11 2002

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2002


AN tACHT UM ARRAMARA TEORANTA (SCAIREANNA A FHÁIL), 2002

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Alt 1 nua den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949

1949, Uimh. 22

An tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1954

1954, Uimh. 29

Na h Achta um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949 agus 1954

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2002


AN tACHT UM ARRAMARA TEORANTA (SCAIREANNA A FHÁIL), 2002

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT UM THIONSCAIL AILGÍNEACHA (ÉIRE) TEORANTA (SCAIREANNA D'FHÁIL), 1949 AGUS 1954, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [10 Aibreán, 2002]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949 .

Alt 1 nua den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 1:

“Mínithe

1.—San Acht seo—

ciallaíonn ‘Cuideachta’ Arramara Teoranta, a corpraíodh an 12 Feabhra 1947 mar Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta agus ar chláraigh an duine dar theideal an tráth sin Cláraitheoir na gCuideachtaí Comhstoic athrú a ainm go hArramara Teoranta an 20 Meán Fómhair 1955;

ciallaíonn ‘Aire’ Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha.”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear alt 2 (arna leasú leis an Acht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1954 ) den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “suim nó suimeanna nach mó ná €1,200,000 a chaitheamh chun scaireanna €1 an ceann a fháil sa Chuideachta ar phraghas nach mó ná €1 an scair” a chur in ionad “suim nó suimeanna nach mó ná ceathracha agus trí mhíle punt a chaitheamh chun scaireanna punt an ceann d'fháil sa Chuideachta ar phraghas nach mó ná punt an scair”, agus tá an fo-alt (1) sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an tAire suim nó suimeanna nach mó ná €1,200,000 a chaitheamh chun scaireanna €1 an ceann a fháil sa Chuideachta ar phraghas nach mó ná €1 an scair.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Arramara Teoranta (Scaireanna a Fháil), 2002 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Arramara Teoranta (Scaireanna a Fháil), 1949 go 2002, a ghairm de na h Achta um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949 agus 1954, agus den Acht seo, le chéile.