An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Rialacha maidir le Breith a Thabhairt ar Mhéid Cúitimh) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mbeidh Cúiteamh iníoctha ina Leith)

30 2000

An tAcht Um Pleanáil Agus Forbairt, 2000

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forbairt nach mbeidh Cúiteamh Iníoctha i gcás Cead a Dhiúltú ina Leith

Alt 191.

1.  Aon fhorbairt arb éard í, nó ar cuid di, aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.

2.  Teach ináitrithe a scartáil.

3.  Aon fhorbairt a dhéanfadh difear ábhartha do dhéanmhas cosanta nó do dhéanmhas cosanta beartaithe.

4.  Aon déanmhas fógráin a thógáil.

5.  Talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint.

6.  Forbairt i limistéar lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta speisialta.

7.  Aon fhorbairt ar thalamh a bhfuil deonú ceada ar fáil ina leith faoi Chuid III (d'ainneoin gur diúltaíodh an cead a dheonú) chun aon fhorbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionsclaíoch a dhéanamh, más é atá go hiomlán nó go formhór san fhorbairt na nithe seo a leanas a fhoirgniú, eadhon, tithe, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh den chéanna, nach mbeidh faoi réir aon choinníollacha seachas coinníollacha den chineál dá dtagraítear sa Chúigiú Sceideal.

8.  Aon fhorbairt ar thalamh a mbeidh cúiteamh íoctha ina leith cheana féin faoi alt 190, faoi alt 11 d'Acht 1990, nó faoi alt 55 d'Acht 1963, faoi threoir cinnidh roimhe sin faoi Chuid III den Acht seo nó faoi Chuid IV d'Acht 1963 inar diúltaíodh cead a dheonú.