An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Leasuithe chun Deireadh a Chur le Réamhscrúduithe) Ar Aghaidh (CUID V Pléadálacha Ciontach agus Fianaise Deimhnithe)

10 1999

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1999

CUID IV

Leasuithe a Bhaineann le hOrduithe Coigistíochta

Leasú ar alt 4 d'Acht 1994.

25. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1994 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) I gcás ina gcuirfidh cúirt pianbhreith ar dhuine, nó ina ndéileálfaidh cúirt le duine ar shlí eile, i leith cion amháin nó níos mó maidir le gáinneáil ar dhrugaí ar ciontaíodh ar díotáil é ina leith, déanfaidh an chúirt a chinneadh, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ar thairbhigh an duine as gáinneáil ar dhrugaí.

(2) Féadfaidh cúirt breith a thabhairt nach ndéanfaidh sí cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo más rud é, tar éis cibé réamhfhiosrúcháin, más ann, a dhéanfaidh sí, gur deimhin léi, ag féachaint don mhéid seo a leanas—

(a) acmhainn láithreach an duine chiontaithe, agus

(b) na himthosca eile go léir den chás, lena n-áirítear na nithe a bheidh le cur i gcuntas faoi alt 12(3) den Acht seo,

nár leor an méid, más ann, a d'fhéadfaí a ghnóthú faoi aon ordú coigistíochta a d'fhéadfaí a dhéanamh le gur cheart dul ar aghaidh le breithniú a dhéanamh i dtaobh ordú den sórt sin a dhéanamh.

(3) Ní bheidh feidhm ag an dualgas atá ar chúirt cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo má tá an duine ciontaithe tar éis bás a fháil nó tar éis éalú agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha alt 13 den Acht seo i gcás den sórt sin.”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1994.

26. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1994—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) i gcás ina gcinnfidh cúirt faoi alt 4 den Acht seo nár thairbhigh cosantóir as gáinneáil ar dhrugaí, nó

(b) i gcás ina dtabharfaidh cúirt breith faoi alt 4(2) den Acht seo nach ndéanfaidh sí cinneadh ar thairbhigh duine ciontaithe as gáinneáil ar dhrugaí.”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

(a) nár bhreithnigh an chúirt le linn an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh, nó le linn breith a thabhairt gan an cinneadh sin a dhéanamh, ach”,

(c) i bhfo-alt (3)(a), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) cinneadh a dhéanamh nó cinneadh nua a dhéanamh, de réir mar a bheidh, i dtaobh ar thairbhigh an cosantóir as gáinneáil ar dhrugaí; agus”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Le linn iarratas faoin alt seo a bhreithniú, ní fhéadfaidh an chúirt aon íocaíocht nó luaíocht eile a chur i gcuntas a bheidh faighte ag an gcosantóir tráth an chinnidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó dá éis, nó tráth na breithe gan an cinneadh sin a dhéanamh, nó dá éis, ach amháin sa chás go suífidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuair an cosantóir í i dtaca le gáinneáil ar dhrugaí arna seoladh ag an gcosantóir nó ag duine eile ar an dáta sin nó roimhe.”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1994.

27. —Leasaítear leis seo alt 10(1)(a) d'Acht 1994 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad gach ní roimh fho-alt (i):

“(a) go mbeidh cúirt ag gabháil do chinneadh faoi alt 4 den Acht seo i dtaobh ar thairbhigh duine ciontaithe as gáinneáil ar dhrugaí nó maidir le haon mhéid a bheidh le gnóthú de bhua an ailt sin, nó go mbeifear tar éis iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoi alt 7, 8 nó 9 den Acht seo, agus go dtairgfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó go dtairgfear thar a cheann, ráiteas don chúirt i leith aon nithe is iomchuí maidir leis an méid seo a leanas—”.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1994.

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1994 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) i gcás ina mbeidh cúirt ag gabháil do chinneadh faoi alt 4 den Acht seo i dtaobh ar thairbhigh duine ciontaithe as gáinneáil ar dhrugaí nó maidir le haon mhéid a bheidh le gnóthú de bhua an ailt sin, nó

(b) i gcás ina mbeidh iarratas déanta chuig cúirt faoi alt 7, 8 nó 9 den Acht seo.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1994 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach:

“(7) Aon chúisí—

(a) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ordú faoin alt seo a chomhlíonadh, nó

(b) a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe an ailt seo, faisnéis a thabhairt arb eol don chúisí ina leith, nó a mbeidh cúis aige lena chreidiúint, go bhfuil sí bréagach nó míthreorach,

beidh sé ciontach i gcion.

(8) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó fíneáil nach mó ná £1,500 nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó fíneáil, nó iad araon, a chur air.

(9) Aon fhaisnéis a shonrófar in ordú faoin alt seo agus a thabharfar don chúirt i gcomhlíonadh an ordaithe sin ní bheidh sí inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí mar gheall ar chion, seachas cion faoin alt seo.”.