32 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1999


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Díolúine mhílaoise.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962

1962, Uimh. 21

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1988

1988, Uimh. 16

Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1997

Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1995

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1999


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CEADÚNÚCHÁIN, 1833 GO 1997, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA CLÁRÚ NA gCLUBANNA, 1904 GO 1995, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [15 Nollaig, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Díolúine mhílaoise.

1. —(1) D'ainneoin aon fhorála de na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1997, a bhaineann le tráthanna toirmiscthe, is dleathach do shealbhóir ar-cheadúnais—

(a) aon deoch mheisciúil a dhíol nó a thaispeáint lena díol in aon áitreabh, nó in aon chuid d'áitreabh, lena mbaineann an ar-cheadúnas, nó

(b) an t-áitreabh sin a choinneáil ar oscailt chun deochanna meisciúla a dhíol, nó

(c) a cheadú aon deoch mheisciúil a ól san áitreabh sin,

aon tráth nó tráthanna idir a haon déag a chlog tráthnóna an 31ú lá de Nollaig, 1999, agus leathuair tar éis a haon ar maidin an lú lá d'Eanáir, 2000.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le clubanna arna gclárú faoi Achtanna Clarú na gClubanna, 1904 go 1995, ar an modh céanna atá feidhm aige maidir le sealbhóirí ar-cheadúnas faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1997.

(3) Beidh feidhm ag alt 7 (a bhaineann leis an am chun deoch mheisciúil a sholáthrófar i rith tráthanna ceadaithe a ól) den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , arna leasú le halt 27 den Acht Deochanna Meisciúla, 1988 , maidir leis an alt seo le héifeacht ó dheireadh na tréimhse ama dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla, 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1999, a ghairm le chéile de na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 1997, agus, a mhéid a leasaítear nó a leathnaítear na hAchtanna sin leis an Acht seo, den Acht seo agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(b) Féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999, a ghairm le chéile d'Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1995, agus, a mhéid a leasaítear nó a leathnaítear na hAchtanna sin leis an Acht seo, den Acht seo agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.