An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Leasuithe chun Deireadh a Chur le Réamhscrúduithe)

10 1999

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1999

CUID II

Leasuithe chun Socrú a Dhéanamh i dTaobh Ciona Nua a Bhaineann le Drugaí

Leasú ar Acht 1977.

4. —Leasaítear leis seo Acht 1977 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15:

“Cion a bhaineann le sealbhú drugaí ar £10,000 nó. níos mó a luach

15A.—(1) Beidh duine ciontach i gcion faoin Acht seo más rud é—

(a) go mbeidh druga rialaithe amháin nó níos mó ina sheilbh ag an duine, cibé acu go dleathach é nó nach ea, chun an druga nó na drugaí a dhíol le duine eile nó a sholáthar dó ar dhóigh eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo, agus

(b) gur £10,000 nó níos mo margadhluach an druga rialaithe nó comhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí rialaithe, de réir mar a bheidh, aon tráth ar lena linn atá an druga nó na drugaí i seilbh an duine.

(2) Faoi réir alt 29(3) den Acht seo (arna leasú le halt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999 ), in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, más rud é—

(a) go gcruthaítear go raibh druga rialaithe ina sheilbh ag duine, agus

(b) gur deimhin leis an gcúirt, ag féachaint don chainníocht den druga rialaithe a bhí ina sheilbh ag an duine sin nó do cibé nithe eile is iomchuí leis an gcúirt, go luíonn sé le réasún a mheas nach raibh sé beartaithe ag an duine an druga rialaithe a bheith le húsáid láithreach aige go pearsanta,

toimhdeofar, go dtí gur deimhin leis an gcúirt a mhalairt, go raibh an druga rialaithe ina sheilbh ag an duine sin lena dhíol le duine eile nó lena sholáthar dó ar dhóigh eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo.

(3) Más deimhin leis an gcúirt go bhfuil eolas ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach custam agus máil faoi dhíol nó soláthar neamhdhleathach drugaí rialaithe, beidh an comhalta sin nó an t-oifigeach sin, de réir mar a bheidh, i dteideal, in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) margadhluach an druga rialaithe lena mbaineann, nó

(b) comhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí rialaithe lena mbaineann.

(4) Ní fhéadfar aon imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le druga rialaithe, an praghas a d'fhéadfaí a bheith ag súil a gheofaí ar an druga sin ar an margadh le haghaidh díol nó soláthar neamhdhleathach drugaí rialaithe;

tá le ‘oifigeach custam agus máil’ an bhrí chéanna atá leis in alt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 .”.

Leasú ar fhorálacha pionóis Acht 1977.

5. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1977 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 15A, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt, faoi réir fho-ailt (3B) agus (3C) den alt seo, a chur air, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a mbeidh inti cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air.

(3B) I gcás ina gciontófar duine (seachas leanbh nó duine óg) i gcion faoi alt 15A, sonróidh an chúirt, le linn di pianbhreith a fhorchur, gur tréimhse nach lú ná 10 mbliana príosúnachta an tréimhse íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine sin.

(3C) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3B) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d'fhágfadh gur phianbhreith mhíchóir sna himthosca go léir pianbhreith nach lú ná príosúnacht 10 mbliana agus chun na críche sin féadfaidh an chúirt aird a thabhairt ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má rinne,

(i) an chéim inar chuir sé in iúl gur bheartaigh sé pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar chuir sé é sin in iúl,

agus

(b) ar chabhraigh an duine sin go hábhartha in imscrúdú an chiona.

(3D) Maidir leis an gcumhacht a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , chun pionós a iomalartú nó a loghadh, ní dhéanfar í a fheidhmiú, i gcás duine a mbeidh pianbhreith a forchuireadh air faoi fho-alt (3A) den alt seo á cur isteach aige, roimh dhul in éag don tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi fho-alt (3B) den alt seo lúide aon laghdú a dhéanfar ar an tréimhse sin faoi fho-alt (3E) den alt seo.

(3E) Na rialacha nó an cleachtas faoinar féidir le príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu maidir le duine a mbeidh pianbhreith a forchuireadh faoi fho-alt (3A) den alt seo á cur isteach aige agus déanfar an tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi fho-alt (3B) den alt seo a laghdú de mhéid aon loghadh a bheidh tuillte amhlaidh ag an duine sin.

(3F) I gcás duine a mbeidh pianbhreith a forchuireadh faoi fho-alt (3A) den alt seo á cur isteach aige, ní dhéanfar aon chumhachtaí a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , chun duine a mbeidh pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige a scaoileadh saor go sealadach, a fheidhmiú i gcaitheamh na tréimhse ar lena linn a thoirmisctear le fo-alt (3D) den alt seo a phionós a iomalartú nó a loghadh ach amháin ar chúis thromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor a dheonófar amhlaidh ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint don chúis sin.

(3G) Le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine a chiontófar i gcion faoi alt 15A den Acht seo, féadfaidh cúirt—

(a) a fhiafraí an raibh an duine, tráth déanta an chiona, ina andúileach i ndruga rialaithe amháin nó níos mó, agus

(b) más deimhin léi go raibh an duine ina andúileach amhlaidh an tráth sin agus gur ghné shubstainteach as ar tháinig déanamh an chiona an andúil, an phianbhreith a liostú lena hathbhreithniú i ndiaidh dul in éag do leath ar a laghad den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi fho-alt (3B) den alt seo.

(3H) Le linn pianbhreith a liostófar faoi fho-alt (3G) (b) den alt seo a athbhreithniú, féadfaidh an chúirt—

(a) an chuid den phianbhreith nach mbeidh curtha isteach a fhionraí ar aon choinníollacha is oiriúnach léi, agus

(b) le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfeidhmeoidh sí a cumhachtaí faoin bhfo-alt seo, aird a thabhairt ar aon nithe is cuí léi.

(3I) Ní bheidh feidhm ag mír (a) d'alt 13(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoi alt 15A den Acht seo, ach measfar, chun críocha mhír (b) d'alt 13(2) den Acht sin, go bhfuil an cion sin ina chion lena mbainfidh alt 13 den Acht sin.

(3J) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (3F) den alt seo d'alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 d'Acht na bPríosún, 1970 .”.

Leasú ar fhorálacha cosanta Acht 1977.

6. —Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1977 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 15 nó 15A den Acht seo, féadfaidh cosantóir an toimhde a rinneadh de réir fho-alt (2) den alt infheidhme a fhrisnéis trína shuíomh go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an druga nó na drugaí rialaithe lena mbaineann na himeachtaí ina sheilbh go dleathach aige de bhua na rialachán faoi alt 4 den Acht seo.”.

Leasú ar Acht 1994.

7. —Leasaítear leis seo alt 3(1) d'Acht 1994 sa mhíniú ar “cion gáinneála ar dhrugaí” tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) cion faoi alt 15A den Acht sin;”.