53 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 53 de 2001


ACHT AN REIFRINN, 2001

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar Acht an Reifrinn, 1998.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Reifrinn, 1998

1998, Uimh. 1

Achtanna an Reifrinn, 1992 go 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 53 de 2001


ACHT AN REIFRINN, 2001

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1992 GO 2001. [22 Nollaig, 2001]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht an Reifrinn, 1998 .

1. —Leasaítear Acht an Reifrinn, 1998

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 3—

“(1) Beidh ag an gCoimisiún, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó le haon fhoráil eile den Acht seo, na príomhfheidhmeanna seo a leanas i ndáil leis an reifreann ar ina leith a bhunaítear é:

(a) ráiteas amháin nó níos mó a ullmhú ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra agus ar théacs an togra sa Bhille iomchuí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nithe sin agus is cuí leis an gCoimisiún;

(b) na ráitis sin a fhoilsiú agus a dháileadh i cibé slí agus ar cibé modh, lena n-áirítear úsáid na teilifíse, an raidió agus meán leictreonach eile, is mó is dóigh leis an gCoimisiún a tharraingeoidh aird na toghlachta orthu agus a áirithiú a mhéid is indéanta, maidir leis na modhanna a úsáidfear, go gcumasóidh siad do dhaoine a bhfuil míchumas radhairc nó éisteachta orthu na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil;

(c) eolas an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus an toghlacht a spreagadh chun vótáil sa vótaíocht.”;

(b) trí alt 6 a aisghairm;

(c) in alt 8—

(i) trí mhír (a) a scriosadh, agus

(ii) trí “na haighneachtaí agus” i míreanna (c) agus (d) a scriosadh.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn, 2001 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “Achtanna an Reifrinn, 1992 go 2001”.