Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach)

11 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2000


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (COINBHINSIÚN NA NÁISIÚN AONTAITHE IN AGHAIDH CÉASTÓIREACHTA), 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cion na céastóireachta.

3.

Cionta gaolmhara.

4.

Toirmeasc ar dhíbirt nó refoulement duine chuig stát eile mar a bhféadfaí céastóireacht a dhéanamh air nó uirthi.

5.

Imeachtaí faoin Acht.

6.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954.

7.

Leasú ar Acht 1965.

8.

Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.

9.

Leasú ar an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994.

10.

Leasú ar an Acht um Bannaí, 1997.

11.

Pribhléidí agus díolúintí.

12.

Caiteachais.

13.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

An Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí, 1997

1997, Uimh. 16

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1990

1990, Uimh. 16

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967

1967, Uimh. 8

An tAcht um Eiseachadadh, 1965

1965, Uimh. 17

An tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1994

1994, Uimh. 6

An tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987

1987, Uimh. 1

An tAcht um Chinedhíothú, 1973

1973, Uimh. 28

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2000


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (COINBHINSIÚN NA NÁISIÚN AONTAITHE IN AGHAIDH CÉASTÓIREACHTA), 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DON CHOINBHINSIÚN IN AGHAIDH CÉASTÓIREACHTA AGUS IN AGHAIDH ÍDE NÓ PIONÓIS EILE ATÁ CRUÁLACH, MÍDHAONNA NÓ TÁIREACH A GLACADH LE RÚN Ó CHOMHTHIONÓL GINEARÁLTA NA NÁISIÚN AONTAITHE AN 10ú LÁ DE NOLLAIG, 1984, DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [14 Meitheamh, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um Chinedhíothú, 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987 ;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach a glacadh le rún 39/46 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig, 1984, agus a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach mar áis tagartha sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

déanfar “cion na céastóireachta” a fhorléiriú de réir alt 2 den Acht seo;

folaíonn “oifigeach poiblí” duine a ghníomhaíonn i gcáil oifigiúil;

ciallaíonn “céastóireacht” gníomh nó neamhghníomh lena ndéantar pian nó fulaingt anróiteach, cibé acu coirp nó meabhrach, a chur ar dhuine d'aon turas—

(a) chun críocha fearacht na gcríoch seo a leanas—

(i) faisnéis nó admháil a fháil ón duine sin nó ó dhuine eile,

(ii) an duine sin a phionósú as gníomh a bheidh déanta nó a mbeidh drochamhras ann é a bheith déanta ag an duine lena mbaineann nó ag tríú duine, nó

(iii) an duine sin nó tríú duine a imeaglú nó a chomhéigniú,

(b) ar aon chúis atá bunaithe ar idirdhealú d'aon chineál,

ach ní fholaíonn sé aon ghníomh den sórt sin nach n-éireoidh ach amháin ó smachtbhannaí dleathacha nó is gné dhílis de smachtbhannaí dleathacha nó atá teagmhasach le smachtbhannaí dleathacha.

(2) Forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Cion na céastóireachta.

2. —(1) Aon oifigeach poiblí, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, a dhéanfaidh gníomh céastóireachta ar dhuine, cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de, beidh sé nó sí ciontach i gcion na céastóireachta.

(2) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, seachas oifigeach poiblí, a dhéanfaidh gníomh céastóireachta ar dhuine eile, cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de, ar chomhairle, nó le toiliú nó le haontú, oifigigh phoiblí, beidh sé nó sí ciontach i gcion na céastóireachta.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion na céastóireachta dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

Cionta gaolmhara.

3. —Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de—

(a) a fhéachfaidh le cion na céastóireachta a dhéanamh nó a dhéanfaidh comhcheilg chun cion na céastóireachta a dhéanamh, nó

(b) a dhéanfaidh gníomh le hintinn bac nó treampán a chur ar ghabháil nó ar ionchúiseamh duine eile, lena n-áirítear duine is oifigeach poiblí, i ndáil le cion na céastóireachta,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

Toirmeasc ar dhíbirt nó refoulement duine chuig stát eile mar a bhféadfaí céastóireacht a dhéanamh air nó uirthi.

4. —(1) Ní dhéanfar duine a dhíbirt ná a chur ar ais as an Stát chuig stát eile i gcás gurb é tuairim an Aire go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun a chreidiúint go mbeadh an baol ann go ndéanfaí céastóireacht ar an duine.

(2) Chun a chinneadh an bhfuil forais den sórt sin ann, déanfaidh an tAire na cúinsí iomchuí go léir a chur i gcuntas, lena n-áirítear, más infheidhme, patrún comhsheasmhach deargsháruithe, sáruithe neamhnáireacha nó ollsáruithe ar chearta an duine a bheith ann sa stát lena mbaineann.

Imeachtaí faoin Acht.

5. —(1) Féadfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an gcion chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh san áit sin.

(2) I gcás go gcúiseofar duine i gcion faoin Acht seo, is é nó is í an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a thionscnóidh, nó is lena thoiliú nó lena toiliú amháin a thionscnófar, aon imeachtaí breise maidir leis an ní (seachas athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí).

(3) Ní thionscnófar aon imeachtaí faoi alt 38 d'Acht 1965 i leith gnímh ar cion é—

(a) faoin alt sin, agus

(b) faoin Acht seo.

(4) Déanfaidh an Phríomh-Chúirt Choiriúil aon duine a chúiseofar i gcion faoin Acht seo a thriail.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

6. — Leasaítear leis seo an tAcht Cosanta, 1954

(a) in alt 169 (arna leasú le halt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 ), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (d):

“(dd) más i gcion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 , a chiontófar é, dlífear príosúnacht saoil a chur air.”,

agus

(b) in alt 192—

(i) trí “nó i gcion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 ” a chur isteach i bhfo-alt (2)(c) i ndiaidh “nó cinedhíothaithe” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1973), agus

(ii) trí “ná i gcion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 ,” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “cinedhíothaithe” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1973).

Leasú ar Acht 1965.

7. —Leasaítear leis seo Acht 1965—

(a) in alt 3(1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘céastóireacht’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 .”,

(b) in alt 11, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Beidh feidhm ag an riail chéanna má bhíonn forais shubstaintiúla ann chun a chreidiúint go bhféadfaí céastóireacht a dhéanamh ar an duine a éilítear má dheonaítear an iarraidh ar eiseachadadh.“,

(c) in alt 33(3), trí “nó go bhféadfaí céastóireacht a dhéanamh air” a chur isteach i ndiaidh “nó a thuairimí polaitíochta“,

(d) in alt 44(2), trí “nó go bhféadfaí céastóireacht a dhéanamh air” a chur isteach i ndiaidh “aon chúis acu sin” i bhfomhír (ii) (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1987), agus

(e) in alt 50(2), trí “nó go bhféadfaí céastóireacht a dhéanamh air” a chur isteach i ndiaidh “aon chúis acu sin,” i mír (bb) (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1987).

Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

(a) in alt 13(1), trí “, cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 ,” a chur isteach i ndiaidh “cinedhíothú” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1973), agus

(b) in alt 29(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g) (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1973):

“(h) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 .”.

Leasú ar an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994.

9. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 6:

“6A. Aon chion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 .”.

Leasú ar an Acht um Bannaí, 1997.

10. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 30:

Céastóireacht

31. Aon chion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 .”.

Pribhléidí agus díolúintí.

11. —(1) Tabharfar don Choiste in aghaidh Céastóireachta arna bhunú faoi Airteagal 17 den Choinbhinsiún, agus do choimisiún idir-réitigh arna chur ar bun faoi Airteagal 21(1)(e) den Choinbhinsiún, cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun go ndéanfaidh comhaltaí an Choiste sin agus an choimisiúin idir-réitigh sin a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách ar an modh céanna agus a mhéid céanna a thugtar do shaineolaithe ag comhlíonadh misean do na Náisiúin Aontaithe faoi Airteagal VI, alt 22 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967 .

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Caiteachais.

12. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

13. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta), 2000 , a ghairm den Acht seo.