[EN]
| |
[EN] | |
CUID III
Leasuithe chun Deireadh a Chur le Réamhscrúduithe
|
[EN]
|
Leasú ar alt 4 d'Acht 1967.
|
8.
—Leasaítear leis seo Acht 1967 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:
|
| |
“Léiriú.
|
4.—(1) San Acht seo ciallaíonn ‘an t-ionchúisitheoir’, maidir le cion—
(a) i gCuid IA agus in alt 13, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus
(b) i gCodanna II agus III, seachas alt 13—
(i) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,
(ii) duine ag ionchúiseamh an chiona ar agra an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, nó
(iii) duine atá údaraithe le dlí an cion a ionchúiseamh.
(2) D'ainneoin fho-alt (1), déanfar tagairtí don ionchúisitheoir i gCodanna IA, II agus III a fhorléiriú, maidir le cionta nach bhféadtar imeachtaí a thionscnamh nó a choimeád ar marthain ina leith ach ag an Ard-Aighne, nó thar ceann an Ard-Aighne nó le toiliú an Ard-Aighne, mar thagairtí don Ard-Aighne.”.
|
|
[EN]
|
Cuid 1A a chur isteach in Acht 1967.
|
9.
—Leasaítear leis seo Acht 1967 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt (4):
|
[EN]
| |
“CUID IA
|
[EN]
| |
Imeachtaí a Bhaineann le Cionta Indíotáilte
|
| |
An cúisí le cur ar aghaidh chun trialach.
|
4A.—(1) I gcás ina mbeidh duine cúisithe os comhair na Cúirte Dúiche agus é faoi chúiseamh i gcion indíotáilte, cuirfidh an Chúirt an cúisí ar aghaidh chun trialach chuig an gcúirt a bhfuil sé le dul faoi thriail os a comhair (cúirt na trialach) mura rud é—
(a) go mbeidh an cás á thriail go hachomair,
(b) go mbeifear ag déileáil leis an gcás faoi alt 13, nó
(c) go mbeidh an cúisí neamhinniúil ar phléadáil.
(2) Ní chuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach faoi fho-alt (1) gan toiliú an ionchúisitheora.
(3) I gcás ina ndiúltóidh an t-ionchúisitheoir toiliú a thabhairt a cheanglaítear faoi fho-alt (2) maidir le cion indíotáilte, déanfaidh an Chúirt Dúiche na himeachtaí in aghaidh an chúisí a scriosadh amach i ndáil leis an gcion sin.
(4) Ní dhéanfaidh scriosadh amach imeachtaí faoi fho-alt (3) dochar do thionscnamh imeachtaí in aghaidh an chúisí ag an ionchúisitheoir.
(5) Ní chuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach faoi fho-alt (1) go dtí go ndéanfar na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) a sheirbheáil ar an gcúisí.
|
Doiciméid a sheirbheáil ar an gcúisí, etc.
|
4B.—(1) I gcás ina dtoileoidh an t-ionchúisitheoir go ndéanfar an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara, laistigh de 42 lá i ndiaidh don chúisí láithriú den chéad uair sa Chúirt Dúiche agus é faoi chúiseamh sa chion indíotáilte nó laistigh d'aon fhadú ar an tréimhse sin arna dheonú faoi fho-alt (3), go seirbheálfar na doiciméid seo a leanas ar an gcúisí nó ar a aturnae, más ann:
(a) ráiteas ar na cúisimh i gcoinne an chúisí;
(b) cóip d'aon fhaisnéis mhionnaithe i scríbhinn ar ar tionscnaíodh na himeachtaí;
(c) liosta de na finnéithe a bheartaíonn an t-ionchúisitheoir a ghlaoch ag an triail;
(d) ráiteas ar an bhfianaise a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh gach finné díobh í;
(e) cóip d'aon doiciméad ina bhfuil faisnéis a bheartaítear a thabhairt i bhfianaise de bhua Chuid II den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992;
(f) más cuí, cóip de dheimhniú faoi alt 6(1) den Acht sin;
(g) liosta de na foilseáin (más ann).
(2) A luaithe a sheirbheálfar na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (1), tabharfaidh an t-ionchúisitheoir cóipeanna díobh don Chúirt Dúiche.
(3) Tar éis don ionchúisitheoir iarratas a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt Dúiche an tréimhse a fhadú ar laistigh di atá na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (1) le seirbheáil, más deimhin léi—
(a) go bhfuil cúis mhaith ann chun sin a dhéanamh, agus
(b) go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas sin a dhéanamh.
(4) Féadfar iarratas a dhéanamh agus féadfar fadú a dheonú faoi fho-alt (3) roimh dheireadh, nó i ndiaidh dheireadh, na dtréimhsí seo a leanas—
(a) an tréimhse 42 lá a luaitear i bhfo-alt (1), nó
(b) aon fhadú ar an tréimhse sin a dheonófar faoi fho-alt (3).
(5) I gcás ina ndiúltóidh sí fadú a dheonú, déanfaidh an Chúirt Dúiche na himeachtaí in aghaidh an chúisí a scriosadh amach i ndáil leis an gcion.
(6) Ní dhéanfaidh scriosadh amach imeachtaí faoi fho-alt (5) dochar do thionscnamh aon imeachtaí in aghaidh an chúisí ag an ionchúisitheoir.
|
Doiciméid bhreise.
|
4C.—(1) Aon tráth tar éis na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) a sheirbheáil, cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara go seirbheálfar na doiciméid seo a leanas ar an gcúisí nó ar a aturnae, más ann:
(a) liosta d'aon fhinnéithe breise a bheartaíonn an t-ionchúisitheoir a ghlaoch ag an triail;
(b) ráiteas ar an bhfianaise a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh gach finné a bhfuil a ainm ar liosta na bhfinnéithe breise í;
(c) ráiteas ar aon fhianaise bhreise a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh aon fhinné a bhfuil a ainm ar an liosta a bheidh seirbheáilte cheana faoi alt 4B(1)(c) í;
(d) aon fhógra á rá go mbeartaítear faisnéis atá i ndoiciméad a thabhairt i bhfianaise faoi alt 7(1) (b) den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, mar aon le cóip den doiciméad;
(e) más cuí, cóip de dheimhniú faoi alt 6(1) den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992;
(f) cóip d'aon teistíocht a thógfar faoi alt 4F;
(g) liosta d'aon fhoilseáin bhreise.
(2) A luaithe a sheirbheálfar aon doiciméid de réir an ailt seo, tabharfaidh an t-ionchúisitheoir cóipeanna díobh do Chúirt na trialach.
|
Foilseáin a scrúdú.
|
4D.—Beidh sé de cheart ag an gcúisí iniúchadh a dhéanamh ar na foilseáin go léir a bheidh luaite i liosta na bhfoilseán a sheirbheálfar ar an gcúisí nó ar a aturnae faoi alt 4B nó 4C.
|
Iarratas ón gcúisí chun an cúiseamh a dhíbhe.
|
4E.—(1) Aon tráth tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, féadfaidh an cúisí a iarraidh ar chúirt na trialach ceann amháin nó níos mó de na cúisimh in aghaidh an chúisí a dhíbhe.
(2) Tabharfar fógra maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) don ionchúisitheoir 14 lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh an t-iarratas le héisteacht.
(3) Féadfaidh cúirt na trialach, ar mhaithe leis an gceartas, a chinneadh go bhféadfar fógra níos lú ná 14 lá a thabhairt don ionchúisitheoir maidir le hiarratas faoi fho-alt (1).
(4) Más dealraitheach do chúirt na trialach nach bhfuil leorchás ann chun an cúisí a chur ar a thriail mar gheall ar aon chúiseamh lena mbaineann an t-iarratas, déanfaidh an chúirt an cúiseamh a dhíbhe.
(5) (a) Ní fhéadfar fianaise béil a thabhairt ar iarratas faoi fho-alt (1) ach amháin más dealraitheach do chúirt na trialach go bhfuil gá le fianaise den sórt sin ar mhaithe leis an gceartas.
(b) I mír (a) folaíonn ‘fianaise béil’—
(i) aon fhianaise a thabharfar trí nasc teilifíse beo de bhun Chuid III den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, nó
alt 39
den
Acht um Cheartas Coiriúil, 1999
, nó
(ii) fístaifeadadh d'aon fhianaise a thabharfar trí nasc teilifíse beo de bhun na Coda sin nó an ailt sin in imeachtaí faoi alt 4F.
(6) Más deimhin le cúirt na trialach go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas aon doiciméad a gceanglaítear faoin gCuid seo é a sheirbheáil ar an gcúisí nó ar a aturnae a sheirbheáil ag an éisteacht ar iarratas faoin alt seo—
(a) seirbheálfaidh an t-ionchúisitheoir an doiciméad ar an gcúisí nó ar a aturnae, más ann, ag an éisteacht, agus
(b) féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, an éisteacht a chur ar atráth chun na críche sin.
(7) I gcás ina ndéanfaidh cúirt na trialach cúiseamh a dhíbhe faoi fho-alt (4), féadfaidh an t-ionchúisitheoir, laistigh de 21 lá tar éis dháta na díbhe, achomharc a dhéanamh in aghaidh na díbhe chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil.
(8) Ar achomharc faoi fho-alt (7), féadfaidh an Chúirt Achomhairc Choiriúil—
(a) breith chúirt na trialach a dhaingniú, nó
(b) breith chúirt na trialach a neamhniú agus sa chás sin féadfar leanúint ar aghaidh le triail an chúisí amhail is nach ndearnadh an cúiseamh a dhíbhe riamh.
|
An Chúirt Dúiche do thógáil fianaise.
|
4F.—(1) Aon tráth tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, féadfaidh an t-ionchúisitheoir nó an cúisí ordú a iarraidh ar chúirt na trialach á cheangal ar dhuine láithriú os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ionas go bhféadfar fianaise an duine sin a thógáil—
(a) i modh teistíochta faoi mhionn, nó
(b) i gcás ina mbeidh fianaise an duine le tabhairt trí nasc teilifíse beo de bhun Chuid III den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, nó
alt 39
den
Acht um Cheartas Coiriúil, 1999
, trí nasc den sórt sin,
cibé acu atá nó nach bhfuil ainm an duine ar liosta na bhfinnéithe a sheirbheálfar ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C.
(2) Más deimhin léi go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, féadfaidh cúirt na trialach a ordú do dhuine is ábhar d'iarratas faoi fho-alt (1) freastal os comhair breithimh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche—
(a) ina ndearnadh an cion, nó
(b) inar gabhadh an cúisí nó ina bhfuil cónaí air,
ionas go bhféadfaidh an breitheamh fianaise an duine sin a thógáil dá réir sin.
(3) Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le fianaise a thógáil faoin alt seo—
(a) nuair a bheidh an fhianaise á tógáil, beidh an cúisí agus breitheamh den Chúirt Dúiche araon i láthair;
(b) sula dtógfar í, cuirfidh an breitheamh in iúl don chúisí na himthosca ina bhféadfar í a ghlacadh i bhfianaise i dtriail an chúisí;
(c) féadfar an finné a chroscheistiú agus a athcheistiú;
(d) i gcás ina dtógfar an fhianaise i modh teistíochta faoi mhionn, déanfar an teistíocht agus aon chroscheistiú agus athcheistiú ar an teisteoir a thaifeadadh agus a léamh don teisteoir agus síneoidh an teisteoir agus an breitheamh an taifead sin.
(4) Beidh ag breitheamh den Chúirt Dúiche na cumhachtaí céanna—
(a) chun iallach a chur ar fhinné ionchais déanamh de réir an ailt seo nó de réir ordaithe faoin alt seo, agus
(b) chun a áirithiú go bhfreastalóidh an cúisí,
atá ag an gCúirt Dúiche maidir le finnéithe in imeachtaí coiriúla.
|
Inghlacthacht teistíochta nó fístaifeadta.
|
4G.—(1) Féadfaidh cúirt na trialach teistíocht a thógfar faoi alt 4F a bhreithniú ar iarratas faoi alt 4E(1).
(2) Féadfar teistíocht den sórt sin a ghlacadh i bhfianaise i dtriail an chúisí má chruthaítear—
(a) maidir leis an bhfinné—
(i) go bhfuil sé marbh,
(ii) nach bhfuil sé in ann freastal chun fianaise a thabhairt ag an triail,
(iii) go bhfuil cosc air freastal amhlaidh, nó
(iv) nach dtugann sé fianaise ag an triail de dheasca eagla nó imeaglú,
(b) go raibh an cúisí i láthair le linn an fhianaise a bheith á tógáil, agus
(c) gur tugadh caoi chun an finné a chroscheistiú agus a athcheistiú;
mura rud é go bhfuil an chúirt den tuairim nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh.
(3) Faoi réir alt 16 (fístaifeadadh d'fhianaise a thabharfaidh finné faoi 17 a bheith inghlactha i dtriail) den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, maidir le fístaifeadadh fianaise a thabharfar trí nasc teilifíse beo in imeachtaí faoi alt 4F, má bhí an cúisí i láthair nuair a tógadh an fhianaise agus má tugadh caoi chun an finné a chroscheistiú agus a athcheistiú, beidh sé inghlactha i dtriail an chiona a mbeidh an cúisí á chúiseamh ina leith mar fhianaise ar aon fhíoras a luafar sa chéanna ar fíoras é a mbeadh fianaise dhíreach ó bhéal ón bhfinné air inghlactha, mura rud é go mbeidh an chúirt den tuairim nár chóir an fístaifeadadh a ghlacadh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas.
|
Cúnamh Dlíthiúil.
|
4H.—(1) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le
halt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962
, a chur i mbaint leis an gcúisí i ndáil le gach imeacht a sheolfar faoin gCuid seo os comhair na Cúirte Dúiche.
(2) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le
halt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962
, a chur i mbaint leis an gcúisí i ndáil le gach imeacht a sheolfar faoin gCuid seo os comhair chúirt na trialach, na Cúirte Achomhairc Choiriúil nó na cúirte ionadúla dá dtagraítear in alt 4Q.
|
Cumhacht chun an pobal a eisiamh.
|
4I.—(1) Faoi réir an ailt seo agus aon achtacháin eile, is i gcúirt oscailte a sheolfar imeacht faoin gCuid seo.
(2) I gcás inar deimhin le cúirt a mbeidh imeacht á sheoladh aici faoin gCuid seo, mar gheall ar nádúr nó imthosca an cháis, nó ar dhóigh eile ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh sí—
(a) an pobal nó aon chuid áirithe den phobal, nó
(b) aon duine nó daoine áirithe,
ach amháin ionadaithe bona fide an Phreasa, a eisiamh as an gcúirt le linn an imeachta.
(3) Ní rachaidh fo-alt (2) chun dochair do cheart tuismitheora, gaoil nó carad de chuid an chúisí nó de chuid páirtí dhíobhálaithe fanacht sa chúirt in aon chás lena mbaineann alt 20(4) den
Acht um Cheartas Coiriúil, 1951
, nó
alt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981
(arna ionadú le
halt 11 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990
).
|
Gan imeachtaí a fhoilsiú nó a chraoladh.
|
4J.—(1) Ní fhoilseoidh nó ní chraolfaidh aon duine, ná ní chuirfidh faoi deara go bhfoilseofar nó go gcraolfar, aon fhaisnéis maidir le himeacht faoin gCuid seo seachas—
(a) ráiteas—
(i) á rá gur duine ainmnithe a thionscain an t-imeacht i ndáil le cúiseamh sonraithe in aghaidh duine ainmnithe, agus
(ii) ar aon bhreith a dhéantar de thoradh an imeachta,
agus
(b) i gcás iarratais faoi alt 4E chun cúiseamh in aghaidh an chúisí a dhíbhe, aon fhaisnéis a gceadóidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an iarratais í a fhoilsiú nó a chraoladh ar an gcúisí á iarraidh sin.
(2) Más rud é, ar iarratas ón ionchúisitheoir, gur dealraitheach do bhreitheamh den Chúirt Dúiche gur sháraigh duine fo-alt (1), féadfaidh an breitheamh é sin a dheimhniú don Ard-Chúirt.
(3) Ar dheimhniú faoi fho-alt (2) a fháil, féadfaidh an Ard-Chúirt—
(a) fiosrú a dhéanamh faoin ní lena mbaineann an deimhniú, agus
(b) tar éis aon fhinnéithe a éisteacht agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon ráiteas a thairgfear mar chosaint don duine a líomhnófar ina leith go bhfuil sárú déanta aige nó aici ar fho-alt (1), an duine sin a phionósú, nó bearta a dhéanamh lena phionósú, ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte.
(4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear—
(a) d'oibriú aon achtacháin eile lena bhforchuirtear srianta breise ar a mhéid is féidir faisnéis a bhaineann le himeachtaí cúirte a fhoilsiú nó a chraoladh, nó
(b) d'aon chumhacht a thugtar do chúirt le hachtachán den sórt sin ordú a dhéanamh lena n-údarófar faisnéis den sórt sin a fhoilsiú nó a chraoladh.
(5) San alt seo—
ciallaíonn ‘craoladh’ tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí raidió-theileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharcíomhánna nó comharthaí atá beartaithe lena nglacadh go díreach ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;
ciallaíonn ‘foilsiú’ foilsiú don phobal nó do chuid den phobal.
|
Ordú finné.
|
4K.—(1) Féadfaidh cúirt na trialach, i ndáil le triail an chúisí, ordú a dhéanamh á cheangal ar dhuine ar seirbheáladh a ráiteas fianaise ar an gcúisí nó ar tógadh a theistíocht—
(a) freastal os comhair chúirt na trialach agus fianaise a thabhairt i dtriail an chúisí, agus
(b) aon doiciméad nó rud a shonrófar san ordú a thabhairt ar aird don chúirt sin.
(2) Aon duine nach ndéanfaidh, gan leithscéal cóir, de réir ordaithe finné, beidh sé ciontach i ndíspeagadh chúirt na trialach.
(3) Más rud é, ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón gcúisí, gur deimhin le cúirt na trialach, ó fhianaise faoi mhionn, nach dócha d'aon duine déanamh de réir ordaithe finné—
(a) féadfaidh an chúirt ceangal cúirtbhanna a chur ar an duine láithriú ag an triail,
(b) má dhiúltaíonn an duine a bheith faoi cheangal amhlaidh, féadfaidh an chúirt, le barántas, é a chimiú faoi choimeád go dtí an triail nó go dtí go rachaidh sé i gcúirtbhanna, agus
(c) beidh ag an gcúirt na cumhachtaí céanna chun iallach a chur ar an duine freastal os comhair chúirt na trialach chun críocha an fho-ailt seo atá ag an gcúirt sin maidir le finnéithe in imeachtaí coiriúla.
(4) San alt seo, ciallaíonn ‘ordú finné’ ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1).
|
Toghairm fhinné.
|
4L.—(1) Ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón gcúisí, féadfar toghairm a eisiúint as cúirt na trialach á cheangal ar an duine chun a ndíreofar an toghairm—
(a) freastal os comhair chúirt na trialach agus fianaise a thabhairt i dtriail an chúisí, agus
(b) aon doiciméad nó rud a shonrófar sa toghairm a thabhairt ar aird don chúirt sin,
mura rud é gur deimhin leis an gcúirt nach féidir leis an duine a bheartaítear a thoghairm aon fhianaise ábhartha a thabhairt nó, de réir mar a bheidh, aon doiciméad nó rud a thabhairt ar aird ar dócha dó a bheith ina fhianaise ábhartha.
(2) Aon duine nach ndéanfaidh, gan leithscéal cóir, de réir toghairme fhinné, beidh sé ciontach i ndíspeagadh na cúirte as ar eisíodh an toghairm.
(3) Ní rachaidh an t-alt seo ar dochar d'aon chumhachtaí eile chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal ag an triail.
(4) San alt seo, ciallaíonn ‘toghairm fhinné’ toghairm a eiseofar faoi fho-alt (1).
|
Cúisimh a leasú.
|
4M.—I gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo, féadfar, in ionad nó i dteannta na scór ar ar cúisíodh an cion ar ina leith a cuireadh ar aghaidh é, aon scóir a chur sa díotáil i gcoinne an chúisí ar scóir iad—
(a) a bheidh bunaithe ar aon cheann de na doiciméid a sheirbheálfar ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C, agus
(b) is féidir a uamadh sa díotáil chéanna.
|
Cúisimh neamhghaolmhara a uamadh.
|
4N.—I gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo, féadfar, le toiliú an chúisí agus d'ainneoin aon achtacháin eile, scóir a chur sa díotáil i gcoinne an chúisí ar scóir iad—
(a) lena gcúisítear cion a ndlitear é a thriail laistigh den Stát, seachas an cion ar cuireadh an cúisí ar aghaidh ina leith, agus
(b) nach bhfuil bunaithe ar na doiciméid a sheirbheálfar ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C,
agus forléireofar alt 25 (3)
d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961
, dá réir sin.
|
Locht sa chúiseamh a cheartú.
|
4O.—I gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo, féadfaidh cúirt na trialach aon locht i gcúiseamh in aghaidh an chúisí a cheartú mura rud é go measfaidh sí go dtarlódh éagóir de thoradh an cheartaithe.
|
Imeachtaí a aistriú ón gCúirt Chuarda chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil.
|
4P.—Más rud é, tar éis an cúisí a bheith curtha ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo chuig an gCúirt Chuarda i leith ciona indíotáilte (an cion bunaidh), go gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil i leith ciona indíotáilte eile a bhaineann leis na himthosca ba bhun leis an gcion bunaidh, nó a d'éirigh astu, féadfaidh an Chúirt Chuarda, mura rud é go measfaidh sí nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, triail an chiona bunaidh a aistriú chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil.
|
Dlínse na Cúirte Cuarda chun cúisí a athchur chuig cuaird ionadúil agus chun iarratais a éisteacht.
|
4Q.—(1) D'ainneoin aon achtacháin eile, i gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo chuig an gCúirt Chuarda, féadfaidh an chúirt sin an cúisí a athchur i gcoimeád chun láithriú ag suí den Chúirt Chuarda (‘cúirt ionadúil') i gcuaird na Cúirte Cuarda ina bhfuil an príosún nó an t-ionad coinneála ina mbeidh an cúisí le coinneáil i gcoimeád suite.
(2) Má dhéantar an cúisí a athchur faoin alt seo chuig suí de chuid cúirte ionadúla—
(a) féadfaidh an chúirt ionadúil, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, an cúisí a athchur tuilleadh, faoi choimeád nó faoi bhannaí, chuig an gcúirt sin nó chuig cúirt ionadúil eile,
(b) déanfar tagairt in alt 4B(3) nó (5), 4E nó 4P do chúirt na trialach a léamh mar thagairt don chúirt ionadúil a n-athchuirtear an cúisí chuici, agus
(c) beidh ag an gcúirt ionadúil an chumhacht chéanna chun aon locht sa chúiseamh in aghaidh an chúisí a cheartú atá ag cúirt na trialach faoi alt 4O.
(3) Déanfaidh cúirt ionadúil, chun críocha thriail an chiona, an cúisí a athchur chuig suí den Chúirt Chuarda i gcuaird na Cúirte Cuarda—
(a) ina ndearnadh an cion, nó
(b) inar gabhadh an cúisí nó ina gcónaíonn sé.”.
|
|
[EN]
|
Forálacha eile d'Acht 1967 a leasú nó a aisghairm.
|
10.
—(1) Leasaítear leis seo Cuid II d'Acht 1967 tríd an teideal seo a leanas a chur in ionad an teidil a ghabhann leis an gCuid sin:
|
[EN]
| |
“Pléadáil Ciontach agus Nithe Eile”.
|
[EN]
| |
(2) Aisghairtear leis seo ailt 5 go 12 d'Acht 1967.
|
[EN]
| |
(3) Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1967 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(2) Má fhaigheann an Chúirt Dúiche amach aon tráth gur mian le duine atá faoi chúiseamh i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil ciontach agus más deimhin leis an gcúirt go dtuigeann sé brí an chiona agus na fíorais a líomhnaítear—
|
[EN]
| |
(a) féadfaidh an Chúirt, le toiliú an ionchúisitheora, an cion a thriail go hachomair, agus sa chás sin beidh an cúisí inchurtha faoi na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3), nó
|
[EN]
| |
(b) má shíníonn an cúisí pléadáil ciontach, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (2A), é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe leis an bpléadáil sin chuig an gcúirt sin a gcuirfí ar aghaidh chuici chun trialach é, mura mbeadh an phléadáil sin.
|
[EN]
| |
(2A) Ní chuirfear an cúisí ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe faoin alt seo gan toiliú an ionchúisitheora.”.
|
[EN]
| |
(4) Leasaítear leis seo alt 13(4) d'Acht 1967 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
|
[EN]
| |
“(b) Sa chás sin—
|
[EN]
| |
(i) taifeadfaidh an chúirt pléadáil neamhchiontach a mbeidh an éifeacht chéanna léi, go huile agus go hiomlán, a bheadh léi dá gcuirfí an cúisí ar aghaidh chun trialach chuig an gcúirt sin sa chúiseamh sin de réir Chuid 1A,
|
[EN]
| |
(ii) cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara go ndéanfar aon doiciméid a cheanglaítear a sheirbheáil ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C, agus nár seirbheáladh cheana, a sheirbheáil ar an gcúisí, agus
|
[EN]
| |
(iii) tosóidh an tréimhse dá dtagraítear in alt 4B(1) ar rith ón dáta ar a dtaifeadfar an phléadáil neamhchiontach.”.
|
[EN]
| |
(5) Aisghairtear leis seo ailt 14 go 18 d'Acht 1967.
|
[EN]
|
Leasú ar an
Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939
.
|
11.
—Leasaítear ailt 45(2) agus 46(2) den
Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939
, trí “a chuirfidh an breitheamh sin” a chur in ionad “a ghlacfaidh an breitheamh san faisnéisí i dtaobh na cúise sin agus a chuirfe sé”.
|
[EN]
|
Leasú ar Acht 1962.
|
12.
—(1) Aisghairtear leis seo alt 2A d'Acht 1962 (a cuireadh isteach le halt 15(4) d'Acht 1992).
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1962—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-ailt (1) agus (2), trí “ar aghaidh” a chur roimh “chun a thrialach”, aon áit a bhfuil an leagan deiridh sin, agus
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (2)(c), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):
|
[EN]
| |
“(i) go gcúiseofar an duine i ndúnmharú, nó”.
|
[EN]
| |
(3) Leasaítear leis seo alt 9(2) d'Acht 1962 (arna leasú le halt 15 d'Acht 1992) trí “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamhscrúdú),” a scriosadh.
|
[EN]
|
Leasú ar Acht 1973.
|
13.
—(1) Leasaítear leis seo Acht 1973 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:
|
| |
“Locht sa chúiseamh a cheartú i ndiaidh an cúisí a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe.
|
2.—Más rud é faoi alt 13(2) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, go gcuirfear duine cúisithe ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe ar aon chúiseamh le pléadáil ciontach—
(a) féadfaidh an chúirt ar chuici a mbeidh an cúisí curtha ar aghaidh aon locht sa chúiseamh a cheartú, agus
(b) áireofar an phléadáil ciontach mar phléadáil ciontach sa chúiseamh arna cheartú amhlaidh,
mura rud é go dtarlódh éagóir, dar leis an gcúirt, de thoradh an cheartaithe sin.”.
|
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear alt 3(2) d'Acht 1973 trí “ionann is dá mba gur cuireadh ar aghaidh chun a thrialach é” a chur in ionad “ionann is dá mba gur cuireadh chun a thrialach é”.
|
[EN]
|
Leasú ar an
Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976
.
|
14.
—Leasaítear leis seo an
tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976
, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18:
|
| |
“Srian le halt 4F den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
.
|
18.—Ní thabharfaidh alt 4F den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, teideal do bhreitheamh den Chúirt Dúiche a cheangal go bhfreastalóidh duine os comhair na Cúirte sin chun fianaise an duine a thógáil i modh teistíochta faoi mhionn más dealraitheach don bhreitheamh—
(a) gur lasmuigh den Stát atá an duine, agus
(b) nach bhfuil sé indéanta le réasún a áirithiú go bhfreastalóidh sé os comhair na Cúirte.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar Acht 1981.
|
15.
—Leasaítear leis seo Acht 1981 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:
|
| |
“Imeachtaí faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
.
|
4.—(1) In imeacht faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, a bhaineann leis an méid seo a leanas—
(a) cúiseamh i gcion ionsaithe ghnéasaigh a dhíbhe, nó
(b) fianaise duine a thógáil i modh teistíochta i gcás ciona ionsaithe ghnéasaigh,
ansin, ach amháin le cead ón mbreitheamh a bheidh ag seoladh an imeachta, ní thabharfar fianaise ar aird nó ní chuirfear ceist nach bhféadfaí, dá mba thriail den sórt a luaitear in alt 3(1) an t-imeacht, a thabhairt ar aird nó a chur gan chead de bhun an ailt sin.
(2) Tar éis iarratas ar chead a fháil déanfaidh an breitheamh—
(a) cead a dhiúltú mura rud é gur deimhin leis, maidir le cead i leith na fianaise nó na ceiste, gur dóigh go dtabharfaí é i dtriail den sórt sin, nó
(b) cead a thabhairt más deimhin leis amhlaidh.
(3) Bainfidh alt 3(3) le hiarratas faoi fho-alt (2) den alt seo.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar Acht 1984.
|
16.
—(1) Leasaítear leis seo ailt 18(1) agus 19(1) d'Acht 1984 trí “le linn don chúirt a bheith á chinneadh an ndéanfar cúiseamh a dhíbhe faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
” a chur in ionad “le linn don chúirt a bheith á chinneadh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach”.
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear leis seo ailt 18(2) agus 19(2) d'Acht 1984 trí “, i ndáil le héisteacht iarratais faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, ar chúiseamh a dhíbhe,” a chur in ionad “, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh,”.
|
[EN]
| |
(3) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1984—
|
[EN]
| |
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):
|
[EN]
| |
“(6) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) nó faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (2) a thabhairt i scríbhinn d'aturnae an ionchúisitheora.”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (8), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “tréimhse fhorordaithe”:
|
[EN]
| |
“(a) an tréimhse ceithre lá dhéag i ndiaidh an dáta ar a ndéantar, de réir alt 4B(1) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, na doiciméid dá dtagraítear san alt sin a sheirbheáil ar an gcúisí, nó”,
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (8), trí mhír (b) den mhíniú ar “tréimhse fhorordaithe” a scriosadh, agus
|
[EN]
| |
(d) i bhfo-alt (8), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c) den mhíniú ar “tréimhse fhorordaithe”:
|
[EN]
| |
“(c) i gcás ina ndéanfaidh an cúisí, tar éis é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, a phléadáil a athrú chuig pléadáil neamhchiontach, an tréimhse ceithre lá dhéag i ndiaidh na doiciméid dá dtagraítear in alt 4B(1) den Acht sin a sheirbheáil ar an gcúisí, de réir alt 13 (4) (b) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, nó”.
|
[EN]
| |
(4) Leasaítear leis seo alt 21(1) d'Acht 1984 trí”, seachas éisteacht iarratais faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, ar chúiseamh a dhíbhe,” a chur in ionad “, seachas an réamhscrúdú ar chion indíotáilte,”.
|
[EN]
|
Leasú ar Acht 1990.
|
17.
—(1) Leasaítear leis seo alt 3(1)(a) d'Acht 1990 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):
|
[EN]
| |
“(i) an ceart cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, nó”.
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear leis seo alt 3(2) d'Acht 1990 trí “, i ndáil le héisteacht iarratais faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, ar chúiseamh a dhíbhe,” a chur in ionad “, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh,”.
|
[EN]
|
Leasú ar ailt 5, 7 agus 13 d'Acht 1992.
|
18.
—(1) Leasaítear leis seo alt 5(4)(a)(ii) d'Acht 1992 trí “alt 4F” a chur in ionad “alt 14”.
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear leis seo alt 7 (1) (a) d'Acht 1992 trí “de bhun alt 4B(1) nó 4C (1) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
,” a chur in ionad “de bhun alt 6(1) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
,”.
|
[EN]
| |
(3) Leasaítear leis seo alt 13(1) d'Acht 1992 trí “(lena n-áirítear imeachtaí faoi alt 4E nó 4F den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
)” a chur isteach i ndiaidh “imeachtaí”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 15 d'Acht 1992.
|
19.
—Leasaítear leis seo Acht 1992 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:
|
| |
“Nós imeachta i ndáil le cionta áirithe.
|
15.—(1) Más rud é—
(a) faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, go dtoileoidh an t-ionchúisitheoir le duine cúisithe, atá cúisithe i gcion lena mbaineann an Chuid seo, a chur ar aghaidh chun trialach,
(b) go bhfuil an duine, ar ina leith a líomhnaítear go ndearnadh an cion, faoi bhun 17 mbliana d'aois ar an dáta a dtabharfar toiliú leis an gcúisí a chur ar aghaidh chun trialach, agus
(c) go mbeartaítear fístaifeadadh de ráiteas arna dhéanamh ag an duine dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo le linn agallaimh arna lua in alt 16(1)(b) a thabhairt i bhfianaise de bhun an ailt sin,
déanfaidh an t-ionchúisitheoir, i dteannta a chur faoi deara na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) den Acht sin a sheirbheáil ar an gcúisí—
(i) a chur in iúl don chúisí go bhfuil sé beartaithe fianaise a thabhairt amhlaidh, agus
(ii) deis a thabhairt don chúisí an fístaifeadadh den agallamh a fheiceáil.
(2) Más rud é go mbeidh an duine ar ina leith a líomhnaítear go ndearnadh an cion ar fáil lena chroscheistiú nuair a bheidh iarratas faoi alt 4E den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, á éisteacht, féadfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an iarratais aon ráiteas arna dhéanamh ag an duine sin ar fhístaifeadadh a luaitear in alt 16(1)(b) den Acht seo i ndáil leis an gcion sin a bhreithniú.
(3) Má thoilíonn an cúisí, féadfar le cead ón mbreitheamh a mbeidh iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo á éisteacht aige, leagan faoi eagarthóireacht den fhístaifeadadh d'agallamh a luaitear in alt 16(1)(b) a thaispeáint nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht, agus, sa chás sin, beidh feidhm ag fo-alt (2) agus ag alt 16(1)(b) i ndáil leis an leagan sin mar atá feidhm aige i ndáil leis an bhfístaifeadadh bunaidh.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 16 d'Acht 1992.
|
20.
—Leasaítear leis seo alt 16(1) d'Acht 1992—
|
[EN]
| |
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
|
[EN]
| |
“(a) beidh fístaifeadadh d'aon fhianaise i ndáil le cion lena mbaineann an Chuid seo, a thabharfaidh duine faoi bhun 17 mbliana d'aois trí nasc teilifíse beo in imeachtaí faoi Chuid 1A den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, agus”, agus
|
[EN]
| |
(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an choinníll:
|
[EN]
| |
“Ar choinníoll, i gcás fístaifeadadh a luaitear i mír (b), go mbeidh an duine ar fístaifeadadh a ráiteas ar fáil ag an triail lena chroscheistiú.”.
|
[EN]
|
Leasú ar Acht 1997.
|
21.
—Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1997 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
|
[EN]
| |
“(3) Déanfaidh cúirt ionadúil, chun críocha trialach duine, an duine a athchur chun suí den chúirt i nDúiche na Cúirte Dúiche—
|
[EN]
| |
(a) ina ndearnadh an cion lena mbaineann an triail, nó
|
[EN]
| |
(b) ina gcónaíonn an duine nó inar gabhadh é.”.
|
[EN]
|
Achtacháin eile a aisghairm.
|
22.
—Aisghairtear leis seo na hachtacháin seo a leanas:
|
[EN]
| |
(a) alt 79(3)(a) den
Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924
(arna ionadú le hAcht 1997);
|
[EN]
| |
(b) alt 8(1)
d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986
;
|
[EN]
| |
(c) alt 11 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993.
|
[EN]
|
Foráil idirthréimhseach.
|
23.
—Más rud é, roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon bhearta déanta faoi Chuid II d'Acht 1967 i ndáil le duine cúisithe a ionchúiseamh, leanfaidh na forálacha infheidhme de na hachtacháin a leasaítear nó a aisghairtear leis an gCuid seo d'fheidhm a bheith acu maidir le gach ní a bhaineann le hionchúiseamh an chúisí nó a éiríonn as sin, amhail is nár leasaíodh nó nár aisghaireadh na hachtacháin sin amhlaidh.
|
[EN]
|
Leasú ar
alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998
.
|
24.
—Leasaítear leis seo
alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998
—
|
[EN]
| |
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
|
[EN]
| |
“(5) “(5) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) nó faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (2) a thabhairt i scríbhinn d'aturnae an ionchúisimh.”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
|
[EN]
| |
“(a) an tréimhse ceithre lá dhéag tar éis an dáta a ndéanfar na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, a sheirbheáil ar an gcúisí de réir an ailt sin, nó”,
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (7), trí mhír (b) a scriosadh, agus
|
[EN]
| |
(d) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
|
[EN]
| |
“(c) i gcás ina ndéanfaidh an cúisí, ar é nó í a bheith curtha ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, a phléadáil nó a pléadáil a athrú go pléadáil neamhchiontach, an tréimhse ceithre lá dhéag tar éis an dáta a ndéanfar na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) den
Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
, a sheirbheáil ar an gcúisí de réir alt 13(4) (b) den Acht sin, nó”.
|