|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Pléadálacha Ciontach agus Fianaise Deimhnithe) |
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1999
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Eiseachadadh agus Nithe Eile | |
[EN] |
Cionta faoi dhlí Thuaisceart Éireann. |
31. —(1) Chun críocha Chuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , aon chion is inphionósaithe faoi dhlí Thuaisceart Éireann le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, agus is intriailte go hachomair nó ar díotáil de rogha an ionchúisitheora, déileálfar leis mar a leanas: |
[EN] | (a) mar chion indíotáilte nach cion achomair freisin, má dheimhníonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann go bhfuil an cion inphionósaithe agus intriailte amhlaidh agus nach n-ionchúiseofar, nó de réir mar a bheidh, nár ionchúisíodh go hachomair é; | |
[EN] | (b) mar chion achomair, má dheimhníonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann go bhfuil an cion inphionósaithe agus intriailte amhlaidh agus go n-ionchúiseofar, nó de réir mar a bheidh, gur ionchúisíodh go hachomair é. | |
[EN] | (2) Aon deimhniú a dhealraíonn a bheith tugtha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann agus lena ndeimhneofar maidir leis na nithe a luaitear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1), féadfar, gan tuilleadh fianaise— | |
[EN] | (a) é a ghlacadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus | |
[EN] | (b) glacadh leis in aon imeachtaí, mura léir don chúirt cúis mhaith lena mhalairt, | |
[EN] | mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh. | |
[EN] | (3) San alt seo folaíonn “Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí” duine a bheidh, de thuras na huaire, ag feidhmiú fheidhmeanna na hoifige sin. | |
[EN] | (4) Déanfar an t-alt seo agus Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , a fhorléiriú mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Cionta faoi dhlí na hAlban. |
32. —(1) Chun críocha Chuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 — |
[EN] | (a) aon chion is inphionósaithe faoi dhlí na hAlban le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, déileálfar leis mar chion indíotáilte nach cion achomair freisin má dheimhníonn Prócadóir Fioscach gur cion indíotáilte é is inphionósaithe amhlaidh agus nach n-ionchúiseofar, nó de réir mar a bheidh, nár ionchúisíodh go hachomair é, agus | |
[EN] | (b) aon chion is inphionósaithe faoi dhlí na hAlban le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, déileálfar leis mar chion achomair, má dheimhníonn Prócadóir Fioscach go ndéanfar, nó de réir mar a bheidh, go ndearnadh an cion a ionchúiseamh go hachomair, agus go bhfuil sé inphionósaithe amhlaidh. | |
[EN] | (2) Aon deimhniú a dhealraíonn a bheith tugtha ag Prócadóir Fioscach agus lena ndéanfar deimhniú maidir leis na nithe a luaitear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1), féadfar, gan tuilleadh fianaise— | |
[EN] | (a) é a ghlacadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus | |
[EN] | (b) glacadh leis in aon imeachtaí, mura léir don chúirt cúis mhaith lena mhalairt, | |
[EN] | mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh. | |
[EN] | (3) San alt seo folaíonn “Prócadóir Fioscach” Depute. | |
[EN] | (4) Déanfar an t-alt seo agus Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , a fhorléiriú mar aon ní amháin. | |
[EN] | (5) Aisghairtear leis seo alt 37 d'Acht 1967. | |
[EN] |
Leasú ar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994. |
33. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Eiseachadadh, 1965 , sa mhíniú ar “breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath” (a cuireadh isteach leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994) trí “arna ainmniú chun críocha an Achta seo ag Uachtarán na Cúirte Dúiche” a scriosadh. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994, trí fho-alt (2) a scriosadh. | |
[EN] |
Leasú ar Acht 1984. |
34. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1984— |
[EN] | (a) trí “faoi réir fho-alt (5A)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (6)” i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1997), agus | |
[EN] | (b) trí fho-alt (6) (a cuireadh isteach le hAcht 1997) a athuimhriú mar fho-alt (5A). | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 . |
35. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 , tríd an míniú ar “breitheamh den Chúirt Dúiche” a scriosadh. |
[EN] |
Leasú ar alt 15 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 . |
36. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): |
[EN] | “(3) Leasaítear leis seo alt 3 den Explosive Substances Act, 1883, a cuireadh isteach le halt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , trí ‘shall be liable to a fine or imprisonment’ a chur in ionad ‘shall be liable to imprisonment’.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 18 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 . |
37. —Leasaítear leis seo alt 18 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): |
[EN] | “(2) Féadfar, le rún arna rith ag gach Teach den Oireachtas sula dtéann an t-alt in éag, alt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a choimeád i ngníomh ó am go ham ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí dhéag, a bheidh sonraithe sna rúin.”. | |
[EN] |
Deireadh a chur leis an riail “bliain agus lá”. |
38. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an riail ‘bliain agus lá”’ an riail dlí go dtoimhdeofar go cinntitheach nárbh é ba chúis le bás duine gníomh nó neamhghníomh más rud é go bhfuil níos mó ná bliain agus lá caite idir an gníomh nó an neamhghníomh agus an bás. |
[EN] | (2) Cuirtear deireadh leis seo leis an riail “bliain agus lá” chun gach críche, lena n-áirítear— | |
[EN] | (a) chun críocha cionta lena ngabhann bás duine, agus | |
[EN] | (b) chun a chinneadh an ndearna duine féinmharú. | |
[EN] | (3) Ní dhéanann fo-alt (2) difear d'fheidhm leanúnach a bheith ag an riail “bliain agus lá” maidir le haon chás inar tharla an gníomh nó an neamhghníomh, nó an ceann deireanach de na gníomhartha nó de na neamhghníomhartha, ba chúis leis an mbás roimh an lá a rithfear an tAcht seo. | |
[EN] |
Finnéithe a bhfuil eagla orthu nó atá faoi réir a n-imeaglaithe. |
39. —(1) Faoi réir fho-alt (2), in aon imeachtaí ar díotáil mar gheall ar chion (lena n-áirítear imeachtaí faoi Chuid 1A d'Acht 1967) féadfaidh duine seachas an cúisí, le cead na cúirte, fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo. |
[EN] | (2) Ní dheonóidh cúirt cead faoi fho-alt (1) mura deimhin léi gur dóigh an duine a bheith faoi eagla nó a bheith faoi réir imeaglaithe le linn dó nó di fianaise a thabhairt ar shlí eile. | |
[EN] | (3) Déanfar fianaise a thabharfar faoi fho-alt (1) a fhístaifeadadh. | |
[EN] | (4) In aon imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) in aon dúiche chúirte cuarda nó dúiche chúirte dúiche, i gcás inar deimhin leis an gcúirt gur ceart cead a dheonú fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo de bhun fho-alt (1) ach nach bhfuil na saoráidí riachtanacha chun déanamh amhlaidh ar fáil sa chuaird nó sa dúiche sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, na himeachtaí a aistriú chuig dúiche chúirte cuarda nó dúiche chúirte dúiche ina bhfuil na saoráidí sin ar fáil agus, nuair a dhéantar ordú den sórt sin, féadfar dlínse na cúirte a mbeidh na himeachtaí aistrithe chuici a fheidhmiú— | |
[EN] | (a) i gcás na Cúirte Cuarda, ag an mbreitheamh den chuaird lena mbaineann, agus | |
[EN] | (b) i gcás na Cúirte Dúiche, ag an mbreitheamh den chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche lena mbaineann. | |
[EN] | (5) Más rud é go dtabharfaidh duine (“an finné”) fianaise trí nasc teilifíse beo de bhun fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) i gcás ina dtabharfar fianaise go raibh aithne ag an bhfinné ar an gcúisí roimh an dáta a líomhnaítear go ndearnadh an cion atá i gceist, ní cheanglófar ar an bhfinné an cúisí a aithint, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt ar mhaithe leis an gceartas, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, beidh fianaise ó dhuine, seachas an finné, gur aithin an finné an cúisí mar an ciontóir ag paráid aithinte nó ar mhodh eile inghlactha mar fhianaise gur aithníodh an cúisí amhlaidh. | |
[EN] | (6) Maidir leis an alt seo is alt gan dochar é d'aon achtachán eile lena ndéantar socrú maidir le fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo. | |
[EN] |
Finnéithe athlonnaithe. |
40. —(1) Aon duine a dhéanfaidh fiosrúcháin nó a dhéanfaidh aon bhearta eile in aon chor, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de, gan údarás dleathach— |
[EN] | (a) chun a fháil amach cén áit a bhfuil duine arb eol dó nó di ina leith, nó a gceapann sé nó sí ina leith le réasún, gur finné athlonnaithe é nó í, nó | |
[EN] | (b) chun aon ainm nua nó aon sonraí eile a fháil amach a bhaineann le haon chéannacht nua a bheidh curtha ar fáil d'fhinné den sórt sin, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) Aon duine a dhéanfaidh, cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de, gan údarás dleathach, aon fhaisnéis a nochtadh d'aon duine eile (lena n-áirítear faisnéis a gheofar go dleathach de bhun fho-alt (1)) ar faisnéis í— | |
[EN] | (a) maidir leis an áit a bhfuil duine arb eol dó nó di ina leith, nó a gceapann sé nó sí ina leith le réasún, gur finné athlonnaithe é nó í, nó | |
[EN] | (b) maidir le haon ainm nua nó aon sonraí eile a bhaineann le haon chéannacht nua a bheidh curtha ar fáil do dhuine den sórt sin, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “finné athlonnaithe” aon duine a bheartaíonn fianaise a thabhairt, nó a bhfuil fianaise tugtha aige nó aici, in imeachtaí mar gheall ar chion, agus a bhfuil a chónaí nó a cónaí athraithe aige nó aici dá dheasca sin, faoi aon chlár arna oibriú ag an nGarda Síochána chun finnéithe a chosaint, chuig aon áit, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de. | |
[EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “údarás dleathach”— | |
[EN] | (a) údarás cúirte in aon imeachtaí a bhfuil baint acu leis an bhfinné athlonnaithe, nó | |
[EN] | (b) údarás comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ardcheannfort. | |
[EN] | (5) Ní thabharfaidh cúirt údarás de bhun fho-alt (1) nó (2) ach amháin más deimhin léi— | |
[EN] | (a) go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) nach bhfuil bealach eile chun dul ar aghaidh ar fáil nach ndéanfadh dochar do pháirteachas leanúnach an fhinné athlonnaithe sa chlár réamhráite, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, tarchur aon doiciméad is gá a sheirbheáil ar an bhfinné chuig Coimisinéir an Gharda Síochána chun seirbheáil den sórt sin a chur i gcrích. | |
[EN] | (6) Maidir le haon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] |
Imeaglú etc. finnéithe, giúróirí agus daoine eile. |
41. —(1) Gan dochar d'aon fhoráil arna déanamh le haon achtachán eile nó le haon riail dlí, beidh aon duine— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh díobháil do dhuine eile is duine atá ag cabhrú in imscrúdú ciona ag an nGarda Síochána nó is finné nó finné ionchasach nó giúróir nó giúróir ionchasach in imeachtaí mar gheall ar chion, nó is duine dá theaghlach nó dá teaghlach nó a bhagróidh air nó uirthi, nó a chaithfidh go bagrach leis nó léi nó a imeaglóidh é nó í nó a chuirfidh é nó í faoi eagla in aon slí eile, | |
[EN] | (b) le hintinn, ar an dóigh sin, a chur faoi deara go ndéanfar an t-imscrúdú nó cúrsa an cheartais a bhac nó a shaobhadh nó go gcuirfear isteach ar an gcéanna, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) San alt seo, ciallaíonn “giúróir ionchasach” duine a mbeidh toghairm faighte aige nó aici, an tráth a líomhnófar go ndearnadh cion faoin alt seo, chun fónamh mar ghiúróir ach nach mbeidh rollaithe mar ghiúróir chun fónamh ar ghiúiré áirithe. | |
[EN] | (3) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, beidh cruthúnas a shásóidh an chúirt nó an giúiré, de réir mar a bheidh, go ndearna an cúisí gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) ina fhianaise go ndearnadh an gníomh leis an intinn a cheanglaítear le fo-alt (1)(b). | |
[EN] | (4) I bhfo-alt (1), folaíonn an tagairt do dhuine de theaghlach duine tagairt— | |
[EN] | (a) do chéile an duine, | |
[EN] | (b) do thuismitheoir, do sheanathair, do sheanmháthair, do leastuismitheoir, do leanbh (lena n-áirítear leasleanbh nó leanbh uchtaithe), d'ua, do bhanua, do dheartháir, do dheirfiúr, do dheartháir leasghaolmhar, do dheirfiúr leasghaolmhar, d'uncail, d'aintín, do nia nó do neacht de chuid an duine nó a chéile nó a céile, nó | |
[EN] | (c) aon duine atá ag comhchónaí nó ag cónaí leis nó léi. | |
[EN] | (5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] |
Gabháil agus coinneáil príosúnach i dtaca le himscrúdú cionta eile. |
42. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “cion” cion inghabhála arna mhíniú in alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1997; | |
[EN] | ciallaíonn “príosún” ionad coimeádta a riarann an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; | |
[EN] | ciallaíonn “príosúnach” duine atá i bpríosún ar scór pianbhreithe príosúnachta, ar cimiú ag fanacht lena thriail nó lena triail, ar athchur nó ar shlí eile. | |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána príosúnach a ghabháil ar údarás ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis nó léi ar fhaisnéis arna soláthar faoi mhionn ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta— | |
[EN] | (a) tá forais réasúnacha ann chun drochamhras a bheith ann go ndearna an príosúnach cion seachas cion a bhfuil sé nó sí príosúnaithe ina leith; | |
[EN] | (b) is gá an príosúnach a ghabháil chun imscrúdú cuí a dhéanamh maidir leis an gcion a bhfuil drochamhras ann ina leith gurb é nó gurb í a rinne é; | |
[EN] | (c) i gcás inar gabhadh an príosúnach roimhe sin mar gheall ar an gcion céanna, cibé acu roimh é nó í a phríosúnú nó faoin alt seo, tá tuilleadh faisnéise iomchuí tagtha ar iúl an Gharda Síochána. | |
[EN] | (3) Aon duine a ghabhfar faoin alt seo— | |
[EN] | (a) tógfar láithreach é nó í go dtí Stáisiún de chuid an Gharda Síochána agus féadfar, faoi réir fho-alt (5), é nó í a choinneáil ansin ar feadh cibé tréimhse a údaraítear faoi alt 4 d'Acht 1984, agus | |
[EN] | (b) déileálfar leis nó léi, faoi réir an ailt seo, amhail is gur coinníodh é nó í faoin alt sin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag ailt 4(4), (5), (5A) agus 10 d'Acht 1984 maidir le duine a ghabhfar agus a choinneofar faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Más rud é, aon tráth le linn duine a choinneáil faoin alt seo nach bhfuil forais réasúnacha ann a thuilleadh— | |
[EN] | (a) chun drochamhras a bheith ann go ndearna an duine an cion ar gabhadh é nó í ina leith faoin alt seo, nó | |
[EN] | (b) chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion sin a imscrúdú go cuí, | |
[EN] | déanfar an choinneáil a fhoirceannadh láithreach. | |
[EN] | (6) Ar an gcoinneáil a fhoirceannadh de réir fho-alt (5) nó de dhroim an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(a) do dhul in éag, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil stáisiún an Gharda Síochána ina bhfuil an duine á choinneáil nó á coinneáil é nó í a aistriú, nó a chur faoi deara é nó í a aistriú, láithreach ar ais i gcoimeád ghobharnóir an phríosúin ina raibh an duine príosúnaithe tráth na gabhála. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh an t-alt seo dochar d'aon chumhacht a thugtar le dlí ar leith ón alt seo i ndáil le gabháil, coinneáil nó aistriú príosúnach. | |
|