An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Leasuithe a Bhaineann le hOrduithe Coigistíochta) Ar Aghaidh (CUID VI Eiseachadadh agus Nithe Eile)

10 1999

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1999

CUID V

Pléadálacha Ciontach agus Fianaise Deimhnithe

Pléadálacha ciontach.

29. —(1) Le linn a chinneadh cén phianbhreith a ghearrfar ar dhuine a phléadáil ciontach i gcion, seachas cion a bhfuil an phianbhreith socraithe le dlí ina leith, cuirfidh cúirt i gcuntas, más cuí léi déanamh amhlaidh—

(a) an chéim sna himeachtaí mar gheall ar an gcion inar chuir an duine in iúl gur bheartaigh sé nó sí pléadáil ciontach, agus

(b) na himthosca inar cuireadh é sin in iúl.

(2) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach mbacfaidh fo-alt (1) ar chúirt an phianbhreith uasta a fhorordófar le dlí a chur ar dhuine i leith ciona más rud é, d'ainneoin na pléadála ciontach, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a bhaineann leis an gcion agus a dhlíonn an phianbhreith uasta.

(3) San alt seo, ciallaíonn “socraithe le dlí”, i ndáil le pianbhreith i leith ciona, pianbhreith a cheanglaítear le dlí ar chúirt a fhorchur ar dhuine atá láninniúil agus atá ciontach i gcion.

Fianaise deimhnithe a bhaineann le coimeád foilseán.

30. —(1) In aon imeachtaí coiriúla, aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag comhalta den Gharda Síochána agus ina luafar go raibh foilseán i gcoimeád an chomhalta in áit shonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe nó chun críche sonraithe, beidh sé inghlactha i bhfianaise ar na nithe a bheidh luaite sa deimhniú.

(2) In aon imeachtaí coiriúla, féadfaidh an chúirt—

(a) má mheasann sí gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, a ordú go dtabharfar fianaise béil ar na nithe a bheidh luaite i ndeimhniú faoin alt seo, agus

(b) na himeachtaí a chur ar atráth go dtí dáta is déanaí chun an fhianaise béil a ghlacadh.

(3) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint deimhniú faoin alt seo a thairiscint i bhfianaise.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foirm deimhnithe faoin alt seo a fhorordú.