Déanfar airgead a íocfaidh an tAire faoin ráthaíocht faoin alt seo, mar aon le cibé ús is iníoctha faoin gComhaontú Ionaid, a aisíoc leis nó léi de réir mar a ghnóthóidh, agus an tráth a ngnóthóidh, an Banc Ceannais an t-airgead sin.

(7) Más rud é nach mbeidh an t-airgead iomlán nó an chuid den airgead, a cheanglaítear le fo-alt (6) a aisíoc leis an Aire aisíoctha de réir an fho-ailt sin a luaithe is féidir tar éis dháta an airleacain, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (7), beidh oibleagáid leanúnach ar an mBanc Ceannais chun gach modh réasúnach a úsáid, i gcomhar le Bainc Cheannais rannpháirteacha eile faoin gComhaontú Ionaid, chun aon suimeanna a íocfaidh an Banc Ceannais faoin gComhaontú Ionaid a ghnóthú.

(9) Déanfar airgead a íocfaidh an Banc Ceannais leis an Aire faoi fho-alt (6) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire.

(10) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina leagfar amach na nithe seo a leanas i leith na ráthaíochta faoin alt seo:

(a) sonraí i dtaobh na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta aige nó aici faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis nó léi ar scór na híocaíochta,

(c) an méid airgid a bheidh clúdaithe leis an ráthaíocht agus a bhí gan íoc ag deireadh na bliana sin, agus

(d) cuntas ar aon slí a d'úsáid an Banc Ceannais, ina aonar nó i gcomhar le Bainc Cheannais rannpháirteacha eile faoin gComhaontú Ionaid, chun aon suimeanna a bheidh íoctha ag an mBanc Ceannais faoin gComhaontú Ionaid a ghnóthú.

(11) Tiocfaidh an t-alt seo in éifeacht ar an dáta a mbeidh an Banc Ceannais rannpháirteach sa Chomhaontú Ionaid nó ar dháta thosach feidhme an Achta seo, cibé acu is déanaí.

Tuarascáil Bhliantúil.

10. —(1) Déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh gach bliana, ag tosú leis an mbliain dar críoch an 31 Nollaig, 1999, tuarascáil (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san alt seo “tuarascáil bhliantúil”) i ndáil le páirteachas na hÉireann sa Bhanc agus sa Chiste a ullmhú agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh na nithe seo a leanas, inter alia, san áireamh i dtuarascáil bhliantúil—

(a) sonraí i dtaobh aon íocaíochtaí a bheidh déanta faoi na hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1999;

(b) sonraí i dtaobh aon seasamh beartais a ghlac Éire ag an mBanc agus ag an gCiste;

(c) cuntas ar ghníomhaíochtaí an Bhainc Ceannais i bhfeidhmiú a fheidhmeanna mar ghníomhaire don Aire faoi na hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1999;

(d) an ráiteas dá dtagraítear in alt 9 (10).

Caiteachais an Aire.

11. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1999, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1977, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 go 1999, a ghairm díobh le chéile.