18 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1999


AN tACHT UM THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Pleananna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

3.

Pleananna éigeandála d'ola-thruailliú.

4.

Oifigigh údaraithe.

5.

Cumhachtaí máistrí cuain.

6.

An tAire do thabhairt ordachán.

7.

Dualgas maidir le tarlú ola-thruaillithe a thuairisciú.

8.

An tAire d'ullmhú plean chun damáiste ó ola-thruailliú a chosc agus a íoslaghdú.

9.

An tAire d'fháil trealaimh agus ábhar.

10.

Lucht riaracháin muirí coigríche do sholáthar cúnaimh.

11.

An tAire do sholáthar cúnaimh lasmuigh den Stát.

12.

Longa ar ancaire lasmuigh de chuan.

13.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

14.

Longa a choinneáil.

15.

Foráil a bhaineann le cionta faoin bPríomh-Acht.

16.

Pionóis.

17.

Feidhm forálacha áirithe den Phríomh-Acht maidir le cionta faoin Acht seo.

18.

Ilghnéitheach.

19.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968

1968, Uimh. 14

An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1995

1995, Uimh. 35

An tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968

1968, Uimh. 18

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Cuanta, 1996

1996, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

An tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) (Leasú), 1998

1998, Uimh. 13

An tAcht um Thruailliú na Farraige, 1991

1991, Uimh. 27

Na hAchtanna um Thruailliú na Farraige, 1991 agus 1995

Na hAchtanna um Thruailliú na Farraige, 1991 agus 1996

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1999


AN tACHT UM THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DON CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA UM ULLMHACHT, FREAGAIRT AGUS COMHOIBRIÚ MAIDIR LE hOLA-THRUAILLIÚ, 1990, A RINNEADH I LONDAIN AN 30ú LÁ DE SHAMHAIN 1990, DO LEASÚ AN ACHTA UM THRUAILLIÚ NA FARRAIGE, 1991, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [30 Meitheamh, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire faoi alt 4 , nó faoi alt 11 den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1995;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Ullmhacht, Freagairt agus Comhoibriú maidir le hOla-Thruailliú, 1990, a rinneadh i Londain ar an 30ú lá de Shamhain 1990;

ciallaíonn “limistéar ainmnithe” limistéar atá ainmnithe de thuras na huaire faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna tagairtí d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhall dualgas;

ciallaíonn “údarás cuain”—

(a) i gcás cuain a bhfuil feidhm ag an Acht Cuanta, 1946 , maidir leis, údarás cuain de réir bhrí an Achta sin;

(b) i gcás cuain atá faoi rialú cuideachta arna bunú de bhun alt 7 den Acht Cuanta, 1996, an chuideachta lena mbaineann;

(c) i gcás lárionaid chuan iascaigh a bhfuil feidhm ag an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 , maidir leis, an tAire;

(d) i gcás cuain atá faoi rialú údaráis áitiúil, an t-údarás áitiúil lena mbaineann; nó

(e) i gcás cuain atá faoi bhainistiú Iarnród Éireann — Irish Rail, Iarnród Éireann — Irish Rail;

ciallaíonn “long Éireannach” long Éireannach de réir bhrí alt 9 den Acht Loingis Thráchtála, 1955 ;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “lucht riaracháin muirí” duine i stát seachas an Stát a chomhlíonann feidhmeanna atá comhionann, nó comhchosúil, leis na feidhmeanna a chomhlíonann an tAire faoin Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “aonad amach ón gcósta” aon suiteáil nó déanmhas amach ón gcósta atá fosaidh nó ar snámh, sa Stát nó i limistéar ainmnithe, atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí taiscéalaithe, saothraithe nó táirgthe gáis nó ola, nó do luchtú nó do dhíluchtú ola;

ciallaíonn “saoráid láimhseála ola” saoráid sa Stát nó i limistéar ainmnithe a bhfuil baol ola-thruaillithe ag roinnt léi agus folaíonn sí críochphoirt ola, píblínte agus saoráidí eile dá samhail;

ciallaíonn “plean éigeandála d'ola-thruailliú” i ndáil le cuan, aonad amach ón gcósta, saoráid láimhseála ola nó limistéar cladaigh atá go hiomlán nó go páirteach laistigh de limistéar feidhme údaráis áitiúil, nó atá tadhlach leis an limistéar feidhme sin, plean atá ceadaithe ag an Aire faoi alt 2 ;

ciallaíonn “tarlú ola-thruaillithe” aon teagmhas nó sraith teagmhas lena ngabhann scaoileadh amach ola, nó arb é nó í is cúis le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go mbeidh scaoileadh amach ola ann, ó long, ó aonad amach ón gcósta nó ó shaoráid láimhseála ola, agus ar bagairt é nó í, nó arb é nó í is cúis le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go mbeidh bagairt ann don mhuirthimpeallacht sa Stát, i limistéar ainmnithe nó i limistéar forordaithe;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thruailliú na Farraige, 1991;

tá le “cladach” an bhrí chéanna atá le “tráigh mhara” san Acht Imeall Trágha, 1933 .

(2) Folaíonn tagairt san Acht seo don Stát—

(a) tagairt d'uiscí intíre an Stáit,

(b) tagairt d'fharraigí teorann an Stáit agus don ghrinneall agus don fho-ithir faoi na farraigí sin, agus

(c) tagairt d'aon limistéar atá laistigh de líne a bhfuil gach pointe di 200 míle farraige ó na bunlínte chun críocha na nAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988, agus do na huiscí os a chionn, ar choinníoll nach bhforléireofar an mhír seo mar ní is éileamh ag an Stát ar aon limistéar—

(i) atá faoi dhlínse stáit seachas an Stát, agus

(ii) a n-aithníonn an Stát é a bheith faoin dlínse sin.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(5) Déanfar tagairt san Acht seo d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.

Pleananna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

2. —(1) Déanfaidh údarás cuain, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, plean a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun damáiste de dhroim tarlú ola-thruaillithe a tharlaíonn i gcuan atá faoina rialú a chosc agus a íoslaghdú.

(2) Déanfaidh oibritheoir aonaid amach ón gcósta nó saoráide láimhseála ola, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, plean a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun damáiste de dhroim tarlú ola-thruaillithe a tharlaíonn ar an aonad amach ón gcósta nó ar an tsaoráid láimhseála ola lena mbaineann a chosc agus a íoslaghdú.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás áitiúil, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire, plean a ullmhú agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid chun damáiste, de dhroim tarlú olathruaillithe, d'aon limistéar cladaigh atá go hiomlán nó go páirteach laistigh dá limistéar feidhme nó atá tadhlach leis a chosc agus a íoslaghdú.

(4) Féadfaidh an tAire plean lena mbaineann an t-alt seo a cheadú.

(5) Beidh i bplean lena mbaineann an t-alt seo cibé forálacha, agus déanfar foráil leis maidir leis an údarás cuain, maidir leis an oibritheoir nó maidir leis an údarás áitiúil lena mbaineann do ghlacadh cibé bearta agus nósanna imeachta, a ordóidh an tAire.

(6) Duine a mhainneoidh ceanglas nó ordachán ó Aire faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Pleananna éigeandála d'olathruailliú.

3. —(1) Beidh plean éigeandála d'ola-thruailliú i bhfeidhm ag gach údarás cuain i ndáil leis an gcuan lena mbaineann.

(2) Beidh plean éigeandála d'ola-thruailliú i bhfeidhm ag gach oibritheoir aonaid amach ón gcósta nó saoráide láimhseála ola i ndáil leis an aonad amach ón gcósta nó leis an tsaoráid láimhseála ola lena mbaineann.

(3) Gach údarás áitiúil a gcuirtear ceanglas air faoi fho-alt (3) d'alt 2, beidh plean éigeandála d'ola-thruailliú i bhfeidhm aige i ndáil leis an limistéar cladaigh lena mbaineann an ceanglas.

(4) Beidh údarás cuain, údarás áitiúil nó oibritheoir aonaid amach ón gcósta nó saoráide láimhseála ola a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Oifigigh údaraithe.

4. —(1) Féadfaidh an tAire cibé daoine nó aicmí daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Déanfaidh an tAire barántas ar a cheapadh nó a ceapadh a thabhairt do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1) tar éis é nó í a cheapadh agus déanfaidh an duine sin, le linn dó nó di cumhacht a thugtar dó nó di faoin Acht seo a fheidhmiú, an barántas sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh d'aon duine dá ndéanann sé difear má iarrann an duine sin air nó uirthi é.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) dul isteach aon tráth i gcuan nó in aon chuid de, nó in aonad amach ón gcósta nó i saoráid láimhseála ola, chun aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú,

(b) iniúchtaí a dhéanamh agus cibé tástálacha is cuí leis nó léi a chur i gcrích i ndáil le seoladh aon ghníomhaíochtaí i gcuan nó in aonad amach ón gcósta nó air nó i saoráid láimhseála ola nó uirthi lena n-áirítear faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na ngníomhaíochtaí sin ar an muirthimpeallacht,

(c) cibé iniúchtaí a dhéanamh agus cibé tástálacha a chur i gcrích i gcuan nó in aonad amach ón gcósta nó air nó i saoráid láimhseála ola nó uirthi is cuí leis nó léi chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí aon tarlú ola-thruaillithe ar an muirthimpeallacht,

(d) a cheangal ar aon duine i gcuan nó in aonad amach ón gcósta nó air nó i saoráid láimhseála ola nó uirthi cibé doiciméid, taifid nó ábhair atá i seilbh nó faoi urláimh an duine sin agus a bhaineann leis an bplean éigeandála d'ola-thruailliú i leith an chuain, an aonaid amach ón gcósta nó na saoráide láimhseála ola lena mbaineann a thabhairt ar aird dó nó di agus cibé faisnéis a éileoidh sé nó sí le réasún i leith na ndoiciméad, na dtaifead nó na n-ábhar sin a thabhairt dó nó di, nó

(e) a cheangal ar aon duine ag a bhfuil post údaráis, nó a bhfuil freagracht air nó uirthi, i ndáil le plean éigeandála d'olathruailliú a chur i bhfeidhm i gcuan nó in aonad amach ón gcósta nó air nó i saoráid láimhseála ola nó uirthi cibé faisnéis a éileoidh sé nó sí le réasún a thabhairt dó nó di i ndáil leis na nósanna imeachta a úsáidtear nó i ndáil leis na bearta a dhéantar chun a chinntiú go ndéantar an plean éigeandála sin d'ola-thruailliú a chur i gcrích agus a chomhlíonadh.

(4) Aon duine—

(a) a chuirfidh cosc nó bac ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo,

(b) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a chuirfear air nó uirthi faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, nó

(c) a dhéanfaidh ráiteas nó a thabharfaidh faisnéis d'oifigeach údaraithe, de bhun ceanglais a chuirfidh oifigeach den sórt sin air nó uirthi faoi fho-alt (3), ar ráiteas é nó ar faisnéis í atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, agus a fhios aige nó aici sin a bheith bréagach nó míthreorach, nó atá meargánta i dtaobh é nó í a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Cumhachtaí máistrí cuain.

5. —Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1):

“(aa) samplaí d'ola, de mheascáin olacha, de shubstaintí leachtacha urchóideacha, de shubstaintí dochracha, de shéaracht nó de thruflais a thógáil ón long lena mbaineann;”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh máistir cuain dul isteach in aon saoráid láimhseála ola laistigh den chuan ar máistir cuain é nó í ina leith agus iniúchtaí a dhéanamh ansin agus cibé tástálacha is cuí leis nó léi a chur i gcrích—

(a) i ndáil le haon ghníomhaíochtaí a sheoladh sa tsaoráid sin, lena n-áirítear faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na ngníomhaíochtaí sin ar an muirthimpeallacht, nó

(b) chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí aon tarlú ola-thruaillithe ar an muirthimpeallacht.”.

An tAire do thabhairt ordachán.

6. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) ordachán i scríbhinn a thabhairt d'údarás cuain á cheangal air cibé modhnuithe nó athruithe is cuí leis nó léi a dhéanamh ar phlean éigeandála d'ola-thruailliú a bheidh ceadaithe ag an Aire i leith cuain atá faoi rialú an údaráis cuain, nó

(b) i ndáil le cuan, ordachán (i scríbhinn nó ar shlí eile) a thabhairt don údarás cuain lena mbaineann aon ní a dhéanamh nó staonadh ó aon ní a dhéanamh ar ní é, i dtuairim an Aire, is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh mar fhrithghníomh i leith tarlú ola-thruaillithe sa chuan sin.

(2) Féadfaidh an tAire—

(a) ordachán a thabhairt i scríbhinn d'oibritheoir aonaid amach ón gcósta nó saoráide láimhseála ola á cheangal ar an oibritheoir lena mbaineann cibé modhnuithe nó athruithe a dhéanamh ar phlean éigeandála d'ola-thruailliú a bheidh ceadaithe ag an Aire i ndáil le haonad amach ón gcósta nó saoráid láimhseála ola, de réir mar a bheidh, atá faoina rialú, de réir mar is cuí leis nó léi, nó

(b) i ndáil le haonad amach ón gcósta nó saoráid láimhseála ola, ordachán a thabhairt (i scríbhinn nó ar shlí eile) don oibritheoir lena mbaineann aon ní a dhéanamh nó staonadh ó aon ní a dhéanamh ar ní é, i dtuairim an Aire, is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh mar fhrithghníomh i leith tarlú ola-thruaillithe san aonad amach ón gcósta lena mbaineann nó air nó sa tsaoráid láimhseála ola lena mbaineann nó uirthi.

(3) Féadfaidh an tAire—

(a) ordachán a thabhairt i scríbhinn d'údarás áitiúil á cheangal air cibé modhnuithe nó athruithe a dhéanamh ar phlean éigeandála d'ola-thruailliú a bheidh ceadaithe aige nó aici i leith limistéir cladaigh atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann nó atá tadhlach leis, nó

(b) i ndáil le cibé limistéar cladaigh is cuí leis nó léi, ordachán (i scríbhinn nó ar shlí eile) a thabhairt d'údarás áitiúil aon ní a dhéanamh nó staonadh ó aon ní a dhéanamh ar ní é, i dtuairim an Aire, is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh mar fhrithghníomh i leith tharlú ola-thruaillithe.

(4) Aon duine a mhainneoidh ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Dualgas maidir le tarlú ola-thruaillithe a thuairisciú.

7. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 13:

“13.—(1) Aon uair a bheidh tarlú ann, ar bord loinge nó lasmuigh de long, ar tarlú é—

(a) ar dá dheasca a scaoiltear truailleán, nó cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoi alt 10, amach ó long sa Stát nó i limistéar forordaithe, nó

(b) is bun le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go scaoilfear truailleán, nó cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoi alt 10, amach ó long sa Stát nó i limistéar forordaithe,

déanfaidh máistir na loinge lena mbaineann nó máistir aon loinge eile a bhfuil baint aici leis an tarlú sin nó óna bhfacthas an tarlú sin, an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire nó, i gcás ina dtarlaíonn an tarlú nó an scaoileadh amach i gcuan, do mháistir cuain an chuain sin nó don duine atá, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil leis an gcuan sin.

(2) I gcás ina bhfeictear, ó long sa Stát nó i limistéar forordaithe, go bhfuil ola san fharraige, déanfaidh máistir na loinge sin an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire, nó i gcás gur ó long i gcuan a fheictear go bhfuil ola san fharraige, don údarás cuain lena mbaineann.

(3) Déanfaidh máistir cuain nó duine a bheidh, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil le cuan—

(a) ar thuairisc a fháil faoi fho-alt (1) nó (2),

(b) ar eolas a fháil faoi tharlú ar dá dheasca a scaoiltear truailleán, nó cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoi alt 10, amach sa chuan lena mbaineann nó faoi imthosca a bheith ann ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go ndéanfar truailleán, nó cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoi alt 10, a scaoileadh amach sa chuan, nó

(c) ar tharlú dá dtagraítear i mír (b) nó truailleán, nó cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoi alt 10, a fheiceáil san fharraige laistigh den chuan,

an méid sin a thuairisciú don Aire.

(4) Comhlíonfaidh tuairisc faoin alt seo cibé ceanglais (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(5) Aon duine a sháróidh an t-alt seo nó ceanglas a fhorordaítear faoi fho-alt (4), beidh sé ciontach i gcion.

(6) San alt seo, ciallaíonn ‘truailleán’ ola, meascán olach, substaint leachtach urchóideach, substaint dhochrach, séaracht nó truflais.”,

agus

(b) trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

“13A.—(1) Aon uair a bheidh tarlú ann, cibé acu ar bord loinge Eireannaí nó lasmuigh de long Éireannach—

(a) ar dá dheasca a scaoiltear ola amach ó long lasmuigh den Stát nó de limistéar forordaithe, nó

(b) is bun le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go scaoilfear ola amach ó long lasmuigh den Stát nó de limistéar forordaithe,

déanfaidh máistir aon loinge Éireannaí ag a mbeidh baint le tarlú den sórt sin nó máistir aon loinge Éireannaí óna bhfacthas tarlú den sórt sin, an méid sin a thuairisciú láithreach don lucht riaracháin muirí sa stát is gaire don áit inar tharla an tarlú nó don duine a bheidh, i ndáil leis an gcalafort is gaire don áit sin, ag comhlíonadh feidhmeanna atá comhionann nó comhchosúil leis na feidhmeanna a chomhlíonann máistir cuain i ndáil le cuan, de réir mar is cuí.

(2) I gcás ina bhfeicfear, ó long Éireannach lasmuigh den Stát nó de limistéar forordaithe, go bhfuil ola san fharraige déanfaidh máistir na loinge sin an méid sin a thuairisciú láithreach don lucht riaracháin muirí sa stát is gaire don áit ina bhfacthas an ola san fharraige nó don duine a chomhlíonann, i ndáil leis an gcalafort is gaire don áit sin, feidhmeanna atá comhionann nó comhchosúil leis na feidhmeanna a chomhlíonann máistir cuain i ndáil le cuan, de réir mar is cuí.

(3) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

13B.—(1) Aon uair a bheidh tarlú ann ar aonad amach ón gcósta nó ar shaoráid láimhseála ola ar dá dheasca a scaoiltear ola amach sa Stát nó i limistéar ainmnithe nó is bun le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go scaoilfear ola amach sa Stát nó i limistéar ainmnithe, déanfaidh an duine a bheidh, de thuras na huaire, i bhfeighil an aonaid amach ón gcósta nó na saoráide láimhseála ola lena mbaineann, an ní a thuairisciú láithreach—

(a) don Aire, nó

(b) i gcás saoráide láimhseála ola i gcuan, don mháistir cuain, nó don duine a bheidh, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil leis an gcuan sin.

(2) Aon uair a fheicfidh duine ar aonad amach ón gcósta nó ar shaoráid láimhseála ola tarlú lena ngabhann scaoileadh amach ola sa Stát nó i limistéar ainmnithe nó tarlú ar réasúnach tátal a bhaint as, ag féachaint do na himthosca go léir a fheictear, gur dócha go dtarlóidh scaoileadh amach ola sa Stát nó i limistéar ainmnithe, nó a fheicfidh ola san fharraige, déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú don duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil an aonaid amach ón gcósta nó na saoráide láimhseála ola lena mbaineann.

(3) Déanfaidh duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil aonaid amach ón gcósta nó saoráide láimhseála ola, ar thuairisc a fháil faoi fho-alt (2), an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire.

(4) Déanfaidh máistir cuain nó duine a bheidh, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil le cuan, ar thuairisc a fháil faoi fho-alt (1), an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire.

(5) Comhlíonfaidh tuarascáil faoin alt seo cibé ceanglais (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(6) Aon duine a sháróidh an t-alt seo nó ceanglas a fhorordaítear faoi fho-alt (5), beidh sé ciontach i gcion.”.

An tAire d'ullmhú plean chun damáiste ó olathruailliú a chosc agus a íoslaghdú.

8. —(1) Ullmhóidh an tAire plean (dá ngairtear “an plean” ina dhiaidh seo san alt seo) ina sonrófar na bearta a bheidh le déanamh chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ola ó longa, ó aonaid amach ón gcósta agus ó shaoráidí láimhseála ola a chosc agus a íoslaghdú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfar foráil sa phlean maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cibé trealamh agus ábhair a bheidh le húsáid i dtaca le scaoiltí amach ola isteach san fharraige nó ar thalamh a aistriú, a dhíghrádú nó a dhiúscairt mar a shonrófar sa phlean sin, a shuíomh ag cibé áiteanna sa Stát a shonrófar sa phlean,

(b) cibé daoine nó aicmí daoine a shonrófar sa phlean a oiliúint maidir le húsáid trealaimh agus ábhar lena mbaineann mír (a) agus, i gcoitinne, maidir le hoibríochtaí a chur i gcrích chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ola ó longa, ó aonaid amach ón gcósta nó ó shaoráidí láimhseála ola a chosc agus a íoslaghdú,

(c) seoladh cleachtaí ag cibé daoine nó aicmí daoine agus i gceann cibé eatramh a shonraítear sa phlean chun a chinntiú gur mó í éifeachtacht na mbeart a dhéanfar chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ola ó longa, ó aonaid amach ón gcósta nó ó shaoráidí láimhseála ola a chosc nó a íoslaghdú,

(d) comhoibriú agus cumarsáid a chothabháil agus a fheabhsú idir daoine a gceanglaítear orthu cibé forálacha den phlean a shonraítear in ordachán ón Aire faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, agus

(e) gníomhaíochtaí daoine lena mbaineann mír (d) a chomhordú le linn oibríochtaí a chur i gcrích chun damáiste sa Stát de dhroim scaoileadh amach ola ó long, ó aonad amach ón gcósta nó ó shaoráid láimhseála ola a chosc agus a íoslaghdú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar cibé daoine is cuí leis nó léi cibé forálacha den phlean a bheidh sonraithe san ordachán a chomhlíonadh.

(4) Foilseofar an plean i cibé modh is cuí leis an Aire.

(5) Aon duine a mhainneoidh ordachán ón Aire faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

An tAire d'fháil trealaimh agus ábhar.

9. —Féadfaidh an tAire, ina aonar nó ina haonar nó i gcomhpháirt le lucht riaracháin muirí coigríche, socrú a dhéanamh go ndéanfar, ar cibé téarmaí is cuí leis nó léi, trí cheannach, léasú, fruiliú nó ar shlí eile, cibé trealamh agus ábhair a sholáthar a mheasfaidh sé nó sí is gá nó is fóirsteanach chun oibríochtaí a chur i gcrích d'fhonn cosc nó íoslaghdú a dhéanamh ar dhamáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ola ó longa, ó aonaid amach ón gcósta nó ó shaoráidí láimhseála ola, nó chun daoine a oiliúint maidir leis na hoibríochtaí sin a chur i gcrích.

Lucht riaracháin muirí coigríche do sholáthar cúnaimh.

10. —Más rud é go ndéanfaidh lucht riaracháin muirí de chuid páirtí sa Choinbhinsiún cúnamh a sholáthar, de bhun iarrata ón Aire, maidir le cosc nó íoslaghdú a dhéanamh ar dhamáiste sa Stát de dhroim scaoileadh amach ola ó long, ó aonad amach ón gcósta nó ó shaoráid láimhseála ola, féadfaidh an tAire, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis nó léi, na caiteachais a thabhóidh an lucht riaracháin muirí coigríche sin le linn dó cúnamh a sholáthar amhlaidh a chúiteamh leis.

An tAire do sholáthar cúnaimh lasmuigh den Stát.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, de bhun iarrata ó pháirtí sa Choinbhinsiún nó ó lucht riaracháin muirí an pháirtí sin, cúnamh a sholáthar maidir le cosc nó íoslaghdú a dhéanamh ar dhamáiste lasmuigh den Stát de dhroim scaoileadh amach ola ó long, ó aonad amach ón gcósta nó ó shaoráid láimhseála ola, lena n-áirítear trealamh, ábhair nó comhairle theicniúil a sholáthar nó oibríochtaí a chur i gcrích chun damáiste den sórt sin a chosc nó a íoslaghdú.

(2) Déanfar cúnamh faoi fho-alt (1) a sholáthar ar cibé téarmaí is cuí leis an Aire.

Longa ar ancaire lasmuigh de chuan.

12. —(1) Déanfaidh máistir loinge a bheidh ar ancaire in áit sa Stát seachas i gcuan an méid sin agus an áit ina bhfuil sí ar ancaire a chur in iúl don Aire láithreach.

(2) Ní dhéanfaidh duine stórais, lasta nó ola loinge a aistriú, nó ní chuirfidh sé nó sí faoi deara an céanna a aistriú, chuig long nó ó long in áit sa Stát (nach cuan) seachas de réir ceada arna dheonú ag an Aire faoi fho-alt (3).

(3) Féadfaidh an tAire, ar úinéir loinge, ar chairtfhostóir loinge, ar fhruilitheoir loinge nó ar mháistir loinge á iarraidh, cead a dheonú don iarratasóir lena gceadófar stórais, lasta nó ola loinge a aistriú chuig an long nó ón long lena mbaineann lasmuigh de chuan.

(4) Comhlíonfaidh iarratas ar chead faoi fho-alt (3) cibé ceanglais (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(5) Beidh cead faoi fho-alt (3) i cibé foirm a fhorordóidh an tAire.

(6) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí leis nó léi a chur ag gabháil le cead faoi fho-alt (3).

(7) Aon duine a sháróidh fo-alt (1)(2) nó coinníoll atá curtha ag gabháil le cead faoi fho-alt (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “truailliú,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “a bhfuil” sa mhíniú ar “taisme mhuirí”, agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘limistéar forordaithe’ limistéar lasmuigh den Stát a fhorordóidh an tAire chun críocha an Achta seo;”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Folaíonn tagairt san Acht seo don Stát—

(a) tagairt d'uiscí intíre an Stáit,

(b) tagairt d'fharraigí teorann an Stáit, agus don ghrinneall agus don fho-ithir faoi na farraigí sin, agus

(c) tagairt d'aon limistéar atá laistigh de líne a bhfuil gach pointe di 200 míle farraige ó na bunlínte chun críocha na nAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988, agus na huiscí os a chionn, ar choinníoll nach bhforléireofar an mhír seo mar ní is éileamh ag an Stát ar aon limistéar—

(i) atá faoi dhlínse stáit seachas an Stát, agus

(ii) a n-aithníonn an Stát é a bheith faoin dlínse sin.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Folaíonn tagairt san Acht seo do thír seachas an Stát tagairt d'fharraigí teorann agus d'uiscí intíre na tíre sin.”.

Longa a choinneáil.

14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) in alt 22:

“(2) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar do chigire faoin Acht seo, féadfaidh cigire lena mbaineann an t-alt seo, más deimhin leis nach gcomhlíonann long (nó aon fheisteas nó trealamh uirthi) deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó go bhfuil an long (nó aon fheisteas nó trealamh uirthi) chomh fabhtach sin nach bhfuil an long inniúil chun cur chun farraige gan bheith ina mórbhaol do bheo-acmhainní muirí, long a choinneáil, nó long a thabhairt go dtí cibé áit sa Stát is cuí leis, agus í a choinneáil ansin go dtí cibé tráth a gcomhlíonfar aon ordacháin a thabharfaidh sé faoin alt seo i ndáil leis an long.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) in alt 24:

“(1) Aon uair a bheidh cúis réasúnach ag cigire nó ag máistir cuain chun a chreidiúint go raibh long, nó go bhféadfadh long a bheith, ina cúis le truailliú agus go bhfuil an long sa Stát, féadfaidh sé an long a stopadh agus a choinneáil, nó í a thabhairt go dtí cibé áit sa Stát is cuí leis agus í a choinneáil ansin.”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 39:

“39.—(1) I gcás long agus na daoine ar bord na loinge a bheith coinnithe i gcalafort nó in áit eile sa Stát ag cigire nó ag máistir cuain i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi alt 22 (2) nó 24, déanfaidh aon chigire, nó an máistir cuain lena mbaineann, a bhfuil drochamhras air go bhfuil cion faoin Acht seo déanta ag duine ar bord na loinge (mura faoi alt 39A a thionscnóidh sé imeachtaí) iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir chuig breitheamh den Chúirt Dúiche ar ordú lena n-údarófar leanúint den long agus de na daoine sin a choinneáil, agus féadfaidh an breitheamh sin ordú a dheonú lena n-údarófar an choinneáil sin go ceann tréimhse 48 n-uaire an chloig más deimhin leis go bhfuil drochamhras den sórt sin a dúradh ar an gcigire nó ar an máistir cuain is iarratasóir.

(2) Ag deireadh na tréimhse 48 n-uaire an chloig—

(a) scaoilfear saor an long mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse 48 n-uaire an chloig sin, go ndéanfar ordú faoi alt 39A lena bhforálfar í a choinneáil níos faide, agus

(b) scaoilfear saor gach duine ar bord na loinge mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go ndéanfar ordú, faoin alt sin, lena bhforálfar é a choinneáil níos faide.”,

agus

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 39:

“39A.—I gcás long agus na daoine ar bord na loinge a bheith coinnithe i gcalafort nó in áit eile sa Stát ag cigire nó ag máistir cuain i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 22 (2) nó 24, déanfaidh aon chigire, nó an máistir cuain lena mbaineann, máistir na loinge agus aon daoine eile ar bord na loinge a bhfuiltear tar éis nó ar tí imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne i leith ciona faoin Acht seo a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche a luaithe is féidir agus air sin déanfaidh an breitheamh sin, más deimhin leis go bhfuiltear tar éis nó ar tí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcoinne an mháistir agus na ndaoine eile sin nó i gcoinne aon duine amháin nó níos mó acu, le hordú arna dhíriú chun cigire nó chun an mháistir cuain lena mbaineann, a cheangal ar an gcigire nó ar an máistir cuain sin an long agus gach duine a dúradh (lena n-áirítear an máistir), ar deimhin leis amhlaidh ina leith, a choinneáil in áit shonraithe sa Stát go dtí go ndéanfaidh cúirt, i bhfeidhmiú a dlínse coiriúla, na himeachtaí sin a bhreithniú.

Foráil a bhaineann le cionta faoin bPríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” in alt 29 (a), agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 31:

“31.—I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile den chomhlacht corpraithe sin nó duine a d'airbheartaigh gníomhú i gcáil den sórt sin, beidh an t-oifigeach sin nó an duine sin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.”.

Pionóis.

16. —Aon duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Feidhm forálacha áirithe den Phríomh-Acht maidir le cionta faoin Acht seo.

17. —Beidh feidhm ag ailt 30 (seachas fo-alt (2)), 31, 32 agus 33 den Phríomh-Acht maidir leis an Acht seo faoi mar atá feidhm acu maidir leis an bPríomh-Acht, ach sin faoi réir na modhnuithe is gá.

Ilghnéitheach.

18. —Aisghairtear leis seo fo-ailt (1), (2), (3) agus (4) d'alt 2 den Acht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) (Leasú), 1998 .

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht um Thruailliú na Farraige (Leasú), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thruailliú na Farraige, 1991 go 1999, a ghairm de na hAchtanna um Thruailliú na Farraige, 1991 agus 1995, de na hAchtanna um Thruailliú na Farraige, 1991 agus 1996, agus den Acht seo agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.