19 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1999


ACHT NA hOIDHREACHTA AILTIREACHTA (FARDAL NÁISIÚNTA) AGUS NA SÉADCHOMHARTHAÍ STAIRIÚLA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An fardal a bhunú agus a chothabháil.

3.

Ceapadh agus feidhmeanna oifigeach údaraithe.

4.

Cion agus pionós.

5.

Oibleagáidí údarás sláintíochta i leith séadchomharthaí stairiúla cláraithe.

6.

Caiteachais an Aire.

7.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964

1964, Uimh. 29

Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1994

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987

1987, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1999


ACHT NA hOIDHREACHTA AILTIREACHTA (FARDAL NÁISIÚNTA) AGUS NA SÉADCHOMHARTHAÍ STAIRIÚLA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1999.

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN FARDAL NÁISIÚNTA NA hOIDHREACHTA AILTIREACHTA A BHUNÚ AGUS MAIDIR LE NITHE GAOLMHARA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hOIBLEAGÁIDÍ ÚDARÁS SLÁINTÍOCHTA I LEITH SÉADCHOMH-ARTHAÍ STAIRIÚLA CLÁRAITHE. [6 Iúil, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “oidhreacht ailtireachta”—

(a) gach déanmhas agus foirgneamh mar aon lena suímh agus leis na tailte, na daingneáin agus na feistis a ghabhann leo,

(b) gach grúpa de dhéanmhais agus d'fhoirgnimh den sórt sin, agus

(c) gach láithreán,

ar díol spéise iad ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir nó eolaíochta nó ó thaobh cúrsaí sóisialta nó teicniúla;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar faoi alt 3 (1) mar oifigeach údaraithe;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an fardal” Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta a bhunófar faoi alt 2 (1);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán;

folaíonn “áitreabh” talamh, déanmhais agus foirgnimh;

ciallaíonn “láithreán” limistéar a bhfuil tógáil déanta ar chuid de agus atá sách sainiúil agus aonchineálach le bheith inmhínithe go topagrafach.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna mhodhnú aon tráth le haon achtachán.

An fardal a bhunú agus a chothabháil.

2. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara fardal ar a dtabharfar Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta a bhunú agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an tAire aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) foirm agus ábhar an fhardail a chinneadh;

(b) earnálacha oidhreachta ailtireachta a ainmniú chun críocha an fhardail;

(c) a chur faoi deara go ndéanfar an earnáil nó na hearnálacha ainmnithe lena mbaineann gach iontráil san fhardal a shonrú san fhardal;

(d) a chur faoi deara iontráil san fhardal a leasú nó a scriosadh.

(3) (a) Féadfaidh an tAire faisnéis a bheidh san fhardal a chur ar fáil d'údarás pleanála ach sin d'aon toisc chun go bhfeidhmeoidh an t-údarás a fheidhmeanna reachtúla (lena n-áirítear pleanáil agus forbairt) a bhaineann le hoidhreacht ailtireachta.

(b) Féadfaidh an tAire faisnéis as an bhfardal a fhoilsiú agus le linn dó nó di déanamh amhlaidh féachfaidh sé nó sí do shlándáil, do phríobháideacht agus do shábháilteacht maoine agus daoine lena mbaineann.

(c) San fho-alt seo, tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar le halt 2(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Ceapadh agus feidhmeanna oifigeach údaraithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, nó oifigeach don Aire arna údarú nó arna húdarú aige nó aici chuige sin, daoine a cheapadh i scríbhinn mar oifigigh údaraithe chun críocha an ailt seo.

(2) Gach duine a cheapfar faoi fho-alt (1), tabharfaidh an tAire nó an t-oifigeach ceapacháin, de réir mar a bheidh, deimhniú ceapacháin dó nó di, ar é nó í a bheith ceaptha.

(3) Le linn feidhm a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, déanfaidh oifigeach údaraithe, má iarrann aon duine lena mbaineann air nó uirthi é, cineál na feidhme a bheidh á feidhmiú a chur in iúl don duine sin agus deimhniú ceapacháin an oifigigh sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh oifigeach údaraithe aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach in aon áitreabh gach tráth réasúnach chun críocha bhunú agus chothabháil an fhardail;

(b) gach ní is gá chun na gcríoch sin nó a ghabhann leo a dhéanamh in aon áitreabh a rachfar isteach ann faoin alt seo;

(c) a cheangal ar aon áititheoir de chuid an áitribh cibé cúnamh a thabhairt don oifigeach údaraithe a theastóidh le réasún uaidh nó uaithi chun na gcríoch sin.

(5) (a) Ní rachaidh oifigeach údaraithe isteach i dteaghais phríobháideach, nó i cibé cuid d'aon áitreabh ar teaghais phríobháideach é, ach amháin—

(i) i gcás inar dóigh leis nó léi gur gá sin chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo, agus

(ii) (I) le toiliú an áititheora, nó

(II) de réir barántais arna eisiúint faoi fho-alt (8).

(b) I gcás ina mbeartóidh oifigeach údaraithe, i bhfeidhmiú feidhmeanna faoin alt seo, dul isteach i dteaghais phríobháideach, ansin déanfaidh sé nó sí, i dteannta faisnéis a chur in iúl d'aon duine eile de réir fho-alt (3), an méid seo a leanas a chur in iúl d'áititheoir na teaghaise—

(i) cineál na feidhme sin a bheidh á feidhmiú, agus

(ii) na cúiseanna a measann an t-oifigeach údaraithe gur gá dul isteach inti,

agus tabharfaidh an t-oifigeach deis don áititheoir cúiseanna a thabhairt le gur ceart diúltú dó nó di dul isteach.

(6) I gcás ina gcoiscfear oifigeach údaraithe, le linn feidhmeanna a fheidhmiú faoin alt seo, ar dhul isteach in aon áitreabh nó i gcuid d'aon áitreabh (lena n-áirítear aon diúltú cead a thabhairt le dul isteach i dteaghais phríobháideach), féadfaidh an t-oifigeach iarratas a dhéanamh chun breithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an t-áitreabh suite ar bharántas á údarú don oifigeach dul isteach san áitreabh sin.

(7) Déanfar fógra maidir le hiarratas faoi fho-alt (6) a thabhairt d'áititheoir an áitribh a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh ina leith, nó, mura bhfuil an t-áitreabh á áitiú, don úinéir.

(8) Más rud é, ar iarratas faoi fho-alt (6), gur deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ón oifigeach údaraithe lena mbaineann, go ndearnadh é nó í, le linn feidhmeanna arna dtabhairt faoin alt seo a fheidhmiú, a chosc ar dhul isteach in aon áitreabh nó i gcuid d'aon áitreabh, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú don oifigeach, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, dul isteach san áitreabh sin agus aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna a thugtar faoi fho-alt (4) a fheidhmiú.

Cion agus pionós.

4. —(1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é—

(a) go gcuirfidh sé nó sí cosc nó bac ar oifigeach údaraithe le linn don oifigeach sin feidhmeanna an oifigigh faoi alt 3 (4) a fheidhmiú, nó

(b) gan leithscéal réasúnach, go mainneoidh sé nó sí ceanglas faoi alt 3 (4)(c) a chomhlíonadh.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(3) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona achomair faoin alt seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

Oibleagáidí údarás sláintíochta i leith séadchomharthaí stairiúla cláraithe.

5. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 ;

ciallaíonn “séadchomhartha” aon séadchomhartha stairiúil a thaifeadtar i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla faoi alt 5 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987 .

(2) A luaithe is indéanta tar éis fógra a sheirbheáil faoi alt 3(1) d'Acht 1964 i leith séadchomhartha, nó tar éis a bheartú an tseirbheáil sin a dhéanamh, déanfaidh údarás sláintíochta sonraí an fhógra a chur in iúl don Aire.

(3) Déanfaidh údarás sláintíochta a dhéanann oibreacha ar shéadchomhartha faoi alt 3(2) d'Acht 1964, an séadchomhartha a chaomhnú, a mhéid is féidir, go feadh cibé méid nach dóigh dá chaomhnú a bheith ina chúis le baol d'aon duine nó maoin.

(4) A luaithe is indéanta tar éis oibreacha a dhéanamh ar shéadchomhartha faoi alt 3(2) d'Acht 1964, déanfaidh údarás sláintíochta na hoibreacha a bheidh déanta a chur in iúl don Aire.

(5) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, aon fhorálacha d'Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1994, forálacha an ailt seo.

Caiteachais an Aire.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar Acht na hOidhreachta Ailtireachta (Fardal Náisiúnta) agus na Séadchomharthaí Stairiúla (Forálacha Ilghnéitheacha), 1999 , a ghairm den Acht seo.