21 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1999


AN tACHT FORBARTHA MIANRAÍ, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Mianraí atá dílsithe do Choimisiún na Talún.

3.

Ceart chun cúitimh a aistriú.

4.

Cionta a ionchúiseamh.

5.

Caiteachais.

6.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Congested Districts Board (Ireland) Acts

An tAcht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923

1923, Uimh. 27

Na hAchtanna Dlí Talún

Na hAchtanna Talamh-Cheannaigh

An tAcht Forbairte Minearál, 1940

1940, Uimh. 31

An tAcht Forbartha Mianraí, 1979

1979, Uimh. 12

Na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 go 1995

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1999


AN tACHT FORBARTHA MIANRAÍ, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MIANRAÍ, 1940 GO 1995. [7 Iúil, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht Forbartha Mianraí, 1979 ;

tá le “na hAchtanna um Bord na gCeantar Cúng (Éire)” an bhrí chéanna atá le “Achtanna Bord na gCeanntar gCumhang (Éirinn)” san Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 ;

folaíonn “tíolacas” morgáiste, léas, aontú, aistriú agus scaoileadh;

tá le “na hAchtanna Dlí Talún” an bhrí chéanna atá le “na hAchtanna Dlí Thalmhan” mar a mhínítear é leis an Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , mar aon le haon Acht ina dhiaidh sin lena bhforáiltear go bhforléireofar é mar aon ní amháin leis na hAchtanna Dlí Talún;

tá le “na hAchtanna Talamh-Cheannaigh” an bhrí chéanna atá le “na hAchtanna Ceannach Talmhan” mar a mhínítear é leis an Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , mar aon le haon Acht ina dhiaidh sin lena bhforáiltear go bhforléireofar é mar aon ní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbairte Minearál, 1940 .

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile.

Mianraí atá dílsithe do Choimisiún na Talún.

2. —Chun críocha mhír (a) d'alt 5 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , measfar, maidir le haon mhianraí nó cearta eisiatacha mianadóireachta a bhí dílsithe do Choimisiún Talún na hÉireann faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, faoi na hAchtanna Dlí Talún, faoi na hAchtanna um Bord na gCeantar Cúng (Éire), nó de bhua na nAchtanna sin, nó ar aon slí eile, gur maoin de chuid an Stáit iad agus gur mhaoin de chuid an Stáit riamh iad, agus go bhfuil siad agus go raibh siad riamh dílsithe don Stát.

Ceart chun cúitimh a aistriú.

3. —(1) Maidir le tíolacas aon eastáit nó leasa i mianraí a dhéanfar tráth rite an Achta seo nó dá éis, oibreoidh sé chun aon cheart chun cúitimh dá dtagraítear i gCuid III d'Acht 1979 agus atá dílsithe don duine a dhéanfaidh an tíolacas (“an t-aistreoir”), agus a bhaineann leis an eastát sin nó leis an leas sin, a dhílsiú don duine a ndéanfar an t-eastát nó an leas a thíolacadh dó nó di (“an t-aistrí”).

(2) Más rud é, ar an dáta a ndéantar ceart dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhílsiú don aistrí, go mbeidh aon bheart nó imeacht ag an aistreoir faoi Acht 1979 chun an cúiteamh lena mbaineann a éileamh le tabhairt chun críche fós, féadfaidh an t-aistrí an beart nó an t-imeacht sin a sheoladh nó a thabhairt chun críche ar an dáta sin nó dá éis, agus, dá réir sin—

(a) déanfar aon chúiteamh is iníoctha ar scór an éilimh sin a íoc leis an aistrí, agus

(b) in aon imeachtaí a bheidh ar feitheamh in aon chúirt i leith an éilimh sin déanfar ainm an aistrí a chur in ionad ainm an aistreora agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

Cionta a ionchúiseamh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoi alt 11(3), 27(3), 32(3), 75(5), 76(2) nó, a mhéid a bhaineann sé le mianraí Stáit, alt 74(1) den Phríomh-Acht a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a thionscnamh laistigh de bhliain amháin ó dháta an chiona.

(3) Féadfaidh an Bord Mianadóireachta imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoi alt 36(2) den Phríomh-Acht nó faoi alt 5 d'Acht 1979 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Mianraí, 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 go 1999, a ghairm de na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 go 1995, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.